Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1272

AOIS CRIOST, 1272.

M1272.0

Aois Criost, míle, da chéd, sechtmogat a dó.

M1272.1

Henri Buitelér tighearna Umhaill, & Hoitse Medbric do marbhadh do Cathal mac Concobhair Ruaidh, & do Cloinn Muircertaigh Ui Concobhair.

M1272.2

Caislén Rosa Comáin do briseadh do righ Connacht, Aodh Ua Concobhair.

M1272.3

Tadhg Dall mac Aodha mic Cathail Croibdeirg do écc, & ba h-é-sidhe adbhar righ dob'ferr da cineadh no gur dallsad Muintir Raighilligh é.

M1272.4

Iamas Dodalaigh iusdis na h-Ereann do marbhadh d'Ua Broin, & do Connachtaibh.

M1272.5

Muirgios mac Donnchaidh mic Tomaltaigh Uí Maoil Ruanaidh, Saoi enigh, & engnamha a chineadh, do écc i l-longport Uí Domhnaill i Murbach, & a tabairt go Mainistir na Buille dá adhnacul.

M1272.6

Donnchadh mac Giolla na Naomh Még Samhradháin do mharbhadh dá derbrathair Tomas.

M1272.7

Riocard Diuid an barún do buaisle do Gallaibh d' écc.

M1272.8

An Midhe do losccadh go Granaird d'Aodh Ua Concobair. Ath Luain do losccadh lais bheós, & a droichead do bhriseadh.

M1272.9

O Domhnaill (Domhnall Ócc) do tionol ethar & bhád for Loch Eirne, & aissidhe for Loch Uachtair. Maithesa & edala na tíre i n-a thimchell (battar for innsib an locha-sin) do bein eisdibh, & a n-orccain lais co m-battar ar a


p.418

chumus. Tren & treisi do ghabháil dó in gach maighin i n-a c-comhfochroibh don chur-sin.

M1272.10

An céd Éduard do rioghadh os Saxaibh .16. Nouember.

Annal M1273

AOIS CRIOST, 1273.

M1273.0

Aois Criost, mile, da chéd seachtmogat, a trí.

M1273.1

Flann Ó Tighernaigh tigherna Cera do marbhadh d'Ó Muiréadhaigh im thighernus Cera tria neart Aodha mic Fedhlimidh Uí Choncobhair.

M1273.2

Concobhar Buide mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc tighearna Brefne do marbadh do cloinn Concobhair mic Tighearnáin Uí Concobhair, & do marbh-somh an mac dob'fearr dib-siom Tighearnán.

M1273.3

Eochaidh Mag Mathgamhna tighearna Oirghiall, & Sochaidhe imaille ris do marbadh d'Ua Anluain, & do Cenél n- Eoghain.

M1273.4

Creach do denamh do Siurtán d' Exetra isin c-Corann. Uathadh do rioghdamhnaibh Connacht do breith orra, aimhgliocus comhairle do dénamh dóibh ar fhuráileamh coda da n-daosccorshluagh, gur marbadh Domhnall mac Donnchaidh mic Maghnusa, Magnus mac Airt, Aireachtach Mac Aodhaccáin, Aodh Ua Birn, & sochaidhe oile.

M1273.5

Morshluagh la Mac Muiris Meic Gerailt i t-Tuadhmhumhain gur gabh braighdi & neart ar Ua m-Briain.

M1273.6

Corbmac mac Diarmada mic Ruaidhri d'écc.


p.420

M1273.7

Domhnall Iorrais mac Maghnusa mic Muircertaigh Muimhnigh d' ionnarbhadh a h-Umhall & a h-Iorrus.

M1273.8

Ruaidhri Ua Flaithbertaigh d'ionnarbhadh a h-iarthar Connacht.

M1273.9

O Domhnaill (Domhnall Ócc) do chor slóigh lanmoir i n-aoin ionad do maithibh Conallach, & do mhaithibh Connacht, & dol dó i t-Tír n-Eocchain, & an tír do milleadh lais.

M1273.10

Domhnall Ó Cuinn leth toiseach na h-Aicidechta do mharbhadh la h-Ua n-Dubhthaigh.

Annal M1274

AOIS CRIOST, 1274.

M1274.0

Aois Criost, mile, dá céd, seachtmogat, a ceathoir.

M1274.1

Aodh mac Fedhlimidh mic Catail Croibdeirg Ri Connacht, Rí ro fholmhaigh, & ro fhasaigh Connachta ar Gallaibh & Gaoidhealaibh bidís 'na aghaidh, Rí do-rad madhmanna mionca for h-Saxanchaibh, ro trasccair a c-cúirti & a c-caislén, ro mudhaigh a c-curadha & a c-caithmilidh, Rí ro gabh braighdi Ua m-Briúin & catha Aedha Find, Ri bá mó gráin & cosccar, eneach & oirdercus, fear millte & leasoighthi Ereann e-sidhe, a écc iar m-buaidh n-aithrighi Dia Dardaoin ar aoí laithe, & an tres la do Samhradh e-sidhe. Eoghan mac Ruaidhri mic Aodha mic Cathail Croibhdeirg do rioghadh i n-a ionat, & nocha raibe acht én ráithi isin ríghe an tan ro marbsat a derbhfine fesin e, .i. Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha Ui Concobhair i t-tempall Bráthar Rosa Comáin, & Aodh mac Cathail Doill


p.422

mic Aodha mic Cathail Croibhdheirg do rioghadh do Connachtaibh, & nochar f-faide a righi-sidhé uair ní raibe acht én coicdhís inte an tan do marbhadh é la Mag Oirechtaigh, Tomaltach, & la h-Ua m-Birn, & Tadgh mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha mic Cathail Croibhdeirg do rioghadh uas Connachtaibh iaramh.

M1274.2

Tighearnan mac Aodha Uí Ruairc, tighearna Brefne, & Domhnall mac Maghnusa mic Muircertaigh Muimhnigh, Saoi enigh, & engnamha Ereann uili d'ég.

M1274.3

Giolla na Naomh mac Aodha mic Amlaoibh Uí Ferghail tighearna na h-Anghaile, comhrur choimhéda enigh, & engnamha Cloinne Rudhraidhe, fear lan d'uaisli, & d'inntlecht go n-guaisbhertaibh for naimhdibh go c-caoines lé cairdibh, do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1274.4

Maoileachlainn mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc tighearna Dartraighi Cloinne Fearmuighe do marbadh la Concobhar mac Domhnaill mic Neill Uí Ruairc.

M1274.5

Tadhg mac Cearbhaill Buidhe Uí Dalaigh ollamh Aodha Uí Concobhair lé dán d'ég.

M1274.6

Domhnall Ócc mac Domhnaill mic Airt Uí Ruairc, & Cathal Mag Fhlannchaidh taoiseach Dartraighi do écc.

M1274.7

Ferghal Ó Caithniadh tighearna Iorrais do écc i n-Ua Mic Caecháin.

Annal M1275

AOIS CRIOST, 1275.

M1275.0

Aois Criost, míle, da chéd, sechtmogat, a cúicc.

M1275.1

Ua Laidigh espucc Cille h-Alaidh, & Cairpre Ua Scuapa espucc Rátha Both i t-Tír Conaill do écc.

M1275.2

Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair do gabháil d'Ua Concobhair (Tadhg mac Toirrdhealbhaigh a brathair). Ruaidhri d'elúdh iaramh, & Concobhar Ua h-Áinlighi da breith leis, Toraighecht do breith forra, Concobhar Ua h-Áinlighi do marbhadh dóibh.

M1275.3

Tadhg mac Cathail Meic Diarmata d'arccain d'Ua Conchobhair.

M1275.4

Concobhar mac Feargail mic Donnchaidh mic Muircertaigh do marbhadh da braithribh fein.


p.424

M1275.5

Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc tighearna Brefne do marbadh la Mag Fhionnbharr, la Gallaibh i n-Granard, ár a muintire do cur.

M1275.6

Maidhm mor for Gallaibh i n-Ultaibh go ráinicc da céd each, dá céd ceann i n-áiremh díbh a n-éccmais ar mudhaigheadh da n-daosccorshluagh.

M1275.7

Tomas Mag Samhradhain do marbhadh la Cenél Luacháin.

M1275.8

Cenél Eocchain do thecht h-i t-Tír Conaill co ro mhillsiot blodh mór don tír, Ó Domhnáill (Domhnall Ócc) do thionol a mhuintire i n-a dhochom, a lenmain go h-ucht Slebhe Truim go raeimhidh forra go f-farccaibhsiot ár daoine, eich iomdha, faidb, airm edeadha ag Cenél c-Conaill don chur-sin.

Annal M1276

AOIS CRIOST, 1276

M1276.0

Aois Criost, míle, da céd, seachtmogat a sé.

M1276.1

Giolla an Coimdhe Ua Cerbhalláin epscop Tíre h-Eoccain d'ecc.

M1276.2

Aodh Muimhneach mac Fedhlimidh mic Cathail Croibdeirg do toidhecht as in Mumhain i c-Connachtaibh. A dul iar sin i c-cenn Ui Domhnaill. O Domhnaill do tocht lais go líon a tionóil go h-Echenach, Ua Domhnaill d'iompúdh uaidh annsin, & Aodh d'fhuireach i c-Connachtaibh.

M1276.3

Creach do denamh do cloinn Toirrdhealbhaigh ar mac Fedhlimidh, ar cloinn Meic Diarmata, Giolla Criost Ua Maoil Brenainn do marbhadh dóibh.


p.426

M1276.4

Creach do denamh do mac Fedhlimidh ar Cloinn Muirceartaigh, Giolla na n-Aingeal Ua Con Roí do marbhadh do Cloinn Muirceartaigh a t-tóraighecht a c-creichi.

M1276.5

Creach do denamh do Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh ar Muintir Nechtain, & iad-samh do tabhairt madhma fair, & do bhuain na creiche dhe. Domhnall mac Nell mic Congalaigh Ui Ruairc (.i. Giolla an Ime), & sochaidhe oile do muintir Ruairc do marbhadh doibh. Giolla Criost Ua Neachtain, do marbhadh do Ruaidhri mac Toirrdhelbhaigh iar sin.

M1276.6

Diarmaitt Mag Giolla Muire tighearna Leithe Cathail do écc.

Annal M1277

AOIS CRIOST, 1277.

M1277.0

Aois Criost, mile, dá céd, sechtmogat a seacht.

M1277.1

Braon Ua Maoil Moichéirghi ab Cenannois do écc.

M1277.2

Brian Ruadh Ua Briain tighearna Tuadhmuman do gabhail i meabhail do mac iarla Claire. A tharraing edir eachaibh as a h-aithli iar n-denamh cairdis Criost re 'roile doibh roimhe-sin, & do tabairt clocc & mionn da cele imma c-caradradh do comall.

M1277.3

Giolla Criost Ua Birn fear gradha Aodha Ui Concobhair do marbhadh don Giolla Ruadh mac Lochlainn Ui Concobhair. Giolla na Naomh Ua Birn do écc iar n-aithrighe.

M1277.4

Caislen Rosa Comain do leaccadh d'Aodh mac Fedhlimidh (.i. Aodh Muimhneach) go c-Connachtaibh imme, & do Domhnall Ua Domhnaill.


p.428

M1277.5

Creach mór do denamh do Teallach Echdhach for Cenel Luacháin a n-Glionn Da Duile dar marbhsat Concobhar Mag Dorchaidhe & sochaidh immaille ris.

Annal M1278

AOIS CRIOSD, 1278.

M1278.0

Aois Criosd, mile, dá chéd, seachtmhoghad, a h-ochtt.

M1278.1

Tomás Ua Cuinn espucc Chluana Mic Nóis do écc.

M1278.2

Flaithbhertach Ua Daimhin ticcerna Fer Manach d'écc.

M1278.3

Tadcc mac Toirrdhealbhaigh mic Aodha mic Cathail Croibhdeirg Rí Connacht do mharbhadh la cloinn Cathail Meic Diarmada.

M1278.4

Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair do marbhadh la Giollu Criosd Mág Fhlannchaidh, & la Dartraicchibh ar bord Droma Cliabh, & an Pearsún Riabhach mac Ticchernáin Uí Concobhair, & sochaidhe oile nách airimhther sonn.

M1278.5

Donnchadh, Fergal, & Giollu Criosd tri meic Muirgesa meic Donnchaid mic Tomaltaigh do marbhadh la Tadhcc mac Domhnaill Iorrais.

M1278.6

Maidhm Cuince do thabhairt do Donnchadh mac Briain Ruaidh & do cloinn oile Uí Briain ar mac iarla Claire gur loisccsed teampal Cuince for a muintir & go t-tuccsat ar diairmhe forra edir losccadh & marbhadh.

M1278.7

Tomaltach Macc Oireachtaigh Riogh-thaoiseach Shil Muireadhaigh do marbhadh lasna Tuathaibh.


p.430

M1278.8

Aodh Muimhneach mac Fedhlimidh do gabhail Righe Connacht.

M1278.9

Iomaireag do thabhairt do Bhrian Ua n-Dubhda, & do Art na c-Capall Ua n-Eghra tigerna Luighne, do Cloinn Fheórais, gur ro sraoineadh for Cloinn Fheorais, & ro marbhadh dias mac Mhaoilir Mhóir, & Conchobhar Ruadh Mac Feórais, & aroile cénmóthát.

Annal M1279

AOIS CRIOSD, 1279.

M1279.0

Aois Criost, mile, dá céd, seachdmhoghad, a naoí.

M1279.1

Tomaltach mac Toirrdhelbhaigh mic Maoil Seachloinn Ui Conchobair airdespucc Tuama Saoi Eirenn uile, i n-eaccna, i n-eólus & i n-deserc do écc iar m-buaidh n-aithricche.

M1279.2

Giolla an Choimdedh Ó Cerbhalláin epspoc Thíre h-Eoghain do écc.

M1279.3

Concobhor mac Diarmada mic Maghnusa Uí Concobhair do marbhadh.

M1279.4

Murchadh Ó Neachtain do mharbhadh do Domhnall Ó Neachtain & comrac d'fhoccra do Roiberd Ua Neachtain derbhrathair Murchaidh ar Domhnall & Roiberd do marbhadh leiss iar sin.

M1279.5

Domhnall mac Giollu Criost Uí Neachtain do marbhadh la h-Aodh Ó c-Coin Cenainn.

M1279.6

Maol Seachloinn mac Toirrdhelbhaigh do mharbhadh.

M1279.7

Giolla Íosa Mór Mac Fhirbisigh ollamh Ua f-Fiachrach i senchus do écc.


p.432

Annal M1280

AOIS CRIOSD, 1280.

M1280.0

Aois Criosd, mile, dá chéd, ochtmhoghat.

M1280.1

Seaan Ua Laidhigh easpocc Cille h-Aladh, & Matha mac Maghnusa Uí Conchobhair abb na Buille do écc.

M1280.2

Imressain do eirge edir Aodh Mhuimhneach mac Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg Ri Connacht & clann Muircertaigh Muimhnigh Ui Concobhair. Aodh Muimhneach do mharbhadh dhoibh i c-coill i n-Daingin & Maoil Seachlainn mac Maghnusa do gabhail an la cedna riu. Ua Domhnaill da fhuaslacadh uatha. Ceithri ced bó & fiche each as edh fuairsiod ass.

M1280.3

Cathal mac Conchobhair Ruaidh mic Muircertaigh Muimhnigh mic Toirrdhealbhaigh Móir Uí Concobhair do rioghadh do Connachtaibh iar sin.

M1280.4

Maoil Seachlainn Ó Gairmleadhaigh toiseach Cenél Moáin, & Concobhor Ua Gairmleadhaigh do thuitim le Teallach Modharáin.

Annal M1281

AOIS CRIOSD, 1281.

M1281.0

Aois Criosd, mile, da chéd, ochtmoghat a h-oén.

M1281.1

Tadhg mac Cathail Meic Diarmada ticcherna Moighe Luircc, Saoí i n-eneach i n-engnamh & i n-uaisle do écc.

M1281.2

Cath Disirt Da Chrioch edir Cenel c-Conaill & Cenel Eoghain. Aodh Buidhi mac Domhnaill Óicc mic Aodha Méth mic Aoda risa raitti an Macaomh Toinleascc & Goill Uladh imaille ris don dara leth. Domhnall Óg Ua Domhnaill ticcherna Cenel c-Conaill, Fher Manach, Airgiall, urmoir Gaoidheal Uladh uile & Connacht


p.434

achd madh beacc & na Brefne uile don leth araill. Ro mheabhaidh tra an cath-so for Cenel c-Conaill. Ro marbhadh Domhnall Ua Domhnaill ann .i. an t-aen-Gaoidheal dob'ferr eneach, engnamh, aireachus & uaisle do Ghaoidhealaibh Ereann isin aimsir-sin. Fechemh coitcionn iarthair Eorpo uile e-sidhe & a adhnacul mainisdir na m-Brathor i n-Doire Colaim Cille iar m-breith buadha gacha maithessa dhó gó sin. At iatt ann-so an luchd rob ferr dar marbhadh i n-a fhochair Maol Ruanaidh Ua Baoighill taoiseach na t-Tri t-Tuath, Eoghan mac Maoil Seachlainn mic Domhnaill Móir Ui Dhomhnaill, Ceallach mac Giollu Brighde Uí Baoighill an t-aen-taoiseach dob'ferr engnamh & eneach d'exibh & d'ollamhnaibh boí i n-en aimsir riss, Aindiless Ó Baoighill, Dubhgall a mhac-somh, Giollu Criosd Mag Fhlannchaidh taoiseach Dartraicche, Domhnall Mac Gille Fhinnén taoiseach Muinntiri Feodacháin, Enna Ó Gairmleadhaigh ardtaoiseach Cenel Moáin, Corbmac mac an Fhir Leghinn Uí Domhnaill taoiseach Fanad, Giollu an Comdheadh Ua Maol Duin taoiseach Luircc, Carmac mac Carmaic Ui Domhnaill, Giollu na n-Ócc Mac Dail Le Docair, Maoil Seachloinn mac Nell Ui Bhaoighill, Aindiles mac Muircertaigh Ui Domhnaill, Maghnus Mac Cuinn, Giollu na Naemh Ua h-Eochaccáin, Muirchertach Ua Flaithbertaigh, Muircertach Mac an Ultoigh, Flaithbertach Macc Buidheachain & Sochaidhe oile do macaibh ticchernadh & taoiseach nach airimhter sonn.

M1281.3

Aodh mac Domhnaill Oicc Ui Domhnaill d'oirdneadh i n-ionadh a athar.

M1281.4

Cath edir na Bairédchaibh & an Ciomsóccach gur meabhaidh for Bairédchaibh. Ro marbhadh ann Uilliam Bairéd, Adam Plemend, & Sochaidhe imaille riú. Badar tra dias do Gaoidhealaibh ag congnamh lasan c-Ciomhsoccach isin c-cath-sa ro dersccnaidh ar goil & ghaiscceadh luth & lamhach da m-baoi ann, Taichleach Ó Baoighill, & Taichleach Ó Dúbhda iaid-sidhe.

M1281.5

Aodh Muimhneach mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain do écc.


p.436