Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1202

AOIS CRIOSD, 1202.

M1202.0

Aois Criosd, mile, da céd, a dó.

M1202.1

Muircertach Ua Carmacain epscop Cluana Fertu Brenainn do écc.

M1202.2

Maol Colaimm Ua Bronain aircindeach Toraighe d'écc.

M1202.3

Domhnall Ua Brolcháin prióir & uasal sheanóir, Saoí dearscaighthe ar chéill, ar chruth, ar dhelbh, ar mhíne, ar mhordhacht, ar chrabhadh & ar eagna, d'ég iar n-deighbhethaidh an seachtmadh lá fichet April.


p.134

M1202.4

Maol Finnein Mac Colmáin seanóir toghaidhe & Conn Craibhdech Ua Flannagáin d'ég.

M1202.5

Domhnall Carrach Ua Dochartaigh (.i. riogh thaoiseach Árda Miodhair) do mharbadh lá muintir Baoighill iar n-argain ceall & tuath n-iomdha.

M1202.6

Conchobhar Ruadh mac Domhnaill Uí Bhriain do mharbhadh lá a dearbhrthair fein & lá Muirchertach mac Domhnaill mic Toirrdhealbhaigh Uí Briain.

M1202.7

Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Uí Chonchobhair do éludh a geimheal, & Cathal Croibhdearg dho dhenamh siodha fris, & ferann do tabairt dó. Toirrdhealbhach iaromh do ionnarbadh lá Cathal & sídh do denomh ris fo chédoir tria impidhe na n-Gall.

M1202.8

Domhnall mac Muirchertaigh Uí Maoileachlainn do écc.

M1202.9

Diarmaitt mac Airt Uí Maoileachloinn do mharbhadh la mac Lochlainn Uí Concobhair.

Annal M1203

AOIS CRIOSD, 1203.

M1203.0

Aois Criosd, mile, da ched, a trí.

M1203.1

An t-epscop mac Giolla Cheallaigh Í Ruaidhin epscop Cille Mic Duach do ecc.

M1203.2

Doire Colaim Chille do losccadh otha relecc Martain co tioprait Adhamhnain.

M1203.3

Mainistir do dhenamh lá Ceallach ar lár croi Ia gan nach dlighedh tar sárucchadh muintiri Ia fodhéin, & ro mhill an baile co mór. Cleirigh an Tuaiscirt do thionol co h-aoín ionadh do dhul go h-Í .i. Florent Ua Cerbhallán epscop Thire h-Eoghain, Maoil Iosa Ua Dorigh epscop Thíre Conaill, & abb recclésa Póil & Peadair i n-Ard Macha, Amhalgaidh Ua Ferghail abb recclesa Doire, & Ainmire Ua Cobthaigh, & drong mhór do mhuintir Doire, & sochaidhe do cléircibh an tuaiscirt genmothait-sídhe. Tiagaid iaromh co h-Í, & scaoiltear leó an mhainistir


p.136

rem-epertmar do réir dhlighedh na h-eccailsi, & ro h-óirdnedh an t-Amhalgaidh remhráite i n-abdhaine la tria thogha Gall & Gaoidheal.

M1203.4

Diarmaitt mac Muircertaigh Uí Lochlainn co n-druing do Ghallaibh do dhul ar crech h-i t-Tír n-Eoghain, & ro airgset Scrin Colaim Cille, & rugsat dream do Cenél Eoghain orra, & sraointer leó for Dhiarmaitt co n-a Ghallaibh, & ro marbhadh Diarmaid feisin tria mhiorbhailibh na Scrine.

M1203.5

Slóigheadh la mac Hugo De Lati co n-druing do Ghallaibh Midhe i n-Ultaibh co ro díochuiredh Iohn Do Cuirt a h-Ultoibh iar c-cor chatha eturra i n-Dun Da Letglas, in ro marbhadh sochaidhe.

M1203.6

Muircertach Tethbhach mac Conchobhair Mhaonmhaighe mic Ruaidhri Uí Conchobhair do marbhadh la Diarmaid mac Ruaidhri & la h-Aodh mac Ruaidhri, .i. dá dearbráthair a athar fén ar faithce Chille Mic Duach.

M1203.7

Maidhm ria n-Domhnall mac Meg Carthaigh & ria n-Desmhumhain for Ghallaibh dú h-i t-torchrator seasccatt ar céd nó ní as uille.

M1203.8

Faolan Mac Faolain tigherna Ua f-Faolain do ecc i mainistir Congalaigh.


p.138

M1203.9

Cenandus Ath Truim & an Droichett Nua do losccadh.

M1203.10

Sitricc Teabthach Ua Ceallaigh Maine do écc.

Annal M1204

AOIS CRIOSD, 1204.

M1204.0

Aois Criosd, mile, dá chéd, a ceathair.

M1204.1

Sitriucc Ua Sruithén airchindeach na Congbhala, .i. cenn Ua Murtele & toiseach Cloinne Snédhgile ar thotacht d'écc iar n-déigh-pendainn, & a adhnacal isin tempall do-rónadh leis féin.

M1204.2

Iohn De Cuirt indredhach ceall, & tuath do ionnarbadh lá mac Hugo De Lati


p.140

h-i Tír Eoghain ar comairce Cenél n-Eoghain go rainicc go Carraicc Ferghusa, & ro marbsat Goill Uladh sochaide dia mhuintir.


p.142

M1204.3>

Uilliam Búrc do indradh Connacht eitir chill & tuaith & ro dhioghail Dia & na naoimh indsin fair uair ro ég do ghalur iongnáth do badh adhnár d'aisnéis.

M1204.4

Muircertach Ua Flaithbertaigh tighearna iarthair Connacht do écc.


p.144

Annal M1205

AOIS CRIOSD, 1205.

M1205.0

Aois Criosd, mile, dá chéd, a cúicc.

M1205.1

An t-Airdeaspoc Ua h-Einni do dhol i mainchini, & a écc fo chedóir.

M1205.2

Donait Ua Becdha epscop Ua n-Amhalgadha do écc.


p.146

M1205.3

Saoirbhrethach Ua Doirédh oirchinneach Domhnaigh Móir, & Patraicc Ua Moghróin, d'écc.

M1205.4

Maghnus Ua Catháin mac tigherna Cianachta, & Fher na Craoibhe, tuir gaisccedh, & beodhachta an Tuaiscirt do ghuin do shoighit, & a ecc iaromh.

M1205.5

Mac Guillbhealaigh Uí Cherbhaill tigherna Éle do mharbhadh lá Gallaib.

M1205.6

Conchobhar Ua Braoin Breaghmaine do écc i n-a ailithre i c-Cluain Mic Nois.

M1205.7

Raghnall Mac Diarmata ticcerna Cloinne Diarmata do écc.

M1205.8

Domhnall Mac Concoiccriche taoisech Muintire Sercacháin do écc.

M1205.9

Domhnall Ua Faoláin tighearna na n-Deisi Mumhan do écc.

M1205.10

Tadhcc mac Cathail Croibhdercc do écc do ghalar en oidhche i c-Cluain Mic Nois.

M1205.11

Maelir mac Maelir do dul ar éccin ar Luimneach, & cogadh mór d'eirgi


p.148

eitir Ghallaibh na Midhe & Goill Maoilir trid-sin, & Cu Uladh mhac Con Medha Uí Laeghachain taoiseach Síl Ronain do mharbhadh ar an c-coccadh-sin la Cenél Fiachach mic Néill.

Annal M1206

AOIS CRIOSD, 1206.

M1206.0

Aois Criosd, míle, dá chétt, a sé.

M1206.1

Domhnall Ua Muiredhaigh aird-ferleighinn Doire do écc.

M1206.2

Maol Pettair Ua Calmáin comharba Caindigh tuir crábhaidh & eccna tuaiscirt Ereann do écc.

M1206.3

Flaithbertach Ua Flaithbertaigh prióir Dhuine Geimhin, & Giolla Patraicc Ua Falachtaigh airchindeach Dhúin Cruithne do écc.

M1206.4

Eiccnechán Ua Domhnaill do dhénamh creach & marbtha i t-Tír Eoghain.

M1206.5

Comarba Patraicc do dhol i c-cend Righ Saxan do chuinghidh sochair cheall, & do chosaoid ar Ghallaibh Ereann.


p.150

M1206.6

Tomaltach, mac Concobhair, mic Diarmata mic Taidhg tighearna Mhaighe Luircc & Airtigh, & na h-Aicidhechta en-branan Cloinne Maol Ruanaidh do écc.

M1206.7

Creach la h-Eccnechán Ua n-Domhnaill i n-Uibh Farannain, & h-i c-Cloinn Diarmata. Ro ghabhsat bú iomda, & ro marbhsatt daoine. Ruccsat Uí Diarmatta, Uí Fhorannáin & Uí Gairmledhaigh orra. Ro marbhadh, & ro báidhedh sochaidhe etorra, & ruccsat Cenél c-Conaill an c-creich fo dheóidh iar mor-shaothar.

M1206.8

Ruaidhri Ua Gadhra ticcerna Slebhe Lugha do ecc.

M1206.9

Aodh mac Murchadha Uí Cheallaigh ticcerna Ua Maine, & Caithniadh Ua Caithniadh tighearna Iorrais do écc.

M1206.10

Aodh Ua Goirmghiallaigh ticcerna Partraighe Cera do marbhadh lá fearaibh Cera.

M1206.11

Ruaidhri Ua Toghda taoiseach na Bredcha la h-Ua n-Amhalgaidh do ecc.

M1206.12

Gillibert Ua Flannaccáin, & Iomhar Mac Murchaidh cách díobh dho marbhadh aroile i r-Ros Comáin.


p.152

M1206.13

Muircertach Mac Carrghamhna taoisech Muintire Maoil t-Sionna do écc.

M1206.14

Sloiccheadh la mac Hugo De Lati co n-Gallaibh Midhe & Laighean i t-Telach n-Ócc. Ro loisccedh cealla, & arbhanna lais, & ni rucc geill náid eidiredha Aodhae Uí Neill don chur-sin.

Sloiccheadh lasan lucht c-cedna i c-Ciannachtaib. Ro loisccsett cealla Ciannachta uile, & ruccsat buar dirímhe.

Annal M1207

AOIS CRIOSD, 1207.

M1207.0

Aois Criosd, mile, da céd, a seacht.

M1207.1

Creach la h-Eiccnechan Ua n-Domnaill a b-Feraibh Manach go ro ghabhsat bú. Ruccsat Fir Manach foirlion forra, & ro marbsat Ua Domhnaill tighearna Tíre Conaill, tuir engnamha, & einigh an Chuiccidh i n-a reimhes, & torcrattar drong do shaorclannaibh ele imailli friss. Itiat na h-uaisle do-rochrattar ann, an Giolla Riabhach mac Ceallaigh Uí Baoighill, Donnchadh Conallach mac Concobhair Maonmaighi, & Mathgamhain mac Domhnaill Midhigh Uí Concobhair & laochraidh iomdha cenmothát.

M1207.2

Domhnall mac Ferghail Uí Ruairc ticcerna urmhóir Breifne do écc.

M1207.3

Muiredhach mac Ruaidri Uí Concobhair, & Amhlaibh Ua Ferghail taoisech muintire h-Anghaile do écc.

M1207.4

Diarmait Ua Madagáin tighearna Síl n-Anmchadha do écc.

M1207.5

Taissi Ruaidhri Ui Concobhair Rí Connacht do thabhairt a talmain, & a c-cur h-i sccrín chloiche.


p.154

M1207.6

Cathal Croibhdhercc Ó Concobhair Rí Connacht do ionnarbadh Aodha Uí Fhlaithbheartaigh & a crioch do thabhairt dia mac fein d'Aodh mac Cathail.

M1207.7

Coccadh mor eittir Ghallaibh Laighean fein .i. eittir Maoilir & Seffraigh Mares, & Uilliam Marusccal gur milleadh Laighin, & fir Mumhan etorra.

M1207.8

Coccadh mór fós eittir Hugo De Lati & Maoilir, go ro milleadh uile muintir Mhaoilir.

M1207.9

Crech mor la Cathal Carrach mac Diarmata mic Taidhg, ar Chorbmac mac Tomaltaigh Mic Diarmata, & ar Ua f-Floinn Eassa, co ruccsat drem do Connachtaibh fair, .i. Diarmait mac Maghnusa mic Muircertaigh Uí Choncobhair, & Corbmac mac Tomaltaigh, Concobhar God O h-Eghra tigherna Luighne, & Donnchadh Ua Dubhda tighearna Ua n-Amhalgadha, & Ua f-Fiachrach go ro chuirsiot cliathaidh go ro muidh for Cathal Charrach, & go ro gabhadh é fein, & go ro dalladh, & ro marbhadh Muirghes a mhac, & Mac Chonghránna Uí Fhlannaccáin co sochaidhibh ele.

M1207.10

Creach mhór la Maoilir Ócc, & la Muircertach Ua m-Briain, & lá Toirrdhealbhach


p.156

mac Ruaidhri Uí Concobhair i t-Tír Fhiachrach Aidhne co ro airccsiot cúicc baile dhécc.

M1207.11

Cathal mac Ruaidhri mac an t-Siondaigh Uí Chatharnaigh tighearna Tethba do écc.

M1207.12

Sluaiccheadh la macaibh Hugo De Lati & la Gallaibh Midhe go caislén Atha an Urchair go rabhattur sechtmain for mís acc forbhaisi fair go ro fháccbadh an caislén leó, & triocha chéd Fher c-Ceall, & go h-ionnarbadh Maoilir as in tír.

Annal M1208

AOIS CRIOSD, 1208.

M1208.0

Aois Criosd, mile, da céd, a h- ocht.

M1208.1

Dauid Bretnac epscop Puirt Lairge do mharbhadh la h-Uá b-Faoláin dona Deisibh.


p.158

M1208.2

Creachsloiccheadh la h-Aodh Ua Neill i n-Inis Eoghain. Rucc Ua Domhnaill .i. Domhnall Mór co n-a sochraitte fair, Ro cuiredh caithiorgail etorra in ro marbadh ár dírimhe ar gach leth. Torchair isin maidhm-sin Domhnall mac Murchadha, & ár adhbal do Chenél Eoghain imaille friss. Torcrattar i f-friothguin an mhadhma Cathbharr O Domhnaill, Ferghal Ua Baoigill, Corbmac Ua Domhnaill, Dauid Ua Dochartaigh, & drem do mhaithibh Chenel c-Conaill cenmothátt. Ro sraoineadh fo deoidh tre nert iommbualta for Cenél n-Eoghain.

M1208.3

Sluaiccheadh la h-Ua n-Domhnaill (Domhnall Mór) for Chenél n-Eoghain, & for Aodh Ua Neill go rucc for crechaibh & braighdibh an tire gur snadhmadh sídh eittir Ua n-Domhnaill & Ua Neill, & ro naidmsiot a c-carattradh fri aroile i n-acchaidh Gall & Gaoidheal no chuirfeadh i n-a n-aghaidh.

M1208.4

Duibhinnsi Mág Aenghusa ticcerna Cloinne h-Aodha Ua n-Eachdhach do mharbhadh la mac Duinn Sleibhe Uí Eochadha.

M1208.5

Finghin mac Diarmata mic Corbmaic Mhég Cárthaigh do mharbhadh la a braithribh feisin.

M1208.6

Ualgharcc Ua Ruairc do chor a tigernas Fher m-Breifne, & Art mac Domhnaill mic Ferghail do ghabhail a ionaidh a h-ucht Gall.

M1208.7

Iohannes Episcopus Norbus do chor do Righ Saxan i n-Erinn dia bheith i n-a Iustis innte, & Saxoin d' eschoitchionnucchadh la comharba Pettair fo daigh an epscoip do chor cum coccadh i n-Erinn, go m-báttar Saxain gan aiffrionn gan baisttedh gan ongadh, gan adhnacal inathéchta fri ré trí m-bliadhan.


p.160

M1208.8

Muircertach mac Domhnaill Ui Bhriain ticcerna Tuadmhumhan do ghabháil lá Gallaibh Luimnigh tor sarúchcadh trí n-epscop tre fhoráil Dhonnchaidh Chairbhrigh a derbrathar fein.

M1208.9

Diarmaitt Ua Caomháin,/PS[gt ] taoisech o Tuaim Da Bhodhar go Gleóir do écc.

M1208.10

Amhlaibh Ua Rothláin taoisech Calraighe Chúile Cernatan do marbhadh la h-Ua Móráin.

Annal M1209

AOIS CRIOSD, 1209.

M1209.0

Aois Criosd, míle, da céd, a naoi.

M1209.1

Cele Ua Dubhthaigh epscop Maighe Eo na Saxan, Giolla Crist Ua Cearnaigh comhorba Condere, & Flaithbertach Ua Flainn comharba Da Chonna Easa Mic n-Eirc do écc.


p.162

M1209.1

Art mac Domhnaill mic Ferghail Ui Ruairc tighearna Breifne do marbhadh la Corbmac mac Airt Uí Maoilechlainn, & la Corbmac mac Airt Uí Ruairc, & Ualgarcc Ua Ruairc do ghabháil ticcernais i n-a dhiaidh.

M1209.2

Donnchadh Ua Ferghail ticcerna na h-Anghaile do ecc.

M1209.3

Ri Saxan do techt i n-Erinn seacht c-céd long. Is ann ro ghabhsat i n-Ath Cliath. Baoi athaidh ainnsein acc legadh sccisi an mara de iar t-torrachtain


p.164

do, & tanaic o Ath Cliath go Tiopraitt Ulltain i Midhe. Do-coidh Cathal Croibhdercc Ó Concobhair i n-a tech. Ro h-ionnarbadh Ualtra De Lati as in Midhe h-i Saxain. Do-choid iaramh an Ri & na maithe bai i n-a fharrad go Carraic Ferghusa co ro dhiochuir Hugo De Lati a h-Ulltaibh h-i Saxain. Aodh Ó Néill do dhol fo thoghairm an Righ & a theacht for c-cúlaidh ghan gialladh. An Righ do beith i bh-forbaisi for an c-Carraicc co ro faccbadh dó í, & tucc a mhuintir fein innte. Tanaicc Ó Concobhair iaromh dia thigh budhdein.

Do-coidh iaromh Ri Saxan go Raith n-Guaire, & tanaicc Ua Concobhair doridhisi dia soighidh, & ro bai an Ri acc iarraidh a mheic ar Ua c-Concobhair do ghiall fri comhall dó. Ni thárd Ua Concobhair a mhac uadha, acht do-rad cethrar dia mhuintir dia chionn, .i. Concobhar God Ó h-Eghra tighearna Luighne, & Diarmait mac Concobair Uí Maoil Ruanaidh tighearna Mhuighi Luircc, Fionn Ua Carmacáin, & Toirbheand mac righ Gall-Gaoidhel do aes gradha Uí Concobhair, & do-chóidh an Ri go Saxain, & rucc na braighde-sin lais.


p.166

Annal M1210

AOIS CRIOSD, 1210.

M1210.0

Aois Criosd, mile, da céd, a deich.

M1210.1

Goill do teacht co Caol Uiscce. Aodh Ó Néill, & Domhnall Ua Domhnaill do thionol chuca go ro marbhait leo na Goill im Henri m-Becc. Ro roinnsiot a n-ionnmhusa, & a n-édála for na sloghaibh.

M1210.2

Toirrdelbhach mac Ruaidhri Ui Concobhair do dhenamh creche i Muigh Luircc, & rucc leis isin Seghais í do shaighidh Diarmatha a bhrathar. Luidh Aodh mac Cathail i n-a deadhaidh co n-deachaidh Toirrdelbhach isin Tuaisceart ar teichedh roimhe.

M1210.3

Braighde Connacht do thoidhecht i n-Erinn, Concobhar God O h-Eghra tighearna Luighne, & Diarmait mac Concobhair Ui Maoil Ruanaidh, Fiond Ua Carmacáin, & Aireachtach Mac Donnchaidh.

M1210.4

Muircertach Muimhnech mac Toirrdealbhaigh Moir do ecc.

M1210.5

Coccadh mór do eirghe eitir Righ Saxan & Ri Bretan, teachta do thocht o Righ Saxan ar cend an Gaill-easpuicc, & maithe Ghall n-Ereann imon n-Gaill-epscop do dhol fo thoghairm Righ Saxan, & Riocard Diúid do fhaccbail i n-a iustis i n-Erinn, & an Iustis do thocht co h-Áth Luain ar dháigh go c-cuirfeadh a


p.168

bhraithre co Luimnech, go Port Láirge, & co Loch Garman & co m-biadh fein i n-Ath Cliath, & i n-Ath Luain. Do-rala dó gur ro thuitset clocha caislén Atha Luain i n-a chenn gur bho marbh gan anmain Riocard Diuid co n-a shacart, & co n-dreim dia mhuintir immaille friss tria mhiorbhailibh , Naoimh Pedair, & Naoimh Chiarain.

M1210.6

Clann Ruaidhri Uí Concobhair, & Tadg mac Concobhair Maonmhuighe do thocht tar Sionaind anair isna Tuathaibh, & drem do muintir Anghaile imaille friu & ruccsat creich leo i n-ditreibh Cheineoil Dobhta. Do-thaed Aodh mac Cathail,


p.170

Croibhdeircc i n-a n-diaidh, & do-beartsat deabhaidh dia 'roile & ro mheabhaidh ar mhacaibh Ruaidhri gur ro cuireadh dar Sionainn sair doridhisi iatt iar f-faccbhail daoine & each.

Annal M1211

AOIS CRIOSD, 1211.

M1211.0

Aois Criosd, mile, dá ched, a h-aon n-décc.

M1211.1

Sitriocc Ua Laighenáin comharbha Comhgaill do ecc.

M1211.2

Caislen Cluana h-Eoais do dhénamh lá Gallaibh & lásan n-Gaill-espoc, & crechshluaiccheadh do dhenamh leó i t-Tír Eoghain. Aodh Ó Néill do bhreith orra, & ro sraoineadh remhe for Gallaibh, & ro chuir a n-ár im Maoilir mac Roberd.

M1211.3

Tomas Mac Uchtraigh go macaibh Raghnaill Mic Somhairlich do techt co Doire Choluim Chille foirenn sé long seachtmoghat, & an baile do orgain & do milleadh leo. Lodar assidhe co h-Inis Eoghain, & ro mhillset in insi uile.


p.172

M1211.4

Sloiccheadh la Connactaibh tria thoghairm an Ghaill-Ghaill-easpuic & Gillibeirt Mic Goisdelbhaig co h-Ess Ruaidh, & do-ronsat caislen occ Caol Uiscce.

M1211.5

Ruaidhri, mac Ruaidhri, mic Toirrdealbhaigh Ui Concobhair, do marbhadh la Luighnibh Connacht.

M1211.6

Corbmac mac Airt Uí Maoileachloinn do buain Delbhna do na Gallaibh, & Maoileachlainn mac Airt do thabhairt madhma ar na Gallaibh do bhai ag coimhett Dealbhna, & a c-constabla Robeard Dhúncomair do marbhadh.

M1211.7

Cu Gaela Ua h-Eidhin do ecc.

M1211.8

Raghnailt & Caillech Dé dí inghin Ruaidhri Ui Concobhair do écc.