Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1262

AOIS CRIOST, 1262.

M1262.0

Aois Criost, mile, dá céd, seasccat, a dó.

M1262.1

Maol Pattraicc Ó Sccannail Airdespoc Arda Macha do-radha oiffrind le pallium (in octau Eoin Baiste) i n-Ard Macha.

M1262.2

Maoil Seacloinn mac Taidcc Ui Concobhair espuc Oile Finn do écc.

M1262.3

Sluaigheadh adbal mór la Gallaibh Ereann do soighidh Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg & a mic Aodh na n-Gall, gur cuir Ua Concobhair urmhór bó Connacht i t-Tir Conaill ar techeadh na n-Gall, & buí fén i n-Inis Saimera ar cúl a bhó & a muinter. Tainic Mac Uilliam Burc tar Tochar Móna Coinneadha iniar, & slógh mor immailli ris go ráinic Oil Finn. Iusdís na h-Ereann & Eoan de Uerdun


p.386

do thocht tar Ath Luain anoir go Ros Commáin. Leccid siortha uatha i c-Cenél Dobhtha Mic Aongusa gur airccsiod an méd ro an tar és Uí Concobhair i c-Connachtaibh don toisc-sin, & do tórainnsiod áit caisléin i Ros Commáin. Dala Aodha Uí Concobhair tra ro tionoil-sidhe a shochraide, & luidh i n-Iarthar Connacht gur airgiostair ó Moigh Eó na Saxan, & o Bhalla iniar. Loisccis a m-bailte & a n-arbhanna go Sliabh Lugha, & ro marbhustair daoine iomda etorra sin. Cuiris a toisigh & a ógflatha uaidh i n-uachtor Connacht gur loisccsiod, & gur airccsiod ó Tuaim Da Gualann go h-Ath Luain, & ro marbhsat a t-tarla do daoinibh infeadhma etorra. Cuirid Goill iaramh techta uatha dochum Ui Concobhair & a mic do taircsin síodha dóibh. Ticc Aodh iar sin i n-a c-coinne go h-ath Doire Chuirc. Do-gníadh sith ann re roile gan bhraighde gan edireadha ó cechtar na dá chéle. Baoi Aodh Ua Concobhair & Mac Uilliam Burc i n-én leabaidh an oidhche d'és na síodha go subhach soimheanmnach, & imtighid Goill ar a bharadh iar c-celiobhradh d'Ua Concobhair.

M1262.4

Aodh Buidhe Ua Néll d'oirdneadh doridhise, & Niall Culánach d'aithrioghadh.

M1262.5

Crech mór do dénamh la Gallaibh na Midhe ar Giolla na Naomh Ua Fearghail tighearna na h-Angaile, & a oireachta fein do dhul uaidh i c-cleith Gall. A aithrioghadh doibh, & a tighearnus do tabhairt do mac Murchaidh Carraigh Uí Fherghail. Uilc iomdha, creacha, greassa, urtha, & airccne, & marbhtha do dhénamh do Ghiolla na Naomh for Gallaibh iar sin. Tighearnus na h-Angoile do cosnamh dó ar éccin, & mac Murchaidh Carraigh d'ionnarbhadh dó as an tír amach.

M1262.6

Donn Slebe mac Cathmaoil taoiseach Cenél Fearadhaigh do marbhadh d'Aodh Buidhe Ua Néll.

M1262.7

Sluaigheadh la Mac Uilliam Búrc & lá Gallaibh Ereann i n-Deasmumhain


p.388

d'ionnsaighidh Még Carthaigh go rangadar Mangartach Locha Lén. Marbthar Gearalt Roitsi annsin lá Mag Carthaigh, & a deirthi gurb ésidhe an treas barún dob'fearr i n-Erinn i n-a aimsir fein. Ba h-áithes go n-anáithes do Desmumhain sin uair do marbhadh Corbmac mac Domhnaill Guid Mégh Carthaigh don tachar-so. Acht chena ba h-esbadhach Goill & Gaoidhil mun Mangartaigh an la remráitte.

M1262.8

Domhnall Ua Mannacháin do marbhadh do cloinn Ruaidhri & Taidhcc Uí Conchobhair.

M1262.9

Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Ócc) h-i f-Feraibh Manach cetus, & assidhe i n-Gairbtrian Connacht & go Granard Tethba go ro riarsat, & go ro ghiallsatt gach tir gusa rainicc dó, & tainicc dia tigh iar m-buaidh c-cosccair.

Annal M1263

AOIS CRIOSD, 1263.

M1263.0

Aois Criosd, míle, dá chéd, sescat, a trí.

M1263.1

Tomás Ua Ceallaigh espuc Cluana Fearta, & Maol Ciarain Ua Maoil Eoin (.i. ab Cluana Mic Nois) d'ég.

M1263.2

Dauith Ua Find ab Mainistre na Buille, & Giolla Patraicc mac Giolla na n-Guisén prioir Doirein, Saoí crabaidh & enigh d'ég.

M1263.3

Donn Ua Breslén do marbhadh la Domhnall Ua n-Domhnaill i c-cuirt an Espuicc i Ráith Both.

M1263.4

Sluaigheadh la Mac Uilliam d'ionnsaighidh Fedhlimidh Ui Concobhair & a meic go rangadar Ros Comáin, & ro teichsiod Siol Muireadhaigh rompa i t-tuaisceart Connacht, & nochan fuairsiod Goill creacha re a n-dénamh don


p.390

dul-sin. Ro innsaigh Donnchadh Ua Flointt & Tadg a mhac an sluagh, & do marbhsat céd diobh edir maith & saith, im Aitin Ruitsél & imma mac, & im cúic mhacaibh Con Connacht Uí Concobhair imaille re sochaidhe oile. Soait an sluagh fo mela dia t-tighibh iar sin.

M1263.5

Maol Fabhaill Ua h-Edhin do marbhadh lá Gallaibh.

M1263.6

Diarmait Clereach mac Corbmaic Meic Diarmata do écc.

M1263.7

Aindiles Mág Fhionnbharr taoiseach Muintire Gearadháin do écc.

M1263.8

Caislén do denamh la Mac Uilliam Búrc ag Ath Angail isin c-Corann.

M1263.9

Machair Ua Ruadháin do marbhadh la Gallaibh i n-dorus tempaill Cilli Sesccnén.

M1263.10

Etaoin inghean Uí Fhlannaccáin do écc.

M1263.11

Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Occ) h-i c-Connactoibh go c-comhranaicc fri h-Aodh Ua c-Concobhair acc Coirrsliabh. Lottar assidhe go Cruachani assidhe tar Suca, assidhe h-i c-Cloinn Riocaird gur milleadh & gur ler lomairccedh leo go h-Echtge & go Gaillimh, & iar n-iompudh d'Aodh Ua Choncobhair ó Ua n-Domhnaill, ro asccna Ó Domhnaill tar Sruthair, tar Rodhba, ar fud Tire h-Amhalghaidh, & iaromh tar Muaidh, & do-bert a óghriar uadhaibh uile.

M1263.12

Creach mór do dhenamh la h-Aedh mac Fedhlimidh ar Gallaibh Slebhe Lugha, & i


p.392

c-Ciarraighe, & ro marbhadh sochaidhe mhor do Ghallaibh lais, & do-rat buar iomdha uaidhibh.

Annal M1264

AOIS CRIOST, 1264.

M1264.0

Aois Criost, mile, da chéd, sescat, a cethair.

M1264.1

Aongus Ua Clumain espuc Luigne do écc i Mainistir na Búille iar c-cur a espaccóide de ré chian roime-sin.

M1264.2

Coccadh edir Art Ua Maoil Seachluinn, & Goill na Midhe. Ar do tabairt lais orra iman m-Brosnaigh edir marbhadh & bhadhadh.

M1264.3

Muirceartach mac Domhnaill Uí Airt do marbhadh, & a muintir do loscadh lá Donn Mág Uidhir.

M1264.4

Creach mór di dénamh do Dealbhnaibh ar Shiol n-Anmchadha, & cuic meic Uí Madadhain do marbhadh don toisc-sin.

M1264.5

Coinni edir Iusdis na h-Ereann (go na Gallaibh im iarla Uladh, & im Muiris Mac Gearailt go n-a c-coimthionól leth ar leth) & Fedhlimidh Ua Concobhair go n-a


p.394

mac i n-Ath Luain. Eaccla, & anbháthadh intinne do gabail na n-Gall o'd conncadar Rí Connacht & a mhac go lionmar leirthionoilte ag tocht i n-a c-comhdháil. Gonadh í comairli ar ar cinnsead síth d'iarraidh orra. Aontaighis Fedlimidh & maithe a muintire an t-síth do dénamh, & ro scarsat re 'roile go siothchanta iaromh.

M1264.6

Coccadh d'ergi edir Mac Uilliam Burc (.i. iarla Uladh), & Muiris Mac Gearailt, gur milleadh urmór Ereann etorra, gur gabh an t-iarla a raibi do caislénaibh i c-Connachtaib ag Mac Gearailt, gur loiscc a mainer, & gur airgestair a muintir.

M1264.7

Art Ua Maoil Seachloinn do losccadh a raibhe do chaislenaibh & do sráttbhailtibh i n-Dealbhna, a c-Calroighi, & a m-Breghmaine gur díochuirestair a n-Goill estibh uili. Gabhais braighde a t-toiseach as a h-aithle.

M1264.8

Iusdis na h-Ereann, Seoan Gogan, & Teboid Buitelér do gabáil do Muiris Mac Gerailt i t-tempal coisrecctha.

M1264.9

Caislen Locha Meascca & caislén Aird Rathain do gabail do Mac Uilliam.

M1264.10

airdepscop Arda Macha Maol Pattraicc Ó Sccannaill do thabairt na m-Brathar Minur go h-Ard Macha, & as é Mac Domhnaill Gallócclach (dho reir gnatcuimne) do thionnsgain in mainestir-sin do thógbhail ó thosach.


p.396

Annal M1265

AOIS CRIOST, 1265.

M1265.0

Aois Criost, míle, da chéd, sescat, a cúicc.

M1265.1

Tomas mac Feargail meic Diarmada espuc Oili Finn, Tomas Ua Maicin espuc Luigne, & Maol Brighde Uá Gruccáin airchinneach Oile Finn do écc.

M1265.2

Muiris mac Nell Uí Concobhair do togha docum espucóide Oile Finn.

M1265.3

Caislén Sliccigh do sgaoileadh la h-Aodh Ua c-Concobhair, & la h-Ua n-Domhnaill. caislen an Bennatta, & caislen Rátha Aird Craoibhe do loscadh & do scaoileadh leó beós.

M1265.4

Mainistir Topair Patraicc do losccadh.

M1265.5

Tadg Mag Fionnbharr do marbhadh do Concobhar Mag Ragnaill & do mac Domhnaill Uí Fearghail.

M1265.6

Fedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg Uí Concobhair Ri Connacht, fear cosanta & cothaigthi a cuiccidh fein, & a charad for gach taoibh, fear ionnarbtha & airgthe a eascarat, fear lan d' enech, d'eangnamh, & d'oirdercus, fear méadaighthe ord eccailseach, & ealadhan, deghadbhar rígh Ereann ar uaisli, ar cruth, ar cródhacht, ar chéill, ar iocht, ar fhírinne do écc iar m-buaidh n-ongtha & n-aithrighi i mainistir brathar .S. Domenic i Ros Comáin tucc fhein roimhe-sin do Dia & don urd. Aodh Ua Concobhair a mac féin do ríogadh uas Connachtaibh dá és, & a creach ríghi do dénamh do ar Uibh Failghe, & iar n-iompúdh


p.398

do go h-Áth Luain Cathal mac Taidhcc Uí Concobhair do dalladh lais, & a écc da bhíthin.

M1265.7

Muirceartach mac Cathail mic Diarmata mic Taidg Uí Maoil Ruanaidh tighearna Muighe Luirg d'ég.

M1265.8

Giolla na Naomh Ua Cuinn taoiseach Muintire Giollccáin, Cathal Mag Raghnaill taoiseach Muintire h-Eolais, & Muireadhach Ua Cearbaill taoiseach Calroighi do ecc bhéos.

M1265.9

Coinne do denamh do Tomaltach Ua Concobhair (.i. airdespuc Tuama) re Dauith Prindergás & re Macaibh Murchadha. Mórán do muintir an airdespuic do marbhadh an lá-sin dóibh a c-Cill Meadhoin.

M1265.10

Dearbforgaill ingen Ui Dubda (mathair an Airdespuic Thomaltaigh Uí Concobhair) d'écc iar m-buaidh, & c.

Annal M1266

AOIS CRIOST, 1266.

M1266.0

Aois Criosd, mile, dá chéd, sescat, a sé.

M1266.1

Gradha espuicc do tabairt ar brathair d'ord .S. Domenic (.i. Ua Scopa) i n-Ard Macha docum beith i Raith Both dó.

M1266.2

Tomas Ua Maol Conaire aircideochain Tuama, & Maoil Isu Ua h-Anainn prioir Rosa Commain, & Atha Liacc, do écc.

M1266.3

Tomas Ua Miadachain do gabail espocóide Luigne.

M1266.4

Togha espuicc do tocht on Róimh go Cluain Ferta Brenainn, & gradha espuicc do tabairt do fein & do Tomas Ó Miadacháin i n-Ath na Ríogh an Domnach ria Nodlaic.

M1266.5

Domhnall Ua h-Eghra tighearna Luigne do marbadh do Gallaibh, & é ag loscadh Aird na Riagh.


p.400

M1266.6

Mathgamain mac Ceithernaigh Uí Ceirín tighearna Ciarraighe do marbadh la Gallaibh.

M1266.7

Mathgamain Ua Cuilein tighearna Claonglaisi do marbadh dá mnaoi féin d'en-bhuilli do Sccin tré éd.

M1266.8

Caislén Tighi Da Coinne do briseadh, & Conmaicne uile d'fásughadh.

M1266.9

Toirrdhealbhach mac Aodha mic Cathail Croibhdeirg d'écc i mainisdir Chnuic Muaide.

M1266.10

Diarmait Ruadh mac Concobhair mic Corbmaic Meic Diarmata, & Donn Cathaigh mac Duinn Óicc Még Oirechtaigh do dalladh d' Aodh Ua Concobhair.

M1266.11

Buirgés Beoil an Tachair do loscadh do Flann Ruadh Ua Floinn, & morán do Gallaibh an baile do marbadh dó.

M1266.12

Aodh Ua Concobhair Rí Connacht do dul isin m-Brefne d' aitríoghadh Airt mic Cathail Riabhaigh, & tighearnus Brefne do tabairt dó do Concobhar Buidhe mac Amhlaoibh mic Airt Uí Ruairc, & braighde taoiseach na Brefni uili do gabháil.

M1266.13

Sluaigheadh la h-Uilliam Búrc do soighidh Uí Maoil Seachloinn. Morán do báthadh díbh i n-Ath Crochda, & a n-iompudh gan nert gan braighde do gabháil.

M1266.14

Ar mór do thabairt do droing do muintir Ui Concobair, .i. do Lochluinn mac Diarmata mic Muircertaigh, do Mac Ceithernaigh, & do mac Domhnaill Duibh Ui Eaghra, ar Brethnachaibh & ar Luighnibh i n-Iarthar Connacht, & én ceann dég ar fichit do tiodhlacadh go h-Ua c-Concobair dóibh.

M1266.15

Corbmac mac Giolla Criost meic Diarmada do lot, & a ecc treimhid.

M1266.16

Sadb inghean Cathail Croibdeirg, & Maoil Eoin Bodhar Ua Maoil Conaire ollamh Síl Muireadhaigh i seanchus do écc.

M1266.17

Maol Patraic Ó Scandail Priomhaid Aird Macha do tabhairt Brathar Mionur go h-Ard Macha, & lethaindíog lándomhain do dénamh lais im an eacclais iaramh.


p.402

Annal M1267

AOIS CRIOST, 1267.

M1267.0

Aois Criosd, mile, da chéd, sescat, a seacht.

M1267.1

Espucc Cluana Ferta, .i. Rómhanach do dul do soigidh an Phapa.

M1267.2

Murchadh Mac Suibhne do gabail i n-Umall do Domnall mac Maghnusa Uí Concobhair, a tabairt ar laimh an iarla, & a écc i b-priosún aicce.

M1267.3

Brian mac Toirrdhealbhaigh mic Ruaidhri Ui Concobhair do écc i mainistir Chnuic Muaidhe.

M1267.4

Creach do denamh do Mac Uilliam ar Ua c-Concobhair gur airgesdair Tir Maine & Clann Uadach.

M1267.5

Creach do denamh do Gallaibh Iarthair Connacht i c-Cairpre Droma Cliabh, & Eas Dara d'arccain dóibh.

M1267.6

Donnchadh mac Ruaidhri mic Aodha Ui Concobhair do marbhadh la Gallaibh.

M1267.7

Galar treablaideach do gabhail Rígh Connacht go n-deachaidh a tháscc fo Erinn.

M1267.8

Alis inghean Meic Carrgamna do écc.

M1267.9

Aodh Ua Muiredhaigh taoiseach an Lagáin do mharbhadh i c-Cill Alaidh la h-Ua Maoil Fhoghmair comarba na cille Dia Domhnaigh iar n-eisteacht oifrind.

Annal M1268

AOIS CRIOST, 1268.

M1268.0

Aois Criost, míle, dá chéd, sescat, a h-ocht.

M1268.1

Aodh mac Concobhair Uí Flaithbertaigh oifficel Eanaigh Dúin do écc.

M1268.2

Tempall Mór Arda Macha do tionnscnadh lasan b-Priomhaidh, Giolla Patraicc Ó Scandail.

M1268.3

Concobar Ruadh Ua Briain tighearna Tuadmumhan, Seoinin a mac, a inghen,


p.404

mac a inghine, .i. mac Ruaidhri Uí Grada, Dub Lochlainn Ua Lochlainn, Tomas Ua Beollain, & Sochaidhe oile do marbhadh la Diarmait mac Muircertaigh Ui Briain & é fein do marbhadh inn iaramh. Brian mac Concobhair Uí Briain do gabhail tigearnais Tuadhmuman as a h-aithle.

M1268.4

Toirrdhealbhach Óg mac Aodha mic Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg, dalta Ua m-Briúin e-sidhe, do écc.

M1268.5

Amhlaoibh Ua Feargail tuir cosanta Conmaicneach do marbhadh la Gallaibh i bh-fell.

M1268.6

Concobhar Ua Ceallaigh tighearna Ua Maine, Aongus Ua Dalaigh Saoi fhir dána & tighe aoidheadh, Maghnus Mag Oirechtaigh taoiseach Cloinne Tomaltaigh, Domhnall Ua Gradda taoiseach Cenel Dunghaile, & Dubhghall mac Ruaidhri, tighearna Innsi Gall & Airir Gaoidheal do écc.

M1268.7

Muiris Ruadh Mac Gearailt do bháthadh for muir go lucht luingi imaille ris ag toidhecht ó Shaxaibh.

M1268.8

Ionnsaighidh do tabhairt d'Aodh Ua Concobhair for Gallaibh go h-Ath Luain. Na Goill do tocht i n-a coinne gusna Feadhaibh, tachor do cur eatorra, briseadh for Gallaib, & sochaidhe díbh do marbhadh.

M1268.9

Donn mac Taidhg Uí Mannacháin, & deichneabhar dá muintir do marbadh do Tadhg Ua Fhlannaccáin & do Giolla Criost Ua Birn.

M1268.10

Feargal Ua Maoil Muaidh taoiseach Fear c-Ceall, & Maoil Seachlainn Mag Cochlain do marbhadh la Gallaibh.

M1268.11

Aenghus Ua Maoil Fhoghmair do mharbhadh la h-Uibh Muireadhaigh i n-dioghail a c-cind fhine.


p.406

Annal M1269

AOIS CRIOST, 1269.

M1269.0

Aois Criost, míle, da chéd, Sescat, a naoí.

M1269.1

Dauith Ua Bragain espucc Clochair do écc, & a adhnacul i mainistir Melifoint uair ba manach da manchaibh é.

M1269.2

Tadhg mac Nell mic Muireadhaigh Ui Concobhair do marbhadh i n-Oil Finn d'ócclách do muintir a bhrathar fén, & an t-í do-rinne an gniomh-sin do tuitim inn.

M1269.3

Iomur Ua Birn ócclach & lainfhear grada Aodha Uí Concobhair do chor an t-saoghail de as lár a cloinne & a chonáich, & dul go mainisdir Rosa Comáin dó, gur caith an seal baoí roime da saoghal edir braithribh .S.Domenic

M1269.4

Brian mac Domhnaill Duibh Ui Eaghra do marbhadh do Gallaibh i Slicceach.

M1269.5

Ben Midhe inghean Toirrdhealbhaigh meic Ruaidhri, ben Maol Muire Meic Suibhne, Seaffraigh mac Domhnaill Clannaigh Meic Giolla Patraicc tighearna Slebhe Bladhma, & Aodh Ua Fionnachta Saoí tiompánoigh do écc.

M1269.6

Echmilidh Mac Airtén do marbhadh d'Ua Anluain.

M1269.7

Domnall Ua Fearghoil, & Aodh a mac, cáraid degheinigh derlaigtheacht do mharbhadh do Giolla na Naomh Ua Ferghail & do Ghallaibh.

M1269.8

Cristina inghean Uí Neachtain ben Diarmada Midhigh Meic Diarmata, ben dob'ferr eneach & ionnracus don cineadh dá m-baoí, & as mó do chuir dá comaoin ar an Ord Liath do écc iar m-buaidh n-aithrighe.

M1269.9

Caislén Sliccigh do denamh la mac Muiris Meic Gearailt iar n-a bhriseadh d'Aodh Ua Concobhair & d'Ua Domhnaill roime-sin.


p.408

M1269.10

Caislén Rosa Comáin do denamh la Roibert Defort iusdís na h-Erionn, & as eadh fo dera a denam, Aodh Ua Concobhair Ri Connacht do beth easslan, ionnus nar tualaing tachar no teaccbhail do tabairt do Gallaibh, na toirmescc do chor ar an c-caislén do denamh. Connachtaigh do beith i n-a c-cedibh creach (go h-erghi dosamh doridhise) fo cosaibh Gall.

M1269.11

Flaithbertach Ua Maoil Fhíona taoiseach leithe Calraighe Mhaighe h-Éleóg do marbhadh dó Ghaibhtheacháinlethtaoiseach oile.

Annal M1270

AOIS CRIOST, 1270.

M1270.0

Aois Criost, míle, da chéd, seachtmogat.

M1270.1

Maol Pattraicc Ua Scandail airdespucc Aird Macha do dul do láthair Righ Saxan. An ; da glacadh go h-onórach, & toidhecht tar a ais dó imaille re mor chumachtaibh.

M1270.2

Coccadh mor edir Ua c-Concobhair & iarla Uladh Uater a Búrc, gur thionóil an t-iarla maithe Gall Ereann im an n-giusdis, & a rann Gaoideal


p.410

archena go Connachtaib go riachtadar Ros Comáin an ced adhaig, Oil Finn an dara h-adhaigh, aissidh go Port Lecce. Gabhaid sosadh & saorlongport ann an oidhche-sin. Tiaghaid d'aon chomairle ar a bharach i n-Áth Caradh Conaill tar Sionainn soir.

M1270.3

Baoí Ri Connacht 'mun am-sin uathadh do maithibh a muintire i Moigh Nise ar cionn na n-Gall, & do an an giusdis & beccán don t-sluagh Ghall allaniar do Sionainn ga n-urnaidhe. Iar n-dul don iarla tar Ath Caradh Conaill ro erghiodar uathadh do muintir Uí Concobhair do na Gallaibh i c-Coilltibh Conmaicne go n-dearnsad marbhadh orra. Lodar iaram go Mag Nise gur gabsad foslongport ann i n-oidhchi-sin. Do-gniad do comairle re 'roile ainn-sídhe, síth do denamh lé Rígh Connacht, & dearbhrathoir an iarla (Uilliam Óg mac Riocaird mic Uilliam Concuir) do chor ar láimh muintire Uí Concobhair an c-cein do beth sé fén i t-tigh an iarla ag snadhmadh na siodha. Do-gnither samhlaidh. Acht cena do gabsad muintir Ui Concobhair dearbrathoir an iarla fo cedóir, & ro mharbhsad Seaan Dolifín go n-a mac. Feargaigthear an t-iarla iar na clos-sin dó. Rucc as an adhaigh-sin go h-imshníomhach athtuirseach. Erccis i muichdeadhoil na maidne ar a bhárach go n-a Gallaibh & Gaoidhealaibh ceangailte coirighthe i n-a timcheal, & gluaisid do saighidh Ui Concobhair go rangadar Ath an Chip. Do gebhid Toirrdhealbhach Ua Briain chuca aghaidh i n-aghaidh annsin, & é ag tocht i c-commbáidh Uí Concobhair. Do-beir an t-iarla fén a aghaidh ar Toirrdhealbhach, & ro cuimhnigh a eccraides dó go t-torchair Toirrdhealbhach lais fo cedoir. Dala Connacht tra rucsad orra dochom an atha don dul-sin ionnus gur bhrúchtdhoirtsiod i n-a c-ceann do chois & d'each gur bhriseador for a t-tosach, & gur chuirsiod a n-deireadh as a n-ionat dá n-aimhdeóin. Marbhtar naonbhar do maithibh a Ridireadh don iarraidh-si a t-timceal an Átha imaille re Riocard


p.412

na Coilleadh, & re Seaan Buitelér, gan áiremh ar a t-torcradar díobh edir maith & saith uatha so amach. Dírimh bheós na h-édála do benadh dibh d'arm, d'édeadh, & d'eachaibh, & c. Marbtar dearbrathair an Iarla (.i. Uilliam Ócc) iar sin lá h-Ua c-Concobair a n-eraic mic Uí Briain do marbhadh don Iarla.

M1270.4

Caislén Atha Anguili, caislén Slebi Lugha & caislen Cille Calman do leaccadh d'Ua Concobhair. Ros Comain, Rinn Dúin & Uillinn Uanach do loscadh lais beós.

M1270.5

Brian Ruadh Ua Briain d'iompúdh for Gallaibh. Airgthi aidble do dénamh dó orra, & caislén Cláir Átha Dá Caradh do gabháil dó.

M1270.6

Creacha móra do dénamh don iarla & do Gallaibh Connacht i t-Tír n-Oilealla ar muintir Aodha Uí Concobhair, & Dauith Cuisin do marbhadh don dul-sin.

M1270.7

Mac Murchaidh Carraigh Ui Fhergail, beithir ar bheodhacht, onchú ar engnamh do marbhadh la Gallaibh.

M1270.8

Tanaidhe Mór mac Duinnín mic Nédhe mic Conaing Bhuidhe Uí Maoil Conaire d'oirdneadh i n-ardollamhnacht Connacht, & foircionn do dhul for ollamhnacht an Dubh Shúiligh Ui Maoil Conaire & Dunlaing Uí Maoil Conaire.

M1270.9

Slicceach do losccadh la h-Ua n-Domhnaill, & lá Cenel Conaill & mac Breallaigh an Chairn Uí Maoil Bhrénainn do mharbhadh don turus-sin.

M1270.10

Cristina inghen Uí Neachtain ben Diarmada Midhigh Meic Diarmada do


p.414

écc, Ben ro budh maith deirc & oineach, & do-rad almsana iomda don ord Liath.

Annal M1271

AOIS CRIOST, 1271.

M1271.0

Aois Criost míle, da chéd, seachtmogat a h-aon.

M1271.1

Siomon Macc Raith deccanach Arda Carna do écc.

M1271.2

Uater a Búrc iarla Uladh, & tighearna Gall Connacht do écc i c-caislén na Gaillmhe iar m-buaidh n-aithrighe do galar aithgearr.

M1271.3

Tomas Mac Muiris do écc i m-Baile Locha Meascca.

M1271.4

Iomar Ua Birn lainfhear gradha Aodha Ui Concobair do écc i Ros Comáin iar m-buaidh n-aithrighe, & a adhnacul innte.

M1271.5

Aodh Ua Concobhair mac Comorba Comáin do marbadh do Tomás Buitelér ag Muine Inghine Crechain.

M1271.6

Domhnall Ua Floinn do marbhadh do mac Robín Laigles isin ló cedna i c-cionn uachtarach Sruthra.

M1271.7

Mathgamhain Ua Concobhair do marbhadh do Gallaibh Dúin Móir.

M1271.8

Niocol mac Seaain Uerdún tighearna Óirghiall do marbhadh lá Seaffraidh Ua bh-Fearghail.

M1271.9

Concobhar mac Tighearnáin Ui Concobhair do marbhadh la Maoil Seachluinn mac Airt Uí Ruairc & la Cloinn Fearmuighe.

M1271.10

Caislén Tighe Templa, caislén Sliccigh, & caislen Atha Liacc do briseadh d'Aodh Ua Concobair.

M1271.11

Aodh mac Néill Uí Dhubhda do écc.


p.416