Aois Criosd, mile, da céd, a do decc.
Druim Chaoin co n-a tempall do losccadh la Cenél n-Eoghain gan ced d'Ua Néill.
Ferghal Ua Catháin tighearna Ciannachta & Fher na Craoibhe do mharbhadh la Gallaibh.
Gillibert mac Goisdelbhaigh do mharbhadh i c-caislen Chaoil Uiscce, & an caislen feissin do losccadh la h-Ua n-Eiccnigh.
Caislen Cluana h-Eoais do losccadh la h-Aodh Ua Neill, & la Tuaisceart Erenn.
Donnchadh Ua h-Eidhin do dhalladh la h-Aodh mac Cathail Croibhdeirg gan ced d'Ua Concobhair.
Maidhm Caille na c-Crann do thabairt la Corbmac mac Airt Ui Maoilechlainn
Donnchadh Mac Cana toisech Chenél Aonghusa do ecc.
Domhnall Ó Daimhín do mharbhadh la macaibh Még Lachlainn i n-dorus recles a Doire.
Crech lasin n-Giolla Fiaclach Ua m-Baoighill co n-druing do Cenél c-Conaill amaille fris for araill do Chenel Eoghain baoi for comairce Uí Thaircheirt, .i. an Giolla Riabhach toiseach Cloinne Sneidhghile & Cloinne Fíngin. Rucc imorro Ó Tairceirt forra, & feraidh deabhaidh friú & marbhthar é budhdeisin ag cosnamh a einigh.
Teach do ghabháil la Diarmait mac Ruaidhri Uí Concobair for Aodh mac Maghnusa Uí Concobhair h-i c-Cill Colmain Fhinn h-i c-Corann gur ro loisccit cuicc fir dhécc ar fhichit ann.
Maidm do thabairt do Dhomhnall mac Domhnaill Breghaigh Í Maoilechlainn for Chorbmac Ua Maoileachlainn dú in ro marbhadh Giolla Criosd Mac Colgan co sochaidhe ele amaille fris.
Domhnall mac Domhnaill Uí Maoileachlainn do mharbhadh ar creich la muintir Maoilir.
Sluaiccheadh la Gallaibh Mumhan go Ros Cré go n-dearnsat caislén ann.
Aois Criosd, mile, dá chétt, a trí decc.
Gilla na Naemh Ua Ruadhan epscop Luighne, & Muiriccen Ua Muireccein epscop Cluana Mic Nois do écc.
Ainmire Ua Cobhtaigh abb Reclesa Doire Coluim Cille uasail clérech toghaidhe ar chrabhadh, ar chennsa, ar dheirc, ar eccna, & ar gach maith archena do ecc.
Tomás Mac Uchtraigh & Ruaidhri Mac Raghnaill do orccain Dhoire Choluim Cilli & do bhreith sheód mhuintire Doire, & tuaiscirt Ereann archena a lár tempaill an Recclesa, & a m-breith leo go Cúil Raithin.
Ua Cathain, & Fir na Craoibhe do theacht go Doire do gabhail tighe ar mhacaibh Még Lachlainn. Ro marbhadh cellóir mór Recclesa Doire etorra occa n-ettargoire. Do-roine Dia & Coluim Cille miorbhail innsin uair ro marbhadh an fer tionoil & toichestail baí leo, .i. Mathghamhain Mhág Aithne i n-eneach Choluim Chille i n-dorus in duibhrecclésa.
Caislen Cuile Rathain do dhenamh la Tomas Mac Uchtraigh & la Gallaibh Uladh, & ro sccaoileadh relcce, & cumhdaighthe an bhaile uile dochum an chaislein-sin cenmothá an thempall.
Aodh Ua Neill do thabhairt madhma ar Ghallaibh & ro la a n-dercc-ár, & ro loiscceadh beós lais an Carrlongport isin ló cettna eittir dhaoinibh, & indilibh.
Donn Ó Breisléin taoiseach Fánatt do mharbhadh da mhuintir fein i meabhail.
Fiond Ua Brolcháin maor Í Dhomhnaill (.i. Domhnall Mor) do dhol i c-Connachtaibh do chuingidh chíosa Í Dhomhnaill. Asseadh do-choidh cettus co Cairpre Droma Cliabh. Ro tadhaill-sidhe co n-a chaoimhthectoibh do thigh an fhilidh Muiredhaigh Lesa an Doill Uí Dálaigh, & ro ghabh for miochostadh mór frissan bh-fhilidh ar ba h-aitheach-somh a h-ucht treóin (gion gur bo h-é a thiccerna ro chomhairleicc do). Ro lonnaigheadh an fer dána fris, & ro-n-gabh biail m-bithgéir i n-a laimh co t-taratt beim n-dó go f-farccaibh marbh gan anmain. Teitt feisin iar sin ar iomghabhail Uí Dhomhnaill h-i c-Cloinn Riocaird. Iar na fhios-sin d'Ua Domhnaill do-ronadh léirthionol slóigh lais i n-a deadhaidh, & ní ro airis co rainicc
Soais Ó Domhnaill don chur-sin iar siredh, & iar c-cor cuarta Connacht uile go h-iomlan. Do-ronadh Sloichceadh ele lais doridhise gan iomfhuireach gan fhosucchadh isin m-bliadhain céttna bheos co h-Ath Cliath gur ba h-eiccen do lucht Atha Cliath Muiredhach do chor uadhaibh go h-Albain, & bai ann-saidhe co n-derna teóra drechta adhmolta do chuinghidh siodha, & maithme n-anacail ar Ua n-Domhnaill, & ba h-é an treas dán dibh-sidhe, A Dhomhnaill deadhlamh fo sith, & c. Do-radadh sith dó-somh ar a adhmoltaibh, & gabhaidh O Domhnaill i n-a mhuinteras é iaromh, & do-rad forba, & ferann do feib ro ba data lais.
Creach la Corbmac Ua Maoileachlainn for chaislen Chinn Clair go ro
Morsluaigheadh la Gallaibh Ereann d'ionnsaicchidh Corbmaic mic Airt gur comraicsiot acc droichet Tine. Feachar iomairecc etorra, & ro mheabhaidh for mhac Airt, & do-rochair Ruaidhri Ua Ciardha isin deabhaidh-sin, & ro díochuireadh mac Airt a Dealbhna, & ro h-airccedh a mhuintir. Do-chóidhsiot na Goill go h-Ath Luain, & do-ronadh caislen leó ann. Do-ronsat beós caislen Chinneitigh, caislen Biorrae, & caislen Durmaighe.
Creach la Corbmac mac Airt i n-Dealbna co ro aircc Maoil Seachlainn Becc & go ro ionnarb asan tír. Ro marbh dná Uilliam Muilinn, & ro ghabh fein tigernas Dealbhna.
Aois Criosd, mile, dá chéd, a ceathair decc.
An t-epscop Ó Ceallaigh .i. eapscop Ó f-Fiachrach do ecc.
Ardghar Ua Concobhair epscop Shíl Muiredhaigh do ecc.
Ben Midhe inghen Eccnigh ben Aodha Uí Neill baintighearna Oiligh d'écc iar n-deighbhethaidh.
Creach do dhenamh la h-Aodh mac Maoil Seachlainn Ui Lachlainn for comorba Choluim Chille, & Aodh budheisin do mharbhadh la Gallaibh ria c-cind bliadhna tria fhiortaibh Dé & Choluim Cille.
Cathal Mac Diarmatta mic Taidg ticcerna Muighe Luircc, tuir ordain Connacht do écc.
Brian mac Ruaidhri Í Fhlaithbertaigh mac ticcerna iarthair Connacht do ecc.
Creach criche Cairpre do dhenamh la h-Ualgarcc Ua Ruairc ar Philip Mac Goisdelbhaigh co rucc bú iomdha lais.
Aois Criosd, mile, dá céd, a cuicc decc.
Dionisius Ua Longargáin airdespoc Caisil d'ecc h-i Roimh.
Conchobhar Ua h-Enne epscop Chille Dá Lua do écc ar slighidh occ tionntudh do iarsan c-cethramhadh Comhairle Generailte bai in ecclais Lateranensis.
Annudh Ua Muiredhaigh epscop Conmaicne, & Maol Póil Ua Muiredhaigh prioir Dhúine Geimhin do ecc.
Trad Ua Maoil Fábhaill toisech Chenél Fherghusa co n-a bhraithribh, & co n-druing móir ele immaille friú do mharbhadh la Muireadhach mac Mormair Lemhna.
Donnchadh Ua Duibhdhiorma toiseach na m-Brédcha do écc, i n-duibhreccles Doire.
Aongus Ua Cairelláin toiseach Cloinne Diarmata do mharbhadh la a braithribh fen.
Murchadh Mac Cathmaoil toisech Ceneoil Fheradhaigh do écc.
Mag Cana toisech Chenél Aenghusa do mharbhadh la a braithribh.
Ruaidhri Ua Floinn ticcerna Derlais do ecc.
Gilla Cuitrigh mac Carrgamhna taoisech muintire Maoil t-Sionna d' ecc.
Giolla Caoimhgin Ua Ceallaigh Bregh do ghabháil la Gallaibh i Mainistir Pettair acc Ath Luain, & a crochadh leo i n-Ath Truim.
Tadhg Mac Eitigein taoiseach Cloinne Diarmata do ecc.
Aois Criosd, mile, da cett, a sé decc.
Mathghamain Ua Laithbertaigh tighearna Cloinne Domhnaill do écc.
Giolla Arnáin Ua Martain ollamh Erenn i m-breitemhnus do écc.
Tomaltach mac Aodha mic Aireachtaigh Uí Rodhuibh do mharbhadh la Domhnall mac Aedha Mic Diarmatta.
Eachdhonn Mac Gilliuidhir comarba Patraicc, & priomhaidh na h-Ereann do écc h-i Roimh iar n-deighbethaidh.
Maoil Seachlainn mac Diarmata do mharbhadh d'Fearaibh Ceall, & do mhuintir Mhaoilir.
Murchadh mac Ruaidhri Uí Concobhair do écc.
Caislén Chille Da Lua do dhénamh la Seafraigh Mares, & an Gaill-easpoc fós do dhénamh tighe innte ar eiccin.
An tres Henry do rioghadh os Saxain 19. October.
Aois Criosd, mile, da chéd, a secht décc.
Giolla Tighearnaigh Mac Giolla Ronain epscop Airghiall, & cenn canánach Ereann do écc iar b-pennainn, & iar n-aithricche.
Diarmait mac Conchobhair Mic Diarmata tighearna Muighi Luircc do écc.
Mor inghen Uí Bhriain, .i. Dhomhnaill ben Cathail Croibhdheircc do écc.
Domhnall Ua Gadhra do ecc.
Niall mac mic Lochlainn Uí Concobhair do écc.
Donnchadh Ua Maoil Brenainn taoiseach Cloinne Concobhair do écc.
Tadhg Ua Ferghail do marbhadh la Murchadh Carrach Ua f-Ferghail.
Giolla Patraicc Mac Acadhain taoiseach Cloinne Fermaighe do écc.
Domhnall mac Murchadh Mhég Cochláin tighearna urmhóir Dealbhna do mharbhadh do mhacaibh Maoileachlainn Méag Cochlin i meabhail i Liathdruim.
Cathal Fionn Ó Lachtna taoiseach an Dá Bhac do marbhadh la h-Ua f-Floinn Mhaighe h-Eleocc i f-fiull i n-a tigh fein.
Corbmac mac Tomaltaigh d'oirdnedh.
Aois Criosd, mile, da chétt, a h-ocht décc.
Clemens epscop Luighne do écc.
Giolla na Naomh Ua Gormghaile Saccart Rátha Lúraigh do écc i n-a oilithre.
Maoil Iosa Ua Daighre airchinneach Doire Choluim Chille do écc an t-ochtmhadh la do Dhecember iar m-beith cethrachat bliadhain i n-a airchindeach, & iar n-denamh gacha maithesa for caomhnaccair do gniomh h-i c-cill & i t-tuaith.
Tempall Mainistre na Buille do choisreaccadh.
Muircertach Ua Floinn ticcerna Ua t-Tuirtre do marbhadh la Gallaibh, & Conghalach Ua Cuinn taoiseach Maighe Lugad, & Shil c-Cathasaicch uile, tuir ghaisccedh, einigh, & oirdearcais tuaiscirt Ereann do mharbhadh la Gallaibh bheós isin ló cédna.
Ruaidhri, & Maoil Seachlainn da mhac Mhég Cochláin do écc i mainistir Chille Beccain.
Lochlainn Ua Concobhair do écc i mainistir Cnuic Muaidhe.
Creach do dhénamh la Gallaibh Midhe, & la Muircertach Carrach Ua f-Ferghail ar Uibh Briúin na Sionna, & Diarmait mac Toirrdhealbhaigh mic Maoileachlainn, & dream do Chonnachtaibh do breith forra go raimhidh forsna Gallaibh go t-torcratar tuilleadh ar chéd eittir mharbhadh, & bhádhadh díobh. Do-rochair mac Uí Concobhair i f-friothguin na sgainnre go n-druing dia mhuintir amaille fris.
Aois Criosd, mile, dá chéd, a naoi décc.
Aodh Ua Maoil Eóin epscop Cluana Mic Nois do bhathadh.
Fonachtán Ua Bronáin comorba Coluim Cille do ecc, & Flann Ua Brolcháin do oirdneadh i n-a ionadh isin comhorbus.
Maeleschlainn mac Concobair Maonmaighe do mharbhadh la Maghnus mac Toirrdhealbhaigh í Concobhair iar n-gabháil tighe fair i c-Cluain Tuaiscirt.
Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill .i. Domhnall Mor i n-Gairbhthrian Connacht da
Ualtra De Laty, & mac Uilliam Burc do theacht a Saxoibh.
Dubhdara mac Muiredhaigh Ui Maille do mharbhadh i n-geimheal la Cathal Croibhdhercc i n-a longphort fein tré n-a mhighníomhaibh.
Enda mac Danair Uí Mhaoil Chiaráin do écc.
Aois Criosd, mile, da chéd, a fiche.
Iacobus do tocht i n-Erinn i n-a légaidech on b-Papa do reidhiuccad, & d'orducchadh dal ecclastacda na h-Ereann, & a dol for c-culaibh doridhisi.
Diarmait mac Ruaidri (.i. mac Toirrdhealbhaigh Mhoir) Uí Concobhair do marbhadh la Tomás Mac Uchtraigh ag techt a h-Innsibh Gall, ar t-tionól coblaigh do Dhiarmait ag techt do ghabháil righe Connacht. Maol Ruanaidh Ua Dubhda do bhathadh ar an c-cobhlach c-cedna.
Maol Seachlainn, mac Maoil Sechlainn Bhicc do bathadh ar Loch Ribh.
Diarmait mac Briain Daill do marbhadh do mhac Mathghamhna Ui Bhriain tre mheabhail.
Sluaigheadh la Ualtra De Lacy, & laGallaibh Midhe go h-Ath Liacc go n-dernsat
An Cairneach Riabhach Mhag Flannchadha, & Ferghal Mag Samhradhain do marbhadh la h-Aodh Ua Ruairc .i. mac Domhnaill mic Fearghail, & la Cloinn Fhermaighe.
Aois Criosd, míle, da chéd, fiche a h-áoin.
Sanct Dominic do ecc.
Corbmac ab Comair do mharbhadh.
Mac Hugo De Laci do thecht i n-Erinn do nemhthoil Rígh Saxan, & táinig i m-báidh Aodha Uí Nell. Do-chóidhsiod ar aon i n-aghaidh Gall Ereann, & do-dheachattar