Aois Chriosd mile ced seachtmoghat a dó.
Brighdéin Ua Cathain comarba m'Aedóig do écc.
Giollu Aedha Ua Muidhin (do muintir Airidh Locha Con) epscop Corcaighe do écc fear lan do rath Dé eissidhe, tuir óighe agus egna a aimsire.
Ticchernach Ua Maoil Eóin comhorba Ciaráin Cluana Mic Nóis do écc.
Ticchernan Ua Ruairc ticcherna Breifne agus Conmaicne agus fer cumhachta móir fri re fhota do mharbhadh (.i. i Tlachtgha) la Hugó De Laci i fiull agus la Domhnall Mac Annadha Uí Ruairc dia chenél fesin boi imaille friu. Ro díchennadh é leó. Ruccsat a cenn agus a chorp go dochraidh co h-Ath Cliath. Ro toccbadh an cenn uas dorus an dúine ina scath dhearccthruagh do Ghaoidhealaibh. Ro crochadh bhéos an corp fria h-Ath Cliath atuáith agus a chossa suas.
Domhnall O Feargail toiseach Conmaicne do mharbhadh la muinntir righ Saxan.
Maol Maire Mac Murchadha toiseach Muinntire Birn do mharbhadh la h-Aedh Mac Aenghusa agus la Cloinn Aeda do Uibh Eachdach Uladh.
Diarmaid Ua Caedhlaighi do ecc.
Maidhm for Chenél n-Eoghain ria f-Flaithbertac Ua Maol Doraidh agus ria c-Cenel c-Conaill. Do-bertsad ár adhbhal forra tria naemh miorbal De agus Naemh Patraicc agus Naemh Cholaim Cille isa cealla ro oirccsed indsin.
Lán chuairt coiccidh Connacht an cethramhadh feacht do tabhairt la Giollu Mac Liacc comhorba Patraicc agus Príomhaidh Erenn, co h-Ard Macha.
Mac Gill Epscoip taoiseach Cloinne Aeilabra rechtaire Chatha Monaigh do marbhadh la Donn Slebhe Uá n-Eochadha rí Uladh i fiull. Na slána batar etorra .i. maithe Uladh do mharbhadh Duind Slebhe ind.
Creach fhill la mac Anduidh Uí Ruairc, agus la Saxanachaibh ar muinntir na h-Annghaile, agus ar Muinntir Megiollgan co rugsat bú, agus broid iomdha. Sloigheadh leó doridhisi co h-Ard Achadh Epscoip Mél gur ro airgset an tír ar medhón, agus do-rochair leo Domhnall Ua Fearghail, taoiseach muinntire h-Anghaile don chur-sin.
Seanadh cléireach n-Erenn la coigeadh Connacht laechaibh cleirchibh occ Tuaim Da Ghuálann im Ruaidhri Ua Conchobhair agus im Chadhla Uá n-Dubthaigh Airdepscop Tuáma agus tri teampaill do choiseardhadh leo.
Aois Chriosd mile, cett, seachtmoghat, a trí.
Muiredhach Ua Cobhthaigh epscop Doire, agus Ratha Both, mac oighe, leacc loghmhor, gem gloinidhe, Redla sholusta, cisde taisccedha na h-egna, craoph chnuasaigh na canóine, iar t-tiodhnacal bidh agus edaigh do bochtaibh agus do aidhilgneachaibh, iar n-oirdneadh Saccart agus deochon agus aesa gacha graidh, iar n-athnuadhughadh eacclus n-iomdha, iar c-coisreaccadh tempall agus relgeadh, iar n-denamh iolar mainisdreach agus recclés, agus gacha lubhra ecclustacda iar m-buaidh c-crabhaidh, oilithri agus aithricche, ro fhaoidh a spiorad docum nimhi i n-Duibhreccles Cholaim Chille i n-Doire an 10. lá do Febra.
Conaing Ua h-Aénghusa cenn canánachRosa Cré do écc.
Ettrú Ua Miadhachán, Epscop Cluana do écc i n-a, seandataidh iar n-decch-beathaidh.
Cionaedh Ua Ronáin Epscop Glinne Da Locha do écc.
Maoil Iosu Mac an Baird Epscop Chluana Fearta Brenainn do écc.
Maol Mochta Ua Maoil Seachnaill, abb Cluana Mic Nóis, do écc.
Creach mór la h-Aedh Mac Aenghusa agus la Cloinn Aedha. Ro airccsed
Domhnall Breghach Ua Maoilechlainn Rí Midhe do marbhadh la mac a athar féin la h-Art Ua Maoilechlainn agus la Muintir Laeghacháin i n-Durmaigh Cholaim Cille.
Giollu Mac Liaccmac Ruaidhri comharba Patraicc Príomaidh Arda Macha agus Erenn uile mac oighe lán do ghloine croidhe fri Dia agus fri daoinibh do ecc go fechtnach iar sendataidh tocchaidhe, 27, Marta Dia Cedaoin iar c-Caiscc isin sechtmadh bliadhain ochtmoghat a aoisi. Agus baoi sidhe se bliadhna décc i n-abdhaine Coluim Chille i n-Doire ria c-comarbus Patraicc.
Aois Criosd mile, ced, seachtmoghatt, a ceathair.
Maoil Íosa Ua Connachtáin epscop Shil Muireadhaigh do écc.
Maol Pattraicc Ua Banáin, Epscop Condere & Dhal Araidhe fer airmhidneach lán do naimhe, do chennsa & do gloine chroidhe do écc co feachtnach i nd-h-Í Cholaim Chille iar Seandataidh thoghaidhe.
Giollu Mo Chaidhbeo abb mainisdreach Pettair & Póil i n-Ard Macha, Modh treabhor tairissi don Coimdheadh do écc an 31. do Mhárta Sechtmoghat bliadhain a aeis.
Flann (.i. Florent) Ua Gormáin airdfer lecchinn Arda Macha, & Erenn uile, Saoi, eargna eolach isin eaccna dhiadha & domhanda, iar m-beith bliadain
Muirghes Ua Dubhthaigh abb mainistrech Átha Dá Laarc for Búill do écc.
Ruaidhri Ua Cearbhaill tighearna Ele do mharbhadh ar lár Innsi Clothrann.
Congalach Ua Coinfiacla tighearna Tethbha do ecc.
Maol Ruanaidh Ua Ciardha tighearna Cairpri do mharbhadh i mebhail la Gallaibh Átha Cliath, .i. la Mac Turnin, & la mac Aodha Uí Fhearghail, & la Ceallach Ua Fiondalláin tighearna Delbna Moire.
Fairche Iarthair Midhe do chur le cathair Cluana Mic Nóis do réir cleireach Erenn.
Sluaiccheadh lasin iarla d'indradh Mumhan. Sluaiccheadh ele la Ruaidhri dia h-imdeghail forro. O 't-cualattar na Goill Ruaidhri do thocht isin Mumhain in aires catha friu, ro thochuirsiot Goill Átha Cliath dia saighidh & ni
Mael Sechlainn Ó Donnagán tighearna Aradh do marbhadh la h-Ua c-Conaing.
Aois Criosd mile, cett, seachtmoghatt, a cúig.
An t-espoc Ua Briain,espoc Chille Dara do écc.
Maoil Iosa Mac an Chlerigh Chuirr epscop Uladh, do écc.
Giolla Domhnaill Mac Carmuic epscop Uladh do écc.
Flaithbertach Ua Brolchain comorba Cholaim Chille tuir eccna & enigh, fear dia t-tuccator cleirigh Eirenn cathaoir epscoip ar a fheabhus & ar a eaccna & dia t-tarccus comhorbus Iae, do ecc co feachtnach iar t-treablaid toghaidhe i n-Duibhrecclés Cholaim Chille, & Giollu Mac Liacc Ua Branáin do oirdneadh i n-a ionadh isin abbdaine.
Maidhm for Cenel n-Enda ria n-Eachmarcach Ua c-Cathain, & ria Niall Ua n-Gairmleadhaigh & ár mór do cor forra.
Maghnus Ua Maoil Seachluinn ticcherna Airthir Midhi do chrochadh la Gallaib iar f-fealladh fair i n-Áth Truim.
Domhnall Caemhánach mac Diarmada Ri Laighen do marbhadh la h-Ua Foirtchern & la h-Ua Nualláin i f-fioll.
Mac Domhnaill mic Donnchadha ticcherna Ossraighi do mharbhadh i meabhail la Domhnall Ua m-Briáin.
Tadhg mac Ferghail Uí Rúairc do mharbhadh.
Diarmaid mac Taidhg Ui Briain & Mathghamhain mac Toirdhealbhaigh Ui Bhriain do dhallad (.i. i n-a tigh budéin i c-caislén Uí Conaing) la Domhnall Ua m-Briain & Diarmaid do écc iar t-tain. Agus Mac an Leithdercc Ui Choncobhair .i. Mac Ui Concobhair Corc' Mo Dhruadh do mharbhadh bheos la Domhnall isin ló cedna.
Sluaicchedh la Ruaidhri Ua c-Concobhair la Righ Ereann i Mumhain, ro ionnarb Domhnall Ua m-Briain a Tuadhmumhain & ro mhill an tír go mor don chur-sin.
Conchobhor Mac Concoille abb Recclésa Poil, & Pedair, & comorba Patraicc iar t-tain do écc h-i Roimh iar n-dol do accallaimh comhorba Pettair.
Giolla Coluim Ua Maol Muaidh, ticcerna Fer c-Ceall do marbhadh la Ruaidhri mac Concobhair Még Cochláin tre meabhail.
Aois Criosd, mile, céd, seachtmoghad, a sé.
Fabhar, & Ceanannus do fhasughadh do Ghallaibh & do Uibh Briuin.
Lughmhagh do fhasughadh do Saxaibh.
Niall mac Mhéc Lochlainn do mharbhadh la Muinntir Branáin (.i. Dál m-Buinne).
Ingen Ruaidhri Ui Concobhair (.i. ri Ereann), ben Fhlaithbertaigh Ui Maoil Doraidh do mharbhadh la macaibh Ui Chairelláin.
Benmidhe inghen Donnchadha Uí Cherbhaill, ben Chonmhaighe Ui Flainn, bainticcherna Ua t-Tuirtre & Fher Lí do écc.
Cú Maighe Ua Flainn ticcherna Ua t-Tuirtre, Fher Lí,& Dal Araidhe do mharbhadh la Coin Midhe la a bhrathair fén & la Feraibh Lí.(/PN[gt ]
Saxain do ionnarbhadh do Domhnall Ua Bhriain a Luimneach tria forbhaisi do denamh dhó forra.
Caisdiall Gall gá dhenamh i mainistir c-Cenannus.
An t-iarla Saxanach (.i. Riocard) do écc i n-Áth Cliath do bainne aillsi ro gabh ar a chois do miorbailiph Bricchde Cholaim Chille & na naomh archena isa ceallu ro millead laiss. At-connairc-siumh féisin Brighit andarlais ag a mharbhadh.
Caislen Sláine i raibhe Riocard Flemeann co n-a sluagh, as ro bás oc milleadh Oirgiall & Ua m-Briúin & fher Midhe do orccain la Maoileachlainn mac Meclochlainn la ticchearna Cenel n-Eoghain & la Cenel n-Eoghain budhén & la h-Airgiallaibh. Ro marbhsat cúicc cett no ní as uille do na Gallaibh la taebh ban, leanamh & each, co ná terna duine i m-bethaidh asin c-caisdiall. Ro fasaighte tri caistteoill im Midhe ar n-a bharach ar uamhan Cenél n-Eoghain .i. caistiall Cenannsa, caisslen Calatroma & caislen Doire Pattraic. Riocard Flemenn fein do marbhadh don chur-sin.
Baile biataigh do iodhbairt la Ruaidhri Ua Concobhair Ri Ereann don Coimdhedh & do Naoimh Bearach go brath .i. Baile Tuama Achadh. Itiad Slana na h-ogh-dhilsi go brath. Cadhla Ua Dubhthaigh airdepscop Tuama Aireachtach Ua Roduibh, Flann Ua Fionnachta, Aodh Uá Floinn, Ruarc Ua Maoil Breanainn, Ignaidhe Uá Mannachain, Giollu an Coimdhedh Mac an Leastair, Ua h-Ainlighi, & Concobhar Mac Diarmada, a c-coraigheacht an baile-sin do beith ag Dia & ag Bearach go brath ó Ua c-Conchobhair & o fhior a ionaid.
Domhnall mac Toirdealbhaigh Uí Concobhair ticcherna thuaiscceirt Connacht, ordan, Smacht & deghchomhairle na n-Gaoidheal do écc & a adhnacal i Maigh Eo na Saxan.
Domhnall mac Toirdhealbhaigh Uí Bhriain rioghdamhna Mumhan do écc.
Domhnall Ua Máilli tighearna Umhaill do écc.
Diarmait mac Corbmaic Még Carthaigh ri Desmumhan do ghabháil la a mhac fein Corbmac Liathanach & Corbmac do mharbhadh hi f-fiull la a mhuintir budhein & Diarmait do ghabháil a tighearnais iaram.
Domhnall Mac Giolla Patraicc tighearna Osraighe do écc.
Aodh mac Giolla Broidi Ui Ruairc do écc.
Domhnall mac Giolla Patraic tighearna Cairpre Ua c-Ciardha, do marbhadh i f-fiull d'Ua Maoilechlainn (.i. Art), & Art do aithrioghadh la fearaibh Midhe, & righe (no ticcearnus) do thabhairt do Dhonnchadh Ua Maoilechlainn agus Flann a mhac do mharbhadh la Cairpre Ua c-Ciardha.
Aois Criosd mile, cétt seachtmoghat, a seacht.
Uiuianus cardinal do theacht i n-Erinn. Seanadh cleireach Erenn do beith ettir epscopaib & abbaibh iman c-cardinal i n-Ath Cliath an ced Domhnach don Corgus & ro chinnsed deithide iomdha ná comhailtear.
Aedh O Nell .i. An Macaomh Tóinleascc ticcherna Cenel n-Eoghain re h-eadh & Rioghdhamhna Ereann do mharbhadh la Maoileachlainn Ua Lochlainn & la h-Ardghal Ua Lachlainn & Ardghal feisin do chomhthuitim la h-Ua Nell ar an lathair-sin.
Sluaicchedh la Iohn Do Cuirt & lasna ridirdhibh i n-Dal
Araidhe & co Dun
Niall Ua Gairmleadhaigh ticcherna fher Maighe h-Ithe & Cenél Enda do marbadh
Murchadh mac Ruaidhri Ui Concobhair do breith Mile Coca co n-a ridiribh lais go Ros Commain do milleadh Connacht ar ulca fri Ruaidhri. Ro loisccsed doná Connachtaigh fo cedoir Tuaim Do Gualann & ceallu an tire ar chena ar n-a h-airisdís Goill inntibh. Ro chuirset iar t-tain maidhm forsna Gallaibh & ró diochuirset ar éccin as an tír iatt. Ro dhall Ruaidhri a mac Murchadh i c-cionadh an turais-sin.
Maidhm for Ua Maoil Doraidh & for Cenel c-Conaill ria c-Concobhor Ua c-Cairealláin áit in ro marbhadh ár Cenél Enda im mac Ui Searraigh & im maitib iomhdha archeana.
Domhnall Ua h-Eaghra ticcerna Luighne do écc.
Aois Criosd mile, céd, seachtmogat a h-ocht.
Bachall Choluim Mic Luighdheach do bheith acc iomacallamh re n-a chleireach fein co fiadhnach.
Domhnall Ua Foccarta epscop Osraighe do écc.
Giollu Criosd Ua h-Eothaidh epscop Conmaicne do écc.
Concobhar mac Conallaigh Ui Luinigh do gabháil toisigheachta Cenéil Moen & Domhnall mac Domhnaill Ui Gairmleadhaigh do ionnarbhadh a Maigh Ithe i n-Inis Eoghain dochum Donnchadha Uí Dhuibhdhiorma. Cenél Moién i c-cionn ráithe iaramh do chur Concobhair mic Conallaigh a toisigheacht, & a c-cennus do thabhairt do Dhomhnall mac Domhnaill Ui Gairmleadhaigh. Muinnter Domhnaill .i. mac Giollu Caech Uí Ederla & Uí Flannagáin do mharbhadh Concobhair mic Conallaigh i t-toigh Domhnaill feisin i meabhail ar comairce aircinnigh na h-Ernaidhe boi i n-a farradh an tan-sin. Ro ionnarbsat iaramh Cenél Moáin Domhnall Ua Gairmleadhaigh
Gaeth mor isin m-bliadhain-si. Ro lá fiodhá, ro trasccair railghe. Ro trasccair doná sé fichit crann i n-Doire Colaim Cille.
Iohn Do Cuirt co n-a allmurchaibh do theacht co Machaire Chonaille, do-ronsat oirccne ann. Badar oidhche longpuirt i n-Glionn Righe iaramh. Do bert
Tainic Iohn Do Cuirt iar t-trioll do orccain Dál Araide & Uibh Tuirtre. Tucc doná Cumidhe Ua Flainnticcherna Ua t-Tuirtre & Fher Lí deabhaidh do-somh
Constapla righ Saxan i n-Ath Cliath (.i. Hugo), & i n-Airther Midhe co n-a shochraide do thocht go Cluain Mic Nóis. Ro airgsed an baile acht na tempaill & ticche an eapscoip. Do-roine Dia & Ciarán miorbaile foillsi forra, uair ni ro chumhaingsed tathamh no tionabhradh do dhenamh gur ro élaidhsed a Cuirr Cluana ara bhárach.
Abann na Gaillme do tracchadh fri re laithe aicenta. Na h-uile aidhme ro báidhid innte ó chen co n-a h-iascc do thionól la lucht an dúin & an tiri i c-coitcinne.
Maidhm ria n-Art Ua Maoilechlainn, & ria n-Uibh Failghe, & ria n-Gallaibh, for Dhelbhna Eathra, & for Mhaoileachlainn m-Becc, & for dreim do feraibh Tethbha dú in ro marbhadh Muireadhach mac an t-Sionnaigh.
Aodh Ua Flaithbertaigh ticcherna Iarthair Connacht do écc i n-Eanach Duin.
Amhalgaidh Mág Amhalgaidh do marbhadh la Siol n-Anmchadha.
Mael Sechlainn Becc Ua Maoilechlainn do gabháil tighe for Art Ua Maoileachlainn, & Art do téarnudh as, & Flann mac Még Amhalghaidh taoiseach Calraighe do marbhadh ann la Mael Sechlainn.
Aois Criosd mile, céd, seachtmoghat, a naoi.
Tuathal Ua Connachtaigh epscop Tíre Briuin Colmán Ua Scannláin aircinneach Cluana, Giollu Domhnaigh Ua Forannáin aircinneach Arda Sratha, & Mael Maire Mac Giollu Colmain Secnap Arda Sratha do ecc.
Ard Macha do losccadh ettir templaibh & recclesaibh acht reccles Bricchde & Teampall na f-Ferta)
Cealla Tire h-Eoghain o slébh buddes do fholmughadh tre coccadh, & comhfhuachadh, terce, & dochmataid.
Ua Ruadhachánticcherna Ua n-Eachdach do écc do ghalor tri n-oidhchi iar n-a ionnarbadh tré shárucchadh Canóine Patraicc dó gar roimhe.
Sídh do dhenamh do Dhonnchadh Ua Cairealláin & do Cloinn n-Diarmada uile la Cenél Móen & la h-Ua n-Gairmleadhaigh, Amhlaibh mac Menman derbhrathair-sidhe mná an Donnchaidh remraite. Ba h-ann ro naidhmsed a sídh re aroile i teampall Arda Sratha fo mionnaibh na h-eaccailse ísin, Domhnaigh Móir & na h-Ernaidhe. Tainic doná Ua Gairmleadhaigh .i. Amhlaoibh ar n-a mharach do cuingeadh tuilleadh slána co teach Donnchaidh Ui Chairealláin. Ro marbhadh-somh fo cedóir ar lár an aireachta a n-dorus an tighe i f-fiadhnaisi a derbhsheathor .i. ben Donnchadha. Ro marbhadh bheós triur dia muinnter imaille friss .i. Cionaedh mac Airt Uí Bhracáin, & mac Giollu Criosd mec Corbmaic Mec Reodáin .i. derbh-chomhalta Donncaidh Ui Chairealláin.
Ard Sratha Domhnach Mor an Earnaidhe [...] do fholmhughadh la feraibh Maighe h-Ithe.
Cóicc tighe ar céd do losccadh h-i c-Cluain Mic Nois h-i f-foghail.
Cluain Ferta Brenainn co n-a templaibh do losccadh.
Lothra, Ardfearta Brenainn, Caisiol, Tuaim Da Gualann , Dísert Ceallaigh, Ceall Medhóin & Balla, iaid-sidhe do losccadh uile.
Mael Seachlainn Ua Maoil Miadhaigh taoiseach Muinntire h-Eolais do ecc.
Iomhar Ua Cathasaigh tighearna na Saithne do ecc.
Maoileachlainn Riabhach O Seachnasaigh ticchearna Leithe Chenel Aodha do marbhadh la mac Donnchaidh Í Chathail.
Aois Criosd mile, céd, ochdmoghatt.
Lorcan Ua Tuathail .i. Labhras airdespoc Laighen & legaitt na h-Ereann do martradh h-i Saxain.
Mac Raith Ua Daighre aircinneach Doire do ecc.
Raghnall Ua Cairealláin do mharbhadh la Cenél Moaín i n-eneach Cholaim Chille for lár Doire Colaim fadhein.
Donncadh Ua Cairealláin do mharbhadh la Cenél c-Conaill i n-díoghal a mheabhla ar Ua n-Gairmleadhaigh tre miorbailibh na naemh isa h-eneach ro sharaigh.
Aindiles Ua Dochartaigh do écc i n-Doire Cholaim Chille.
Cath na c-Conchobhor .i. Concobhor Maenmhaighe mhac Ruaidhri Ui Chonchobhair & Concobhar Ua Ceallaigh (.i. tighearna Ua Maine) dú i t-torchair Concobhor Ua Ceallaigh, Tadhg a mhac, a dherbhrathair Diarmaid, & Maoil Seachlainn mac Diarmada Ui Cheallaigh, & mac Taidhg Ui Concobhair (.i. Tadhg).
Muirghes Ua h-Edhin tigherna Ua bh-Fiachrach Aidhne do mharbhadh la feraibh Mumhan.
Carrghamhain Ua Giolla Ultáintaoiseach Muinntire Maoil t-Sionna do mharbhadh la h-Aedh Mac Carrgamhna i n-Inis Éndaimh for Morloch.
Domhnall mac Taidhg Uí Chinnéidigh tighearna Urmhumhan do éc.
Maol Muire Mac Cuinn na m-Bocht primhshenóir Ereann do écc.
Aodh Ua Caithniadh, tigearna Iorrais do marbhadh la h-Ua c-Ceallachain h-i f-fiull h-i c-Cill Chomáin.
Amhlaibh Ua Toghda taoiseach na Brédcha, do marbhadh la h-Ua n-Gaibhthecháin taoiseach Mhaighe h-Eleg .
Murchadh Ua Lachtna taoiseach an Dá Bhac do bhádhadh i l-Loch Con.
Aois Criosd mile, ced, ochtmoghatt, a h-aen.
Dungal Ua Caellaighi espoc Leithhglinne do écc.
Maol Muire Ua Dunain abb Cnuic na Sengan h-i Lughmagh do écc.
Maol Ciarain Ua Fiodhabhra comarba Ciarain do écc.
Cathraenedh ria f-Flaithbhertach Ua Mael Doraidh ticcherna Cenel c-Conaill for macaibh righ Connacht Satharn Cinctidhisi dú in ro marbhadh se meic décc do clannuibh ticchernadh & toiseach Connacht la Cenél c-Conaill co sochaidhip oile do shoerclannaibh & doerclannaibh immaille friú cenmotháid-sídhe. Ro chuirsett Connachtaigh fo daoire dhóibh fri ré imcén iarsan cath-sin. Cath Criche Coirpre ainm in catha-sin.
Iar n-araile liubar it iatt na meic riogh torcratur la Flaithbhertach isin cath remráite, Brian & Maghnus dá mhac Toirrdhealbhaigh Moir, [...] & Maol Ruanaigh, dá mac ele Aodha Í Chonchobhair. Do-rochair beos Aodh mac Conchobhair Ui Cellaigh, & Giolla Críst mac Meg Oireachtaigh Uí Rodhuibh, Eachmarcach Ua Muiredhaigh, Donnchadh mac Briain Luignigh Ui Concobhair, Cu Cuallachta mac Muirchertaigh Uí Concobhair, tri h-Uí Maoil Brenainn, dá Mac Giolla Buidhe, & Aodh mac mic Aodha mic Ruaidhri, & sochaidhe ele do shaerclannaibh.
Sloicchedh la Domhnall mac Aedha Mhéc Lachlainn, & la Cenel n-Eoghain Telcha Óg i n-Ultoiph. Ro mheabhsatt for Ultoiph, for Uibh t-Tuirtre, & for Fheraibh Lí im Ruaidri Mac Duinn Slebhe & im Choin Mhidhe Ua Flainn.
Sluacch la feraibh Maighe h-Ithe im Ua c-Cathain Eachmarcach, & im Cenel m-Binigh Glinne co rangadar tar Tuaim. Ro airccsed Fir Lí, & Ua t-Tuirtre uile. Ruccsat ilmile do buaibh.
Tomaltach Ua Conchobhair do oirdneadh i c-comhorbus Patraicc. Cuairt Chenél Eoghain do thabhairt laiss, do bert a reir uaidhibh & ro fhaccaibh bennachtain.