Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1232

AOIS CRIOSD, 1232.

M1232.0

Aois Criost, míle, dá chéd, triocha, a dó.

M1232.1

Fachtna Ua h-Allgaith comhorba Droma Mucadha, & oificel Ua f-Fiacrach fer tighe aoidhedh, leighinn, & lubhra, & lesaighthe truagh do écc.

M1232.2

Tempall Cille Móire i t-Tír Briúin na Sionna do choisreccadh lá Donnchadh


p.262

Ua Conchobhair epscop Ailfinn, & canánaigh do dhénamh isin m-baile cedna lá Conn Ua Flannaccain baoí 'na príoir ann.

M1232.3

Tiopraitte Ua Braoin comhorba Commáin saoí cléircechta, sencusa, & breithemhnassa d'écc i n-Inis Clothrann i n-a ailithre.

M1232.4

Aodh mac Amhlaoibh mic Domhnaill Uí Fearghail toiseach muintire h-Angaile do losccadh ar Inis Locha Cúile lá cloinn Aodha Ciabhaigh mic Murchadha Uí Ferghail iar c-caithemh naoí m-bliadhan i t-toisighecht na h-Angaile d' eis Murchaidh Carraigh í Fergail.

M1232.5

Maghnus mac Amhlaibh mic Taidhg Mic Maol Ruanaidh caindel einigh, eangnamha, & crabhaid d'écc.

M1232.6

Donnchadh mac Tomaltaigh Meic Diarmada saoí ar eineach, & ar engnam, lettroman Connacht do ecc isin Aicidecht.

M1232.7

Conchobhar mac Aodha mic Ruaidhri do éludh ó Gallaibh, & clanna toíseach Connacht do thionól i n-a thimcheall & a n-dol isna Tuathaibh ar ionnsaighidh. Ro marbhadh tra ei-siomh lasna Tuathaibh, & Giolla Ceallaigh Ua h-Eidhin, Giolla Criost mac Donnchadha Mic Diarmada, & sochaidhe amaille friú. As é an lá-sin ro ghealsat na Tuatha na samhthacha uile, an tan at-rubhradh fear samthaighe gile do mharbhadh meic Aodha.

M1232.8

Righe do thabhairt d'Aodh mac Ruaidhri lá mac Uilliam Búrc doridhise, & sith do dénamh dhó ris iar n-gabháil Feidhlim mic Cathail Croibhdeirg dó.


p.264

M1232.9

Caislén Bona Gaillme do dhenamh lá Riocard De Burchc, & caislén Dúin Iomgáin do thindscettal lá h-Adam Sdondún.

M1232.10

Giolla na Naomh Ua Dálaigh saoí ré dán, & lé tegh aidheadh coitcenn do congbáil do thruachcaibh & do thrénaibh d' écc.

M1232.11

Mael Eóin Bodhar Ua Maol Conaire do gabhail Cluana Bolcáin.

M1232.12

Feidhlimidh mac Cathail Croibdeirg do léccadh amach lá Gallaibh.

M1232.13

Conchubhar mac Neill Uí Gairmledhaigh toiseach Cenel Moain d' écc.

M1232.14

Sloigheadh lá Domhnall Ua Lachlainn tighearna Tíre h-Eoghain co n-Gallaibh, & co n-Gaoidhealaibh i t-Tír Chonaill dia ro mhill mór h-i f-Fánait, & tuc braighde Domhnaill Uí Bhaoighill, & Uí Tairceirt leis.

M1232.15

Slóiccheadh lá h-Ua n-Domhnaill i t-Tír Eoghain co riacht Tulach n-ócc dia ro mharbh bú iomdha dia ro loisc arbhanna, & dia ro milleadh moran, & tainic ar cúla co cosccrach.

M1232.16

Midbech & Eaghinis do orccain lá Cinél Eoghain uair do-rochtattar a


p.266

loinges an dú-sin, & do-rala drem do Cenél Conuill im mac Neill Uí Domhnaill chuca, ro ladh ár na loingsi lais, & ro marbhadh-somh feisin h-i f-friothguin.

M1232.17

Giolla na Naemh Ó Dálaigh saoi i n-dan d' écc.

Annal M1233

AOIS CRIOSD, 1233.

M1233.0

Aois Criost, míle, dá chéd, triocha, a trí.

M1233.1

Goffraigh Ua Daighre airchinnech Doire Colaim Cille d'ecc.

M1233.2

Maol Iosa Ua Maonaigh uasal shaccart nó ghabhadh a psaltair gach laoi acht Dia Domhnaigh namá do écc.

M1233.3

Donncathaigh airchinnech[gt ] Achaidh Fobhair fer reidhighthe gacha cúisi, & gacha caingne, fer co n-airmidin, & co n-onóir d'ecc an .15. do Dhecember.

M1233.4

Slóighead lá Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg i c-Connachtaibh, & do-dheachaidh Corbmac mac Tomaltaigh (tighearna Maighe Luirg) i n-a dhail, & tuc les i Maigh Luircc é. Do-rónadh longport leó occ Druim Gregraighe. Baoi Corbmac, Conchobhar a mhac, & na trí Tuatha, dá mhac Muirchertaigh Meic Diarmada, .i. Donnchadh, & Muircertach i n-a fharraidh annsin. Así comairle do-rónsat dol i n-diaidh Aodha (righ Connacht), & cloinne Ruaidhri ar chena. Iar n-dol dóibh i n-a n-dóchum, ro sraoíneadh for Aodh mac Ruaidhri ro marbhadh é féin, & Aodh Muimhnech


p.268

a dearbhrathair, & a mhac, & Donnchadh Mór mac Diarmada mic Ruaidhri, & ile oile cenmhothát. Ro marbhadh ann dana Raghallach Ua Flannagáin, & Tomás Biris constapla na h-Ereann, Eoan a brathair, Eoan Guer, & Gaill iomdha ele bheós iar m-buain clog & bachall, iar n-denamh easccaoine & bathadh coindell do cleirchibh Connacht orra uair ro sharaigh & ro slatt Aodh Muimhneach Teagh Baoithin, & cealla iomda ar cena gur ro thuitset féin i n-enech na naomh isa cealla ro sháraighset. Ro benadh ríghe, & cendus Condacht do cloinn Ruaidhri mic Toirrdhealbhaith isin ló-sin. Gabaidh Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg righe Connacht iar t-tain, & na caisleín do-rónadh lá neart cloinne Ruaidhri Uí Conchobhair, & mic Uilliam Búrc do sgaoileadh lais iad, .i. Caislén Bona Gaillmhe, Caislen na Circe, Caislén na Caillighe, & Caislén Dúin Iomgain.

M1233.5

Slóiccheadh lá h-Uilliam mac Hugo De Lathi (ingen Ruaidhri Uí Conchobhair a mathair-sidhe), & lá Gallaibh Midhe amaille fris isin m-Breifne i n-dócum Cathail Uí Raghallaigh co n-dearnsat creacha móra. Ruccsat imorro drong do muintir Ui Raghallaigh for Uilliam De Laci, & for mhaithibh an t-slóigh i n-deóidh na c-creach tuccsat tachar dia 'roile, marbhthar ann Uilliam Brit, & drong do maithibh Gall ar aon ris. Ro gonadh Uilliam De Laci co sochaidhibh oile. Soaitt as an tír gan giall gan eittere. Do-cear Uilliam De Laci & Serlus mac Cathail Gaill Uí Concobhair, Feórus Fionn mac na Gaill-rioghna, & Diarmaid Bearnach Ua Maoil Seclainn do na gonaibh do-radadh forra in iomairecc Móna


p.270

Crann Chaoin. Niall Sionnach Ua Catharnaigh tighearna Fear Teathbha do ghuin isin amus cedna, & a écc i n-a tigh iar n-dénamh a thiomna, & iar n-a ongadh.

Annal M1234

AOIS CRIOST, 1234.

M1234.0

Aois Criost, mile, dá céd, triocha, a cethair.

M1234.1

Aongus Ua Maol Foghmhair epscop Ua f-Fiachrach, Giolla na Naomh mac Airt Uí Braoin aircinneach Rosa Commain, Maol Iosa mac Daniel Uí Gormgaile Prióir Innsi Mac n-Erin, Maol Peadair Ua Carmacáin maigistir Rosa Comáin, & Giolla Iosa Ua Gibellain manach & anchoire Oiléin na Trinoide d'écc.

M1234.2

Domhnall mac Aodha Í Néill tighearna Cenél Eoghain, adhbhar rígh Ereann do mharbhadh la Mag Laclainn .i. Domhnall & lá Cenél Eoghain fodhein, & Domhnall do gabháil tighearnais.

M1234.3

Aonghus Mac Gille Findein tighearna Locha h-Eirne do iompudh ar Ua n-Domhnaill, & a dhol ar creich i t-Tír Conuill, & Ó Domhnaill, .i. Domhnall Mor, do breith air, & a mharbhadh a n-dioghail Eiccneacháin.

M1234.4

Aodh Ua h-Eghra tighearna Luighne do mharbhadh lá Donnchadh mac Duarcáin Í Eagra (iar losccadh tighe fair, & iar t-techt ass), a n-dioghail a dhearbhrathar, & cóicc mac dearbhrathar a athar do-marbh-somh, & a dearbhrathair ele do dhalladh lais.

M1234.5

Diarmaid Ua Cuinn taoiseach Muintire Giollgain do marbhadh.

M1234.6

Riocard mac Uilliam Marascal do dol i nd-aghaidh Righ Saxan h-i Saxaibh,


p.272

& tocht dó tairis anoir co ro gabh l-Laighnibh. Tionoilit Goill Ereann 'na aghaidh fo dáigh rígh Saxan, .i. Mac Muiris iustis na h-Ereann, Hugo De Laci iarla Uladh, & Ualtra De Laci tighearna na Midhe. Tangattar go Cuirrech Life h-i l-Laighnibh gur chuirsiot cath frisan Marasgal, & marbthar an Marascal, & ro gabhadh Sefraigh Marascal, & ní raibhe ag cur an chatha acht e-siomh a aonar iar n-a thrégedh dia mhuintir budéin.

Annal M1235

AOIS CRIOST, 1235.

M1235.0

Aois Criost, mile, da chéd triochat, a cúicc.

M1235.1

Isaac Ua Maoil Fhoghmhair aircindech Cille h-Alaidh d' écc.

M1235.2

Matheus prioir Oiléin na Trinoide d'écc.

M1235.3

Madadhán Ua Madadháin tighearna Síl n-Anmchadha d' écc.

M1235.4

Lochlainn mac Eichtighern Uí Cheallaigh do mharbhadh la macaibh an Ghiolla Riabhaigh Uí Bhaoighill.


p.274

M1235.5

Taichleach mac Aodha Uí Dubhda tighearna Ua n-Amhalgadha & Ua f-Fiachrach do mharbhadh d'aon urchar soighde i n-edairghaire i longport Fedhlimidh mic Cathail Croibhdeirg.

M1235.6

Sluaiccheadh la Gallaibh Ereann ar n-a t-tionol lá Riocard mac Uilliam Búrc. As iad robdar oirderca bádar for an sluaigheadh-sin lais Mac Muiris iustís na h-Ereann, Hucco De Lati iarla Uladh, Ualtra Rittabard ard-bharún Laighen co n-Gallaibh Laighen, & Eoan Gogan co n-Gallaibh Mumhan, & Rútadha Ereann ar aon riú. Tangattar tar Ath Luain go Ros Comáin. Ro loisccset an baile. Assén co h-Oil Finn. Ro loiscset tempall mor Ail Finn. Assén co mainistir Atha Da Laarcc for Buill oidhche Domhnaigh na Trinóide do shonnradh. Do-chottar dronga dia f-fianlach fon mainistir, brisit an scripta, tuccsat cailigh aifrinn, edighe, & ionnmusa ass. Bá grain mór la maithibh Gall in ní-sin, & do-chuirsiot for c-cúla gach ní fríth diobh-sin, & ro íocsat dar cenn an neith ná fríth. Ro cuirset ar a bhárach sirthe uadhaibh co Creit, co Cairthe Muilchen, co Tor Glinne


p.276

Fearna, & tugras creacha móra leó co h-Ard Carna i c-coinde an Iustir. Do-ronsat Goill comairle inchleithe annsin tria aslach Eoghain Uí Edhin do dhioghail a chneadh ar Muimhneachaibh, & ar Dhonnchadh Cairprech Ua m-Briain, .i. sodh i n-a f-fritheing isin conair chédna h-i t-Tír Mhaine, i m-Maonmaigh, & assidhe go Tuadhmumhain gan rabhadh gan rathughadh do Muimhneachaibh. Do-rónadh creacha dírímhe leo.

O 'd-connairc Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg na Goill do dhul uadha asi comairle ro chind dol co n-a sochraide i m-báidh Muimhneach, & iar rochtain dó dia soighidh nó cuirdís deabtha crodha gach laoi. An lá déidheanach tra do-chodar Connachtaigh, & Muimhnigh isin cathlathair, & ro cathaighset co ferdha. Acht chena ro fortamhlaigh forlion na n-Gall n-edighthe, & an marcshluaigh forro fó dheóidh, & ro mudhuíghit sochaidhe etorra díbhlinibh acht as mó ro dioláithrigheadh Muimhnigh tria toghaoís Dhonnchadha Cairprigh. Tangadar Connachtaigh iaromh dia t-tighibh. Do-róine Ua Briain ar a bhárach sith re Gallaibh, & do-beart braighde dóibh. Tangadar tra na Goill tar anais go Connachtaibh. Aseadh lodar cedus go h-Aodh Ua Flaithbhertaigh, & do-righne-sidhe síth friú dar cenn a bhó, & a mhuinntire. Fedlimidh imorro mac Cathail Croibdeirg, así comairle ro sgrúd-somh a m-baoi do buaibh a c-Conmaicne Mara, & a c-Conmaicne Chúile do neoch ro gabh a chomhairle, & mac Magnusa, & Conchobhar Ruadh mac Muirceartaigh Muimhnigh do breith lais do shoighidh í Dhomhnaill, .i. Domhnall Mór, & an tír uile d'fásucchadh for cind Gall. Iar sin tra tangadar Goill go Dún Mughdord. Ro cuirsiod techta go Magnus mac Muirceartaigh Muimhnigh d'iarraidh giall fair, & ní tard Maghnus síth na eiteredha doibh. Ro cuirset din Goill ó Dhun Mughdord slógh diairmidhe fa macaibh Ruaidhri gur ro airccset Eccuill, & do-beartsat creacha iomdha


p.278

leó go Druimmní i c-coinne Gall. Tanaic dana Aodh Ua Flaithbeartaigh, & Eoghan Ua h-Edhin sluagh mór ele timcheall, & arthraighe leó ar n-á t-tarraing co Líonán Chind Mara. Rangattar na h-arthraighe-sin co n-a sochraide, & an Iustís i n-a c-coinde co Druimní co Caladh Insi Aonaigh.

Magnus, imorro, baí-sidhe & a longa ar sruth na h-innsi, & deabhtha meince uadha for Ghallaibh, & imaseach ó Ghallaibh fair-siomh. Ro scithighit tra Gaill fris-sin, & as eadh do-rónsat a longport do breith leó, & a n-arthraighe do tharraing chuca i c-cúil trágha mór boí isin maighin-sin. O ro rathaigh Maghnus indsin do-chuaidh i n-Inis Raithni, & ro cuir drong dia mhuintir i nd-Inis Aonaigh. O 'd-conncadar Gaill Maghnus co n-a mhuintir do dhol for na h-oilénaibh h-isin, ro thógbhadar a n-arthraighe leó ar fhud na tragha, & ro chuirset for muir iat, & ro líonait co h-obann do sluagh, & do shirthibh armtha edighthe, & lotur forsna h-oilénaibh i m-badar muintir Maghnusa (cenmothá Inis Raithin i m-baoi Maghnus fesin), & ro mharbhsat a f-fuaradar do dhaoinibh inntibh. Do-dheochaidh Maghnus & i m-baoí dia mhuintir i n-Inis Raithne i n-a longaibh, & ro fhagaibhset an insi, & dia m-badh tairisi lá Maghnus muintir Mhaille ro chuirfeadh a longa h-i c-cenn loingis na n-Gall.


p.280

M1235.6

Ní baoí bó ar oilén i n-Insibh Modh nár chuirset Goill ar caladh i n-aon ló, & nó tiocfadaís muinteara na m-bó co n-a m-buar do na h-oilénaibh h-isin lá h-aidhble a n-íotaidh & a n-ocarais mena beith gabháil forra.

Ro marbhaid fodhaoine iomdha lá Gallaibh an oidhche-sin. An Aoine imorro ar n-á mhárach do-cuas leó ar oilénaibh thuaiscirt Umhaill. Ro forcongradh lá toiseachaibh an t-slóigh gan daoine do marbhadh i nd-onóir césta Criost.

O thairnic tra lá Gallaibh slad & creachadh h-Umhaill eitir mhuir & tír tangadar rempu, & a m-bú, & a c-creacha leó go Lughburdan. Do-chuadar assidhe i n-a n-uidhedhaibh imtheachta co h-Ess Dara co n-dearnadar creich ar Ua n-Domhnaill ar daighin ionnarbhta Fedhlimidh cuicce. Tangattar assidhe i c-Coirrsliabh na Seghsa, & go Caladh Puirt na Cairrcce ar Loch Cé dá ghabháil ar druing do mhuintir Fedlimidh Uí Chonchobhair & Chorbmaic mic Tomaltaigh boaí occa choimhéd. Tuccsat imorro Gaill Ereann, & an Iustis comairce & termann do Chlarus mac Mailin d'airchideochain Oile Find, & do chanánachaibh Oiléin na Trinoide i n-onóir na naomh Trinóide, & do-chóidh an iústis fén, & maithe na n-Gall do dhéchain an ionaid-sin, & do dhénamh sléchtana & ernaighthe an dú-sin.

Do-rónsat Gaill iaromh aidhme iongnaithe d'amhainsi ealadhan & inntlechta trias ro ghabhsat Carrag Locha Cé for mhuintir Fedlimidh & Corbmaic, & iar n-á gabháil ro fhágaibh an Iustis lucht coimheda fuirre, & an ro ba lór leó do bhiúdh, & lionn, & ro fhagaibhset Gaill Connachtaigh don chur-sin gan biadh gan édach


p.282

gan eallach, & ní ro fhágaibhsead síth ná sáimhe innte, acht madh Gaoidhil fein ag slat & ag marbhadh a chéle. Ar a aoi ní ruccsat Goill giall na eitere don chur-sin.

Do-róine Fedhlimidh síth risin Iustis, & tuccait cúig triucha an righ dó-sumh gan crodh gan cíos orra.

Carrac Locha Cé do ghabhail lá Corbmac Mac Diarmata i c-cenn fhichet aidhche iaromh iar n-dol don constapla imach co n-druing móir dá mhuintir imme, ro iadh fear díobh fein, .i. Ó h-Ostin an baile tar a n-éis, & do- rad do Corbmac iar t-tain. Ro h-iodlaiceadh na Gaill ar comairce co h-Oilén na Trinóide, & ro cuireadh slán as an tír iad. Trasgarthar & múrthar an charracc lá Corbmac iaromh co nach gabhdaís Gaill doridhisi.

M1235.7

Domhnall & Muirceartach dá mac Muireadaigh Uí Mhaille do mharbhadh lá Domhnall mac Maghnusa mic Muirceartaigh Uí Concobhair, & lá Niall Ruadh mac Cathail mic Conchobhair i Cliara, & a n-adhnacal innte bheós.

M1235.8

Tuathal mac Muirceartaigh Uí Chonchobhair do mharbhadh lá Concobhar m-Buidhe mac Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair, & lá Concobhar mac Aodha Muimhnigh.

M1235.9

Caislen Milic do bhriseadh la Fedhlimidh Ua Conchobhair.


p.284

Annal M1236

AOIS CRIOST, 1236.

M1236.0

Aois Criost, míle, dá chéd, triocha, a sé.

M1236.1

Mac Raith Mac Maoilín Sagart Cille Mic Treana d'ecc.

M1236.2

Aodh Ua Gibelláin Sagart Cille Rodain Bá cananach é fo deóidh i n-Oilén na Trinóide d'écc oidhche Nodlac.

M1236.3

An Iustis, .i. Mac Muiris do thionol Gall Ereann 'na choinne co h-Ath Feorainne. Tainic Feidhlim mac Cathail Croibhdeirg Rí Connacht isin coinne h-isin. Is eadh bá menmarc leó uile feall for Feidhlim ge ro bhaoi na cairdeas Críost ag an Iustis, & bá h-e-sin fochann a t-tionoil co h-aon mhaighin. Iar b-fhios sgéil & iar f-fagbháil rabhadh d'Feidhlimidh ro siacht asin c-coinne uathadh marcsluaigh co Ros Comáin. Ro leanadh assen co droicet Sliccighe, & do-chuaidh i n-ucht Uí Dhomhnaill, & ó nach ruccsat fair do-rónsat creacha móra ar Thadhg Ua c-Concobhair, & rucsat deagh-mhná imdha i m-broid & i n-daoíre. Co rangattar gusna gabhalaibh-sin leó go Druim n-Greccraige i Maigh Luircc, uair as ann baoi an Iustis fein occa n-urnaidhe. Bá iar n-dol mic Uilliam h-i Saxaibh do-rónadh an coinne h-ísin.

M1236.4

Sodhais an Iustis & na Goill iar sin dia t-tighibh, & ro fhagaibh forlamhus an tíre ag Brian mac Toirrdhealbhaigh.

M1236.5

Creacha mora do dhénamh lá Briain & la h-amhsaibh an Iustís ar macaibh Aodha mic Cathail Croibhdheirg, & ar socaidhibh oile do muintir Fheidhlimidh. Creacha eile do dhénamh lá macaibh Aodha ar Ghallaibh & ar a n-esccairdibh Gaoidhealda co ro loitedh an tír eatorra imáseach amne.

M1236.6

Conchobhar mac Aodha Muimhnigh do mharbhadh lá Magnas mac Muircheartaigh Uí Chonchobhair.

M1236.7

Maol Muire Ua Lachtnáin do thogha i n-epscopóide Tuama, & a dhul i Saxaib,


p.286

& grada do thabhairt fair tria scribennaibh comarba Petair, & tria comhaonta rígh Saxan.

M1236.8

Mac Uilliam do thuidhecht a Saxaibh, & ní fes cecip tucht i tudchaidh fa fo síth nó fo eisíth.

M1236.9

Fedhlimidh mac Cathail Croibhdheirg do thocht i c-Connachtaibh doridhisi iar n-á thóchuireadh do druing do Connachtaibh .i. Ua Ceallaigh Ua Flaind mec Aodha mic Cathail Croibdeirg, & mac Airt Uí Mhaoil Sheachlainn go rabatar uile ceithre catha comhmóra & ro ionnsaighset iaromh co Rind Dúin airm i m-bádar bú an tíre uile ag Brian mac Toirrdhealbhaigh, & ag Eoghan Ua Eidhin, & ag Concobhar Buidhe mac Toirrdhealbhaigh, & ag Mac Goisdelb. Rangadar tra muintir Fedlimidh tar dúncladh & tar daingean chlasaigh an oilen, & ro chuir gach cend slóigh, & gach taoísioch buidhne dib a f-folartnaibh do na buaibh reampa amhail fó ghebhttís ar a c-conair iad ar a c-cind. Ro sgaoílset muintir Fhedhlimidh ar n-a h-édalaibh co n-á ro airis i n-a fhochair dona ceithribh cathaibh acht madh aon cethrar marcach namá.

M1236.10

O 'd-connairc Brian mac Toirrdhealbhaigh & Eoghan Ua h-Eidhin co n-a sochraide muintir Fhedhlimidh go h-essraoíte lá a n-édalaibh, do-eirghedar go h-athlamh ésgaidh uathadh marcsluaigh & amsadh iomdha do shaighidh Uí Concobhair co n-a uathadh muintire, ní ro airigh Concobhar Buidhe mac Toirrdhealbhaigh ní conus tarla i c-cenn mac n-Aodha mic Cathail Croibhdeirg i riocht a mhuintire fein, & ro thuit-siomh lá Ruaidhri mac Aoda mic Cathail Croibdeirg.

M1236.11

Ro mheabhaidh for guth Fedhlimidh (an airdrigh) occ fostadh & occ iomfhuireach a muintire ó a n-édalaibh frí h-iombualadh a n-aghaidh a m-biodhbhadh. Ro marbhadh sochaidhe iomdha don t-sluaigh lá Fedlimidh co n-a mhuintir isin maidhm-sin isin oilen & alla muigh don oilén do macaibh mallacht, & do lucht dénma uilc acht


p.288

madh Tadhg mac Corbmaic mic Tomaltaigh mic Diarmata namá. O 'd-chualaidh tra Mac Uilliam an maidhm-sin do thabhairt ar gach aon dár iompoidh fair, ro eirigh lá h-Ua Conchobhair dia c-cennsucchadh. Do-chuaidh dana Diarmaid mac Magnusa iar ná cluinsin-sin d'ionnsoighidh Maghnusa mic Muirceartaigh Uí Concobhair.

M1236.12

Tanig iaramh Mac Uilliam gan rabhadh gan rathuccadh go Tuaim Dá Ghualann, assidhe go Maigh Eó na Saxan, & ní ro fhágbhaidh cruach na cliabh arbha i relic mhóir Maighe Eó ná h-i relic tempaill Mhíchil árchaingil, & tucsat ceithri fichit cliabh as na teamplaibh feisin. Tangadar 'na dheadhaidh co Turlach, & tucsat an diach cedna fair. Do-chuirset dana sluagh do chreachadh mhuintire Diarmada mic Maghnusa, & do-rala muintir Concobhair Ruaidh, & Turlocha dóibh, & ro airgset na sluaigh-sin iad uile h-i t-trécomusc a chele. Ro béigen din do Mhaghnus muintir Diarmada do dhíochur & d'ionnarbadh uadha. Do-chuaidh Conchobhar Ruadh ar a bharach h-i tech Mic Uilliam, & do-róine síth fris, & fuair aiseac a chreche dona buaibh trias ro h-airgeadh, & an ro athinset lucht na cille dia c-crudh do radadh doibh doridhise. Do-dheachaidh bheos Diarmaid mac Maghnusa h-i t-teach Gall tar cenn a bhó, & a mhuintire do neoch ro fágbadh occa. Luidh Mac Uilliam co Balla, & ro boí oidhche ann, do-chuaidh aissídhe co Tuaim Dá Ghualann, & ro fhagaibh coicceadh Connacht gan sith ná saimhe gan biadh i c-cill ná h-i t-tuaith innte.

M1236.13

Aedh Ua Flaithbeartaigh tighearna Iarthair Connacht d'écc.

M1236.14

Diarmaid mac Neill Uí Ruairc do dhalladh lá Coin Chonnacht Ua Raghallaigh.

M1236.15

Cathal Riabhach mac Giolla Brude Uí Ruairc tighearna Ua m-Briuin do ecc.


p.290

M1236.16

Fleochadh mór, doineann, & coccadh dearmhair isin m-bliadhain-si.

M1236.17

Maidm Cluana Catha do thabhairt lá Fedhlimidh Ua c-Concobhair ar cloinn Ruaidhri, & ar Choncobhar mac Corbmaic Meic Diarmada.

M1236.18

Giolla Patraic Mac Giolla Roid tighearna Chenél Aongusa d'écc.

M1236.19

Termann Caelainne do losccadh lasan Iustis.

M1236.20

Sloiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Mor) i n-Ulltoibh co h-Iubhar Chinn Choiche dar mhill gach tír gusa rainicc, & dá f-fuair geill & umhla o urmhor Uladh.

Annal M1237

AOIS CRIOSD, 1237.

M1237.0

Aois Criost, mile, dá chéd, triochat, a seacht.

M1237.1

Tomas Ua Ruadhain epscop Luighne d'ecc.

M1237.2

Giolla Ísu Mac an Scélaighi Uí Tormaigh epscop Conmaicne d'ecc.

M1237.3

Giolla na n-écc Ua Mannacháin d'écc i Mainistir na Búille.

M1237.4

Sluaighead lá Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg co n-a bhraithribh h-i c-Connachtaibh. Cú Connacht Ua Raghallaigh co n-Uíbh Briúin uile, & Cathal Mag Raghnaill go c-Conmhaicnibh immaille fris d'ionnsoighidh shleachta Ruaidhri .i. Brian mac Toirrdhealbhaigh, Muirceartach & Domhnall meic Diarmada mic Ruaidhri, & Conchobhar mac Corbmaic meic Diarmada. Do-deachadar tar Coirrshliabh na Seghsa budh thuaith i nd-deadhaidh sleachta Ruaidhri co rangadar Druim Raitte, & do-chuirsiot sliocht Ruaidhri amhsa an Iustis (battar i n-a b-farradh) do thabairt


p.292

deabhtha d'Fedhlimidh co n-a shochraide. Ro forcongair Fedhlimidh for a shlóghaibh gan a n-diubhracadh itir acht tocht dia n-iombualadh gan fuireach. Do-rónadh fair-siomh sin, ni ro fhuilngettar na h-amsa go cian an iomtuargain an tan ro sraoíneadh forra i c-cenn a muintire. Ro marbhadh drong mor diobh im Mac Mibricc don cur-sin.

M1237.5

O 'd-chonncattar slicht Ruaidhri an scaoíleadh & an scaindreadh tugadh for a sochraide, ro iomghabsat an t-ionadh a m-battar gan aoín-neach do mharbhadh díbh. Do scaoílset a h-aithle an mhadhma-sin co na baoí aittreabh h-i Síol Muireadhaigh leo. Ro h-aircceadh a muintir uile lá Fedhlimidh, & do-rónadh creacha iomdha ar Conchobhar mac Corbmaic h-i t-Tir n-Ailealla. Ruccusdar iaromh a loinges for Loch Cé, & ro dhiochuir de Corbmac Mac Diarmada tighearna Maighe Luirg, & ro aircc Magh Luircc uile. Faccbaid dana, tighearnus an tíre & ar locha ag Donnchadh mac Muirchertaigh Luathshuíligh.

M1237.6

Sith do dhénamh don IustisFedhlimidh, & tuccadh cúig triucha an rígh dhó-somh gan crodh gan chios orra. (

Vide supra 1230

).

M1237.7

Maghnus mac Diarmada mic Maghnusa do mharbhadh lá Domhnall mac Diarmada mic Ruaidhri Uí Concobhair.

M1237.8

Muirceartach mac Diarmada mic Ruaidhri Uí Concobhair do mharbhadh lá mac Magnusa mic Muirceartaigh Muimhnigh.

M1237.9

Creach do denamh lá Concobair mac Corbmaic for Ruaidhri Ua n-Gadhra, & brathair Ruaidhri do mharbhadh.

M1237.10

Braighde Concobhair mic Corbmaic do mharbhadh lá Fedhlimidh mac Cathail Croibdeirg.

M1237.11

Mainistir canánach do tionnscnadh lá Clarus Mac Mailín i n-Oilen na Trinóide ar Loch Uachtair iar na chomhairleacchadh dhó ó Cathal Ua Raghallaigh.


p.294

M1237.12

Barúin na h-Ereann do thocht i c-Connachtaibh, & caisléin do thinnscetal dóibh do dhénamh innte.

Annal M1238

AOIS CRIOST, 1238.

M1238.0

Aois Criost, mile, da ched, triochat, a h-ocht.

M1238.1

Felix Ua Ruanadha airdepscop Tuama iar c-cor a epscoboide de ar Dhia riasan tan-sin, & iar n-gabháil habite manchessa ime h-i c-Cill Muire i n-Ath Cliath d'ég.

M1238.2

Donnchadh Uaithneach mac Aodha mic Ruaidhri Uí Concobhair do mharbhadh lá Tadhg mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg.

M1238.3

Donnchadh mac Duarcáin Uí Eghra tighearna Luighne do gabháil lá Tadhg mac Aodha mic Cathail Croibhdheirg, & an tan rugadh dia choimhéd é ro marbhsat a braithre budhdhéin, .i. meic Aodha Uí Eghra ar an slighidh a t-Tír Briúin na Sionna.

M1238.4

Flaithbeartach Mac Cathmhaoíl ard-taoíseach Cenél Feradhaigh, & toiseach Cloinne Congail, & Ó c-Cennfhoda i t-Tír Manach, feighe gaisccidh & einigh Tíre h-Eoghain do mharbhadh lá Donnchadh Mac Cathmhaoil lá a brathair fein tria thangnacht.

M1238.5

Donnchadh mac Muirceartaigh do dhol isin m-Breifne go h-Ua Raghallaigh, & rug sluagh mór lais i c-Connachtaibh, & ro airccset muintir Cluana Coirpthi, & ro marbhadh sochaidhe do mhaithibh Muintire h-Eolais h-i t-tóraigheacht na creche-sin, & drong mhór do na Tuathaibh.

M1238.6

Maol Ruanaidh mac Donnchadha Ui Dhubhda do mharbhadh lá Maol Seachlainn


p.296

mac Concobhair Ruaidh mic Muirceartaigh Muimhnigh, & la mac Tighearnáin mic Cathail Miccarain Uí Concobhair.

M1238.7

Caisléna do dhénamh h-i Muintir Murchadha h-i c-Conmaicne Cuile, & a c-Cera lásna barúnaibh rémhráite.

M1238.8

Sluaigheadh lá Mac Muiris iustís na h-Ereann, & lá Hugo De Laci iarla Uladh h-i c-Cenél Eoghain & h-i c-Cenél Conaill. Ro aithrighset Mag Lachlainn (.i. Domhnall) & tucsat tighearnus Cenél Eoghain do mac Uí Neill, & ro gabhsat fein braighde an Tuaiscirt.

M1238.9

Cloictheach Eanaigh Dúin do denamh.

M1238.10

Cathal Mag Riabhaigh taoiseach Fear Scedne d'écc.

Annal M1239

AOIS CRIOSD, 1239.

M1239.0

Aois Criost, mile, da chéd, triocat, a naoí.

M1239.1

Muircertach mac Domhnaill Uí Bhriain do écc.

M1239.2

Cath Cairn t-Siadhail do thabairt lá Domhnall Mag Lachlainn dú in ro marbhadh Domhnall Tamhnaighe Ua Néill, Mag Mathghamhna, Somairle Ua Gairmleadhaigh, Caoch Bernais Ua Gairmleadhaigh, & maithe Cenel Moain go sochaidhibh iomdha


p.298

immaille friú, & ro gabh arís an tighearnus, & ro benadh dhe gan fhuireach d'éis an mhadhma-sin.

M1239.3

Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Conchobhair (Ri Connacht) d'écc.

M1239.4

Ferghal mac Con Condacht Uí Raghallaigh tighearna Dartraighe & Cloinne Fermaighe, & tighearna Bréifne ó Shliabh sair, madh iar leabhar oile, do mharbhadh lá Maol Ruanaidh mac Feargail & lá Conchobhar mac Corbmaic ar n-dula dhó ar crech go mac Neill mic Conghalaigh dia ro aircc iad, & diar gabh teagh orra, & tainic Muircertach mac Néill ar breithir as an tigh amach. Ro gabhadh é, & ro marbhadh fó cetoir d'éis mic Uí Raghallaigh do mharbhadh.

M1239.5

Creach do dhénamh lá Gallaibh Ereann ar Ua n-Domhnaill gur ró airgset Cairpri, & ro baoí an Iustís fein occ Es Dara occa n-urnaidhe, & do-dheachadar a sirthi go Druim Cliabh.

M1239.6

Lasairfhina inghen Cathail Chroibhdherg ben h-Uí Domnaill do thabhairt leth-bhaile da fearond phosta .i. Ros Birn, do Clarus Mac Mhaoílín, & do coimhthionól canánach Oilén na Trinóide ar Loch Cé i n-onoir na Trinóide & Muire.

M1239.7

Corbmac mac Airt h-Uí Mhaoíleachlainn d' ég.

Annal M1240

AOIS CRIOST, 1240.

M1240.0

Aois Criost, míle, da chéd, cethrachat.

M1240.1

Maineisteir do thógbhail i b-Purt LairgeSir Hugo Pursel do Bhraithribh .S. Frainseis.

M1240.2

Giolla na Naomh Ua Dreáin aircinneach Arda Carna do écc.


p.300

M1240.3

Sluaigheadh mór lá Coin Chonnacht Ua Raghallaigh for Chorbmac Mac n-Diarmata co ro aircc an tír uile co h-Ard Carna, & ro marbh daoíne iomdha i n-dioghail a meic, & Corbmac mac Tomaltaigh do aithríghadh, & Donnchadh mac Muircertaigh do gabháil tighearnusa Muighe Luirg.

M1240.4

Fedhlimidh Ua Concobhair do dol do lathair righ Saxan do chosaoid Gall & Gaoidheal fris, & fuair onóir mhór on righ don chur-sin, & tainig slan dia thigh.

M1240.5

Aodh mac Giolla na Naomh Cruimm Uí Seachnusaigh do mharbhadh lá Concobhar mac Aodha mic Cathail Croibhdeirg, & lá Fiachra Ua Floinn.

M1240.6

Sadhbh ingean Uí Cheinneidigh ben Donnchaidh Chairbrigh Uí Bhriain d'écc.

M1240.7

Mainestir Tighe Mo Laga h-i c-Cairpre isin Mumhain i n-epscopoidecht Ruis do shonnradh do thógbhail do braithribh .S. FranseisMag Carthaigh Riabhach tighearna Cairpreach & a tumba fein do denomh h-i c-coraidh na m-Brathar. As innte fos adnaicther an Barrach Mor, & Ó Mathghamna Cairpreach, & barún Cúrsach.


p.302

Annal M1241

AOIS CRIOST, 1241.

M1241.0

Aois Criost, míle, da chéd, cethrachatt a h-aon.

M1241.1

An t-Epscop Ua Flaithbeartaigh (.i. Muirchertach), .i. epscop Eanaigh Dúin do ecc.

M1241.2

Coisearccadh tempaill na m-Brathar Minúr i n-Áth Luaincomarba Patraic.

M1241.3

Domhnall Mór mac Éccneacháin h-Uí Dhomhnaill tigherna Tíre Conaill, Fhear Manach, & Íochtair Condacht Coirrsliabh, & Oirghiall ó Clar anuas d' écc i n-aibít manaigh iar m-breith bhuadha ó dhomhan, & o dhemhan, & a adhnacal co n-onóir & go n-airmidin i mainisdir Eassa Ruaid isin fhoghmhar do shonnradh.

M1241.4

Maol Seachlainn Ua Domhnaill do oirdnedh i t-tighernus Tíre Conaill i nd-ionadh a athar. Ua Neill, .i. Brian do theacht chuige iar n-á iondarbhadh la Domhnall Mhag Lachlainn, & Ua Domhnaill do dhula co n-a shochraideBrian Ua Néill h-i Cenél Eoghain, & tuccsat cath do Mag Lachlainn, .i. cath Caimeirge, & ro mharbhsat Domhnall Ua Lachlaind tigherna Cenel Eoghain, & decneabhar da derbhfhine, & taoisicch Cenél Eoghain uile immaille fris, & ro h-oirdneadh Brian don chur-sin i t-tigernus Cenel Eoghain.

M1241.5

Diarmaid mac Magnusa mic Toirrdhealbhaigh Mhóir Uí Chonchobhair saoí einigh & eangnamha do ecc.

M1241.6

Sitriucc Mhág Oireachtaigh taoíseach Cloinne Tomaltaigh d' ecc.

M1241.7

Ualtra De Lati tigherna Midhe ó Gallaibh, & cenn comhairle GallEreann d' ég h-i Saxaibh.

M1241.8

Tadhg mac Ruaidhri Uí Gadhra d'écc.

M1241.9

Tadhg Ua Conchobhair do arguin Dartraighe & Cloinne Fermaighe.


p.304

M1241.10

Sluagh mór do dhénamh lásan Iustis, .i. Muiris Mac Gearailt i Maig Naé go ro airccset Fiachra Ua Flainn, & Donnchadh Mac Diarmada, & ruccsat uathadh do mhuintir Ui Conchobhair forra, & ro marbhadh leó Nár Mac Giolla Cheallaigh & sochaidhe ele.

M1241.11

Domhnall Mag Fhlannchadha taoiseach Dartraighe do écc.