Aois Criosd, míle, dá chéd, fiche a dó.
An t-Epscop Mag Gelain epscop Chille Dara d'ecc.
Ailbin Ua Maol Mhuaidhepscop Ferna d'écc.
Maoil Isa Ua Floinn prioir Easa Mic n-Erc d'écc.
Tadhg Ua Baoighill sonus & taccadh tuaiscirt Ereann, tiodhnaictheach séd, & maoine d'aos gacha dána d' écc.
Niall Ó Néll do shárucchadh Doire im inghin Uí Catháin. Ro dhíoghail Dia & Colum Cille innsin uair nír bó cian a saoghal-som dia és.
Giolla Mo Choinni Ua Cathail tighearna Cheneoil Aodha thoir & thiar do marbhadh la Sechnasach mac Giolla na Naomh Uí Sechnasaigh iar n-a bhrath da mhuintir fén.
Mor inghean Ui Bhaoighill ben Amhlaibh Uí Beolláin d'écc.
Aois Criosd, míle, da céd, fiche, a trí.
Mail Iosa mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair prioir Innsi Medhoin d' ecc.
Dubhthach Ua Dubhthaigh abb Conga d'ecc.
Sloiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Mór) co Cruachain Chonnacht,
Seachnusach mac Giolla na Naomh Uí Sheachnusaigh do mharbhadh do Chloinn Chiuléin, & sárucchadh na Bachla Mhoire Cholmáin Cille mic Duach uime.
Murchadh Carrach Ua Ferghail do marbhadh d'aon urcor saighde, ag dénamh greissi ar Aodh mac Amlaoibh Uí Fherghuil.
Aois Criosd, míle, da céd, a cethair.
Mainistir S. Froinsiais i n-Ath Luain do thionnscnadh lá Cathal Croibhdearg Ua c-Concobhair la righ Connacht in espuccóideacht Cluana Mic Nóis ar brú na Sionna allanoir.
Maol Muire Ó Connmaicespoc Ua b-Fiachrach & Cenél Aodha do écc.
Espoc Conmaicne, .i. an Gaill-espoc d'ecc.
Muirghius Canánach mac Ruaidhri Uí Chonchobhair aon bá dearscnaighthi do Ghaoidhelaibh i l-legionn, i c-canntaireacht, & a n-dénamh uérsa d'écc, & a adhnacal i c-Cunga.
Maol Caoimhgin Ua Scingin aircinneach Arda Carna d'écc.
Maoil Isu mac an Espuic Uí Mhaoil Fhaghmhair pearsún Ua b-Fiachrach & Ua n-Amhalgadha, & adhbhar espuic ar eccna, do marbhadh do mac Donnchadha Uí Dhubhda mar nar dhú dhó uair nochar mharbh neach d'Uíbh Dubhda riamh cleireach gó sin.
Cioth adhbhal adhuathmhar d'fearthain i c-cuid do Connachtaibh, .i. i t-Tir Maine i Sodain, & i n-Uibh Diarmata & c. diar fhás tedhm, & galar aidhbhsech do cethraibh
Aodh mac Conchobhair Maonmhoighi d'écc ag toidhecht ó Ierusalém, & ó Sruth Iordanén dó.
Dondchathaigh mac Airechtaigh Uí Radhuibh toísech Cloinne Tomaltaigh d'écc i n-a oilithri acc Topur Pattraicc.
Maoil Seachlainn mac Taidhg Uí Cheallaigh tighearna Ó Maine do écc.
Giolla na Naomh Crom Ó Seachnusaigh tighearna lethe iartharaighe Cenél Aodha na h-Echtgi d'écc.
Domhnall Ó Ceallaigh tighearna Ó Maine d'écc.
Cú Cenann Ua Coin Cenainn d'écc.
Mathghamhain mac Cethernaigh Uí Cérin tighearna Ciarraighe Locha na n-Airneadh d'écc.
An t-arbhar gan bhuain go Feil Brighde, & an treabhadh aga denamh do brigh an choccaidh, & na doininde.
Mainistir do thógbháil la Muiris Mac Gerailt (ó t-tátt Geraltaigh Cille Dara, & Gearaltaigh Desmumhan) i n-Eóchaill i n-eapscoboitteacht Cluana isin Mumhain do bhraithribh S. Froinsiais.
Aois Criosd, míle, dá céd, fiche a cúig.
Amhlaoibh Ua Beólláin aircinneach Droma Cliabh, Saoi eccna, & biattach coitchenn d'écc.
Ua Maoil Bhrénainn ab Mainistre na Buille d'écc do bithin cuislinne do leicceadh dhó.
Maol Bríghde Ua Maiccin ab Topair Padraicc, mac oighe & eccnaidhe d'écc. As les ro tionnscnadh teampal Tobair Patraic, & ro forbaidh go n-a Shanctair, & crosaibh iar mor shaothar a n-ónóir Patraic, & Muire, Eóin, & na n-apstal.
Giolla an Choimhdhedh Mac Giolla Charraigh uasal shaccart & pearsún Tighe Baoithin d'eg.
Dionis Ó Maoil Chiarain airchinneach Arda Carna d'écc.
Giolla Coirpthe Ua Mughroin d'ecc, & a adhnacal i c-Conga Fhechín.
Coimhérghe mhór shluaigh do dhénamh lá h-Ua Néll i c-Connachtaibh do congnamh le cloinn Ruaidhri Uí Concobhair, .i. Toirrdhealbhach & Aodh tré forcongra Duinn Óig Mhécc Oireachtaigh ríogh-taoíseach Sil Muiredhaigh a n-dioghail a fearainn do bhén de d'Uu Concobhair (.i. Aodh). Acht chena ó ro iompaidh Macc Oirechtaigh
Así comhairle ar ar cinneadh annsin le mac Cathail Croibhdeirg, dul i c-ceann Gall co cúirt Atha Luain, óir do-rala go sodhánach dó-samh maithe Gall Ereann do bheith comhchruinn ainn-sidhe an ionbaidh-sin, & báttar caraid a n-urmór dó-samh alos a athar, & ar a shon fesin uair bá tuarustlach tiodhlaicthech iad ar aon dóibh. Fiadhaidhid Goill roimhe-simh go lúthgháirech & congbhaid etorra é go lán gradhach athaidh iar sin. Tucc-samh an Iustís & inar lór lais do mhaithibh Gall ar chena i n-a commbaidh annsin, Donnchadh Cairbrech Ua Briain, & Ua Maoil Seclainn go n-a sochraidibh.
Iar c-clos an comcruinnighthi-sin do lucht Moigi h-Aí, & do Thuathaibh Connacht, ro techsiod rompa i c-crich Luighne, & i t-Tír n-Amhalgaidh go n-a m-buar & innileadha, & ro faccaibhsiod meic Ruaidhri i n-uathadh socraidi. Teccaid clann Ruaidhri Uí Concobhair rompa iarom an líon báttur co Cill Cheallaigh ar cúl a m-bó & a m-buair. Imtusa Aodha go n-Gallaibh uime cuirid siortha siubhlacha uatha d'arccain aosa gráidh cloinne Ruaidhri, & congbaid trom a slóigh i n-a t-timchel re h-ionnsaigidh do tabairt orra budhén. Téd Aodh mac Ruaidhri mic Muirceartaigh, Domhnall Ua Flaithbertaigh, Tighearnán mac Cathail Miccárain, & mac Toirrdhealbhaigh mic Ruaidhri d'anacul coda dá n-aos graidh. Teccaid Goill im Aodh mac Cathail Croibhdheirg iar sin i t-timcheal Toirrdhealbhaigh.
As ann báttar meic Ruaidhri mun am-sa a c-comhghar do Loch Mic Fearadhaigh i n-Glend na Mochart. Comairlighis Aodh ré na Gallaibh annsin na Tuatha d'ionnsaighidh dia n-argain, Síol Muireadhaigh, & Clann Tomaltaigh d'innradh mar an cedna ó do bháttar ar t-techedh roimhe. Iar c-cinneadh na comhairle-si lottar rompa i slighidh nach smuainfeadh Gall co bráth dul trempe .i. h-i b-Fiodh n-Gatlaigh go riachtsat Áth Tíghe in Messaigh gur airccsiod Cúil Cernadha iar n-dilgenn a dhaoine dóibh. Gach ar gabh go Dubhchonga do lucht
Madh iad clann Ruaidhri tra así comairle do-rónsat ag Loch Mic Fearadhaigh sgaoileadh ó aroile dóibh go sgerdís sochraide Gall ré h-Aodh. Donn Mag Oirechtaigh, & aroile dia maithibh do chor do saighidh Uí Flaitbaertaigh a f-fir comluighi & comhchodaigh. Meic Muirceartaigh Uí Concobhair, & Tighearnan mac Cathail do dul ar cúl a m-bó & a muintear, & Síth do dhénamh dóibh tar a c-cenn go b-fágbhaidís Goill mac Cathail Croibhdeirg. As ann baoi Aodh 'mun am-soin i Moigh n-Eó, & tiaghaid meic Muirceartaigh Muimnigh i n-a chenn ar Shlanaibh & chomaircibh.
Madh an taobh theas do Connachtaibh dana nír bó ciúin dóibh don dul-soin, uair tangadar Goill Laighen & Mumhan im Muirceartach Ua Briain, Goill Desmumhan bheós, & Sirriam Corcaighe i n-a t-tréchomusc gur marbhsat a n-daoine do neoch ar a rucsat diobh, & gur ionnradar a m-bruigh & a m-bailte. Bá h-olc tra lá h-Aodh mac Cathail Croibhdheirg a t-tocht-somh don turus-sin uair ní h-é ro thóchuir iad, acht tnuth, & format dá n-gabháil fén ré gach maithes dá c-cualadar d'fághail don iusdís go n-a Ghallaibh i c-Connachtaibh an tan-soin. As don ruathar-so do marbhaid cetre meic Méc Murchaidh ar én láthair.
Bá truacch tra an nemhshén do-dheonaigh Día don chuiccedh dob'ferr baoi i nErinn an ionbhaidh-si, uair ní choiccleadh an mac occlaoich aroile acht gá creachadh & arccain fo n-a cumhang. Do-cuirid bheós mná, & lenimh, fainn, & fodhaoine, d'fuacht & ghorta don choccadh-sin.
Iar n-dul tra do macaibh Muircertaigh Muimhnigh do lathair Aodha Ui Conchobhair do réir mar do ráidhemar, do-chuaidh ar n-á bhárach go Cill Medhóin. Comraicit trí slóigh na n-Gall annsin re 'roile, & as beg nár bó lán an triocha céd i n-a m-battar leth ar leth edir Gallaibh & Gaoidhealaibh. Tainicc Aodh Ó Flaithbeartaicch ar choraibh & ar slánaibh maithe Gall, & Dhonnchadha Cairbrigh Uí Briain a cairdesa Criosd h-i c-cenn Aodha Uí Concobair, & an iusdís co n-dearna síth tar cenn a bhuair, & a dhaoine ris, ar macaibh Ruaidhri d'athchor uaidh. Imtighis Aodh iar sin, & a Ghoill imaille ris co Tuaim Dá Ghualann, & leiccis Goill Laighean, & Desmumhan uaidh annsin. Iompaídhis fén ar c-cúla dochom Uí Flaithbertaigh óir níor bhó tairise lais e-sidhe, uair battar meic Ruaidhri roimhe-sin allaniar do loch aicce, & Donn Ócc Mág Oireachtaigh ar aon riú.
Annsin ro scar mac Magnusa ré cloinn Ruaidhri gur innsaigh h-i t-Tír n-Amhalgaidh ar cenn a bhó, & a mhuintire go b-fuair iatt go sodhánach gan chreachadh gan arccain. Rucc leis iad iaramh fó dhídean Uí Ruairc, & é iar c-creachadh Pilip Meic Goisdelbhaigh.
Donnchadh Cairpreach Ua Briain daná do chuir sidhe drong dia mhuintir roimhe go n-édalaibh aidhblibh. Iar ná fios-sin d'Aodh mac Ruaidhri & d'Eoghan Ó Eidhin lodur rompa uathadh deghdhaoine gur muidheadh for Muimhnechaibh, gor beanadh a n-edala dhíobh, & gur congbhadh braighde dá maithibh uatha. Iar na clos-sin do Donnchadh Cairbreach ticc do láthair Aodha mic Ruaidhri go n-dearna síth báitte coindel ris, & gur ghabh do laimh gan toidheacht na aghaidh doridhisi dia lécceadh
Téd Aodh & an iusdís go n-a Ghallaibh iar sin go caladh Innsi Cremha gur béccin d'Ó Flaithbeartaicch Inis Cremha, & Oilén na Circe go n-arthraighibh an locha do tabhairt ar laimh Aodha. Triallais an iusdís iar sin dia thigh. Ted Aodh Ó Concobhair dia iodhlacadh uidhe chian dá slíghidh gur fhágaibh an iúsdís uathadh do mhaithibh a muintire aicce imaille re h-iomad fénnedh, & fearóglaoch óir nior bhó tairisi lais Connachtaigh acht madh becc. Tucc-somh annsin maithe a oireachta i l-laimh Gall a n-gioll ré a t-tuarastlaibh, .i. Flaithbeartach Ó Flannaccain, Fergal Ua Taidhg, & aroile do maitibh Connacht, & as dóibh fén do béccin a b-fuaslaccadh.
As a h-aithle-sin iompaídhis Ua Flaithbeartaigh, meicc Muirceartaigh, & na h-uaisle archena ar Aodh mac Cathail Croibdeirg iar n-imtecht troim-thionóil na n-Gall uaidh, & ro gabsat le macaibh Ruaidhri. Cuiris Aodh O Concobhair annsin techta & sgribhne do shaighidh an Iustís dia foillsiughadh sin dhó, & d'iarraidh fuilleadh sochraidi. Nir bhó h-aithesc fó lár dó-samh sin, uair do-freccradar
Foillsightear d'Ua Flaithbeartaigh, & do macaibh Muirceartaigh
(badar ag ionnsaighidh mac Ruaidhri) Goill do dhul do creachadh a b-fir
comluicche, Eoghan Ó h-Eidhin, & a m-beth a n-Ard
Rathain, nír failliccheadh sin riu-somh oir do-lensat iatt d'én-toil & d'én-aontaidh go
rangadar i c-comhfoccus dóibh. Do-ghníad comarle
ré 'roile annsin, .i. Tuathal mac Muirceartaigh, & Taiclech Ua
Dala mac Ruaidhri conidrecaid ar a bharach re h-Ua f-Flaithbeartaigh, & risan c-cuid oile dá n-aos comtha go t-tangatar rompa a n-deas go Druim Cenannáin. Luidh Aodh mac Cathail Croibhdeirg go n-a Ghallaibh i n-a n-diaidh. Comairlightear ag aireachtaibh cloinne Ruaidhri annsin gach aon diobh do saighidh a mennata fesin, & do-gníat samhlaidh acht Donn Ócc Mag Oirechtaigh namá. Cidh tra acht iar f-fágbháil na ruireach, .i. cloinne Ruaidhri Uí Concobhair annsin i n-uathadh sochraide lodar do shaighid Aodha Uí Nell, & Donn Mág Oireachtaigh imaille riú.
Ionnsaighis Aodh mac Cathail Croibhdeirg Ua Flaithbeartaigh annsin go t-tuc gell, & edireadha uaidh. Tainic roimhe iaramh go Cill Meadhóin, & go Moigh n-Eó i n-diaidh mic Muirceartaigh, & Tighernáin mic Cathail Miccarain go n-dearnsat síth tar cenn a m-buair & a muintire, & go n-deachsat do lathair
Tedhm diofhulaing do teccbháil i c-crích Chonnacht an ionbhaidh-si, .i. treabhlaid trom thesaighthi gur folmaigheadh mór m-bailte dhi gan elaidhthech betha d'fágbháil ionnta.
Flann mac Amhlaoibh Uí Fhallamain toisech Cloinne h-Uadach do mharbhadh d'Fedhlimidh mac Cathail Croibhdeirg don coccadh-sin. Tadhg Ua Fínnachta fear gráidh d'Aodh mac Ruaidhri do mharbhadh lá muintir Méc Aodhagáin isin coccadh cedna.
Amlaoibh mac Fearcair Uí Fhallamhain toisech a dúthchusa fén dob'fearr don cenel da m-boi do ecc.
Muireadhach Ua Fínnachta toísech Cloinni Murchadha d'écc i n-arthrach ar Loch Oirbsion, & é slán ag dol inn.
Teach do ghabháil for Concobhar mac Taidhg Uí Cheallaigh (tigherna Ua Maine) & for Ardghal a bhrathair lá macaibh Taidhg Uí Cheallaigh, & a losccadh ann ar aon.
Duarcán Ó h-Eghra, Tadhg Ó h-Eghra, & E[acute ]daoín inghean Diarmata mic Domhnaill Uí Eghra d'écc.
Muimhnigh & Goill do dhul fo Tearmann Caolainne, ár na n-Gall do cor don toisc-sin tre feartaibh Dé & Caolainne.
An t-arbhar gá bhuain a h-aithle na Féli Bríghde.
Aois Criosd, míle, da chéd fiche a sé.
Donum Deiepscop na Midhe do écc.
Connmach Ua Tarppa espoc Luighne do écc.
Aodh mac Duinn Uí Sochlacháin aircinneach Conga, Saoi channtaire, Sccribnigh, & cheard n-examhail e-sidhe do écc.
Matha Ua Maoil Moicherghe do ecc.
Tighearnán mac Cathail Miccarain mic Toirrdhealbhaigh Mhóir Ríoghdamhna bá mó eneach, & eangnamh, & as mó do-rinne do n-eithibh suaithenta sodáanacha tainic dá cinidh ré h-aimsir e-sidhe, do mharbhadh do Dhonnchadh Ó Dhubha & dá chloinn.
Nuala inghen Ruaidhri Uí Conchobhair baintighearna Uladh d'écc i c-Conga Fechin, & a h-adhnacal go h-onórach i t-teampall canánach Conga.
Domhnall mac Ruaidhri Uí Flaithbeartaigh do mharbhadh do mhacaibh Muircertaigh Uí Fhlaithbeartaigh iar n-gabháil tighe fair dóibh fen, & d'Fedhlim mac Cathail Croibhdheirg.
Fearghal Ua Taidhg an Teaghlaigh, toisech teaghlaigh Cathail Croibhdheirg, & Aodh mac Cathail do mharbhadh lá Donn Slebhe Ó n-Gadhra.
Aodh mac Domhnaill Uí Ruairc do marbhadh do Cathal Ó Raghailligh & do Chonchobhar mac Corbmaic Uí Maoil Ruanaidh ar Loch Aillinne.
Muirghes Mac Diarmata do mharbhadh.
Caislén Cille Móire do leaccadh lá Cathal Ó Raighilligh.
Aodh mac Cathail Croibhdeirg do ghabháil Aodha Uí Fhlaithbertaigh, & a tabairt i láimh Ghall.
Aois Criost, mile, dá céd fiche, a seacht.
Concobar mac Neill Uí Chatharnaigh do mharbhadh la h-amhsaibh Laighneach ro baoi i fochair Righ Connacht.
Enrí Ua Maoileachloinn & Muircertach Ua Maoileachloinn do mharbhadh la Galloibh.
Maol Seachlainn Ua Conchobhair Fhailghe do mharbhadh lá Cuilén Ua n-Díomusaigh.
Giolla Coluim Ua Maoil Muaidh do mharbhadh la h-Ua Mórdha.
Goill Ereann do comhcruinniucchadh go h-Áth Cliath. Aodh mac Cathail Croibdeirg Ri Connacht do thóchuireadh dóibh. Iar n-dul dó dá saighidh ro thionnscainsiod fealladh fair. Uilliam Marusccál a fhear caradraidh do thocht chuicce go n-a sochraide, & é da breth d'aimhdheoin Gall as lár na cúirte amach, & a iodhlacadh dhó go n-deachaidh i c-Connachtaibh.
Aodh mac Cathail Croibhdheirg do dhénamh coinne iar sin ag Lathaigh Caíchtuthbil ré h-Uilliam Mares mac Seafraidh .i. iustis Erenn, & ní dheachaidh-siomh tar
Donn Slébhe Ó Gadhra tighearna Slébhe Lugha do mharbhadh don Ghiolla Ruadh mac a dearbrathar fén iar n-gabáil tighe i n-oidhche fair, & an Giolla Ruadh do mharbhadh inn iar sin tré imdeall Aodha Uí Conchobhair.
Aodh mac Ruaidhri Uí Concobhair, & mac Uilliam Búrc do thoidhecht slógh lanmór i t-Tuaisceart Connacht gur loiscsiot Inis Medhóin gur airccsiod an críoch i t-tanigadar, & gur ghabhsat a braighde.
Sluaigeadh lá Seafraidh Mares & la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Concobhair
Aodh mac Cathail Croibhdeirg do dhul i t-Tir Conaill docum Uí Dhomhnaill, & a iompódh bu dheas doridisi, & a ben do thabhairt les. Meic Toirrdhealbhaigh do teccbháil cuicce a c-comfoccus na Seghsa, a bhen & a eachraidh do bhén de, & an ben do chor i l-laimh Gall.
Sluaiccheadh oile lá Toirrdhealbhach bheós, & lá Gallaibh Midhe i n-Iarthar Connacht co n-dearnsat creach mór ar Aodh mac Ruaidhri Ui Flaithbhertaigh. A n-dul aisídhe i c-crich Ceara, & braighde mac Muirceartaigh do gabháil doibh, & nuimhir do buaibh feolmaigh as cech triocha céd do Toirrdhealbhach uatha.
Cúmara O Domhnalláin do marbhadh i n-gemil la Ruaidhri Mac Duinn Shlebhe a n-diogail a athar.
Brian mac Concobhair Uí Diarmata do marbhadh.
Caislén Atha Liacc do dhénamh la Sefraidh Marés.
Aois Criost, mile, da chéd, fiche a h-oct.
Aodh mac Cathail Croibdeirg Uí Choncobhair rí Connacht do mharbhadh h-i c-cuirt Seffraidh Máres tre meabhail ar aslach Gall iar n-á dhíochur do Chonnachtaibh.
Coccadh mor do eirghe h-i c-Connachtaibh etir da mhac Ruaidhri Ui Conchobhair, .i. etir Aodh & Toirrdhealbhach, iar marbhadh an Aodha remraite, ar ní thucc an mac bá só umhla don mac ba sine gur millseat Connachta eatorra & ro fásaigheadh leó ó Eass Dara co h-abhainn Ua f-Fhiachrach fo dhes acht madh beacc h-i Sleibh Luccha, & Lucht Airtigh nama.
Niall mac Congalaigh Uí Ruairc tighearna Dartraicche, & Cloinne Fermaighe do mharbhadh lá dá mhac Airt mic Domnaill Uí Ruairc, .i. Art & Amhlaoibh. Amhlaibh Gerr mac Néill mic Conghalaigh do mharbhadh h-i fothraccadh lá h-Amhlaibh mac Airt cédna.
Fergal mac Sitriucca Uí Ruairc do mharbhadh la macaibh Néll mic Conghalaigh Uí Ruairc.
Muirchertach mac Flaithbeartaicch Uí Fhlannaccáin do mharbhadh la macaibh Taidhg Uí Gadhra.
Aodh mac Donnchaidh Uí Fearghail do mharbhadh lá h-Aodh mac Amhlaoibh Uí Feargail.
Dauid Ua Floinn taoiseach Shil Mhaoil Ruain, & Ruaidhri Ua Maoíl Bhrenainn d' écc.
Riocard mac Uilliam Burc do thecht ó Righ Saccsan i n-a iustís i n-Erinn.
Aodh mac Ruaidhri Uí Concobhair do gabhail righe Connacht do reir thoccha an Iustís go maithibh Connacht ar bélaibh Toirrdhealbhaigh a bráthar fá sine inas.
Maol Seachlainn mac Toirrdealbhaigh mic Ruaidhri Uí Choncobhair do mharbhadh lá h-Aodh ri Connacht.
Gorta diofhulaincc i c-Connachtaibh tri coccadh cloinne Ruaidhri. Ro h-airccitt cealla & tuatha. Ro dhiochuirit a clerigh & a h-ollamain h-i c-críochaibh cianaibh comhaightibh, & at-bath cidh araill dibh d'fuacht & do ghorta.
Dauid Ua Floind taoiseach Sil Mhaeil Ruain do ég.
Aédh mac Donnchaidh Uí Ferghail do marbhadh la h-Aedh mac Amhlaoibh Uí Fherghail.
Aois Criost, mile, da ched, fiche a naoí.
Maineistir S. Franseis h-i c-Corcaigh do thogbháil la Mag Carthaigh Mór, Diarmaitt.
Muiredhach Ua Garmghaile prióir Innsi Mic n-Érin saoi Chonnacht h-i c-crabhadh & i n-eccna d' ecc.
Diarmait Ua Fiaich abb recclesa Gilla Mo Laisi Uí Giollarain Thuaim d'écc, & a adhnacal i n-Ard Charna.
Diarmait Mac Giolla Charraigh, airchinneach Tighe Baoithin, & uasal shacart d'écc. A adhlacadh i Mainistir na Trinoide iar n-á bhuain amach ó cheart do na cananchaibh, do mhanchaibh Mainistre na Buille, & boí sidhe trí h-oidhche gan adlacadh ar badar na manaigh ag á fhosdadh i n-a mainistir feisin.
Girard Ua Catháin cananach dob' eccnaidhe ro bhaoi don ord chananach d'écc.
Duibheasa ingean Ruaidhri bean Cathail Mic Diarmata do écc i n-a cailligh duibh.
Diarmaid Mag Carthaigh tighearna Desmumhan d'écc.
Dionis Ua Mórdha epscop Shíl Muiredhaigh do treccedh a espuccóide ar Dhia.
Lochlainn Ua Manncháin do mharbhadh lá dearbrathair a athar.
Aois Criost, mile, dá chéd, triocha.
Florent Ua Cerbhalláin epscop Tíre h-Eoghain, uasal shenoir toccaidhe d'ecc iar se bliadhnoibh ochtmogat a aoisi.
Giolla Iosa Ua Cléirigh epscop Luighne, Ioseph Mac Techedainepscop Conmaicne, Mac Raith Mag Serraigh epscop Conmaicne, Rool Petit epscop na Midhe Riaglóir tocchaidhe, & milidh Criost, Giolla Coimdeadh Ua Duilennáin comharba Feichin, & ab reicclésa cananach Eassa Dara, Muiredhach Ua Gormghaile prióir Innsi Mic n-Erin, Maol Muire Ua Maol Eóin comarba Ciaráin Cluana Mic Nóis, Giolla Cartaigh Ua h-Eilgiusáin canánach & angcoire, Donn Slebhe Ua h-Ionmainen manach naomhtha & ard-maighistir saoir Mainistre na Buille d'écc.
Maol Sechlainn Mac Fir Edind uasalsaccart & maighistir leighinn d'écc i n-a nouist mhanaigh i Mainistir na Buille.
Sloicceadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Mor) h-i c-cuicceadh Connacht i nd-aghaidh Aodha mic Ruaidhrí í Choncobhair baoi h-i f-frithbhert fris co ro mhill Magh Naoí, & morán don tír, acht ar a aoí ní ro ghiallsat clann Ruaidhri don dul-sin.
Sloiccheadh la mac Uilliam Búrc i c-Connachtaibh
gur milleadh morán do Connachtaibh lais, & ro marbhadh
Donn Óg Mag Oirechtaigh, & Eichtighearn mac an
Aodh Ó Néill tighearna Tire h-Eogain ríogdamhna Ereann uile, cosnamhthach Lethe Cuinn ré Gallaibh Ereann, & ré Leth Mogha Nuadhat. Fer ná tucc geill, eiteredha, ná cíos do Ghall na do Ghaoidheal, fer do-rad madhmann, a & ára móra mence for Ghallaibh. Airctheoir Gall & Gaoidheal. Fer ro triall ionnsoighidh Ereann uile d'écc gen gur saoíleadh bás n-aile d'faghbháil dó acht a thuitim lá Gallaibh.
Art mac Airt Uí Ruairc do marbhadh lá Raghnall Ua f-Find i meabhail.
Maol Seachlainn Ua Mannacháin do mharbhadh la a bhraithribh.
Aois Criost, mile, da chéd triocha, a h-áon.
Dionis Ua Mordha epscop Ail Finn do criochnuccadh a bethadh i n-Oilen na Trinóide ar Loch Cé an .15. do December & Donnchadh Ua Conchobhair d'oirdneadh 'na ionadh.
Flann Ua Connachtaigh epscop Ua m-Briuin Breifne d'écc.
Stefán Ua Braoin aircinnech Maighe Eó d'ecc.
Célechair Ua Dobhailénaircinnech Camcha fear dercach, craibdeach, eccnaidhe, ernaighthech d' ecc.
Fethfoilge inghen Chonchobhair Mic Diarmata ben Muirceartaigh Muimhnigh mic Toirrdhealbhaigh Mhóir d'ecc. Mathair-sidhe Maghnusa mic Muircertaigh, Chonchobhair Ruaidh, Thuathail, & Thoirrdhealbhaigh shaccairt, & prióir recclesa Peadair & Póil.
Dubh Cobhlaigh inghen Conchobhair Mic Diarmata d'écc i Mainistir na Búille.
Flaithbertach Ua Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail Meic Muiredhaigh Muillethain d'écc i n-a oilithre i Mainistir na Búille. Dubh Themhrach inghean Uí Chuinn ben an Flaithbeartaigh hisin d'écc.
Ualgarcc Ua Ruairc tighearna Breifne d'écc i n-a ailithre ar slighidh an t-Srotha.
Giolla Iosa Mac Samhradhain tighearna Teallaigh Echdhach, & Duindín Ua Maol Conaire Ollamh Síl Muiredhaigh Muilletain d'écc.
Conchobhar Gott Ua h-Eghra tighearna Luighne d' écc.
Slóiccheadh lá Domhnall Ua n-Domhnaill tighearna Tíre Conaill, & lá h-Aongus Mac Gille Fhinnéin co sochraide Fhear Manach do shaighidh i Raighilligh Chathail. Ruccsat loincces leó for Loch Uachtair, & ro airccset Eó Inis. Tucsat ariar lá taobh seód maoíne & ionnmus an baile uile leó.
Feidhlimidh mac Cathail Croibhdeirg do ghabhail la mac Uilliam Búrc i Míliucc tar slánaibh maithe Gall Éreann.