Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1192

AOIS CRIOSD, 1192.

M1192.0

Aois Criosd, mile, céd, nochat, a dó.

M1192.1

Dorus proinnticche an Duibrecclesa Colaim Cille i n-Doire do dhenamh la h-Ua c-Cathain na Craibhe, & la h-inghin Ui Inneirghe.

M1192.2

Taichleach Ua Dubda ticcherna Ua n-Amhalgadha & Ua f-Fiachrach Muaidhi do mharbhadh la da mhac a mhec fén.

M1192.3

Aedh Ua Flainn toiseach Shil Maoile Ruain do écc.

M1192.4

Maidhm acc caraid Eacharadh ar Ghallaibh la Muinntir Maoil t-Shionna.

M1192.5

Caislén Atha an Urchair & caislen Chille Bisgi do dhenamh isin m-bliadhain-si.


p.94

M1192.6

Creach mór do dhenamh la Gallaibh Laighen ar Dhomhnall Ua m-Briain, go rangattar tré chlár Chille Da Lua siar go Magh Ua t-Toirrdhealbhaigh, & ruccsatt Dál c-Cais orra go ro marbhsat sochaidhe diobh. Do-ronsat Goill caislen Chille Fiacal, & caislen Cnuic Raffonn don chur-sin.

M1192.7

Maidhm mor ria n-Domhnall Ua m-Briain for Ghallaibh Ossraighe go ro cuireadh a n-ár.

Annal M1193

AOIS CRIOSD, 1193.

M1193.0

Aois Criosd mile, ced, nochat, a trí.

M1193.1

Eochaidh Ua Baoighill do mharbhadh lá h-Uibh Fiachrach Arda Sratha.

M1193.2

Maol Pattraicc Ua Cobhthaigh do écc.

M1193.3

Cathal Mac Gaithéne do écc.


p.96

M1193.4

Derforghaill (.i. ben Tighernain Ui Ruairc) ingen Murchadha Ui Maoileachlainn do ecc i mainisdir Droichit Atha isin cuiccedh bliadhan ochtmhoghat a h-aoisi.

M1193.5

Diarmaid mac Con Broghda Ui Dhiomusaigh taoiseach Cloinne Maoil Ughra, & ticcherna Ua Failge fri ré fhoda do écc.

M1193.6

Cathal Odhar mac Még Carthaigh do mharbhadh la Domhnall Mág Cartaigh.

M1193.7

Muircertach mac Murchadha Mec Murchadha ticcherna Ua c-Cennselaigh d' ég.

M1193.8

Aodh Ua Maoil Brenainn taoiseach Cloinne Concobhair do marbhadh la Gallaibh Atha Cliath.


p.98

M1193.9

Ua Cerbhaill ticcerna Airghiall do ghabhail la Gallaibh, & a dalladh leo o thús, & a chrochadh iar t-tain.

M1193.10

Inis Clothrann do orgain la macaibh Oisdealb, & la macaibh Conchobhair Maonmaighe.

Annal M1194

AOIS CRIOSD, 1194.

M1194.0

Aois Criosd, mile, céd, nochat, a cethair.

M1194.1

Constantin Ua Briain espoc Chille Da Lua do écc.

M1194.2

Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain Ri Mumhan, lochrann solusda síodha & coccadh Redla adhanta enigh & engnamha na Muimhneach, & Leithe Mogha archena do écc, & Muircertach a mhac do ghabhail a ionaidh.

M1194.3

Goill do thiachtain ar Iniss Ua f-Fionntain, & a c-cor ar eccin di.

M1194.4

Cúmidhe Ua Flainn do mharbhadh la Gallaibh.

M1194.5

Sloicchedh la Gillebert Mac Goisdealbhaigh co h-Eass Ruaidh, & a iompudh as-sidhen gan nach tarbha dia Sloighedh i t-tir.


p.100

M1194.6

Maol Seachlainn mac Domhnaill ui Ghiolla Patraicc ticcerna Osraighe do ecc.

M1194.7

Concobar mac Maghnasa mic Duinnsleibhe Ui Eochadha do marbhadh la h-Ua n-Annluain i meabhail.

M1194.8

Aedh Dall mac Toirrdhealbhaigh Ui Choncobhair do écc.

M1194.9

Sitriucc mac Floinn Ui Fhindachta taoiseach Chloinne Murchadha do ég.

M1194.10

Donnchadh mac Muircertaigh mic Toirrdhealbhaigh do marbhadh la Muircertach mac Domhnaill Ui Bhriain.

M1194.11

Murchadh mac Amlaoibh Uí Chindeidigh do mharbhadh la Lochlainn mac Mic Raith Uí Chinneittigh i fionghail.

Annal M1195

AOIS CRIOSD, 1195.

M1195.0

Aois Criosd, mile, ced, nochatt, a cúicc.

M1195.1

Domhnall Ua Conaing epscop Chille Da Lua do écc.

M1195.2

Florent mac Ríaccáin Ui Maoil Ruanaidhepscop Oile Find do écc.

M1195.3

Domhnall Ua Find comharba Cluana Ferta Brénaind d'ecc.

M1195.4

Eachmharcach Uá Cathári do écc i recclés Póil.

M1195.5

Conchobhar Mag Fhachtna do écc i recclés Doire.

M1195.6

Sitriucc Ua Gairmledhaigh do mharbhadh do Mac Duinn Slebhe.

M1195.7

Slúaigheadh lá Iohn Do Cuirti, & la mac Hugo De Lati do gabháil neirt ar Ghallaibh Laighen, & Mumhan.

M1195.8

Sluaicchedh la Cathal c-Croibdercc Ua c-Concobhair, la Mac Goisdelbhaigh go n-dreim do Ghallaibh, & do Ghaoidhealaibh na Midhe imaille fris isin Mumhain go rangattar Imleach Iubhair, & Caisiol go ro loiscceadh cethre mor-chaislein leo & araile do mhion-chaislenaibh.

M1195.9

Cathal Mac Diarmada do tocht i c-Connachtaibh as in Mumhain, & ba cosgrach in gach maighin triasa tudhchaidh go rainig co Loch Mesg, & co h-Inis Rodhba, & ro gabhait longa Cathail Croibdeirg uile lais, & rug lais iat co


p.102

Caislén na Caillige co n-dearna ulca iomdha as ar gach leith de co t-tainig Cathal Croibhdearg co n-dreim do Ghallaibh & do Cloinn Maoil Ruana, & do ronadh sídh fó dhéoidh re Mac Diarmada ger uo mór na h-uilc do-roine go sin.

Annal M1196

AOIS CRIOSD, 1196.

M1196.0

Aois Criosd, mile, céd, nochat, a sé.

M1196.1

Recclés Póil & Petair i n-Ard Macha co n-a templaibh, & go m-bloidh mhoír don Ráith do losccadh.

M1196.2

Muirchertach mac Muirchertaigh Uí Lachlainn tighearna Chenél Eóghain Rioghdhamhna Ereann tuir ghaisccedh, & eangnamha Leithe Cuinn, díosgaoiltidh cathrach, & caislén Gall, turgbalaidh ceall, & caoimh-neimheadh, do marbhadh lá Donnchadh mac Blosgaidh Uí Catháin tré comairle Chenel n-Eoghain iar t-tabhairt na t-teora scríne, & Chánóine Patraig dhóibh im dilsi dhó. Rugadh a chorp iaromh go Doire Colaim Cille, & ro h-adhnacht h-isuidhe go n-onóir, & cátaidh.

M1196.3

Slóighead lá Ruáidhri Mac Duinn Slebhe co n-Gallaibh, & go macaibh toísech Connacht do shoighidh Chenél n-Eoghain, & na n-Airther. Tangattar dna Cenél Eóghain Telcha Ócc, & fioru Airthir co machaire Árda Macha i n-a n-aghaidh, & do-radsat cath dhóibh go raoimheadh for Mhac Duinn Slebhe & ro ládh derg-ár a mhuintire.


p.104

Torcratar ann dna a dó dhécc do macaibh flatha, & toíseach Connacht go sochaidhibh oile do dhoescurshluagh imaille friú. Ba dia maithibh Brian Buide Ua Flaithbhertaigh, mac Maoil Iosa Ui Concobhair a Connachtaibh, mac Ui Concobhair Failge, & mac Ui Faolain na n-Deise.

M1196.4

Mac Blosccaidh Uí Cuirin do argain Termainn Dá Beócc, & ro marbhadh é fén go n-derg-ár a mhuintire ria c-cind mhiosa tria fhiortaib , & Dá Beóg.

M1196.5

Domhnall mac Diarmada Mhécc Carthaigh do bhriseadh catha ar Ghallaibh Luimnigh & Mumhan, & ro chuir a n-dearg-ár, & ro diocuir a Luimneach, & ro bris dhá mhaidhm oile forra cénmothá an maidhm-sin.

M1196.6

Conchubhar Mac Diarmada tighearna Maighe Luirg do dhol h-i n-urd i Mainistir na Búille, & ro ghabh Tomaltach tighearnus dia ési.

M1196.7

Aodh Uá Fearghail tighearna Muintire h-Anghaile do marbhadh i meabhail lá macaibh Sitrioga Uí Cuinn.

M1196.8

Maithe Muintire h-Eólais do mharbhadh la mac Cathail Ui Ruairc h-i meabhail.

Muiredhach Mhácc Ragnaill .i. an Giolla Ruadh taoiseach Muintire h-Eólais do marbhadh la mac Maghnusa Uí Conchobhair tré furáil mic Cathail Ui Ruáirc lás ro marbhadh na maithe rémráite.

M1196.9

Mathgamhain mac Conchobair Maonmaighe rioghdamhna Connacht do marbadh


p.106

la h-Ua Mórdha Domhnall, & la Laighiss occ cosnamh na h-edala do-bhert o Ghallaibh friss, & Cathal Carrach do mharbhadh Uí Mórdha i n-a dioghail.

M1196.10

Conghalach mac Ferghail Uí Ruairc do marbhadh la Luighnib ar Sliabh Da Én.

M1196.11

Iodnaidhe Uá Mannachain tigherna Uá m-Briúin na Sionna do écc.

M1196.12

Cathal mac Aedha Uí Flaithbertaigh do mharbhadh la macaibh Muircertaigh Mhidhigh.

Annal M1197

AOIS CRIOSD, 1197.

M1197.0

Aois Criosd, míle, céd, nochatt, a seacht.

M1197.1

Sluaigheadh lá Iohn Do Cuirt co n-Gallaib Uladh co h-Ess c-Craibhe, & do-rónsatt caislén Cille Sanctáin. Ró fásaigheadh & ro folmhaigedh triocha céd Cianachta leó. Ro fhágaibh Roitsel Phitún co sochraide moir immaille fris


p.108

isin c-caistiall h-ísin, & ro ghabsat ag indradh, & occ argain tuath & ceall as. Tainig iaromh Roitsel Phitun ar creich co port Doire, & ro airg Cluain Í, Eanach, & Derg Bruach. Rug dna Flaithbeartach Ua Maoil Doraidh tighearna Conaill & Eóghain co n-uathadh do Chlandaibh Néill an tuaiscirt forra. Ro fighedh iomaireg eatarra for traigh na h-Uachongbhála, & ro cuireadh a n-ár im mac Ardgail Mhéc Lochlainn tria mhíorbhail Colaim Chille, Caindigh, & Breacain isa cealla ro airccseatt.


p.110

M1197.2

Mac Etigh do Chianachtaibh do shlat altóra teampaill mhóir Doire Colaim Chille, & ceithre cuirn bad fearr ro bhaoi i n-Erind do breith eiste, .i. Mac Riabhach, Mac Solas, corn Uí Maoíl Doraidh, & Camm Coraind corn Uí Dhochartaigh. Ro brisitt imorra & do-all a n-ionnmhassa, & a lossa dhíbh. Frith imorra na seóid isin tres ló iar n-á n-goid, & an t-í ro goid, & ro crochadh lá Flaithbheartach ag Croiss na Riagh i n-eneach Choluim Cille isa h-altóir ro sháraigh.

M1197.3

Flaithbertach Ua Maoil Doraidh tighearna Cenél c-Conaill, Eoghain, & Airghiall, cosnamhach Temhra, & rioghdhamhna Ereann uile, Conall ar láochdhacht e-sidhe, Cú Chulainn ar ghaiscceadh, Guaire ar eneach, Mac Lughach ar ócclachus d'écc (an dara la Februari) iar t-treablaid toghaidhe, i n-Inis Saimher isin triochatmadh bliadhain a fhlaithiusa, & isin nomhadh bliadhain ar chaogatt a aoise. Agus ro h-adhnacht i n-Druim Thuama co n-ónoir amhail ro badh díor.

M1197.4

Gabhais Eachmarcach Ua Dochartaigh (.i. an Giolla Sronmhaol) cennus Chenél c-Conaill fó chédóir, & i c-cionn coicthidhisi iaromh tainig Iohn Do Cuirt co sochraite mhóir imaille fris tar Tuaim h-i t-Tír Eógain, aissidhe co h-Ard Sratha iar sin timcheall go Doire Colaim Chille. Airisit cóicc h-aidhche ann. Tiaghaid iaramh co Cnoc Nascain dia n-iomarcar tairis. Teccait dna Cenél Conaill im Echmarcach Ua n-Dochartaigh dia saighidh, ferthar cath etorra, & torcrator sochaidhe mor adiú & anall. Gidh iad Cenél Conaill ann ro díthighit iett-sidhe uair torcratar


p.112

dá céd diobh im Eachmarcach fessin, im Dhonnchadh Ua Tairceirt toiseach Cloinne Snedhgile cong einigh, & eangnamha, ceille, & comairle Cenél c-Conaill uile im Ghiolla m-Brighde Ua n-Dochartaigh, im Mhag n-Dubhain, im Mhág Fherghail, & im mhacaibh Ua m-Baoighill, & im shaorchlandaibh oile, & ro airccsed Inis Eoghain & do-bheartsatt bóraimhe mhór leó este, & iompoidhitt iair sin.

M1197.5

Conchobhar Ua Catháin do écc.

M1197.6

Concobhar mac Taidhg tighearna Maighe Luirg & Mhaighe Aoí, tuir ordain, airechais, einigh, & comairce Connacht uile d'écc iar n-aithrighe thoghaidhe i Mainistir Atha Da Laarg.

M1197.7

Mac Raith Ua Laithbhertaigh tanaisi Tíre h-Eoghain & Maol Ruanaidh Ua Cairelláin toísech Cloinne Diarmada do mharbhadh.

M1197.8

Domhnall mac Raghnaill Méc Raghnaill do mharbhadh do mhacaibh Méc Duibhdara i fiull.

M1197.9

Ruaidhri Ua Flaithbertaigh tighearna Iarthair Connacht do gabhail lá Cathal Croibdeargrigh Connacht.

Annal M1198

AOIS CRIOSD, 1198.

M1198.0

Aois Criosd, mile, céd, nochatt, a h-ocht.

M1198.1

Giolla Mac Liacc Ua Branáin do athchur a chomharbais uadha, & Giolla Crist Ua Cernaigh do oirdneadh i n-a ionadh in abbdhaine Colaim Cille do reir togha laoch & cléireach tuaiscirt Ereann i c-coitchinne.

M1198.2

Ruaidhri Ua Conchobhair Rí Connacht & Ereann uile eittir Ghallaibh & Gaoidhelaibh


p.114

d'écc h-i c-canánchaibh i c-Cunga iar n-aithrighe toghaidhe, & iar m-breith buadha ó dhomhan, & o dheamhan, & ruccadh a chorp co Cluain Mic Nóis, & ro h-adhnaiceadh don taobh tuaidh d'altoir thempaill móir Cluana Mic Nóis.

M1198.3

Mac Briain Bréifnigh mic Toirrdhealbhaigh Uí Concobhair do mharbhadh la Cathal Carrach mac Concobhair Maonmhaighe.

M1198.4

Cathalan Ua Maol Fhabhaill tighearna Cairrge Brachaighe do mharbhadh d'Ua Déráin, & Uá Déráin feisin do mharbhadh i n-a dhíoghail fó cédóir.

M1198.5

Sluáicceadh la Iohn De Cuirt h-i t-Tír Eóghain ar fud na c-ceall, & ro h-aircceadh, & ro milleadh Ard Sratha, & Rath Both lais. Rainic iaromh Doire Colaim Chille, & baoi ainn-sidhe di oidhche for sheachtmain ag milleadh Insi h-Eogain & an tíre archena, & ní raghadh ass itir i n-eallmha muna toirseadh Aodh Ó Néll lucht cóicc long co Cill
[gap: remainder of name unknown to annalists/extent: one word]
i Latharnaibh, & ro loisc ní don bhaile, & ró mharbh ocht f-fir dhécc do Ghallaibh. Ro thionóilset Goill Maighi Line, & Dail Araidhe tri chéd do rochtain Aodha, & ní ro rathaigh Aodh nach ní co ro doirtset i n-a chenn ag


p.116

losccadh an bhaile. Ro feradh iomaireacc eatorra iaromh, & ro mhuidh for Ghallaibh, & tuccadh cóicc madhmanna forra óthá sin co n-deachsat i n-a longaibh, & ní ro marbhadh do muintir Aodha acht coigear namá. Iar c-clos na sccél-sin do Iohn ro fhagaibh an baile i raibhe .i. Doire Colaim Cille.

M1198.6

Coccadh eitir Cenél Conaill & Eoghain, & Cenél Conaill do coimchengal la h-Ua n-Eccnigh i n-acchaidh Cenél Eoghain, & ro boi coinne etorra do naidhm a c-caradradh h-i t-Termann Dá Beócc. Tainic trá Aodh Ua Néill go c-Cenél Eoghain imme do thoirmeascc na coinne, & ro ionnsaigh Ua h-Éiccnigh, & ro mheabhaidh fair co b-farccaibh braicchde lá h-Ua Neill.

M1198.7

Do-deachaidh Aodh go c-Cenél Eoghain isin ló chedna, co n-dernsat creich for Cenél Conaill h-i machaire Maighe h-Íotha, & tucsat bóraimhe dírimhe iar marbhadh leó Uí Dhuibhdiorma for sceimhleadh marcsluaigh.

M1198.8

Sluaigheadh lá h-Aodh Ua Néll & lá Cenél n-Eoghain doridhisi go machaire Maighe h-Íotha do tabhairt chatha do Cenél c-Conaill, & ro fhágaibset Cenél c-Conaill a longport leó, & do-rónadh blodhadh sithe & cadach etorra don chur sin.

M1198.9

Cathal Croibdearg Ua Concobhair do denamh siódha fri Cathal Carrach mac Concobhair Maonmaighe, & a thabhairt don tír, & fearann do thabhairt dó.

Annal M1199

AOIS CRIOSD, 1199.

M1199.0

Aois Criosd, mile, ced, nochatt, a naoi.

M1199.1

Maol Íosa mac Giolla Eráin, airchindeach Chille Moire Ua Nialláin, & adhbhar comharba Patraic d'écc.

M1199.2

Sanctus Mauritius Ua Baottáin d' écc i n-h-Í Colaimm Chille.

M1199.3

Do-rónsat Goill Uladh trí slóigh mhóra h-i Tír n-Eoghain, & an tres slóigh do-rónsat, ro ghabhsat longport ag Domhnach Mór Maighe Iomchláir, & do chuirset


p.118

drong mhór dia muintir do mhilleadh & do chreachadh an tíre. Tainic dna Aodh Ó Néill i nd-oires an t-slóigh comá comhrainic dhó, & dona Gallaibh, & ro la a n-ár, & an do-erna uadha ro élaidhset 'san aidhche gan nach taireseamh co n-deachatar tar Tuaim.

M1199.4

Sluaiccead la Ruaidhri Ua n-Duinn Slebhe co ní do Ghallaibh Midhe, & ro airccset Mainistir Phóil, & Peattair co nár fháccaibhset innte acht aon bhó.

M1199.5

Domhnall Ua Dochartaigh tighearna Cenél n-Énda & Árda Miodhair d'écc.

M1199.6

Donnchad Uaithneach mac Ruaidhri Ui Conchobhair do mharbhadh la Saxaibh Luimnigh.

M1199.7

Rodhubh Mac Roédig toisech Cenél Aongusa do mharbhadh lá Gallaibh ar crech i n-Ua n-Earca Chéin.

M1199.8

Cathal Croibhdearg Ua Conchobhair do ionnarbadh a righe Connacht, & Cathal Carrach do ghabháil a ionaidh.

M1199.9

Sluaiccheadh lá h-Aodh Ua Néill i fóirithin Cathail Croibhdeirg go b-feraibh Maighe h-Íotha, & co n-Airghiallaibh gu rangattar Tegh Baoithin Airtigh. Soiset iaromh go


p.120

rangadar Eas Dara, & rucc orra Cathal Carrach co maithibh Connacht, & Uilliam Burc go n-Gallaibh Luimnigh maille fris. Feachar iomaireacc eatorra, & ro sraoineadh for thuaiscert Ereann, & ro fágbhadh ann Ua h-Eccnigh tighearna Oirghiall, & sochaidhe cenmothá-somh.

M1199.10

Sluaigheadh lá Iohn Do Cuirt co n-Gallaibh Uladh, & lá mac Hugo De Lati co n-Gallaibh Midhe h-i foirithin Chathail Croibhdeirg go rangadar Cill Mic Duach. Tainicc iaromh Cathal Carrach co c-Connachtaibh imaille fris, & ro cathaighset fri aroile. Sraointear for Gallaibh Uladh & Midhe airm h-i rabattar cúicc catha, ni thérna acht dá chath dhíbh, & ro leanadh iad alláthair an chatha go Rinn Dúin for Loch Ribh, & ro gabhadh iomchumhang for Iohn ainn-sidhe, & ro marbhadh drong mór do Ghallaibh, & ro báidhid araill díobh ar ní fuarattar conair theichidh acht a n-deachaidh i n-eathraibh tar loch soir uatha.

M1199.11

Ruarc Ua Maoil Brénainn toisech Cloinne Conchobhair do écc.

M1199.12

Ri Saxan Iohn do rioghadh os Saxain .6. April.

M1199.13

Murchad Mac Cochláin tighearnaDealbhna Ethra do écc.


p.122

Annal M1200

AOIS CRIOSD, 1200.

M1200.0

Aois Criosd, mile, dá chéd.

M1200.1

Cadhla Ua Dubhthaigh airdepscop Tuama d'ecc iar sendataidh.

M1200.2

Uairéirghe mac Maoil Mórdha mic Uairéirghe Uí Neachtain uasal sruith do sruithibh Cluana Mic Nóis, fer lán do dhesherc, & dá gach sóalchidh archena, & ceann Cele n-Dé Cluana d'écc an deachmadh lá do Mhartha.

M1200.3

Maol Eóin Ua Carmacáin comharba Commáin d'écc.

M1200.4

Aodh Ua Néill do aithrighadh lá Cenél n-Eóghain, & Conchobhar Ua Lochlainn do righadh i n-a ionadh, & do-rónadh creach lais h-i t-Tir n-Enda. Ro mharbh daoine, & rucc buar iomdha.

M1200.5

Do-dheachaidh tra Eccneachán Ua Domhnaill tigherna Cenél Conaill co loinges Cenél Conaill ar muir lais, & co n-a slógh ar tír, & ro ghabhsat longport ag Gaoth an Chairrgín. Tangattar Clann Diarmada don leith oile go Port Rois do


p.124

gabhail frisan loinges. O 'd-chonncadar foirne na t-trí long n-décc baoi an cobhlach indsin, ro léccset fothaibh iatt gor raoimheadh for Cloinn n-Diarmada. Ticc Macc Lachloinn (.i. Conchobhar Becc Mac Muircertaigh), i n-a bh-fóirithin, & ro gonadh a each foo, & ro trasccradh-somh di. Torcair iaromh lá Cenél c-Conaill i n-eneach Colaim Chille, a chomharba, & a scrini ro dimhigneadh fecht riamh. As triasan dímiadh chédna ro marbhadh Murchadh Ua Cricháin tighearna Ua f-Fiachrach. Leanait muintir Éccneachain an maidhm iar t-tain gur ro chuirseat ár ar Eoghanchaibh & ar Cloinn n-Diarmada.

M1200.6

Sluaicceadh lá Meler & lá Gallaibh Laighen go Cluain Mic Nóis i c-coinne Cathail Charraigh. Ro bhatar dí oidhche i c-Cluain, & airccther leó an baile eitir crodh & biadh, & do-chóidhsead fo a themplaibh.

M1200.7

Cathal Croibhdearg do dol isin Mumhain do shaighidh mic Mec Carthaigh & Uilliam Burc.

M1200.8

Gerrmaide Ua Baoigelláin do mharbhadh la h-Ua n-Domhnaill .i. la h-Éccneachán.

M1200.9

Iomaireacc eidir Ua n-Domhnaill & Ua Ruairc, Ualgarcc, & Conchobhar na Glaisféne Ua Ruairc. Ro mhaidh for Uibh Briúin, & ro cuireadh derg-ár a muintire eidir bhádhadh, & mharbhadh, & ro báitheadh Concobhar fesin don chur-sin, occ Leic Uí Mhaoil Doraidh do shonnradh ro fighedh an iomarghoil-sin.


p.126

M1200.10

Donnchadh Uaitneach mac Ruaidhri Uí Conchobhair do mharbhadh la Gallaibh Luimnigh.

M1200.11

Mathghamhain mac Giolla Phatraicc Uí Chiarrda do mharbhadh la Gallaibh Cluana Ioraird.

Cluain Ioraird do losccadh d'Ua Ciardha do fhoghail for na Gallaibh batar innte.

M1200.12

Creach la Cathal Croibhdearg i Mumhain gur ro loisg caislén Uí Chonaing, & margadh Luimnigh, & caislen Uilcín, & tuc Uilcín co n-a mhnaoi i l-laimh lais iar marbhadh di ridere dhécc, & iolar daoine cenmóthát.

M1200.13

Fiachra Ua Flainn taoiseach Shil Mhaoil Ruain do écc.

M1200.14

Cathal Carrach do ghabháil Rige Connacht, & Cathal Croibdearg do ionnarbadh do i n-Ultaibh go rainig co teagh Ui Eignigh tighearna Fear Manach, & aisidhe do shaighidh Iohn Do Cuirt gur ro naidhm a cura fris.

Annal M1201

AOIS CRIOSD, 1201.

M1201.0

Aois Criosd, mile, da chéd, a h-aon.

M1201.1

Tomaltach Ua Concobhair comhorba Pattraicc, & Príomhaidh na h-Ereann d'écc.

M1201.2

Conn Ua Meallaigh epscop Eanaigh Dúin, gem gloinidhe ecclastacdha d' écc.

M1201.3

Iohannes De Monte Celion cardinál comhorba Peatair do thocht ó Roimh co h-Érind. Senadh mór do theaglamadh i n-a dháil co h-Áth Cliath eidir epscopaibh,


p.128

& abbadhaibh, & gach gradh eccailsi, & sochaidhe do saorchlandaibh Ereann imaille friú. Ro ordaighsed iaromh a c-caingne uile iar n-a c-cóir eittir ecclais & tuaith.

M1201.4

Senadh Condacht (immon cairdinal cédna) laochaibh, cléirchibh occ Ath Luain h-i cind coicthidhisi iaromh, & ro cindset a c-caingne febh roba techta.

M1201.5

Niall Ua Floinn do mharbhadh lá Gallaibh Uladh i meabhail.

M1201.6

Maghnus mac Diarmada Uí Lachlainn do mharbhadh lá Muircheartach Ua Néll, & Muircheartach do mharbhadh i n-a chionaidh.

M1201.7

Conchobhar mac Muirghesa Uí Edhin d' écc.

M1201.8

Tadhg Ua Braoin tighearna Luighne Midhe d'écc.

M1201.9

Muireadhach mac Neill mic an t-Sionnaigh Ui Catharnaigh d' écc.

M1201.10

Murchadh Ua Madadháin leth toisech Sil n-Anmchadha do ghuin i n-a chenn do shoighit & a écc tremhit.

M1201.11

Sluaigheadh lá Cathal Croibhdearg, & la h-Uilliam Búrc co n-a sochraide Gall & Gaoidheal h-i c-Connachtaibh otha Luimneach go Tuaim Dá Ualann, aissidhe go


p.130

h-Uarán, go h-Oil Finn go Locha Cé, go mainistir Atha Da Loarg, & as iad tighe na mainistre robtar botha longpuirt dóibh.

M1201.12

Do-chóidh din Cathal Mac Diarmada for crech in Uibh Diarmada. Rucc Tadg mac Concobhair Maonmaighe fair. Ro figheadh eargal eatorra, & torchair Cathal.

M1201.13

Dala Cathail Carraigh righ Connacht tionolaidh-sidhe a sochraide, & tainic do shoighidh an t-slóigh go riacht Guirtin Cúil Luachra h-i c-comfhocraibh don mhainistir. Batar samhlaidh ucht ré h-ucht co cenn sechtmhaine, & deabhaidh gach laoi etorra. h-I forchenn na ree h-isin do-dheachaidh Cathal Carrach do dhéccsin na deabhtha. Sraintear sruth-mhaidhm dia mhuintir i n-a chenn, & tairtheas e-sein i n-a t-trecommarcc, & ro marbhadh é, ba tria fiortaibh & Ciaráin indsin. Ro marbhadh bheós An Collaidh mac Diarmada Uí Mhaoil Ruanaidh don deabhaidh-sin imaille re sochaidhibh ele. Luidh Cathal Croibdearg & Uilliam Búrc co n-a sloghaibh as a h-aithle i Muigh Luircc, i Muigh Naoi, aissidhe co h-Iarthar Connacht. Rangattar Conga Fheichin, & as innte do-rónsat an Chaiscc. Cidh tra, acht ro cogradh lá h-Uilliam Burc, & lá cloinn Ruaidhri Uí Flaithbertaigh feall do dhénamh for Cathal Croibhdearg, & ro shaor Dia é don chur-sin tria shlánadh na


p.132

h-eaccailse baoi eatorra im dhílsi fri aroile. Tangadar muintir Uilliam Búrc iar d-tain do thobach a t-tuarasdail for Connachtaibh, lingit Connachtaigh forra-somh, & marbhait 700. dibh. Soais Uilliam co Luimneach iar sin & gabhaith Cathal Croibhdearg righe chóigidh Connacht.

M1201.14

Slóigheadh la h-Ualgharcc Ua Ruairc do dhul i c-Cenél c-Conaill, & ar rochtain dóibh isin c-crích Rugsat bú & gabhála. Rug Ua Domhnaill Éccneachán forra occ Leic Uí Maoil Doraidh. Feachar scaindear etorra go raeimhedh for Uibh Briúin co n-a sochraide, & ro laadh a n-dearg-ár eitir mharbhadh & bhadhadh ba don chur-sin ro baidheadh Conchobhar na Glaisfhene.

M1201.15

Cenél n-Eoghain do thocht for creich n-aile i c-Cenél Conuill isin ló chetna. Do-rala etarra & Ua Domhnaill gur ró sraoineadh for Cenél n-Eóghain & ro marbhadh Gearrmhaidi Ua Baoighealláin co sochaidhibh aile do Chenél n-Eóghain imaille fris.

M1201.16

Tighernán mac Domhnaill mic Cathail Ui Ruairc do mharbhadh la Mag Fiachrach & lá Cloinn Chathail, & an t-Eoghanach Mag Fiachrach do mharbhadh ar an láthair-sin.