Aois Criost, míle, da chéd, cethrachad, a dó.
Domhnall Mac Airten do écc i n-a chanánach h-i c-Cill Mhóir.
Caibitil mhór lá Prímhaidh Arda Macha, & la h-abbadhaibh Cananach Ereann i Lughmhadh dia ro togbhadh moran do thaisibh do thionoil Mochta on Róimh.
Donnchadh Cairpreach Ua Briain (tigherna Dail c-Cais) tuir ordain & oireachais deiscirt Ereann, & a mac Toirrdhealbhach mac Donnchadha Cairbrigh d'écc.
Conchobhar Ua Briain do ghabhail righe Tuadhmhumhan.
Aedh Ua Concobhair (.i. an t-Aithcleireach) mac Aodha mic Ruaidhri Uí Chonchobhair do mharbhadh la Toirrdhealbhach mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg.
Brian mac Donnchaidh Uí Dubda tighearna Ua f-Fiachrach, & Ua n-Amhalgadha & Iorrais do mharbhadh ar slicchidh acc dol dá oilithre co Mainistir na Búille.
Sluaigheadh mór lasan Iustis & lá Gallaibh Ereann archena, & lá Fedlimidh mac Cathail Croibdeirg h-i Cenel c-Conaill i n-diaidh Taidhg Uí Chonchobhair do-chóidh d'ionnsoighidh Cenél c-Conaill. Ro gabhsad na slóigh-sin longport i n-Druim Thuama, & ro mhillset a lán don chuairt-sin gén gur tregeadh Tadhg dhóibh. Tadhg Ua Conchobhair do ghabhail iar t-táin lá Coin Connacht Ua Raghallaigh tria forchongra Fheidhlimidh mic Cathail Chroibhdheirg.
Aois Criost, míle, da chéd, ceathrachat a trí.
Petrus Mac Raith iar c-cinnedh a bhethadh i c-canánchaibh Oilén na Trinóide ar Loch Cé d'écc, & a adhnacal lá Féle Martain.
Findachta Ua Lughadha comarba Beneoin do ecc.
Maol Eóin Ua Crecháin airchideochain Tuama ar t-techt thairis (.i. tar muir) i n-a mhaigistir d'ecc i n-Áth Cliath.
Cathasach Ua Snedhiusa deaganach Muintire Maol Ruanaidh d' écc i n-Ard Charna an 10. August.
Tadhg mac Aodha mic Cathail Chroibhdheirg do léccadh d'Ua Raghallaigh, & a theacht co Mainistir na Buille co n-a shochraide, dul dó iaromh co teach Mic Diarmada, Corbmac mac Tomaltaigh, & é féin, & a ben ingen Mhég Carthaigh (.i .Etaoín inghen Fhinghin, & bá h-i-sidhe mathair Taidhg budhdhein) do ghabháil, & a tabhairt do Choin Chonnacht Ua Ragallaigh mar mhnaoí as a fhuasgladh féin.
Tadhg do dhul doridhisi fá Fhéil Martain i n-uathadh sochaidhe h-i coinde go h-Ua Raghallaigh, & Tadhg do ghabhail dó h-i fill, & a mhuintir do mharbadh, & a beith fein i láimh co Féil Bearaigh ar c-cind.
Sluaigheadh mor do thionol lá Righ Saxan do saighidh righ Franc, & techta do thocht ón rígh d'iarraidh Gall Ereann cuige. Riocard mac Uilliam Búrc do dhul ann i c-cuma cháich, & a écc thoir ar an sluaiccheadh-sin.
Cathal mac Aodha Uí Concobhair dalta muintire Raghallaigh do iompudh orra, & creach do dhenamh dhó ar Muircertach Mac Giolla Shúiligh i Muigh Nisse, &
Creach Maighe Rein lá Cathal, & ro éirigh cogadh eittir Ua c-Concobhair & Ua Raghallaigh.
Aois Criost, míle, da chéd, cethrachat a ceathair.
Donnchadh mac Finghin mic Maoil Seachlainn mic Aodha mic Toirrdhealbaigh Uí Conchobhair epscop Oile Finn d'écc an 23. April i n-Inis Clothrand, & a adhncacal i Mainistir na Buille.
Archideochain Tuama do bhadhadh ar Glaislind Cluana.
Donnchadh Mór Ua Dálaigh saoí nár sáraigheadh, & nách sáireochar lé dán do écc, & adhnacal h-i Mainistir na Búille.
Tadhg mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg do dhalladh & do chrochadh
la Coin Chonnacht Ua Raghallaigh i Fél
Bearaigh occ Inis na Conaire for Loch
Aillinde iar n-a bheith i l-láimh aige ó
Fhéil Martain gus an ionbhaidh-sin. Ruaidhri
Conchobhar mac Aodha mic Cathail Croibdeirg do écc h-i c-cind mhíosa d'earrach.
Sluaigheadh lá Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg isin m-Bréifne sair go h-Ua Raghallaigh do dhioghail a dhalta & a bhrathar fair, .i. Tadhg Ua Conchobhair. Ro bhádar adhaigh longpuirt h-i Fiodhnach Maighe Rein, ní raibhe an comharba isin baile an aidhche-sin, & ní raibhe cind for theampall Fiodhnacha, & o nach raibhe ro loiscetar drong don t-slóigh botha & bélscálána batar isin tempall h-i stigh gan cet dá n-daghdhaoínibh. Ro múchadh dalta de an comarba ant. Tainic an comarba feisin ar a bharach co b-feircc & lonnus mór fo bhás a dhalta. Ro iarr a eraic ar Ua c-Conchobhair. Ad-bert Ua Concobhair co t-tiobhradh a bhreth fein dó. Así mo breth-sa ar an comharba an t-aon duine as fearr agaibh i n-eraic mo dhalta dé do losccadh libh. Maghnus mac Muirceartaigh Mhuimhnigh sin ar Ua Concobhair. Ní me itir ar Maghnus acht an t-í as cenn ar an sluagh. Ní scérabh-sa ribh ar an comharba co f-fagar éraic mo dhalta. Lotar an sluagh iar sin as an baile amach, & do-lean an comharba iad. Do-chóidhset co h-Ath na Cuirre forsin n-Geircthigh, & ro bhaoí an tuile tar bruachaibh di, & ní chaomhnacatar tocht tairse gur ro scaoilset teach SepelEóin Baiste do
Corbmac mac Tomaltaigh mic Conchobhair Mic Diarmada tighearna Cloinne Maoil Ruanaidh uile d'ecc i n-aibit Manaigh Léith h-i Mainistir na Búille isin f-foghmhar iar m-breith bhuadha ó dhomhan & ó dheamhan, iar c-caithemh sé m-bliadhan ficheat a t-tighernus.
Fearghal mac Taccadain do mharbhadh lá Conchobhar Mac Tighearnáin i fill i n-Inis Fraoich for Loch Gile.
Aois Criost, míle, da chéd, ceathrachatt a cúicc.
Domhnall Ua Flandagáin abb Cunga d'écc.
Conchobhar Ruadh mac Muirceartaigh Mhuimhnigh mic Toirrdealbhaigh Uí Chonchobhair do lot d'Ua Thimmaith dá mhaor budhdhéin lá scín tria iomaccaillaimh feircci do thecht etorra h-i Purt na Leicci, & Giolla Criost mac Iomhar Uí Birn do
Caislén Sliccigh do dhénomh lámac Muiris Mic Gearailt, iustís na h-Ereann, & re Siol Muiredhaigh uair ro forcongradh for Fedhlim a dhenamh ar a phinging fein, & clocha, & aél, & tighe Spitel na Trinóide do tharraing chuicce iar t-tabhairt an ionaidh chédna lasan Iustis do Chlarus Mac Mailin i n-onóir na naomh Trinóide.
Slóigheadh mór la righ Saxan i m-Bretnaibh, & ro gabh longport oc Caislén Gannoc, & ro thochuir i n-a dhochum an Iustís co n-Gallaibh Ereann, & Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg co n-a shocraide. O do-chuatar tra ro milleadh Bretain leó, & ar a aoí ní ro gabhsat géill na eiteredha don chur-sin. Bá h-onorach Fedhlimidh Ó Conchobhair ag an rígh ar an slóiccheadh-sin.
Caislén Átha an Chip ar brú Maighe Nisse do dhénamh lá Milidh Mac Goisdelbh.
Fiachra mac Dauid Uí Flaind taoíseach Sil Maoile Ruain, d' écc.
Cearbhall Buidhe mac Taidhg mic Aongusa Findabrach Uí Dhálaigh d'écc.
Caislén Suicín do dhénomh.
Raghnall Ua Maoíl Miadhaigh do mharbhadh lá Connachtaibh.
Muirchertach mac Muirghiusa mic Cathail Mic Diarmada do marbhadh lá fearaibh Breifne.
Sluaiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill (Maoilechlainn) for Gallaibh, & Gaoidhelaibh Iochtair Chonnacht co t-tuccsat bú & edala iomdha leo don turus-sin.
Aois Criosd, míle, dá chéd, cethracha, a se.
Eóin Ua h-Ugróin mac comhorba Mo Chua, epscop Oile Finn an t-Eóin í-shin do écc i Raith Aedha Mec Bric.
Ioain Mac Iagfri do thocht i n-a iustís i n-Erinn & Muiris Mac Gerailt do aithrighadh.
Druim Lethain do losccadh an bliadhain-si.
Maoil Seachlainn mac Concobhair Ruaidh mic Muircertaigh Muimhnigh Uí Concobhair do mharbhadh la h-Ua n-Dubhda, .i. Muircertach. Muirchertach do ionnarbadh tar muir d'eis an marbhtha-sin.
Sluaighedh do dhenamh do Muiris Mac Gerailt i t-Tir Conaill & é do thabhairt
Ua Domhnaill, .i. Maoil Seachlainn & maithe Cenél c-Conaill do theacht la Samhna go Slicceach. Badhún an baile do losccadh dhoibh. Ni ro fhedsat dol for an c-caislén, & ro chrochsat lucht an chaislén a m-braighdi i n-a f-fiadhnaisi iar n-a leccadh síos do mhullach an chaislén, .i. ó Mianáin oide Uí Domhnaill & a chomalta.
Murchadh Ua h-Anluain ticcherna na n-Airthe do marbhadh ar forcongra Briain Uí Nell.
Aedh mac Aedha Uí Concobhair do gabhail & a argain.
Toirrdealbhach mac Aedha Uí Concobhair do éludh a Cranóig Locha Leisi isin fhoghmhar. An lucht coimheda boí air do bhádhadh do, .i. Corbmac Ua Muireadhaigh & dá Ua Ainmireach. Toirrdhealbhach do gabhail doridhisi ar comairce epscoip Chluana & iar n-á thabhairt i l-laimh Ghall a chur i c-caislén Atha Luain.
Albert Almaineach airdespuc Arda Macha d'athrucchadh dochum na Hungari.
Aois Criosd, mile, da chéd, cethracha a seacht.
Concobhor Ua Muireadhaigh epscop Ua f-Fiacrach Aidhne do écc i m-Bristuma.
Aedh Mac Con Chailledh abb Chluana h-Eoaiss do écc.
Maoil Seachlainn ó Domhnaill ticcherna Thire Conaill, Cenél Moáin, Insi h-Eoghain & Fher Manach do mharbhadh la Muiriss Mac Gerailt. Ba h-amhlaidh-so for-caomhnaccair-sidhe. Sluaighedh mor do tionól la Muiriss Mac Gerailt &
Eachmarcach Ó Cathain ticcherna Cianachta & Fher na Craoibhe do mharbhadh la Maghnus Ua c-Cathain ar n-dol dó ar crech i n-a thír go h-Airther Mhaighe i n-Dáil Riada.
Toirrdhealbhach mac Aodha Uí Conchobhair do éludh a h-áth Luain.
Milidh Mac Goisdelbh do gabhail Fhedha Conmaicne & Cathal Mág Raghnaill do diochur esdibh & Crannócc Claenlocha do gabhail dó, & lucht a gabhála do fhágbhail do innte uadha fen. Cathal & Toirrdhealbhach da mhac Aedha Uí Conchobhair do choimheirghe la Mag Raghnaill do diochur Meic Goisdelbh a Fidh Conmaicne. Ro gabhsad an chrannócc & an loch, ro Scaoilsett caislén Lecce Deirge i Satharn Domhnaigh Chincidhisi, uair do-chuaidh Toirrdhealbhach co h-Oilén na Trinóide ar cenn Chlarusa Mic Moilín an aircinnigh ar ní ro fhaemhsat na Goill tocht as an caisslen amach muna t-tíosdaoís ar comairce an aircinnigh dia n-iodhlacadh tar Sionainn anair co Tuam Mná. Tangadar le Clarus iaromh, & ro diochuireadh Clann Goisdelbh as in tír amach uile.
Coccadh mor la Toirrdhealbhac mac Aedha Uí Conchobhair & lá Donnchadh mac Anmchadha mic Donnchadha Uí Giolla Patraicc do Ossraigibh for Ghallaibh Connacht. Ro thionoil Toirrdhealbhach clanna ticchernadh Connacht go riachtadar Fidh Ua n-Diarmada & Muintir Fathaidh. Ro marbhsat daoíne iomdha. Rangadar assidhe go caislén Bhona Gaillmhe. Ro loisccsett an baile & an caislén. Ro mudhaighit daoine leó im Mac Elget Senescal Connacht ro marbhadh la Donnchadh mac Anmchadha. Leanaid Goill iad iar t-tain. Tuccsatt deabhaidh dhoibh, du in ro marbhadh drong do Ghallaibh. Lodar uatha d'aimhdheóin co rangador Cera. Ro thionóil trá Siurtán d'Exetra, Clann ádaim, & Goill Cera go Toirrdhealbhach. Fos-ráccaibh Toirrdhealbhach an tír dhoibh ó ná boí coimhlíon friú.
Buirgés Chinn Trachta do losccadh la Tadhg mac Concobhair Ruaidh, & la Tadhg mac Tuathail mic Muirchertaigh Muimhnigh, acht chena ní fuaradar Goill Connacht fri ré imchén roimhe-sin samhail coccadh na rioghdhamhnadh forra don chur-sin. Co na boí tuath no triocha chett do chrich Ghall i Connachtaibh gan crech gan arccain uadhaibh.
Ross Commáin & Ard Carna do loscadh la Gallaibh.
Fionnghuala ingen Ruaidhri Ui Conchobhair do écc i c-Cunga Fhechín.
Loingess do theacht do Ua Dhubhda & d'Ua Bhaoighill do arccain Cairpri, & lucht luinge dib do bhadhadh occ Insi Thuath Rass fa Mhaghnus Ua m-Baoighill.
Tadhg mac Concobhair Ruaidh do losccadh Insi Moire Claenlocha & ochtar ar fhichit do Ghallaibh do losccadh innte.
Mainestir do denomh i n-Gaillimh i n-airdepspocoitecht Tuama lá h-Uilliam Burc tighearna Cloinne Riocaird do braithribh .S. Frainseis. Do-rónadh tuambadha iomdha la druing moir do maithibh an bhaile isin mainestir-sin.
Mainistir Inse i t-Tuadhmhumhain i n-epspocoitecht Cille Da Lua do denamh la h-Ua m-Briain conadh innte bhíos adhnacal shil m-Briain.
Sloigheadh mór la Mac Muiris Mec Gearailt & la Gallaib ar tarraing Gofradha Uí Domhnaill go h-Ess Ruaidh. Do-thaot Ruaidhri ó Canannain go c-Cenel c-Conaill i n-a n-aghaidh, & ni ró chumaingset ní dho i n-á dul seacha-sin don chur-sin.
Aois Criosd, mile, da chéd, cethracha, a h-ocht.
Diarmaid Ua Cuana saccart mor Oile Finn do écc & a adhnacal i c-Cill Mhóir.
Maighisdir Gillbert Ua Cerbhaill do écc.
Opichin Guer do mharbhadh do Giolla Mo Choinne Ua Cathail.
Coimheirghe do dhenamh do mhac Maghnusa & do mac Concobhair Ruaidh & iompudh dhoibh for Ghallaibh. Caislén Meic Enry, .i. Piarus Puer do losccadh dhoibh & a chonstapla do ghabhail. Creacha thuaiscirt Umhaill do breith leó ar Insibh Modh. Ro thionóil Siurtan d'Exetra, Seón Buitilér, Robben Laiglés & daoine imda immaille friú tangadar go Baile Thopair Pattraicc aissidhe go h-Achadh Fabhair. Ro airccsiod Umhall ar n-a bharach thuaith & teas. Tainicc
Dala mac Uí Concobhair imorro do bador ar Insibh Modh, do foillsicchedh dhoibh sochraide do dhul o mac Enri a c-coinne arthraighedh dochum Domhnaill. Iar n-a fhios-sin da cloinn Uí Concobhair lodar Rompo gur marbhadh leó O h-Uain mac na Gaillsicche & Seón mac an Gallshacairt. Ro marbhadh bheos la Diarmaid mac Maghnusa ar an c-coimherghi-sin Senóitt Guer & drong dia muintir amaille ris. Rob e-sin an t-aithes gan aithes uair ro marbhadh an cuingidh calma & an t-airsidh iorgaile .i. Diarmaid mac Maghnusa isin maighin-sin.
Tadhcc macc Concobair Ruaidh do marbhadh la Gallaibh. Ba mór tra adhuath & imeacclu an Taidhg-sin for Gallaibh & Gaoidhealaibh do neoch do biodh 'na aghaidh dhíobh go f-fuair a aidheadh.
Sluaigheadh la Muiris Mac Geroilt i t-Tir Conaill. Creacha aidhble, urtha, & airccne do denamh lais. Ruaidhri Ua Canannáin do ionnarbadh dho i c-Cenél Eoghain & ticchernus Cenél c-Conaill do fhaccbhail ag Gofraidh mac Domhnaill Uí Domhnaill.
Sluaiccheadh do dhenamh la Cenél n-Eoghain & la h-Ua c-Canannáin i t-Tir Conaill doridhisi go t-tugsad cath do Gofraidh & do Cenel c-Conuill gur marbhadh Ua Canannáin .i. Ruaidhri & iomad i n-a fhochair don toisc-sin.
Sluaicchedh oile la Iustís na h-Ereann i c-Cenél n-Eoghain go h-Ua Nell. As si comhairli do-rónsad Cenél Eoghain annsin braighde do thabhairt uatha o do buí nert Gall for Gaoidhealaibh Erenn, & sith do denamh riú tar cenn a t-tíre. As don cur-sin do-ronsat Goill droichet na Banna & caislen Droma Tairsicch.
Arthraighi do thabhairt la Brian Ua Nell ticchearna Thire h-Eoghain ó Loch Feabhail i Magh n-íthe tar Termann da Bheócc go rainicc Loch n-Eirne go n-derna creacha dioairmhe & gur briss caislén ann.
Conmaicne Mara uile d'arccain do Ghallaibh. Gaill do dhul for sluaigheadh docom Ui Flaithbertaigh. Maidhm do thabhairt dó forra & sochaidhe do marbhadh dhiobh.
Muirceartach Ua Dubhda .i. an t-Aithcleireach (.i. tighearna ó Chill Darbile co Traigh) do marbhadh la mac Fedhlimidh Uí Concobhair.
Uilliam Burc do écc i Saxaibh. A chorp do thabhairt co h-Eirinn & a adhnacal i n-Ath Iseal.
Ri Franc do dhul co h-Ierusalem do chosnamh na Criosdaidheachda.
Ioan Triial do marbhadh la Giollu na Naemh Ua b-Fergail.
Fedhlimidh mac Cathail Croibhdheirg do thabhairt Ratha na Romhanach do chanánchaibh Cille Moire tre fhorcongra Taidhg Ui Mannacháin a n-onóir Naemh Muire & .S. Augustín.
Amhlaoibh mac Cathail Riabhaigh Uí Ruairc do mharbhadh la Concobhor Carrach Mac Donnchaidh tre thangnacht.
Facchartach Ua Dobhailén ticchearna an Corainn do écc.
Raighned airdepscop Arda Macha do techt on Roimh iar t-tabhairt pallium lais, & aiffrionn do radha dó leis a b-Feil Pedair, & Poil i n-Ard Macha.
Aois Criosd, mile, dá chéd, ceathrachat a naoí.
Maol Muire Ua Lachtnáin airdepscop Tuama, & maighisdir a c-canóin do écc isin n-geimhreadh gar beacc ria Nodlaicc.
Andrias Mac Gilla Gér comorba Fechin d'écc.
Maol Ciarain Ua Lenacháin uasal shaccart Tuama Mna, fear tighe aoidheadh choitchinn idir eacclais & tuaith do écc ar slicchidh ag dul go h-Ard Carna d'eisdeacht senmora isin Aoine re Lucchnasadh & a adhnacal go h-uasal onorach i n-Oilén na Trinoide for Loch Ce.
Conn Ua Flannacain prióir Cille Móire na Sionna do écc.
Mór ingen Donncaidh Uí Dubhda ben an Giollu Muinelaigh Ui Baoighill do écc.
Tadhg Ua Mannachain ticchearna Ua m-Briuin na Sionna do écc an seseadh la do mí Iúin & a adhnacal i c-Cill Moir na Sionna.
Coccadh mór & uilc iomdha do denamh do Fhinghin Mag Cartaigh ar Gallaibh Deasmumhan.
Piarus Puér mac Enri, Dabith Triú, & socaidhe do gillibh ócca amaille riú do toidheacht le Mac Fheorais i c-Connachtaibh co caislén Sliccigh. Ad-cuas do mac Fedlimidh Ui Concobhair innsin go t-tucc airrchis orra. Feachair deabhaidh aithger etorra go t-torcair Piarus Puér & Dabith Triu amaille le druing do na gillibh occa remraite & ruccadh a c-cuirp co h-Ess Dara da n-adhnacal.
Imtusa mac Fedlimidh iar sin tainic roimhe go Tir Fiachrach & ar fud chriche Mic Fheorais gur lomaircc í ó Mhuaidh co Traicch n-Eothuile an t-Saoir.
Mac Muiris do tionol sochraide go t-tainicc i c-Connachtaibh gur
ben an méd ar a rucc do na creachaibh do mac Fedhlimidh. O 'd-cuala Fedhlimidh mac Cathail
Croibhdeirg tionól na n-Gall do
beith i n-a comhfhoccus tar és na mor olc do-roighne a mac orra
as si comhairle do-rinne a imirceacha do chor tar Sionainn soir isin
m-Breifni, & i t-tuaisceart Eireann. Tionoilis din an Iustís
Goill Midhe & Laighen go t-tainicc sluagh mor roimhe tar Ath
Luain, aissidhe i Siol Muireadhaigh & Mac Muiris don leith araill,
Goill Connacht & Mumhan maraon ris. Tangadar na sluaigh-si do gach
taoibh go h-Oil Finn iar milleadh Sil Muireadhaigh rompo go sin, &
tuccsat chuca Toirrdhealbhach mac Aodha mic
Sluaiccheadh la rioghdhamhnaibh Connacht, .i. Toirrdhealbhach & Aedh da mhac Aedha mic Cathail Croibhdeirg go h-Ath na Riog da losccadh & da lomarccain im Fel Muire i medhón foghmhair. Baoi sirriam Connacht isin bhaile ar a c-cionn, & Goill iomdha i n-a fhochair. Iarraid na Goill cairdi an laoi-sin ar cloinn righ Connacht an onóir naemh Muire sa fel boí ann. Nochan fuairset sin uatha. Gidheadh boí Toirrdhealbhach ga t-toirmeasc im an m-baile d'ionnsaighidh, & nochar damhsat uaisle an t-sluaigh gan a shaighidh da aimdheóin. O 'd-connairc Siurtán go n-Gallaibh sin tangadar as in m-baile amach i c-coinne an t-sloigh, & iad armtha édighte. Gabhais tra eacclu & uirmheatacht occbaidh an t-sluaigh araill ga b-faicsin samhlaidh i n-a c-coirightibh catha ionnus gur meabhsad rompo tre miorbhailibh mor Muire 'sa fél inar diultsad an chairde do h-iarradh orra. Ro marbhadh da maithibh isuidhe Aedh mac Aedha Uí Concobhair, Diarmaid Ruadh mac Corbmaic Uí Maoil Sheachlainn, da mac Uí Cheallaigh, Brian an Doire mac Maghnusa, Carrach in Shiubhail mac Nell Uí Conchobhair, Baothghalach Mac Aedhaccain, da mac Lochlainn Uí Concobhair, Domhnall mac Corbmaic Meic Diarmada, an Fionnánach Mac Branáin, Cu Mumhan Mac Cassarlaigh, & araill immaille riu.
Donnchadh Ua Giolla Pattraicc .i. mac Anmchadha mic Donncaidh d' Ossraighibh do mharbhadh lá Gallaibh. Ro dhlighsiod Goill innsin, uair ba mór ro marbh, ro
- Bidh na Shaer, bidh na tornóir,
Bidh mo laogh na leabhróir
Bidh ag rec fhíona is chroicionn,
mar a b-faicenn se sermóin.
Dún Mór do losccadh do cloinn righ Connacht.
Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill, .i. Gofraidh i n-Iochtar Connacht gur milleadh & gur lomaircceadh lais ó Choirrsliabh co Muaidh co t-tainicc slan iar mor cosccar don cur-sin co n-édalaib & co m-braighdibh iomdhaibh.
Aois Criosd, míle, dá chéd, caocca.
Tomás Ua Meallaigh espucc Eanaigh Dúin do écc.
epscop Imligh Iubhair do écc.
Congalach Mac Cidneoil epscop na Breifne do écc.
Toirrdhealbhach mac Muircertaigh Muimhnigh Uí Concobhair prioir récclesa Pettair & Poil do écc.
Fedhlimidh Ua Concobhair do thoidheacht as an Tuaiscceart go sochraide móir lais a Cenél n-Eoghain do shaighidh na Breifne. Aissidhe isna Tuathaibh & Concobhar mac Ticcernáin maraon riss. Aissidhe i t-Tír Maine gur diochuirsed Toirrdealbhach a Connachtaibh amach go n-deachaidh i n-ucht Ghall doridhisi. Tionoilidh Fedhlim imirceacha Connacht lais tar Sliabh Segsa síos gur cuirsiod
Braighde Connacht do dhalladh i n-Áth Luain do Ghallaibh.
Creach mór do dhenamh la Fedhlimidh for Cathal Ua Concobhair & a athchor a Connachtaibh.
Cairbre Ua Maoil Seachlainn do mharbhadh i f-fell la Dauit Roitsi.
Diarmaid Ua h-Eghra ticcherna Luighne do écc i b-priosún ag Mag Gearailt.
Sluaicchedh mor la Muiris Mac Gearailt, Cathal Ua Raghallaigh, Cu Connacht Ua Raghallaihg, & maithe Ua m-Briúin uile immaille friú i c-Cenel Eoghain go rabhadar teora h-oidhche i t-Tulaigh Ócc. Fuairsiod mor d'ulc & d'imneadh ainnsidhe. Nochar gabsat gell na edireadha ó Uibh Nell don cur-sin. Iar t-teacht doibh tar a n-aiss i c-Cenél Conaill Muiris Mac Gerailt do gabhail Uí Chanannain ticcherna Cenel c-Conaill ar comairce an easpuicc Uí Cerbhalláin. A marbhadh dhoibh iar sin & é ag triall ar eccin uatha.
Finghein Mhág Carthaigh do marbhadh la Gallaibh Desmhumhan.
Aois Criosd, mile, da chéd, caoccae a h-aen.
Raighnéd airdepscop Arda Macha do dul do Róimh dia oilithre.
Florint Mac Floinn d'oirdneadh la Nodlac i n-airdepscopoideacht Tuama ar méd a eccna & a eolaiss.
Mainestir h-i c-Cill na Mullach i n-epscopóittecht Corcaighe do chumdach lásan m-Barrach & togha adhnaicthe na m-Barrach-sin innte.
Giollu Mo Coinne mac Giolla Mo Coinne Uí Cathail do mharbhadh la Concobhor mac Aedha mic Cathail Croibhdheirg.
Tadhg mac Tuathail mic Muircertaigh Muimhnigh Uí Conchobhair do marbhadh do Gallaibh.
Da mac Ruaidhri Uí Nell dho marbhadh i c-Cill Moir Ua Nialláin.
Ardgal Ua Laithbertaigh coindeal ghaisccidh & enigh Tuaisccirt Ereann do écc.
Giollu Criosd Ua Breislén toiseach Fanad & a brathair do marbhadh la Ceallach m-Balbh Ua m-Buigill.
Donnchadh Mac Cathmaoil toiseach Cenel f-Feradhaigh do marbhadh d'Airgiallaibh.
Iomhar Mac Madadháin toiseach Cloinne Ruadhrach do mharbhadh.
Concobhor mac Corbmaic mic Tomaltaigh Meic Diarmada, Saí enigh & engnamha do écc.
Flaithbertach Ua Cerbaill toiseach Calraighe do marbhadh la h-Art mac Airt Uí Ruairc.
Muireadhach Ua Taidhg do ecc.
Cioth mor d'fearthain la Feli Poil & Pedair i n-Uibh Briúin go snamhadh eathor adhbhal timcheal baile Cille Moire na Sionna, & go melfeadh muilenn ar an sruth boí on sduaigh go h-Ath na Faithche i b-Fiodhnach fri ré ceileabhartha easparta.
Flann Ó Lachtnáin taeíseach an Dá Bhac do écc.