Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1182

AOIS CRIOSD, 1182

M1182.0

Aois Criosd mile, ced, ochtmhoghatt, a dó.

M1182.1

Aodh Ua Caellaighi espoc Airghiall, & cend canánach Ereann do écc.

M1182.2

Domnall Ua h-Uallachain airdespoc Mumhan do écc.

M1182.3

Sluaicchedh la Domhnall mac Aedha Ui Lachlainn go Dún Bó i n-Dáil Riada. Do-rad-som cath do Ghallaibh isin dú-sin. Ro meabhaidh for Cenél n-Eoghain. Ro marbhadh ann dna Raghnall Ua Breislén, Giolla Criosd Ó Catháin co sochaidhiph oile imaille friu. Ruccsat Soiscela Martain leó don chur-sin.

M1182.4

Brian mac Toirrdhealbhaigh Ui Bhriain do mharbhadh la Raghnall Mac Commara Bicc tre meabhail.

M1182.5

Aodh Mac Carrgamhna taoiseach Muinntire Maoil t-Sionna do marbhadh la Giolla Ultáin Mac Carrgamhna.

M1182.6

Murchadh mac Taichligh Uí Dubhda, do marbhadh la Maoil Seachlainn Ua Maolruanaidh.

M1182.7

Amhlaibh Ua Ferghail do ghabhail taisighechta na h-Angaile & Aodh do innarbadh.

Annal M1183

AOIS CRIOSD, 1183.

M1183.0

Aois Criosd mile, ced, ochtmoghatt, a trí.

M1183.1

Ioseph Ua h-Aodha Epscop Ua c-Ceinnselaigh do écc.

M1183.2

Bec Ua h-Eghra ticcerna Luighne Connacht do marbhadh la Conchobhar ua Diarmata mic Ruaidhri, ar Loch Mic Feradhaigh i n-a thigh fein tre meabhail.


p.62

M1183.3

Do-rala deabhaidh etter Ua Flaithbertaigh, an Giollu Riabhach, & Mac Ui Ghairmleadhaigh. Ro marbhadh Ua Flaithbertaigh isin iomaireacc-sin & drong mór do Cenél Moain.

M1183.4

Ferghal mac Amhlaibh Ui Ruairc, do marbhadh la Lochlainn mac Domhnaill Ui Ruairc.

M1183.5

Giolla Ultáin Mac Carrghamhna taoiseach Muintire Maoil t-Sionna do marbhadh la macaibh Ui Bhraoin & la macaibh an t-Sionnaigh Ui Chatharnaigh go c-cuiccear ele amaille fris.

Annal M1184

AOIS CRIOSD, 1184.

M1184.0

Aois Criosd mile, ced, ochtmogatt, a cethair.

M1184.1

Giolla Iosa Ua Maoilin Epscop ei-sidhe do écc.

M1184.2

Brian Breifnech mac Toirrdhelbhaigh Ui Conchobhair do écc.

M1184.3

Maoil Iosu Ua Cerbhaill do oirdnedh i c-comhorbus Patraic ier n-a fhaccbháil do Thomaltach Ua Chonchobhair.

M1184.4

Art Ua Maoileachlainn ticcherna Iarthair Mhide do mharbhadh i meabhail la Diarmait Ua m-Briain .i. mac Toirrdhelbhaigh tria forcongra Ghall, & Maoil Seachlainn Beacc do ghabháil a ionaidh, & maidhm do sraoineadh lais a c-cionn trí lá forsan Diarmait cédna du in ro marbait ile im mac Mathghamhna Í Briain.

M1184.5

Caislén do cumhdach la Gallaibh i c-Cill Áir.

M1184.6

Caislén oile do orccain la Maoil Seachlainn & la Conchobhor Maenmaighe Ua c-Conchobhair. Ro marbhadh drong mhór do Gallaibh ann.

M1184.7

Dech t-ticche fichet do roighnibh cumhdaighthi Arda Macha do orgain la Gallaibh Midhe.

M1184.8

Mainistir Easa Ruaidh do edhbairt la Flaithbertach Ua Maol Doraidh ticcerna Chinél c-Conaill do Dhia & do Naoimh Bernard do raith a anma.


p.64

M1184.9

Cend Faoladh Ua Gráda comorba Cronáin Tuama Gréne do écc.

M1184.10

Niall mac An t-Siondaigh Ui Chatharnaigh do écc.

M1184.11

Amhlaibh mac Ferghail Ui Ruairc ticcerna Breifne do marbhadh a f-fiull la Mag Raghnaill.

M1184.12

Domhnall Ua Flannaccáin taoiseach Cloinne Cathail do écc h-i c-Conga Féichín.

M1184.13

Ferghal Ua Raghallaigh do mharbhadh h-i f-fiull la Maeilechlainn Ua Ruairc.

Annal M1185

AOIS CRIOSD, 1185.

M1185.0

Aois Criosd mile ced ochtmoghadh a cúig.

M1185.1

Maoil Iosu Ua Muireadhaigh fer lecchinn Doire Cholaim Chille do ecc iar Sendataigh thoghaidhe.

M1185.2

Pilib Unserra co n-Gallaibh uime do beith i n-Ard Macha co cenn sé laithe co n-a n-oidhchibh i medhon Corghais do shonnradh.

M1185.3

Giollu Criosd Mac Cathmaoil ard taoiseach Cenél Fearadhaigh & na c-Clann


p.66

.i. Clantt Aengusa, Clann Duibhinnreacht Clann Fhógartaigh, Ui Cennfoda, & Clann Collu do Fearaibh Manach cenn comhairle tuaiscirt Ereann do mharbhadh la h-Ua n-Éccnigh & la Muinntir Chaomháin, & a chenn do bhreith leó go f-fríth uatha i c-cionn miosa iar t-tain.

M1185.4

Maoil Sechlainn mac Muircheartaigh Uí Lachlainn do mharbhadh lá Gallaibh.

M1185.5

Maoil Iosa Ua Dálaigh ollamh Ereann, & Alban ard taoiseach Corca Raidhe & Corcadain, Saoi oirdherc ar dhán, ar eneach, & ar uaisle do écc i c-Cluain Ioraird oca oilithre.

M1185.6

Mac rígh Saxan, .i. Seon mac an dara Henri do theacht i n-Erinn lucht trí fichit long do ghabháil a righe. Ro gabh Ath Cliath, & Laigin. Do-roine caisdiall oc Tioprait Fhachtna, & occ Ard Fíonáin. Ro airg Mumha esdibh. Ro bhris tra


p.68

Domhnall Ua Briain Maidhm ar Ghallaibh mic Righ Saxan. Ro chuir a n-ár. Do-dheachaidh dna mac righ Saxan tairis inunn iar t-tain do chosaoid Hugo De Latii re a athair uair as é Hugo ba forlamhaigh a h-ucht rígh Saxan ara chionn i n-Erinn, & nír léicc cíos na braighde chuige-siumh ó righraidh Ereann.

M1185.7

Comhthoccbháil coccadh do fhás i c-Connachtaibh edir na rioghdhamhnaibh .i. ettir Ruaidhri Ua Conchobhair & Conchobhar Maenmaighe, mac Ruaidhri, & Conchobhar Ua Diarmada, Cathal Carrach mac Conchobhair Maonmaighe, & Cathal Croibhdearg mac Toirrdhealbhaigh, ro marbhadh sochaidhe etorra. Do-roine Ruaidhri & a mac sídh lasna h-uaislib ele iar t-tain.

M1185.8

Iarthar Connacht do losccadh taighibh, templaibh la Domhnall Ua m-Briain, & la Gallaibh.

M1185.9

Cathal Carrach mac Conchobhair Maonmaighe mic Ruaidhri do losccadh Chille Dá Lua taighibh, templaibh tar a n-eisi, tucc a seótta & a maoine leis. Tuadhmhumha bheós do mhilleadh, & d'orccain lá Conchobhar Maonmaighe mac Ruaidri, & la Gallaibh. Na Goill feisne do theacht leis co Ross Commain, & mac Ruaidhri do thabhairt tri míle do bhuaibh dóibh i t-tuarastal.

M1185.10

Amhlaoibh Ua Muiredhaigh epscop Arda Macha, & Chenél Feradhaigh lochrann solusta nó soillsiccheadh tuath & ecclas d'écc, & Foghartach Ua Cearbhalláin do oirdnedh i n-a ionadh.

M1185.11

Diarmaid Mag Carthaigh tighearna Desmumhan, do mharbhadh la Gallaibh Corcaighe.

M1185.12

Domhnall Mac Giolla Pattraicc tighearna Osraighe do écc.

Annal M1186

AOIS CRIOSD, 1186.

M1186.0

Aois Criosd, mile, céd, ochtmogad, a sé.

M1186.1

Maol Callann mac Adaim Mic Cleircein epscop Cluana Fearta Brenainn do écc.

M1186.2

Domhnall mac Aodha Uí Lachlainn do chor a flaithes, & Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh d'oirdneadh lá druing do Chénel Eoghain Thealcha Ócc.


p.70

M1186.3

Conn Ua Breisléin (.i. taoiseach Fánat) caindeal einigh, & ghaisccedh thuaiscirt Ereann do mharbhadh la mac Mic Lachlainn, & lá dréim do Chenél Eoghain, & Inis Eogain d'orccain fó a bhithin gion go raibhe cion doibh ann.

M1186.4

Giolla Pattraicc Mac An Ghiolla Chuirr toiseach Ua m-Branáin do mharbhadh lá Domhnall Ua Lachlainn tré erail Muintire Branáin fódhéin.

M1186.5

Ruaidhri Ua Conchobhair do ionnarbhadh i Mumhain la Conchobhar Maonmaighe lá a mhac bhúdéin. Connachtaigh do mhilleadh etorra dibhlinibh, & tuccadh é dia thír doridhisi tre chomhairle Shil Muiredhaigh, & do-radatt triocha céd d'ferann dó.

M1186.6

Hugo De Latii Malartach & díscaoilteach ceall n-iomdha ticcherna Gall Mide, Breifne, & Airghiall. As dó dna do-beirthi cíos Connacht. As se ro gabh ermhor Eirenn do Gallaibh. Ró ba lán Mídhe uile ó Shionainn go fairrgi do chaislenaibh Gall less. Iar t-tairccsin iaramh caislén Dermhaighe


p.72

amach go t-triar Gall i n-a choimhideacht do dhéchsain an caislén. Tainic din aon ócclach Giolla Gan Ionathar ó Miadhaigh do fheraibh Teathbha dia shoighidh &

p.74

tuagh fo a choimm laiss. Do-bert buille do Hugo gur bhen a cenn de gur tuit ettir chenn & cholainn i c-cladh an caislén i n-eneach Cholaim Chille. Agus do-cuaidh Giolla Gan Ionathar do thoradh a reatha ass, ó Ghallaibh & o Ghaoidhealaibh

p.76

fo Choill an Cláir. Ráinicc iaramh i c-cenn an t-Sionnaigh & Ui Braoin, uair as siad ro fhuráil air an t-iarla do marbhadh.

M1186.7

Murchadh mac Taidhg Ui Ceallaigh tigherna Ua Máine do marbhadh la Conchobhar Maonmaighe.

M1186.8

O Breislein taoiseach Fánat h-i c-Cenél c-Conaill do marbhadh la mac Mic Lachlainn.

Annal M1187

AOIS CRIOSD, 1187.

M1187.0

Aois Criosd mile, céd, ochtmoghat, a seacht.

M1187.1

Muirchertach Ua Maoil Uidhir espoc Cluana Fearta, & Cluana Mic Nois d'ecc.

M1187.2

Maoil Íosa Ua Cerbhaill espucc Airghiall d' écc.

M1187.3

Ruaidhri Ua Flaithbhertaigh ticcherna Cenél Eoghain do mharbhadh ar crech i t-Tir Conaill la h-Ua Maol Doraigh .i. Flaithbhertach.

M1187.4

Carracc Locha Cé do losccadh do thene doait. Ro baidhedh & ro loisceadh inghen Ui Eidhin (.i. Duibheasa) ben Choncobair Mic Diarmata (tigherna Maighe Luircc) go seacht c-cédaibh (no cethracha ar chéd), nó ní as uille eittir fheraibh & mnaibh fri ré n-aon uaire innte.

M1187.5

Giolla Iosa mac Ailella Ui Bhraoin secnap Ua Maine senchaidhe, sccribhnighe, & fear dana d'ecc.


p.78

M1187.6

Caislen Chille Áir do losccadh & do mhúradh for Ghallaibh la Conchobhar Maenmaighe & lá Mael Sechlainn m-Becc co na terna sgeolanga uatha gan marbhadh, & mudhucchadh. Tuccsat a b-foidhb, a n-airm, a sceith, a l-lúireacha, & a n-eocha leó, & ro marbhaitt dís do rideribh leó.

M1187.7

Donnchadh Ua Ruairc do marbhadh la Muintir Eolais h-i f-fiull.

M1187.8

Druim Cliabh do orccain do mhac Mael Sheachlainn Uí Ruairc do tighearna Ua m-Briúin & Conmaicne, & do mhac Cathail h-Ui Ruairc, & Goill Midhe amaille friú. Do-roine Dia, & Coluim Cille fiort amhra innsin, uair ro marbhadh mac Maelechlainn Ui Ruairc ria c-cionn coicdhisi iar sin h-i c-Conmaicnibh, & ro dalladh mac Cathail h-Uí Ruairc la h-Ua Maol Doraidh .i. Flaithbertach i n-enech Cholaim Chille. Ro marbadh dna sé fichit d'aes grádha mheic Maoil Shechlainn ar fud Conmaicne, & Chairpre Dhroma Cliabh tré miorbhail , & Choluim Chille.

M1187.9

Mac Diarmatta, Muirges mac Taidcc, tigerna Muighe Luircc d'écc i n-a thigh fein ar Claonloch h-i c-Cloinn Cuain.

M1187.10

Raghnall Mág Cochlain ticcerna Dealbhna do écc.

M1187.11

Aodh mac Maoileachlainn Ui Ruairc tighearna Breifne do marbhadh la macaibh Cuinn Még Raghnaill.

M1187.12

Aireactach Mac Amhalgaidh taoiseach Calraighe do écc.


p.80

Annal M1188

AOIS CRIOSD, 1188.

M1188.0

Aois Criosd mile, céd, ochtmoghat, a h-ocht.

M1188.1

Martain Ua Brolaigh aird-eccnaidh Gaoidheal & fer leighinn Arda Macha do écc.

M1188.2

Aedh Ua Bechan epscop Innsi Cathaigh do écc.

M1188.3

Amlaoibh Ua Daighre do tocht co h-Í dia oilithre, & a ecc ann iar n-aithrighe toccaidhe.

M1188.4

Ruaidhri Ua Canannain tigherna Chinél c-Conaill fri h-edh, & rioghdamhna Ereann bheos do marbhadh la Flaithbertach Ua Maol Doraidh tre mebhail acc droichet Sliccighe iar n-a bréccadh do lar Dhroma Cliabh amach, & brathair ele dó do marbhadh amaille fris, & drem dia mhuinntir. Maghnas Ua Gairbh toiseach Fher n-Droma (ro imbis lámh ar Ua c-Canannáin) do mharbhadh la muinntir Eachmarcaigh Uí Dochartaigh i n-dioghail Uí Chanannáin.

M1188.5

Domhnall Ua Canannáin do ledradh a choisi dia thuaigh fein i n-Doire acc bein ascclainge connaidh, & a écc de tria easccaine samhtha Cholaim Cille.

M1188.6

Goill chaisteoil Mhaighe Cobha, & drong do Uibh Eachdhach Uladh do thocht ar creich i t-Tir Eoghain go t-torachtatar go Leim Mic Neill, ro gabsat bú annsin. Do-dheachaidh Domhnall Ua Lachlainn co n-a thecclach i n-a n-deadhaidh, rucc orra


p.82

h-i c-Cabhan na c-Crann Árd, do-rattsat iomairecc dia 'roile, ro maidh for Ghallaibh, ro cuiredh a n-ár. Do-radadh eimh-sadadh do ghall-gha for Domhnall a aenar, & torchair innsin h-i friothguin tigherna Ailigh, Domhnall mac Aodha h-Ui Lachlainn, rioghdhamhna Ereann ar cruth, ar chéill & ar threbhaire. Ruccadh an lá-sin fein go h-Ard Macha. Ro h-adnaicedh co n-onoir, & co n-airmhidhin moir iaramh.

M1188.7

Edaoin inghen Ui Chuinn baintigherna Mumhan bai aga h-oilithre i n-Doire d'ecc iar m-breith buadha ó dhomhan & o demhan.

M1188.8

Sluaicceadh la Iohn Do Cuirt & la Gallaibh Ereann h-i c-Connachtaibh amaille le Concobhar Ua n-Diarmatta. Tionoilidh Connacht .i. Concobhar Maonmaighe maithe Connacht uile. Tainic Domhnall Ua Briain co n-druing do fheraibh Mumhan i sochraitte righ Connacht. Loiscit na Goill araill do cheallaibh na tire rempa. Ni ro leiccit sccaoileadh doibh co rangattar Eas Dara. Ba do theacht i t-Tir Conaill ón, uair na ro leiccsiott Connachtaigh nias sia dia t-tír iad. Iar b-fios sccél do Ua Maol Doraidh do Fhlaithbertach, teaglomaidh-sídhe Cenel Conaill 'na c-coinne co Druim Chliabh. O 'd-cualadar na Goill sin ro loisccsed Eas Dara co leir. Soaid tar a n-aiss. Tiaghaid isin Coirrshliabh. Do-beartsad Connachtaigh & Fir Mumhan ammus forra. Marbhaid sochaidhe mhóir dhibh. Fáccbhaid na Goill an tir ar eccin, & ní ró mhillsed a beacc don chur-sin.


p.84

M1188.9

Creach la Gallaibh Uladh for Chenél n-Eoghain co rugustoir Domhnall mac Aodha Uí Lachloinn tighearne Cenel n-Eoghain forru, & ro chuirset ár for Ghallaibh, & at-rochair Domhnall i friothghuin an chatha-sin.

Annal M1189

AOIS CRIOSD, 1189.

M1189.0

Aois Criosd, mile, céd, ochtmoghad, a naoi.

M1189.1

Maol Cainnigh Ua Fercomais fer lechcinn Doire do bhathadh ettir Áird & Inis Eoghain.

M1189.2

Ard Macha do orccain la h-Iohn Do Cuirt & la Gallaibh Ereann i n-a fhochair.

M1189.3

Ard Macha do losccadh o Crossaibh Brighde co Reccles Bricchdi ettir raith, & trian, & teampall.

M1189.4

Murcha Ua Cerbhaill tigerna Oirghiall do écc isin Mainisdir Mhóir iar n-aithrichci toghaidhi.

M1189.5

Domhnall mac Muircheartaigh Méc Lochlainn do mharbhadh la Gallaibh Dal Araidhe aca fein.

M1189.6

Echmilidh mac Mec Cana, sonas & sobharthan Tíre h-Eocchain uile do ecc.

M1189.7

Mac na h-Oidhce Ua Maol Ruanaidh tighearna Fer Manach do chor as a thigearnas, & é do dhol dochum Ui Cherbhaill. Tainicc sluagh Gall don tír iar t-tain, & do-rad Ua Cerbhaill & Ua Maol Ruanaidh tachar doibh. Maidhidh for Ua c-Cerbhaill, & marbhthar Ua Maol Ruanaidh.

M1189.8

Concobhar Maonmaighe (.i. mac Ruaidri) airdri Connacht eittir Gallaibh & Ghaoidealaibh, do mharbhadh la druing dia mhuintir fein & dia oirecht .i. la


p.86

Maghnus mac Floinn Ui Finachta (dia n-goirthi an Crosach Donn), & la h-Aodh mac Briain Breifnigh mic Toirrdhelbhaigh Ui Conchobhair, & la Muircertach mac Cathail mic Diarmata mic Taidhg, & la Giolla na Naomh mac Giolla Comain, mic Muiredhaigh Báin Ui Maoil Micil dona Tuathaibh. Mairg oireacht ro cogair adhbar airdrigh Ereann do mharbhadh, uair tuccsat urmhor Leithe Mogha a c-cennus dó ria síu ro marbhadh. Dóigh tainicc Domhnall Ua Briain dia tigh go Dun Leoda, & boi sechtmain i n-a fharradh, & tuc trí fichit bo gacha triocha céd h-i c-Connachtaibh dhó, & .x. seóid go n-ór, & ni rucc Ua Briain díbh-sin uile, acht corn Diarmata Ui Briain a shenathar fein, & do baí Ruaidhri Mac Duinn Slebhe ri Uladh i n-a thigh, & do bai Domhnall Mag Cárthaigh tighearna Desmumhan i n-a thigh & do-rad-somh tuarustal mór dó .i. cuicc eich gacha triochait cet h-i c-Connachtaibh. Bai Mael Seachlainn Beg ri Temra ina thigh, & rucc tuarustal mor leis, & bai Ua Ruairc i n-a tigh, & rucc tuarustal mor leis.

Iar marbhadh Conchobhair Maonmaighi tangus ó Shiol Muireadhaigh ar cend Ruaidhri Ui Choncobhair ri Ereann do thabairt righe dó iar n-écc a mhic, & ó ránaic


p.88

Ruaidhri go Magh Naoí ro gabh gialla Síl Muiredhaigh & Connacht, ar as ann ro bátar geill Conchobhair Maonmuighe i n-Inis Clothrann for Loch Ribh an tan-sin.

M1189.9

Flaithbeartach Ua Maol Doraidh tighearna Cenél c-Conaill co n-a toichestal do beith i l-longport isin c-Corann, & Connachtaigh uile eitir Gall & Gaoidheal i n-a n-aghaidh don leith aile.

M1189.10

Concobhar Ua Diarmata do marbhadh la Cathal Carrach mac Concobhair Maonmhaighe a n-dioghail a athur.

M1189.11

An ced Risderd do ríoghadh os Saxaibh .6. Iulíí.

M1189.12

Sluaigheadh la h-Ua Maoil Doraidh (Flaithbertach) do ghabhail fri Connachtaibh gur ro ghab longport isin Corann. Tangatar Connachtaigh uile eitir Ghallaibh & Gaoidhealaibh i n-a aghaidh, ar a aoi ni ró chumhaingset ní dhó, & ro etarscarsat fri aroile don chur-sin.

Annal M1190

AOIS CRIOSD, 1190.

M1190.0

Aois Criosd, mile, céd, nochat.

M1190.1

Diarmait Ua Rabhartaigh abb Dermaighe do ecc.

M1190.2

Mael Seachlainn Ua Neachtain & Giolla Bearaigh Ua Sluaghadaigh do marbhadh la Toirrdhealbhach mac Ruaidhri Ui Conchobhair.

M1190.3

Mor inghean Toirrdhealbhaigh Ui Concobhair, & Duibhessa inghen Diarmata Mic Taidhg do écc.

M1190.4

Coinne eitir Cathal Croibhdearcc & Cathal Carrach h-i c-Cluain Fearta Brenainn do dhenamh síodha etorra. Teccait Siol Muireadhaigh uile isin c-coinne cedna im chomarba Pátraicc, & im Concobhar Mac Diarmata, & im Aireachtach Ua Roduibh, & ní ro feadadh a sioducchadh re 'roile don chur-sin.


p.90

M1190.5

Tanaicc Ua Concobhair & Siol Muiredhaigh go Cluain Mic Nois in adhaigh-sin, & ro eirigh an coblach go moch ar a bharach, & tangatar rompa ar fud na Sionna go rangatar go Loch Ribh. Ro eirigh anfadh anbhail doibh ar an loch go ro sccaoilsiot a n-artraighe ó aroile & ro thuaircc an t-anfadh an t-etar i m-boí Ó Concobhair co nar lamhadh a luamhaireacht la méd an anfaidh, & ba isin arthrach i m-boí Ua Concobhair .i. Cathal Croibdercc, bai Aireachtach Ua Roduibh, & Concobhar mac Cathail. Do-cóidh an t-ethar fo uiscce go ro baidhedh i m-boi innte cenmotá seisear tearna im Chatal Croibhdearg. Ro baidheadh Aireachtach Ua Roduibh, & Concobhar mac Cathail, Concobhar & Amhlaibh da mhac Aodha Még Oirechtaigh, Ua Maoil Brenainn, & mac Ui Mannachain co sochaidhe ele.

Annal M1191

AOIS CRIOSD, 1191.

M1191.0

Aois Criosd, mile, céd, nochat a h-aen.

M1191.1

Ruaidhri Ua Concobhair do fhaccbháil Connacht & a dhol co Tir Conaill do saighidh Fhlaithbhertaigh Ui Maoil Doraidh, & i t-Tír n-Eoghain iar sin d'iarraidh sochraitte ar thuaisceart n-Ereann do ghabháil Ríghe Connacht doridhisi, & ni ro fhaemsat Ullta fearonn d'faghail dó ó Chonnachtaibh, & do-choidh roimhe do shaighidh Gall na Midhe, & ní ro eirghettur-sidhe leis, & do-thaed as-sin isin Mumhain, conid eisti-sin tuccsat Siol Muiredhaigh ferann dó, .i. Tir Fiachrach, & Cenel Aodha na h-Echtge.

M1191.2

Aillenn inghen Riaccáin Ui Maíl Ruanaidh, ben Aireachtaigh Ui Rodhuibh do écc.


p.92