Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1252

AOIS CRIOSD, 1252.

M1252.0

Aois Criosd, mile, dá chéd, caocca, a dó.

M1252.1

Maol Maedhócc Ua Beolláin comhorba Cholaim Cille i n-Druim Cliabh, fer ba mór cadhus & conach, ba h-oirdherca oineach, ba h-uille onóir & airmidin ó Ghallaibh & ó Ghaoidhealaibh re a linn do écc.

M1252.2

Caislain Chaoil Uiscce do dhenamh la mac Muiris Meic Gerailt & caislén Mhuighi Cobha.

M1252.3

Concobhor Ua Dochartaigh toiseach Arda Miodhair, tuir oinigh & engnamha an Tuaiscceirt d'eg.

M1252.4

Concobhor Mac Cathmaoil toiseach Cenel f-Feradhaigh & ioltuath archena, síodhaighe Conaille Eoghain, & Oirghiall do marbhadh la muintir Briain Uí Nell ag cosnamh a comairci friú, iar m-beith dho for slanaibh Uí Gairmleadhaigh & Uí Chatháin.

M1252.5

Cu Connacht Mac Con Snamha toiseach Muintire Cinaith do écc.

M1252.6

Giollu Isu Ua Cerbaill toiseach Calroighi Droma Cliabh do écc.

M1252.7

Maghnus Mac Giollu Duibh toiseach Teallaigh Gairbheth do écc.

M1252.8

Iusdís na h-Erenn do theacht co h-Ard Macha immaille re sluaigh lánmhór, eisdisidhe co h-Uibh Eachdach, aissidhe tar a n-aiss co Cluain Fiachna. Brian Ó Nell dá n-oighréir annsin, & a derbhrathair, Ruaidhri Ó Nell do thabhairt do


p.346

bhraghaid doibh. As ar an sluaigheadh-so tarlu imreasain longpuirt edir fheraibh Midhe & Mhuimhneachaibh i n-Dun Delgan co t-torcrdar sochaidhe do fheraibh Mumhan.

M1252.9

Teasbach mór & tiormach isin samradh go t-teghthí cosaibh tiormaibh tar priomh-aibhnibh Ereann. Arbhanna Ereann bheós gá m-buain fiche laithe ria Lughnasadh. Na croinn gá c-comhlosccadh le tess n-gréne.

M1252.10

Monadh nua d'ordughadh do righ Saxan do dhenamh i n-Eirinn & an t-aircceat boí innte ria sin do trecceadh.

M1252.11

Murchadh Ua Fallamhain ardchonstapla Connacht do marbhadh d' fearaibh Breifne i Maigh Rén.

M1252.12

Creachsluaigheadh la Gofraidh Ua n-Domhnaill h-i Tir n-Eoghain dia t-tarraidh bú & braighde ile. Rucc Brian Ua Néill fair ag fágbáil an tíre. Ro ficcheadh iomaireag amhnus etorra adiú & anall go raímhidh for Cenél n-Eoghain co f-fargaibhset ar cenn im druing mhoir dia n-daghdaoinibh.

Annal M1253

AOIS CRIOSD, 1253.

M1253.0

Aois Criosd, mile, da chéd, caocca, a trí.

M1253.1

Alinn Ua Suilleabháin espucc Leasa Móir do écc.

M1253.2

Dauit mac Ceallaigh Uí Giollu Pattraicc epscop Cluana Mic Nois do écc, & Tomas Ua Cuinn brathair mionúr d'oirdneadh isin Roimh 'na ionadh.

M1253.3

Giolla Ceallaigh Ua Ruaidhín espuc Ua f-Fiachrach do écc. Seón Ua Laidig brathair d'ord .S. Dominic d' oirdneadh i n-a ionadh i c-Cill Alad Ua f-Fiachrach, & gradha espuic do thabairt fair i t-Tuaim an dara Domhnach don Geamhcorgus.

M1253.4

Mainisdir do dhenamh do Bhraithribh .S. Dominic i Slicceach.


p.348

M1253.4

Mainisdir do thorainn do na Braithribh cena ag Ath Lethan i l-Luighnibh.

M1253.5

Cuirt do dhenamh la Tomaltach Ua c-Concobhair epscop Oili Finn i c-Cill Tésin.

M1253.6

Eoghan Ua h-Edhin ticcherna Ua f-Fiachrach do écc.

M1253.7

Ingen an iarla Ultoigh ben Milidh Mic Goisdealbhaigh do écc & a h-adhnacal i Mainisdir na Búille.

M1253.8

Sluaiccheadh mor la Gallaibh Eireann im Mac Muiris go n-deachaidh i t-Tír n-Eoghain do shaighidh Uí Nell & nochar gabhsat gell na edireadha innte, uair tuccadh ár adhbhal mór don dul-sin orra.

M1253.9

Coccadh mór do denamh la Brian Ua Nell flaith Cenel n-Eoghain for Gallaibh, & dul dó go Moigh Cobha gur trasccradh a chaislén leiss immaille le mor do caislénaibh oile. Loisccter an Sradbaile leiss & folmaighis Machaire Uladh.

M1253.10

Sluaicchead do dhenamh do Domhnall Ua Ragallaigh & don Caech Ua Raghallaigh do Chathal Ua Concobhair & do Giollu na Naemh Ó Fheargail i Muintir Eolaiss d'ionnsaighidh Chathail Mecc Raghnaill gur airccsett an tir uile. Badar da oidhche longpuirt ag Tulaigh Álainn, & an tress oidhche ag Eanach Dhuibh. Deilghis Giollu na Naemh Ua Fergail friu annsin. Teaccaid muintir Raghallaigh & Cathol Ó Concobhair go Cluain Conmaicne co m-badar adhaigh longpuirt innte. O 'd-cuala


p.350

Aedh mac Fedhlimidh sin tionoilis co tinneasnach a muinter. Lenaiss iad-somh go Cluain. Tuccsat tress aggarbh dia roile gur moidhidh for Muintir Raghallaigh, marbhthar ann Donnchadh mac Giollu Iosu mic Donncaidh Uí Raghallaigh, mac Giollu Toedócc Ua Biobhsaigh, & sochaidhe oile imaille riu.

M1253.11

Mainestir .S. Franseis i n-Ard Fearta do dénomh la Mac Muiris Ciarraighe.

Annal M1254

AOIS CRIOSD, 1254.

M1254.0

Aois Criosd, míle, da chéd, caocca, a ceathair.

M1254.1

Maol Finnén Ua Beolláin comhorba Droma Cliabh do écc.

M1254.2

Murchadh Ua Maoil Seachlainn do mharbhadh la mac an t-Sionnaigh Uí Catharnaigh.

M1254.3

Aindiless Ua h-Innerghi tuir engnamha Thuaisccirt Ereann do écc.

M1254.4

Piarus Pramister ticcherna Conmaicne Duin Móir do écc.

M1254.5

Mainisdir brathar .S. Dominic i n-Ath Leathan do losccadh uile.

M1254.6

Piarus Ristubartt ticcherna Sil Maoil Ruain, barún e-ssidhe, a marbhadh ar Loch Ribh la Murchadh Ua Maoil Seachlainn.

M1254.7

Sitreacc Mág Sheanlaoigh do gabhail d'Fhedhlimidh mac Cathail Chroibhdeirg, & an Seanshuileach Mac Seanlaoich do dalladh laiss a loss aimhlesa, óir do raidheadh ris co m-badar ag fealladh fair.

M1254.8

Donnchadh mac Donnchaidh mic Tomaltaigh, & Amhlaoibh Ua Biobhsaigh do mharbhadh lá Connachtaibh i c-Cluain Conmaicne.

M1254.9

Maghnus Ua Gadhra do marbhadh tre anfhochain do muintir mic Fedhlimidh Uí Concobhair.


p.352

M1254.10

Ri Franc do toidheacht o Ierusalem iar n-denamh siodha teora m-bliadhan edir na Criosdaighibh & na Siorraisdinibh.

M1254.11

Mainestir Glas Cille Dara do dénamh la h-iarla Cille Dara, & atá tumba onorach aca i sépél Muire isin mhainestir chéttna.

Annal M1255

AOIS CRIOSD, 1255.

M1255.0

Aois Criosd, míle, da chéd, caocca, a cúig.

M1255.1

Donn Slébhe Ó Floinn abb recclésa Pedair & Poil i n-Ard Macha do ecc, & Pattraicc Ua Muireadhaigh prioir an tighe cédna do thogha dochum na h-abdhaine.

M1255.2

Tomas Mac Diarmada aircinneach Oile Finn do écc. Pearsún Maighi Luirg, Airtigh, & Cloinne Cuain ei-sidhe.

M1255.3

Ua Laidig aircinneach Eanaigh Dúin do écc.

M1255.4

Aedh mac Fedhlimidh Ui Concobhair do dul i t-Tír Eoghain & sith do dhenamh dhó edir a athair fén & tuaisccert Ereann & a raibhe do Connachtaibh ar essith isin Tuaisccert do tabairt less atuaith tre lár a dhergnamhad co n-a n-imergibh, .i. mec Ruaidhri Ui Concobhair & Goill, & nocha lamhdaois urchoid do dhenamh doibh an namhaid-sin, .i. mec Ruaidhri & na Goill remraite.

M1255.5

Mac Cerbaill do gabhail airdespucoideachta CaisilMumhan.

M1255.6

Florens Mac Floinn airdespucc Tuama do dul tar muir d'agallaimh righ


p.354

Saxan & gach ní dar sireasdair thoir d'fhacchail dó o onóir an riogh & a thoidheacht anoir do-ridhisi.

M1255.7

Mathghamhain Ó Mannacháin do mharbhadh ag Buimlinn.

M1255.8

Diarmaid Ó Cuinn Amhlaoibh a mhac & maithi Muintire Giollccain immaille riú do mharbhadh ag Faradhán Moighe Treagha la Giollu na Naemh Ua f-Fergail & a n-arccain iaramh.

M1255.9

Coinne mor edir Ó c-Conchobhair, .i. Fedhlimidh, & mac Uilliam Burc ag Tochor Mona Coinneadha. Sith do dhenamh doibh annsin & gach dál ina raibhe Fedhlimidh do leccadh less.

M1255.10

Iuliana ingen comhorba Caillin & Giollu na Naemh a derbrathair do ecc.

M1255.11

Ragnailt ingen Uí Fhergail do écc i n-dabhaigh fhothraicthe.

Annal M1256

AOIS CRIOST, 1256.

M1256.0

Aois Criost míle, da chéd, caocca a sé.

M1256.1

Flann mac Floinn airdepscop Tuama do écc i m-Bristuma.

M1256.2

Airdespoc Atha Cliath do écc.

M1256.3

Giollu an Coimdeadh Ua Cinn Faelaidh abb Eanaigh Duin do écc.

M1256.4

Ua Giollaráin abb Eaccailsi na Trinoide i t-Tuaim do écc.

M1256.5

Drong do Muintir Raghallaigh do mharbhadh la h-Aedh mac Fedhlimidh, .i. Cathal Ua Raghallaigh ticcherna Muintire Maoil Mhordha & chatha Aedha Finn, a da mac imaille ris .i. Domhnall Ruadh & Niall, a derbhrathair Cu Connacht, tri meic Cathail Duibh Uí Raghallaigh .i. Gofraidh, Fergal, & Domhnall, & Annadh mac Domhnaill Uí Raghallaigh do marbhadh la Concobhar mac Ticchernáin. Niall .i. an


p.356

Caech Ua Raghallaigh Tighearnan Mág Brattaigh, Giollu Michil Mac Taichlich, Donnchadh Ua Biobhsaigh, Maghnus mac Giollu Dhuibh & tuilleadh ar tri fichit do maithibh a muintire immaille riú. Cath Mhoighe Slecht ar bru Atha Deirg ag Alt na h-Ellte uas Bealach na Bethighe ainm an catha-sa. Ciodh iad Muinter Raghallaigh tra torcrador drong do mhaithibh an t-sluaigh boí 'na n-aghaidh leó, .i. Diarmaid Ó Flannagáin, Flann Macc Oireachtaigh, Murchadh Fionn Ó Fergail & sochaidhe genmóthaitt-sidhe, & ro briseador fo thrí an glasslaith for thosach an t-sluaigh araill no go rucc anfforlann orra fo dheoidh. Ag Sailten na n-Gasán rug tossach an t-sluaigh-si for Muintir Raghallaigh cedus & ro lensad iad co h-Áit Ticche Mec Cuirrín aissidhe co lathair an mor catha.

M1256.6

Iustis do thocht i n-Eirinn o righ Saxan. Coinne do dhenamh do fén & d'Aedh Ua Concobhair ag Rinn Duin. Sith do cengal doibh re 'roile annsin ar chonnradh gan laghdughadh criche na ferainn Connacht ar Ua c-Conchobhair an c-cén budh iustís e-siomh.

M1256.7

Ruaidhri Ó Gadhra tigherna Slebe Lugha do mharbhadh la Dabid mac Riocaird Cúisin. Aedh mac Fedhlimidh Uí Concobhair do arccain fherainn mic Ricaird Cúisin a n-dioghail Ui Gadhra do mharbhadh do-somh. Leaccais a caislen, Marbhaidh a m-boí do dhaoinibh ann & gabhais oiléin Locha Techett uile.


p.358

M1256.8

Raghnall mac Branáin ticcherna Corcachlann do écc.

M1256.9

Creachshluaigheadh la mac Uilliam Burc for Ruaidhri Ua Flaithbertaigh goro airccestair Gnó Mór & Gnó Beacc & ro gabhasdair Loch Oirbsion uile.

M1256.10

Donn Cathadh mac Senlaich do écc i Mainisdir na Buille.

M1256.11

Coccadh mor d'eirge edir Aodh Ó c-Concobhair & Conn O Ruairc (.i. mac Tigearnain) ger bhadh gradhach im aroile go sin. Ua Ruairc do dul i c-cenn Gall iaramh. Sith do snadhmadh riú do fen co n-a muintir gan ched d'Fhedhlimidh ná da mac. Aedh Ua Conchobhair do creachadh Uí Ruairc iar sin an Cedaoín ria Nodlaic. Do-gniad síth re 'roile as a h-aithle.

M1256.12

Ath Luain & Dún Doighre do losccadh i n-en-ló.

M1256.13

Sloiccheadh la h-Ua n-Domhnaill, .i. Goffraidh h-i f-Feraibh Manach da f-fuair comtha, & braighde. Teit assidhe i m-Breifne Ui Ruairc. Do-radsat sidhe a oighreir dhó.

Annal M1257

AOIS CRIOSD, 1257.

M1257.0

Aois Criosd, míle, da chéd, caocca a seacht.

M1257.1

Mac Robias abb Cluana h-Eoaiss do écc.

M1257.2

Muireadhach mac Maoil Brighde Ui Faircheallaigh comhorba Maedhocc do écc.

M1257.3

Maol Pattraicc mac Cele airchinneach Cille h-Aladh do mharbhadh.


p.360

M1257.4

Tomás Ua Maoil Ciaráin Saoí Erenn i n-eaccna do écc.

M1257.5

Mainisdir Muire i Ross Commain do coisreacadh lasan Espucc Tomaltach Ua Conchobhair do braithribh .S. Dominic.

M1257.6

Conn mac Ticchernain Ui Ruairc (.i. tighearna Brefne) do dul i t-teagh Uí Concobhair & a mec do daingniucchadha shíodha riú & a m-breith fein d' feronn na Breifne do tabhairt doibh immaille le cloich Insi na t-Torc ar Loch Fionnmoighe. Lucht coimheda do chor innte d'Oedh mac Fedhlimidh.

M1257.7

Cathal Cairceach mac Aedha mic Cathail Croibhdeirg & Aedh mac Concobhair mic Aedha mec Cathail Croibhdeirg do dhalladh d'Aedh mac Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg tré thnúth & fhormad tar sarughadh laoch, chleireach, & mionn c-Connacht.

M1257.8

Cond mac Cathail Uí Raighilligh taoiseach Muintire Maoil Mordha d'ecc.

M1257.9

Cloch Innsi na t-Torc for Loch Fionnmaighe do losccadh d'Ua Ruairc, & lucht a coimhetta do léccadh este.

M1257.10

Sitreacc mac Ualghaircc Ui Ruairc do chor i t-ticcernus d' Aodh Ua Choncobhair h-i c-cend Chonchobhair meic Ticcernain Uí Ruairc, & Domhnall mac Concobhair do marbadh Sitrecca as a los.

M1257.11

Coinne do dhénamh d'Feidhlimidh Ua Choncobhair i n-Áth Luain re Iustis na h-Ereann & re Mac Uilliam Burc, & re maithibh Gall archena go n-dearnsat sith re 'roile.

M1257.12

Creach mór do dhenamh d'Aodh Ua Conchobhair im Cháiscc ar Ua Ruairc.

M1257.13

Cath cródha do tabairt la Gofraidh Ua n-Domhnaill tigherna Tíre Conaill for Iustis na h-Ereann Muiris mac Gerailt, & for Ghallaibh Connacht archena ag Credrán Cille h-i Ros Cede h-i c-Crich Coirpre fri Slicceach atuaidh ag cosnamh a tire friú. Ro fighedh iorghal ainiardha aindrennda ettorra. Ro ciorrbait cuirp, Ro leónait laoich, Ro buaidhrit cedfadha cechtarnae dibh.


p.362

Ro cothaigheadh an cathlathair co comhnart la Cenél c-Conaill, & do-bertsat breisim dúr danardha for Ghallaibh isin n-gleo go ro sraoíneadh forra fo dheóidh go ro ladh a n-ár. Ar a aoi tra do tromghonadh Goffraidh feissin isin caithgleó-sin, ar tarla sidhe enech i n-ionchaibh fris Muiris mac Gearailt isin n-gliaidh íshin go ro gonsatar aroile gan dichell. Ba tria ágh an chatha-sin do díochuireadh Goill & Geraltaigh a h-Iochtar Connacht.

Gabhtar beos Mac Grifin .i. Ridere erderc la muintir Í Domhnaill isin ló cédna. Loiscctear & lomairccther Slicceach leó as a h-aithle. Ro marbadh dana mac Corbmaic h-Uí Domhnaill h-i f-frithghuin isin cath-sin Creadráin. Soaid iaromh dia t-tighibh ar aba gona Uí Domhnaill, ar muna gabhdaois a ghona greim dhe, do biadh maidhm forra go Muaidh. Ag filleadh i n-a fhrithing do Ghofraidh ro traichceadh & ro diosccaoileadh lais caislén Chaoil Uiscce do-rónadh lá Gallaibh fecht riamh d'forbaisi for Chenél c-Conaill.

M1257.14

Muiris mac Gerailt Iustis Ereann re h-edh díosccaoilteach Gaoidheal d'écc.

M1257.15

Cairt do thabhairt ó Righ Saxan d'Felim Ua Conchobhair ar chuicc triucha an righ.

M1257.16

Coccadh mor etir Concobhar Ó m-Briain & Goill Mumhan go t-tuccadh ár na n-Gall lais. Creacha aidble do denamh do Tadhg Ua Briain orra bheós.

M1257.17

Concobhar mac Ticchernáin Uí Ruairc do mharbhadh ag Ath na Failme do Giolla Bheraigh Ua Lamhduibh dia mhiuintir fein & do mhuintir Matha Uí Raighilligh tre thangnacht.

M1257.18

Cathal Ua Mannacháin d'écc an sesedh do December.


p.364

Annal M1258

AOIS CRIOST, 1258.

M1258.0

Aois Criost, míle, da chéd, caoccat a h-oct.

M1258.1

Abraham Ó Conalláin, airdepscop Arda Macha d'faghail phallium o cuirt na Romha, & aifriond do-radha dó leis i n-Ard Macha an dara la do mhí Iún.

M1258.2

Uater de Salerna airdepscop Tuama & deccanach mor Lonndan do ecc h-i Saxaibh iar n-a togha isna ceimionnaibh remraite la righ Saxan an bliadhain roimhe-sin.

M1258.3

Tomaltach Ó Concobhair epscop Oile Finn do thogha docum airdepscopoidechta Tuama.

M1258.4

Giolla Crist O Carmacain deccanach Oili Finn d'écc.

M1258.5

An Manach Ua Cuirnin saoi crabhaidh d'écc.

M1258.6

Matha mac Giolla Ruaidh Uí Roduibh, .i. an maighistir d' ecc.

M1258.7

Cuirt an epscoip i n-Oil Finn, & cuirt Cille Sesin do sgaoileadh d' Aodh Ó Concobhair.

M1258.8

O Domhnaill Gofraidh do beith i n-othairlighe a ecca re h-ed m-bliadhna ar Loch Beathach iar c-cor chatha Credrain. Iar na fios-sin d'Ua Neill (.i. Brian) tionoilidh a shlogha i n-en ionad do tocht h-i t-Tir Conuill, & faoidhis techta uadha h-i c-cend Uí Domhnaill do chuingidh giall, eidiredh & umhla for Chonallcoibh, o ro batar gan tighearna infedhma aca d' eis Gofradha. Iar t-tabairt aithiscc d'Ua Domhnaill do na techtaibh, lottur for c-cúla & amhail as deini luidhsiot.

M1258.9

Ro fhorcongair Ó Domhnaill for Chonallchoibh tionol as gach aird chuicce, & iar t-tarcclamadh doibh fo thoghairm a t-ticcerna ro fhorail forra o na baí ionaisttir leó an t-árach i n-a m-bertaoi a chorp fo dheoidh do dhenamh dho, & a chor ann, & a iomchar i n-eidirmedhon a mhuintire. Ro raidh riú calma do denamh o ro baí fein etorra, & gan tren a n-esccaratt do leicen forra.


p.366

Rangattur rompa an tucht-sin i n-a reimim la forcongra a t-tigherna h-i c-coinne sloigh Í Neill co t-tarla an dá shluaigh aghaidh i n-aghaidh imon abhainn dianidh ainm Suileach. Ro ionnsaighsiot a chele gan coiccill do cairdes no do coimhfhiallus gur meabhaidh for an sluagh n-Eoghanach tar anais, gur fhaccbattar daoine iomdha, eich, & edála aidhble. Acc tiontudh don t-sluagh Conallach on maidhm ro leicceadh an t-árach i m-boí Ó Domhnaill ar sraidslighe na Congbála gonadh ann do-dheachaidh a ainim as do ghaíbh cró na n-gon, & na c-crecht do-radadh fair h-i c-cath Credrain, & nír bó bás ar miodhlachus an bás h-ishin acht iar m-breith buadha gach tan for a bhiodhbhadhaibh.

M1258.10

O ro clos tra la h-Ua Néill écc Í Domhnaill, ro chuir techta doridhisi h-i c-cend Chonallach do chuingidh giall & umhla forra. Báttar Cenél c-Conuill a c-comhairle aga sccrúdadh cidh do-ghendais fris-sin, no cia toíseach dibh fein da t-tiubrattais umhla, no aidide uair na bai tigherna erdhalta oca o ro écc Gofraidh. Dia m-battar for na h-iomraitibh-sin, at-conncattar Domhnall Occ mac Domhnaill Móir Í Domhnaill cuca a h-Albain i n-a macaemh ócc aidedhach i n-aeis a ocht m-bliadhan n-décc, & do-radsat Cenel c-Conaill a c-cendus dó fo cedóir. Deithbir ón ar dob'ei-sidhe a f-flaith díles diongmala budhdein, & o ro aisneidhsiot Cenél c-Conaill an t-aithescc-sin do-bertsat techta Í Neill chuca (do-somh) ba forail lais-siumh, & ba fairbrigh innsin. Conadh ann do raidh an t-seinbriathar airdhirc triasan n-Gaoidhilcc n-Albanaigh boí occa acc agallaimh na t-techthadh .i. go m-biadh a domhan fein ag gach fer. Ba samhail do thurus Tuathail Techtmair tar muir anall a h-Albain iar n-dilgenn t-saorclann Ereann la h-aithechthuathaibh an turus-sin Dhomhnaill Oicc a h-Albain a leith


p.368

le h-iomuaim n-airdrighe, le táthucchadh tuath, & le cosnamh a criche fein ar choiccriochaibh on ló in ro h-oirdneadh é i t-ticcernus gusan laithe fo dheoidh a f-fuair a oidheadh.

M1258.11

Mainestir Chlaena i Laighnibh i n-epscobóidecht Cille Dara do tógbháil do braithribh .S. Franseis.

M1258.12

Sloiccheadh mór la h-Aodh mac Feidhlimidh & la Tadhg Ua m-Briain h-i c-coinne Bhriain Uí Neill go Caol Uiscce go t-tuccsat na maithe-sin leth ar leth cennus do Bhrian Ua Neill for Gaoidhelaibh iar n-dénamh siodha dóibh re 'roile. Braighde Aodha Uí Choncobhair dó somh re comhall, & braighhde Muintire Raighilligh & Ua m-Briúin ó Cenandus go Druim Cliabh d'Aodh mac Feidhlimidh mar an c-cedna.

M1258.13

Mac Somhairle do thecht h-i loinges timcell Connacht a h-Insibh Gall go


p.370

rainicc Conmaicne Mara gur ghabustair long chendaighe annsin go n-derna a h-edail eidir fhíon, édach, umha, & iarn. Siurtán d'Exter Sirriam Connacht do lenmhain Mic Somhairle gusan ailén in ro airis, & a longa for a n-angcairibh i n-a c-comhfoccus. Feachar iomairecc ettorra, marbhthar Siurtan fo chédoir, & Piarus Accabard Ridere dia mhuinntir, & sochaidhe cenmothát-somh. Mac Somhairle go n-a muintir do tilleadh doridhisi go h-aitheasach edalach go rainicc a thir búdéin.

M1258.14

Domhnall mac Concobhair mic Tighearnain Uí Ruairc baoí i m-braighdenus tar cenn a athar ag Feidhlimidh Ó Choncobhair, & ga mhac (.i. Aodh) do léccean amach doibh, & tigernus na Breifne do tabairt dó a n-ionadh a athar.

M1258.15

Mac Raith macc Tigearnain toiseach Tellaigh Dunchadha dho mharbhadh la Domhnall mac Concobhair Ui Ruairc. Benaid Connachtaigh, & fir Breifne go coitchionn a thigernus do Dhomhnall annsin, & marbhaitt Teallach Dunchadha a dherbhrathair, Cathal mac Concobhair. Tuccadh thigearnus Ua m-Briuin iar sin do Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc, .i. o Sliabh soir.

M1258.16

Brian Macc Samhradháin tighearna Theallaigh Eachdach do mharbhadh la Connachtoibh.

M1258.17

Amhlaoibh mac Airt Uí Ruairc tighearna Breifne o Sliabh siar d'écc.

M1258.18

Tomas Ó Birn d'écc.

M1258.19

Ardghal Ó Concobhair mac Comharba Comain d'ecc.

M1258.20

Coccadh mor etir Ghallaibh & Concobhar Ua Briain dár loiscceadh Ard Rathain, Cill Colgan, Arbhanna, & sradbhailte iomdha oile.

M1258.21

Coinne etir Gallaibh, & Gaoidhealaibh Ereann i n-eccmais Fedhlimidh Uí Concobhair, & sith do denamh eattorra.


p.372

Annal M1259

AOIS CRIOST, 1259.

M1259.0

Aois Criost, mile, dá céd, caocca a naoí.

M1259.1

Corbmac Ua Luimluinn espoc Chluana Ferta Brenainn & aird-eaccnaidhe na h-Erenn d'ég i n-a naoimhshenoir cianaosda.

M1259.2

Tomaltach mac Toirrdhealbhaigh mic Maoileachlainn Uí Concobhair do toidheacht on Roimh iar n-a oirdneadh 'na airdespoc Tuama i c-cuirt an Papa. Pallium do thabhairt laiss & Sochair mhora don Eacclais archena.

M1259.3

An Giollu Cam Mac Giollu Chiaráin Saoí i lecchionn & i n-dán d'écc.

M1259.4

Aedh Ua Concobhair do thabhairt ionaidh Amhlaoibh mic Airt, do Art Beacc mac Airt Uí Ruairc & Art mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc do gabhail lais iar c-cur Amhlaoibh isin ionat saidhe-sin dó.

M1259.5

Aodh Ua Concobhair do dul go Doire Cholaim Chille do thabhairt ingene Dhubhgoill Mic Somhairle.

M1259.6

Cathal mac Con Snamha toiseach Muintire Cionaith do dhalladh la h-Aodh Ua Concobhair. Braighde Domhnaill Uí Ruairc do dhalladh dó bheos, .i. Niall mac Donnchaidh & Brian mac Nell, & braighde Ua m-Briúin archena.

M1259.7

Coinne edir Aodh Ua c-Concobhair & Brian Ó Nell ag Daiminis Locha h-Erni.

M1259.8

Sith do dhenamh d'Aodh Ua c-Concobhair le Domhnall Ua Ruairc & é do thabhairt ticchernais na Breifne do Domhnall as a h-aithle.

M1259.9

Taichleach Mac Diarmada do écc.

M1259.10

Milidh Mac Goisdelbhaigh do écc.

M1259.11

Gillbert Mac Goisdealbhaigh do gabhail la h-Aodh Ua c-Concobhair & Sliabh Lugha do lomarcain dó uile. Gillbert do thabairt a triar mac i m-braighdenus tar a cenn budhén, & Aodh Ua Concobhair dá léccen fén amach as a h-aithle.

M1259.12

Tadhg Ua Briain Rioghdhamhna Mumhan do écc.

M1259.13

Sidhraidh Ua Baoighill do mharbhadh da deirbhfine fesin.


p.374

M1259.14

O Domhnaill (Domhnall Occ) do tionol sloicch lanmhoir i n-aoin ionad, & a dhol i t-Tír Eoghain. Aodh Buidhe Ó Neill do thecht slocch ele i n-a choinne. An tir uile do milleadh leo, & a n-dol assidhe i n-Oirghiallaibh go ro gialladh doibh gach ionadh inar ghabhsatt go soadh doibh i n-a f-frithing.

M1259.15

Fedhlimidh Ua Tuathail tighearna Sil Muireadhaigh dó écc.

Annal M1260

AOIS CRIOSD, 1260.

M1260.0

Aois Criosd, míle, da chéd, Seasccaitt.

M1260.1

Cionaoth Ua Birn prióir Cille Moire do écc.

M1260.2

Maol Finnén Ua Mithighen do écc.

M1260.3

Gradha espuicc do thabhairt do comharba Pattraicc ar Maoil Seaclainn Ua Concobhair ag Dun Dealgan.

M1260.4

Cath Droma Deircc ag Dún Da Lethglass do thabhairt la Brian Ua Nell & la h-Aedh Ua c-Conchobhair do Ghallaibh tuaisccirt Ereann, du i t-torcradar sochaidhe


p.376

do maithibh Gaoidhel, .i. Brian Ó Nell uachtorán Erenn, Domhnall Ó Cairre, Diarmaid Mácc Lachloinn, Maghnus Ua Cathain, Cian Ua h-Innerghe, Donn Slebhe Mág Cana, Concobhor Ó Duibh Diorma & a mhac, .i. Aodh, Aodh Ua Catháin, Muircertach Ua Catháin, Amhlaoibh Ua Gairmleadhaigh, Cu Uladh Ó h-Anluain & Niall Ó h-Anluain. Acht chena do marbhadh cuicc fir décc do maithibh muinntire Catháin ar an lathhair-sin. Torcrador drong do maithibh Connacht ann bheós, .i. Giollu Criosd mac Concobhair mic Corbmaic mic Tomaltaigh ticcherna Maighe Luirg, Cathal mac Ticchernáin Ui Concobhair, Maol Ruanaidh Mac Donnchaidh, Cathal mac Donnchaidh mic Muircertaigh, Aodh mac Muircertaigh Finn, Tadhg mac Cathail mic Briain Ui Maoil Ruanaidh, Diarmaid mac Taidhgh mic Muireadhaigh mic Tomaltaigh Ui Maoil Ruanaidh, Concobhor Mac Giollu Arraith, Tadhg mac Cén Uí Gadhra, Giollu Beraigh Ua Cuinn, Carrolus mac an Espuicc Uí Muireadhaigh & sochaidhe mhor d'uaislibh & d' anuaislibh Gaoidheal immaille riú.

M1260.5

Sloicchedh la Mac Uilliam Búrc docom Fedhlimidh Ui Concobhair do saighidh goro inder an tír roimhe go riacht Ros Commáin. Nochar lamhastair dulseacha sin síos uair boí Fedhlimidh & a mhac, .i. Aodh na n-Gall re a n-ucht isna tuathaibh, & ba Connacht ar a c-cul isin dithreibh conadh í comhairle do-ronsat da gach taoibh síth do dhenamh re 'roile. Do-gníad samhlaidh. Iompaidhis Mac Uilliam i n-a fritheng as a h-aithle.


p.378

M1260.6

Sluaicchedh la Mac Muiris i t-Tuadhmumhain do saighidh Concobhair Uí Bhriain, go t-tarla Ua Briain i c-Coill Berráin & tionol i n-a timceal do maithibh a muintire ara cionn-somh. Maidhter for Gallaibh riú fo cedóir & marbhthar Dauit Prindercas Ridire roinertmar e-ssidhe, an Failgeach, Pearsún Aird Rathain, Tomas Baroit, & Sochaidhe nach airimhter dhiobh.

M1260.7

Maghnus mac Aodha Mecc Oireachtaigh do mharbhadh la Domhnall Ua f-Flaithimh.

M1260.8

Lochlainn mac Amhlaoibh mic Airt Ui Ruairc & Ticchernán a derbhrathair do marbhadh d'Aodh Ua Concobhair iar n-a t-toirbert dó la Domhnall mac Nell mic Congalaigh Ui Ruairc.

M1260.9

Domhnall mac Conchobhair mic Ticchernáin Uí Ruairc do marbhadh la Teallach n-Dúnchadha i meabhail & Muirceartach a dearbrathair do mharbhadh d'Aodh Ua Conchobhair iar sin. Art Beacc mac Airt Ui Ruairc do marbhadh d'Aodh Ua Concobhair beos.

M1260.10

Tadhg Dubh mac Nell mic Congalaigh do marbhadh la Maoil Seachlainn mac Amhlaoibh mic Airt.

M1260.11

Creach mór la h-Aodh Ua c-Concobhair for Tuaith Ratha dár marbhadh Concobhar Mac Branáin toiseach Corcachlann, Muircertach Ó Maonaigh, mac Briain Uí Allamhain & sochaidhe archena.

M1260.12

Creach do dhenamh do Mac Muiris ar Ua n-Domhnaill. Drong do muintir Uí Domhnaill do breith orra i m-Beannan Brechmoighe. Drem do losccadh & do marbhadh leó dhiobh.

M1260.13

Creach adhbhal do denamh d'Ua Domhnaill ar Mac Muiris gur airccestar Cairpre uile.

M1260.14

Longport Concobhair Uí Ceallaigh do losccadh la muintir Aodha Uí Concobhair.


p.380

M1260.15

Sitreacc mac Senlaich do marbhadh i n-Áth Luain do Donn Cathaigh Mag Oireachtaigh & do Tomaltach Mag Oireachtaigh.

M1260.16

Crechsluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill for Chenél n- Eocchain tar eis catha Dúin gur h-aircceadh, & gur loiscceadh urmor Chenel n-Eocchain leis don cur-sin.

M1260.17

Abraham Ua Conallaincomorba Patraicc d' écc.

Annal M1261

AOIS CRIOSD, 1261.

M1261.0

Aois Criosd, mile, da chéd, Searcca, a h-aon.

M1261.1

Maol Pattraicc Ó Sccandail espoc Ratha Both do togha i n-a airdespoc i n-Ard Macha.

M1261.2

Se cleirigh décc do maithibh cleireach Cenél c-Conaill do marbhadh la Concobhar Ua Nell & la Cenél n-Eoghain i n-Doire Cholaim Chille im Concobhar Ua f-Firghil. Concobhor Ua Nell do marbhadh fo cedoir tre miorbailibh De & Cholaim Chille le Donn Ua m-Breslén toiseach Fanad.

M1261.3

Aedh mac Maoil Seachlainn Ui Concobhair do mharbhadh do Maol Fhabhaill Ua Edhin.

M1261.4

Cathal Ó h-Eaghra do marbhadh do Gallaibh ar tarraing Mic Fheorais & coiccer oile do Luighnibh do marbhadh imaille ris i t-Tempall Mor Fechin i n-Eass Dara.

M1261.5

Coccadh mor & uilc iomdha do dhenamh d'Fhingin mac Domhnaill Mecc Carthaigh & dá braithribh ar Ghallaibh.

M1261.6

Sluaicchedh mor la Cloinn Gerailt i n-Desmumain do saighidh Mecc Carthaigh .i. Fhinghin. Macc Carthaigh da n-ionnsaighidh-siomh go t-tucc maidhm forra dar marbhadh ocht m-barúin & cuiccer ridiredh im dreim ele d'uaislibh Gall isin


p.382

c-cliathaigh-sin imaille re Seon Mac Tomáis & risan m-Barrach Mór. Dioairmhidhi a t-torchair do daosccorsluagh Gall isin c-cathiorgail remraite.

M1261.7

Fingin Mag Carthaigh do marbhadh la Gallaibh iar sin, & ticchernus Desmumhan do gabhail da derbhrathair don Aithchleireach Mág Carthaigh.

M1261.8

Art mac Cathail Riabhaigh Ui Ruairc d'elúdh o Aodh Ua Conchobhair, & toisigh na Breifne, & Chonmaicne do thabhairt chennais na Breifne dhó.

M1261.9

Domhnall Ua h-Eaghra do dhenamh creche for Cloinn Fheórais i n-dioghail marbhtha Cathail ui Eaghra doibh & sharaighthi theampaill Fechin gur marbh Sefín Mac Fheorais, & an t-atcluicc tuccustair a teampall Easa Dara as e baoí ima cenn ag a marbhadh.

M1261.10

Brian Ruadh Ua Briain do losccadh & do scaoileadh Caislen Uí Chonaing & ro marbh a m-boí do dhaoinibh ann.

M1261.11

Longport Aodha Uí Concobhair (ag Snamh Inredaigh) do losccadh d'fearaibh Breifni.


p.384

M1261.12

Losccadh Cluana Suilionn, .i. longport Fedlim Ui Concobhair.

M1261.13

Toirrdhealbhach Ócc mac Aodha Ui Concobhair do tabhairt for altram d'Art Ó Ruairc.

M1261.14

Creach mór la h-Aodh Ua Concobhair isin m-Breifne co rainic Druim Lethain. Brisedh do thabhairt annsin for blaidh da sluagh gur marbhadh sochaidhe nar bhoirrdeirc dhiobh.

M1261.15

Aodh Buidhe Ua Nell d'ionnarbadh, & Niall Culánach Ó Nell d'oirdneadh i n-a ionadh.

M1261.16

Niall Ua Gairmleadhaigh toiseach Cenél Moáin do écc.

M1261.17

Maidhm mór la h-Ua n-Domhnaill for Niall Chulánach Ó Néill dú in ro marbhadh & in ro gabhadh sochaidhe do mhaithibh Chenel Eoghain fa mhac Cathmaoil toiseach Chenel Feradhaigh co n-druing do mhaithibh ele nach airimhther sond.