Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1163

M1163.0

Aois Críost, mile céd seasccat a trí.

M1163.1

Maol Iosa Ua Laighenán, epscop Imleacha, & comharba Ailbhe.

M1163.2

Maol Iosa Ua Corcráin, comharba Comhghaill, & abb cananach Bendchair.

M1163.3

Giolla Chiaráin Ua Draighnén, comharba Fechin.

M1163.4

& Maol Chiarain, aird-shenoir Fear Mídhe, saoi eagna & crábhaidh, d'écc.

M1163.5

Giolla Brighde Ua Diomusaigh, comharba an Dá Sinchell.

M1163.6

& Caillech Domhnaill, inghen Naoneanaigh, banabb Cluana Bronaigh, & comarba Samtainne, d'ecc.

M1163.7

Gleann Dá Locha do losccadh im Cró Chiaráin, im Cró Chaoimhghin, & im Reccles an dá Sinchell.

M1163.8

Tene aoil i raibe lxx traighedh ar gach leth do dénamh la comharba Cholaim Chille, la Flaithbheartach Ua Brolchain, & lá samhadh Choluim Chille fri ré fhichet lá.

M1163.9

Coinnmhedh ríogh-dhamhnaNiall, mac Muirchertaigh Uí Lachlainn la mac rígh Ereann for Leth Chuinn. As eadh do-dheachaidh co h-Ultaibh ar tús co Cill Slébhe. Iarsin a n-Airghiallaibh, i t-Tír Bhriúin, & i Mídhe, co n-derna éccne iomdha i t-tuathaib & chellaibh, & do-róine cétus i c-Cenandus, i n-Ard Breacáin, i Fobhar Fhechin, & i n-Eacharud Lobrain, & h-í c-Cluain Mic Nóis. Do-choidh iar sin dar Ath Luain h-i c-Connachtaibh da fichet décc a líon & do-ronsat a c-coinnmheadh for Uibh Maine, & ro marbait uile lá Conchobhar Ua Ceallaigh & la Concobhar Maonmhaighe, & lá h-Uibh Máine tria fheill & mheabhail cénmóthát sceolunga & lucht eludha, & ro gabhadh Niall, mac Muirchertaigh Uí Lochlainn, & ro h-iodhnaicedh slán é dia thigh tria chomairle a n-aireacht.

M1163.10

Muirchertach Ua Maoil Sechlainn, .i. mac Domhnaill, ríoghdhamhna Temhrach, do thuitim do droichet Corcaighe, & a bhádhadh isin Sabhraind.

M1163.11

Mac Find Ui Cherbhaill, tigherna Ele Tuaisceirt, do mharbhadh lá Domhnall, mac Toirrdhealbhaigh


p.1152

Uí Bhriain.

M1163.12

Aithrighadh Diarmada Uí MhaoilechlainnFeraibh Mídhe, & cóicc fichit uinge d'ór do thabhairt do Muirchertach Mac Loclainn tar cenn ríghe Mídhe.

M1163.13

Cu Caisil Ua Fiondalláin do mharbhadh lá h-Aodh Ua Ruairc tria tangnacht .i. tria mheabhail.

Annal M1164

M1164.0

Aois Críost, míle céd seasccat a cethair.

M1164.1

Donnchadh Ua Briain, .i. mac Diarmada, epscop Cille Da Lua.

M1164.2

& Maol Chaoimhghin Ua Gormáin, maighistir Lughmaidh ard- shaoi Ereann, & abb mainistreach canánach Termainn Fechine fri ré do écc.

M1164.3

Teampall mór Doire i fail ochtmoghat traigheadh, do dhénamh lá comharba Colaim Chille, Flaithbertach Ua Brolcháin, & lá samadh Cholaim Chille, & la Muirchertach Ua Lachlainn, lá rígh Ereann, & tairnic a dhénamh frí ré cethrachat láithe.

M1164.4

Losccadh Arda Macha, Cluana Mic Nóis, Cluana Ferta Brénainn, & Tuama Dá Ghualann.

M1164.5

Losccadh Lughmhaidh as ind raind ba moo a taigh Donnchaidh Uí Chearbhaill, tigherna Oirghiall, & Muirchertach, mac Néill, Ailigh & maithe Cenel Eoghain ann iar n-easonorughadh Bachla Iosa.

M1164.6

Mac Donnchadha, mic Mec Cárthaigh, do mharbhadh lá a bhrathair lá mac Corbmaic.

M1164.7

Creach mhor lá Feraibh Manach, & lá h-Uibh Fiachrach Arda Sratha i t-Tír Eóghain.

M1164.8

h-Ua Críocháin, tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha, do thuitim la mac Néill Uí Lochlainn.

M1164.9

Muirchertach Ua Tuathail , tigherna Ua Muireadhaigh, & flaith Laighen ar eineach & ghaisccidh, d'écc iar n-aithríghe.

M1164.10

Tuaim Gréine, & Tír Da Ghlas do losccadh.

M1164.11

Dabhid, mac Duinn Sléibhe Uí Eochadha, do mharbhadh lá h-Uibh Eachdhach Uladh i f-fiull.

M1164.12

Maol Sechloinn Ua Conchobhair Failghe, do mharbhadh lá Cloinn Mhaoil Úghra.

M1164.13

Amhlaoibh, mac Giolla Chaoimhghin Ui Cindéittigh, tigherna Urmhumhan, do dhalladh la Toirdhealbhach Ua m-Briain.


p.1154

Annal M1165

M1165.0

Aois Críost, míle céd seasccat a cúig.

M1165.1

Maghnas Ua Canannáin, tigherna Cenel Conaill, d'écc.

M1165.2

Coccadh mór, & coimh-chreachadh eitir Feraibh Mídhe, & Feraibh Breifne.

M1165.3

Sitriug Ua Ruairc, tanaisi Breifne, do mharbhadh lá h-Ua Ciarrdha & lá Cairpribh. Creach mór lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair, & lá Cóigheadh Chonnacht uile for Cairpribh i n-dioghail Sitriucca. Creach oile lásna feraibh cédna for Feraibh Breagh, & for Saithnibh, & for Uibh Colgan go ro oirccset an tir uile.

M1165.4

Ro thriallsat Ulaidh iompudh ar Mhuircertach Ua Lachlainn, & do-chóidhset sluagh for Uibh Méth, & ruccsat bú, & ro mharbhsat ile. Creach dna, leó for Uibh Breasail Airthir, & creach oile for Dháil Riada. Slóicchedh mór la Muirchertach iaramh éittir Cenel Conaill, Eoghain, & Airghiallaibh i n-Ultoibh, & ro chroithset, & ro airgset an tír uile cenmothát primh-chealla Uladh, & tucsat ár dírímhe ar dhaoinibh, im Eachmarcach mac Giolla Epscoib & im Ua Lomáin, & ro h-ionnarbadh Eocha, mac Duinn Slebhe a h-Ultoibh, iar m-bein a ríghe dhe, & do-radsat Ulaidh uile i n-geill d'Ua Lochlainn a neart righe.

M1165.5

Luidh Muirchertach Ua Lochlainn co Cenel Eoghain co h-Inis Lacháin ro loisccset & ro mhúrsat an Innsi. Tegaitt iaramh Cenel n-Eoghain dia t-tighibh iar c-cosgar conédalaibh aidhbhle, & co longaibh iomdha leó. Do-dheachaidh iaramh Ua Lachlainn co h-Ard Macha. Táinic din Donnchadh Ua Cearbhaill tigherna Oirghiall, & Eochaidh Mac Duinn Sléibhe h-i c-comhdháil Muirchertaigh do chuinghidh righe dorídhisi do Mac Duinn Sléibhe.

Do-rad Ua Lachlainn an ríghe dó dar cend ghiall n-Uladh uile, & tucc Eochaidh mac gach toisigh do Ultaibh dhó, & a inghen féin a n-giallnas do Ua Lachlainn, & tuctha seóid iomdha dhó im Cloidhemh Mhec an Iarla & do-rad bheós Bairche do Ua Lochlainn , & tug Muirchertach d'Ua Cherbhaill fo chédóir .i. do Donnchadh, & tuccadh dna, baile do chlérchibh Sabhaill tria rath righe Mhec Lochlainn.

M1165.6

Toirrdhealbhach Ua Briain do aithríghadhMuirchertach mac Toirrdhealbhaigh, & a ionnarbadh i Laighnibh.

M1165.7

Slóighedh lá


p.1156

Ruaidhri Ua c-Conchobhair go Connachtaibh go Desmumhain co t-tangattar maithe Deasmhumhan ina theach imma t-tigherna Diarmaid mac Corbmaic Méc Cárthaigh.

M1165.8

Domhnall Mac Giolla Pháttraicc, tigherna Osraighe, do mharbhadh lá Laoighis Uí Mhórdha.

M1165.9

Mac Raith Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe Luachra, d'écc iar n-aithrighe.

M1165.10

Ferghal Ua Maol Mhuaidh, tigherna Fer c-Ceall, & Cenél Fiachach, caindel gaisccidh & einigh Fer Mídhe, do mharbhadh lá h-Uibh Braccain

M1165.11

Giolla Criost Ua Maoil Brénainn, taoiseach Cloinne Concobhair, d'écc.

Annal M1166

M1166.0

Aois Críost, míle céd seasccat a sé.

M1166.1

Giolla Mac Aiblén Ua h-Anmchadha, comharba Brénainn Cluana Ferta, do écc.

M1166.2

Celechair Ua Conghaile, airchindeach Tíghe Aoidheadh Cluana Mic Nóis.

M1166.3

& Giolla na Naomh Ua Ceallaigh, comharba Uí Suanaigh h-i Rathain, d'écc.

M1166.4

Scrin Mancháin Maothla, do cumhdach lá Ruaidhri Ua Conchobhair, & forbhrat óir do thabhairt tairsi lais feibh as deach ro cumhdaighedh feathal a n-Erinn.

M1166.5

Mac Raith Ua Móráin do athchur a epscopóide, & Giolla Criost Ua h-Eochaidh do oirdnedh i cathair Conmaicne iar t-táin.

M1166.6

Ard Macha do loscadh: na dí sreith ó Chrois Cholaim Chille co Crois Epscoip Eoghain, & ó Chrois Eapscoip Eoghain an dara sreith co Crois Dorais Ratha, & an Ráith uile cona teamplaibh cenmothá Reccles Póil & Petair, & uaithe do tighibh archena, & sreith fri Ráith aniar ótha Cross Sechnaill co Crois m-Bríghde achtmadh beg.

M1166.7

Doire Cholaim Chille gusan Duibhreccles do


p.1158

losccadh.

M1166.8

Lughbhadh, Suird Cholaim Chille, & Ard Bó, do losccadh.

M1166.9

Aedh Ua Mael Fhabhaill, tigherna Cairrcce Brachaidhe, do mharbhadh lá mac Néll Uí Lochlainn.

M1166.10

Eochaidh mac Duinn Slebhe Ui Eochadha, ri Uladh, tuir gaisccidh, & enigh na n-Gaoidheal, do dhalladh lá Muirchertach Ua Lochlainn, & an tríur bá fearr do Dhál Araidhe .i. dá mhac Loingsigh, & mac mic Cathasaigh Uí Flathrae, do mharbhadh lásan rígh c-cetna dar comairge comharba Pháttraicc, & Bachla Iosa, Dhonnchaidh Uí Cerbhaill, tigherna Oirghiall, & dar comairge mind, laech & clérech Tuaisceirt Erenn uile.

M1166.11

Sluaighedh lá Donnchadh Ua c-Cearbhaill iar sin h-i t-Tir n-Eocchain do dhíoghail einigh Phatraicc, & a einigh féin. Trí catha comhmóra líon a shluaigh, cath Oirghiall, cath Ua m-Briuin Bréifne, & cath Conmhaicne. Rangattar na slóigh-sin co Leitir Luin i Fedhaibh Ua n-Eachdhach i t-Tír Eoghain, imma-comráinic dhóibh & do Ua Lachlaind, & do Chenél Eoghain co n-uathadh slóigh, Fechtar cath amhnus ettrócair ettorra diblinibh, & ro mheabhaid for Chenél n-Eoghain, & ro marbhadh Muirchertach Ua Lachlainn, áirdrí Ereann uile, an chaindeal gaile, & ghaisccidh, einigh, & engnamha iarthair domhain ina ré, fer ar nár brisedh cath ná comhlann riamh go sin, & ro bhris iol-chatha. Ro marbhadh ina fharradh isin cath h-i shin h-Ua Giolla Lainne, & h-Ua h-Adhmaill, dá thoiseach thoghaidhe iad-sídhe, & Mac Gille Martain, toiseach Cenél Fearadhaigh co sochaidhibh oile. As acc tairngire catha Lethi Caimm, & an chatha-so ro ráidh Dá Chiarócc .i. naomh a h-Aireccal:

    1. Lethi Camm,
      Do-faethsat mór n-geratt and,
      Tarrustair occ Letir Lúin,
      Cídh cian, cidh cuin, is cidh mall.


p.1160

M1166.12

Sluaighedh lá Ruaidhri Ua Conchobhair co h-Eas Ruaidh, & ro ghabh gell Cenél Conaill.

M1166.13

Slóighedh lá RuaidhriUa c- Conchobhair go Connachtaibh, go b-Fearaibh Midhe, & go b-Feraibh Tethbha co h-Ath Cliath, & ro ríghadh ann Ruaidhri Ua Concobhair febh as onóraighe ro ríghadh riamh do Ghaoidhealaibh, & ro thíodhnaic-siomh a t-tuarastal dona Gallaibh do bhuar iomdha, uair ro sreathait da fichit céd bó for fearaibh Ereann dóibh.

Do-deachattar Goill cona sochraitte don chur-sin lá Ruaidhri co Droichet Atha, & táinic Donnchadh Ua Cerbhaill & maithe Airghiall ina theach, & do-bhertsat a n-gialla dó.

M1166.14

Losgadh Ferna la Mac Murchadha, ar omhan Connacht do losgadh a chaisteóil & a thaighi. Do-luid dna an Ruaidhri gusan sochraide cédna lais ar c-cúla h-i Laighnibh, & ro ghabh a n-gialla, & do-luidh iarsin go ro réidheadh Fiódh n-Dorcha, & iaromh i n-Uibh Ceinnsealaigh, & ro ghabh braighde Diarmada Mic Murchadha & Ua Ceinnselaigh archena.

M1166.15

Slóighedh mór doridhisi lá Ruaidhri Ua Conchobhair go c-Connachtaibh go b-Feraibh Breifne & go b-Feraibh Mídhe i l-Laighnibh, i n-Osraighibh, & i Mumhain iar t-tain, & tangattar rioghraidh Leithe Mogha uile ina theach. Ro rand tra an Mhumhain ar dhó .i. a leth do Shiól m-Briain, & an leth n-aile do Dhiarmaid mac Corbmaic.

M1166.16

Sluaighedh lá Tighernan Ua Ruairc co b-Feraibh Breifne, go b-Feraibh Midhe, go n-Gallaibh Atha Cliath, & co Laighnibh i n-Uibh Ceinnsealaigh, & ro h-ionnarbadh


p.1162

leo Diarmaid Mac Murchadha dar muir & ro múradh a caistiall h-í Fearna. Ríoghthar leó Murchadh mac Mec Murchadha dar cend secht m-braghat décc do thabhairt do Ruaidhri Ua Conchobhair co Tír Fiachrach Aidhne.

M1166.17

Maidhm ria n-Dartraighibh, & ria mac Donnchaidh Uí Ruairc ar Feraibh Luircc, & ar Thuaith Ratha, dú i t-torcrator sochaidhe.

M1166.18

An Dall Ua Con Allta .i. Giolla Maire, rígh-druth Ereann d'ég. Do Uibh Briúin a chenél.

M1166.19

Mac Domhnaill Bracanaigh mic Mec Carthaigh, do mharbhadh lá Corbmac mac Mec Carthaigh.

Annal M1167

M1167.0

Aois Críost, míle céd seasccat a seacht.

M1167.1

Torgesli epscob Luimnigh.

M1167.2

h-Ua Flannáin, epscob Cluana h-Uamha.

M1167.3

Cionaeth Ua Cethernaigh, sagart Insi Clothrann.

M1167.4

Mór inghen Domhnaill Uí Choncobhair Fhailgigh, banabb Cille Dara.

M1167.5

Maol Michael Mac Dotheacháin uasal-shaccart, & áird-eagnaidh, & tuir crabhaidh do mhuintir Arda Macha.

M1167.6

& h-Ua Dubhucán, .i. Giolla Góri, comharba Ende Airne, d'écc.

M1167.7

Toirrdhealbhach, mac Diarmada Uí Bhriain, Mumhan, & Lethe Mogha, fer ro ionnsaigh Erind uile, fer is feárr táinic ina aimsir fri tiodhnacal seód & maeine do bhochtaibh & d'aidhilgneadhaibh an Choimhdedh, d'écc.

M1167.8

Muirchertach, mac Ladhmainn Uí Dhuibh Dhíorma, tigherna Fordroma, tuir airechais Tuaisceirt Ereann uile, do mharbhadh i meabhail lá Donnchadh Ua n-Duibh Dhíorma, & lasan m-Brédaigh for lár Maighe Bile, & a dhá mhac do mharbhadh arna bhárach, & mac oile do dhalládh.

M1167.9

Conn Ua Maoil Mhiadhaigh, toiseach Muintire h-Eolais, d'écc.

M1167.10

Mór-choinneRuaidhri Ua c-Concobhair go maithibh Leithe Chuinn etir laech & clérerech, & go maithibh Gall Atha Cliath occ Ath Buidhe Tlachtgha.

Táinic ann comharba Phátraicc, Cadhla Ua Dubhthaigh, aird-epscop Connacht, Lorcán Ua Tuathail , aird-epscop Laighen, Tighernán Ua Ruairc, tigherna Breifne, Donnchadh Ua Cerbhaill, tigherna Oirghiall, & mac Duinn Slébhe Uí Eochadha, Uladh, & Diarmaid Ua Maoileachlainn, Teamhrach, Raghnaill mac Raghnall, tigherna Gall. Bá h-é líon a t-tiomaircc & a t-tionoil trí mhíle dhécc marcach, tri fichit céd do Chonnachtaibh, fhichitt céd im Ua Ruairc, fiche céd im


p.1164

Ua Maoileachlainn, da fhichitt céd lá h-Ua c-Cerbhaill, & lá h-Ua n-Eochadha, fiche céd lá Donnchadh Mac Faolain & déch céd lá Gallaibh Atha Cliath.

Ro cinnit tra deigh-chinnte iomdha isin comhdháil h-í shin eitir chádhus ceall & cléireach, & smacht treabh & tuath, go n-imthightís na h-aon-mhna Erind, & tuccadh aiseacc a chreiche do comharba Patraicc lá h-Uíbh Failghe a lámhaibh na ríogh rémhráite. Ro scarsat sein iar sin fó shídh, & fo chaoin-loisi gan ughra gan agra gan athchosan nech for a chéle isin comhdháil tré rath an rígh ro thionóil na maithe-sin cona slóghaibh go h-aoin-ionadh.

M1167.11

Sluaighedh, & tochastal fer n-Ereann, immo ríoghraidhRuaidhri Ua c-Concobhair. Táinic ann Diarmaid mac Corbmaic, tigherna Deasmhumhan, Muirchertach Ua m-Briain, tigherna Tuadhmhumhan, Diarmaid Ua Maoil Seachlainn, Midhe, Donnchadh Ua Cerbhaill, tigherna Oirghiall, & maithe Laighen archena.

Rangattar iaramh h-i t-Tír Eóghain, & ro rann Ua Conchobhair an tír i n-dó .i. Tír Eoghain o Shléibh Challain fo thuaidh do Niall Ua Lachlainn dar cend da bhrághadh .i. Ua Catháin na Craoibhe, & mac An Ghaill Uí Bhrain, & Cenél Eoghain ó Shlebh fo dheas do Aedh Ua Néill dar cend dá bhrághatt oile .i. Ua Maoil Aedha do Chenél Aonghusa, & h-Ua h-Urthuile do h-Uibh Tuirtre, comhaltai Uí Néill fodhéism.

Lotar fir Ereann ar c-cúla fo dheas dar Sliabh Fuait ar fud Tíre Eoghain & Conaill, dar Eass Ruaidh i c-coinne a c-cobhlaigh muiride, & ro iodhnaic Ua Conchobhair tigherna Deasmhumhan, cona sochraide dar Tuadhmhumhain fo dheas go h-Aine Cliach go sédaibh & mainibh iomdha leó.

M1167.12

Tainig tra Diarmait Mac Murchadha a Saxaibh co sochraide Gall, & ro ghabh ríghe Ua c-Ceinnsealaigh.

M1167.13

Sluaighedh oile lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair, & lá Tighernán Ua Ruairc i n-Uibh c-Ceinnsealaigh, go rangattar Ceall Osnadh. Fearthar deabhaidh eittir droing do glaslaith, & do marc-shluagh Connacht, & marc-shluagh Ua c-Ceindsealaigh, & torcrator seisiur do Chonnachtaibh im Domhnall mac Taidhg mic Maoil Ruanaidh isin céd ruaig. Do-rochrattar din,


p.1166

don ruaicc ele tanaisi lá Tighernán Ua Ruairc cuiger ar fichit do Uíbh Ceindsealaig im mac rígh Bretan, & bá h-esidhe tuir chatha Insi Bretan, tainic tar muir h-í sochraide Mic Murchadha. Táinic iaramh Diarmaid Mac Murchadha go h-Ua c-Concobhair, co t-taratt secht m-braigde dhó dar cenn déc t-triuca chéd dá fleiscc lámha fodéisin, & céd uinge dh'ór do Thighernan Ua Ruairc ina eineach.

M1167.14

Dearbhail inghen Donnchaidh Uí Maoil Sechlainn, d'ecc i c-Cluain Mic Nóis iar m-buaidh t-tiomna & c-coibhsean.

M1167.15

Uada Ua Co Chenainn, tigherna Ua n-Diarmada cédus, d'ég iaromh i c-clércecht i c-Cluain Mic Nóis.

M1167.16

Teampall Cailleach Cluana Mic Nóis do forbadh lá Dearbforgaill inghen Murchadha Ui Maoil Sechlainn.

M1167.17

Fabhar Fechine, Ail Finn, & Biorra do losccadh.

M1167.18

Muireadhach, mac Mic Cana, do mharbhadh la macaibh Uí Loclainn.

M1167.19

Teampall do dénam i c-Cluain Mic Nóis i n-ionadh an dearthaigheConchobhar Ua c-Ceallaigh, & lá h-Uíbh Maine.

Annal M1168

M1168.0

Aois Críost, míle cétt seasccat a h-ocht.

M1168.1

Flannagán Ua Dubhthaigh, epscop & ard-shaoi na n-Gaoidheal i l-leighind, h-i senchus, & i n-airchetal, & in gach aicniudh at-ces do dhuine ina aimsir, d'écc i leabaidh Muiredhaigh Uí Dhubthaigh i c-Cunga.

M1168.2

Mac Raith Ua Móráin .i. epscop Fer m-Breifne, mac-dalta Uí Dhúnáin d'écc i n-Ardachadh Epscoip Mél isin treas bhliadhain ochtmoghat a aoisi.

M1168.3

An t-epscop Ua Cearbhaill, epscop Ruis Ailithir, do écc.

M1168.4

Murchadh Ua Muiredhaigh, aird-eagnaidh coiccidh Connacht, & uasal-shacart.

M1168.5

Maol Pattraicc Ua Callada, comharba Cronáin Rossa Cré.

M1168.6

An saccart mór Ua Mongachain, comharba Mo Laisi Daimhinsi.

M1168.7

& Gallbhrat, mac Duairic Uí Thadhgáin, sagart mor Cluana Mic Nois, d'écc.

M1168.8

Muirchertach, mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain,


p.1168

Mumhan, & riogh-dhamhna Ereann (mac mathar do Ruaidhri Ua Conchobhair eisidhe) do mharbhadh lá mac mic Choncobair Ui Bhriain, & a mharbhad féin fo chedóir cona lucht coccair lá h-Ua f-Faeláin tighearna na n-Deisi Mumhan, & bá do Ruaidhri Ua c-Concobhair do-roine-siumh an gniomh h-ishin. Ro marbhadh fo chédóir mac mic Conchobhair ina dhíoghail lá Diarmait f-Find, & la h-Ua f-Faoláin & secht meic thoiseach cona muinteroibh.

M1168.9

Righe Mumhan do ghabháil do Domhnall, mac Toirrdhealbhaigh Uí Briain dar éisi Muircheartaig, a bhráthar.

M1168.10

Murchadh Ua Findalláin, tigherna Dealbhna Móiri, do mharbhadh lá Diarmaid mac Donnchadha Uí Maoil Seachlainn i n-díoghail a athar tar comairge chóigeadh Connacht & Airghiall.

M1168.11

Enda Mac Murchadha, rioghdhamhna Laighen, do dhalladh lá h-Ua n-Giolla Pháttraic .i. Donnchadh, tigherna Osraighe.

M1168.12

CoinneRuaidhri Ua c-Concobhair, lá rígh Ereann go c-cóigeadh Condacht uile, & la Tighernán Ua Ruairc, tigherna Breifne, & lá Dondchadh Ua c-Cearbhaill, co n-Airghiallaibh oc Ochaind, do chuingid a n-einigh ar Dhiarmaid Ua Maoil Sheachlainn, & ar Feraibh Mídhe ar marbhadh Uí Findalláin leó dar comairge choigidh Connacht & Airghiall. Do-radsad ámh, Fir Mídhe cona rígh ocht c-céd bó ina n-eineach dóibh, & eraic oile do Delbhna.

M1168.13

Aonach Taillten imorro do dhénamh lá rígh Ereann, & lá Leth Chuinn don cur-sin & ro leathsett a graifne & a marc-sluagh ó Mullach Aide go Mullach Tailten.

M1168.14

Diarmaid Ua Maoileachlainn do aithrioghadh lá h-Airther Mídhe a n-íoc na m-bó rémhráite.

M1168.15

Maidhm Atha an Chomair occ Druim Criaaigh ria n-Ua Maol Sechlainn co n-Iarthar Míde for cath Tuath Luighne, dú h-i t-torchrattar sochaidhe im mac Gairbhféth Uí Sirtén do Ghailengaibh, & ro marbhadh Conchobhar mac Mic Carrghamna ann i frioth-ghuin an mhadhma.

M1168.16

Dubh Chobhlaigh, inghen Uí Chuinn, ben Mic Carrgamhna, d'écc iar buaidh


p.1170

ongtha & aithrighe, & a h-adhnacal i n-Inis Clothrann.

M1168.17

Donnchadh Ua Cearbhaill, tighearna Airghiall, tuile ordáin & oirechais Tuaisceirt Ereann, d'écc iarna lettradh do thuaigh d'fhior dia muintir fein .i. Ua Duibhne, do Cenel Eoghain, iar m-buaidh ongtha, & aithrighe, & iar t-tiodhnacal trí c-céd unga d'ór ar sheirc an Choimdhe do cleirchibh, & eccailsibh.

M1168.18

Sluaighedh lá Ruaidhri Ua c-Concobhair, & lá Tighernán Ua Ruairc, co h-Aine Cliach, go t-tartsat braighde, & ro randsat Mumha i n-dó eitir mac Corbmaic Még Carthaigh, & Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, & do-radadh dá fhichit décc bó fo thrí i n-eneclann Muirchertaigh Ui BhriainDesmhumhain do Ruaidhri Ua Conchobhair.

M1168.19

Conchobhar Leth-dhearg, mac Maoil Seachlainn Uí Choncobhair, tighearna Corco Mo Dhruadh, do marbhadh lá mac a bhráthar.

M1168.20

Domhnall Ua Slébhin árd-ollamh Oirghiall, d'ég.

M1168.21

Amhlaoibh Mac Innaighneorach, ard-ollamh Ereann i c-cruitirecht, d'écc.

M1168.22

Dubhcobhlach, inghen mic Taidhg .i. Maoileachlainn Ui Mhaoil Ruanaidh, ben Toirrdhealbhaigh, Connacht, d'ég.

M1168.23

Maithe Cenél Eóghain, & comarba Doire, do thocht h-i teach Ruaidhri Uí Chonchobhair, rí Ereann co h-Ath Luain, & rucsat ór & édach & bú iomdha leó dia t-ticchibh.

Annal M1169

M1169.0

Aois Críost, mile céd seasccat a naoi.

M1169.1

Conghalach Ua Tomaltaigh, uasal-shaccart, & aird-fher leiginn Cluana Mic Nóis & saoi egna na n-Gaoidheal, d'écc.

M1169.2

Magh Eó na Saxan cona recclés, Fabhar Fhechine, & Doimh Liag Chianáin do loscadh.

M1169.3

As í so bliadhain h-i t-taratt Ruaidhri Ua Concobhair, rí Ereann, dech m-bú gacha bliadhna uadha féin, & ó gach rígh ina dheaghaidh co bráth d'fhior leighind Arda Macha i n-onóir Pháttraicc ar leighinn do dhénam do


p.1172

macaibh leighind Ereann & Alban archena.

M1169.4

Diarmaid Ua Maoil Seachlainn, Mídhe & Gall Atha Cliath, Ua Failghe, & Ua f-Faoláin, cend sonusa & sobharthain a chinidh, do mharbhadh lá Domhnall m-Breghach, mac Maoileachlainn Crosaigh, & lá Donnchadh Ceinnsealach Ua Ceallaigh & lá Feraibh Bregh.

M1169.5

Slóigheadh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair co h-Ath na Riach, & ro ionnarb Domhnall Breghach i n-díoghail an échta-sin, & ro rann Midhe i n-dó, & tuc an leth airthearach do Tighernán Ua Ruairc, & d'Feraibh Breifne, & an leath iartharach dó fein.

M1169.6

Brian Slébhe Bladhma, mac Toirrdhealbaigh Uí Bhriain, Mumhan, & an dá Éle, do dhalladh lá Domhnall mac Toirrdhealbhaigh i mephail.

M1169.7

Ferchair Ua Fallamhain, toiseach Cloinni Uatach, & maor Ua Maine, d'écc iar n-aithrighe.

M1169.8

Raghnall Ua Maoil Mhiadhaigh, toiseach Muintire Eolais, d'écc iar n-aithrighe.

M1169.9

Loinges na f-Flémendach do thocht a Saxaibh h-i socraide Mec Murchadha .i. Diarmada, do chosnamh righe Laighen dó. Báttar din, lx laech co lúireachaibh leó.

M1169.10

Sluaighedh fer n-EreannRuaidhri Ua c-Conchobhair, go Temhraigh, & tángattar maithe Thuaisceirt Ereann ina choinne im Maghnus Ua Eochadha, Uladh, & im Murchadh Ua c-Cearbhaill, tigherna Oirghiall, & do-deachattar as-sidhe co h-Ath Cliath, & ro léiccitt ar c-cúla dia t-tíribh dorídhisi.

M1169.11

Luidh iaromh rí Ereann Ruaidhri Ua c-Concobhair i Laighnibh, & Tighernán Ua Ruairc, tigherna Breifne, & Diarmaid Ua Maoileachlainn, Temhrach, & Goill Atha Cliath, h-í c-coinne Fer Mumhan, Laighen, & Osraighe, & ro chuirset for nemhthní na Flemendaigh, & do-rad Diarmaid Mac Murchadha a mhac a n-giollnus d'Ua Chonchobhair.

M1169.12

Ríghe Cenél n-Eóghain do ghabhail do Conchobhar Ua Lochlainn.


p.1174

Annal M1170

M1170.0

Aois Críost, míle céd seachtmoghatt.

M1170.1

Taisi Chommáin, mic Faolchon do thabhairt a talmhain do Ghiolla Iarlaithe Ua Carmacáin, comharba Commáin, & scrín do chor iompo lais go c-cumhdach óir & airgid.

M1170.2

Maol Ruanaidh Ua Ruadháin, epscop Luighne Connacht, aird-shenóir, saoi egna & crábhaidh.

M1170.3

Maol Mórdha Mac Uaireirghe, sruith-senóir dé-shearcach, sonus, & saidhbhres Cluana Mic Nóis, cend a Chéled Dé, do écc i mí Nouember.

M1170.4

Corbmac Ua Lumluini, fer leighind Cluana Ferta Brénainn, iarsma shuadh Ereann ina aimsir, d'écc.

M1170.5

Diarmaid Ua Braoin, comharba Commáin, & áird-shenóir Airthir Connacht, d'écc i n-Inis Clothrann iarsan cúicceadh bliadhain nochad a aoisi.

M1170.6

Conchobhar, mac Muirchertaigh Ui Lochlainn, tigherna Cenél Eóghain, & ríogh-dhamhna Ereann, do marbhadh lá h-Aodh m-Becc Mac Cana & do Uibh Caracáin Satharn Cáscc ar lár Trín Mhóir i n-Ard Macha.

M1170.7

Mac Ceallacháin, mac Mic Carthaigh, do mharbhadh lá mac Taidhg Uí Bhriain.

M1170.8

Taillte, inghen Muirchertaigh Uí Mhaoil Sechlainn, ben Domhnaill mic Murchadha Uí Fherghail, taoisech Muintire Anghaile, d'écc isin cethrachtmhadh bliadhain a h-aoisi.

M1170.9

Aindíles, mac Giolla Aonghusa Uí Chlúmháin, ollamh i filidhecht esidhe, d'écc.

M1170.10

Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Bhriain, tigherna leithe Mumhan, do iompódh ar Ruaidhri Ua c-Conchobhair, & é do dhilsiúghadh ghiall Dhál c-Cais.

M1170.11

Robert mac Stephni, & Ricard mac Gillebert .i. Iarla ó Strangbouu do theacht a Saxaibh i n-Erind go slógh n-dírimhe, &


p.1176

go n-iolar ridireadh, & saighdeoraibh h-i sochraide Mec Murchadha do chosnamh Laighen dó, & do chombuaidhreadh Gaoidheal Ereann archena, & do-rad Mac Murchadha a inghen do Iarla o Strangbouu ar tocht ina shochraide. Ro ghabhsatt Loch Garman, & do-dheachattar ar éigin ar Port Láircce, & ro ghabhsat Mac Gille Maire armand an Dúin, & Ua Faoláin, tigherna na n-Déisi, & a mhac, & ro mharbhsat secht c-céd ainnsidhe.

M1170.12

Domhnall Breaghach Ua Maoileachlainn co sochaidhibh d'Feraibh Bregh uime do dhul h-i Laighnibh, & Donnchadh Ua Ceallaigh, tigherna Bregh, do thuitim la Laighnibh don chur-sin.

M1170.13

Sluaighedh lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair, ri Ereann, & lá Tighernán Ua Ruairc tigherna Breifne & lá Murchadh Ua Cearbhaill, tigherna Oirghiall, i nd-aires Laighen, & na n-Gall remhraite, & baoi imnisi chatha etorra frí ré trí t-tráth, gur ro loisg tene do ait Ath Cliath, uair ro thréiccsett Goill an Duine Connachtaigh & Leth Chuinn archena.

Do-ronadh miorbhal for Ghallaibh Atha Cliath indsin ar ro fheall Mac Murchadha & na Saxanaigh forra, & ro chuirsett a n-ár ar lár a n-Dúine féin, & ruccsat a c-crodh & a n-ionnmas tria mí-chomhall a m-bréithre frí feraibh Ereann. Ad-laoi uadhaibh Asgall, mac Raghnaill mic Turcaill áirdrí Gall Atha Cliath.

M1170.14

Maidhm la mac Corbmaic mic Mec Cárthaigh, & lá Deasmhumain for na ridireadhaibh ro fagaibhset ag coimhed Phuirt Láirge.

M1170.15

Sluaighedh lá Mac Murchadha cona ridireadhaibh h-i Midhe & i m-Breifne, & ro airgset Cluain Eraird, & ro loisccsett Cenannus, & Cill Taillten, Dubhadh, Sláine, Tuilén, Cell Scíre, Disirt Chiaráin, & do-ronsat creach iar t-táin i t-Tír m-Briúin, & ruccsat braitt & buar iomdha leó dochom a longphoirt.

M1170.16

Braighde Dhiarmada Mic Murchadha do mharbhadh lá Ruaidhri Ua Conchobhair, rí Ereann, occ Ath Luain,


p.1178

.i. Conchobhar mac Diarmada, riogh-mhacaomh Laighen, & mac mic Diarmada .i. mac Domhnaill Chaomhanaigh, & mac a chomhalta .i. Ua Caollaighe.

M1170.17

Domhnall Breghach & Airther Mídhe do iompúdh ar O Ruairc, & ar O c-Conchobhair & braighde do thabhairt do Mac Murchadha.

M1170.18

Braighde Airthir Midhe do mharbhadh lá Tighernan Ua Ruairc.

M1170.19

Mac Mic Faoláin, & mac Donnchaidh Mic Giolla Pháttraicc do ionarbadh lá Mac Murchadha.

M1170.20

Sluaighedh lá Mac Murchadha is in m-Breifne, & sraintear for dreimh dia mhuintir lá h-amhsuibh Tighernain Uí Ruairc, & do-radsat iar t-táin ammus longpuirt fair féin co Laighnibh, Gallaibh, Feraibh Mídhe, & co n-Airghiallaibh imme, & torcratar sochaidhe dhiobh, & ro fhágaibhset a longphort.

M1170.21

Domhnall Ua Briain & Dál c-Cais do iompúdh for Ruaidhri.

M1170.22

Cobhlach dermhair lá Ruaidhri Ua c-Conchobhair for Sionainn d'ionnradh Mumhan. Creach lá h-Uibh Maine a n-Urmhumhain, & creach la h-Iarthar Connacht, i t-Tuadhmumhain. Ro h-indreadh Urmhumha leó don chur-sin, & ro scaoilset clár-droichet Cille Da Lua.

M1170.23

Lorcán Ua h-Echtighern do mharbhadh la macaibh mic Mec Con Mara, & lá h-Uibh Caisin.

M1170.24

Diarmaid Ua Cuinn, toiseach Cloinne h-Ifernain, do mharbhadh lá Cenél Aodha na h-Echtghe.

M1170.25

Diarmaid Ua h-Ainbfeth, tigherna Ua Meth, & toiseach marc-shluaigh tigherna Oiligh, do mharbhadh for Inis Lacháinloinges táinic a h-Insibh h-Orc.

M1170.26

Creach lá Tighernán Ua Ruairc i n-Gailengaibh & h-i Saidhnibh, & do-bert buar iomdha lais.

M1170.27

Creach la h-Airghiallaibh h-i t-Tír Bhriúin.

M1170.28

Murchadh Ua Fearghail, tigherna na f-Forthuath, do mharbhadh lá h-Ua Fiachrach, tighearna Ua f-Fineachlais.

M1170.29

Ruaidhri Mac Aodha, tigherna Cloinne Cosccraigh, d'écc ina oilithre i Tuaim Dá Ghualann.

M1170.30

Gníomh anaithnidh ainiarmartach do dhénamh lá Maghnus Ua h-Eochadha, Uladh, & don manach Amhlaoibh, mac comharba Findén Maighe Bile, & la h-Ultaibh archena (cenmótha


p.1180

Maoil Íosa epscop, & Giolla Domanghuirt mac Corbmaic, comharba Comghaill, & Maol Martain, comharba Finnén cona muintir) .i. coimhthionol manach riaghalta cona n-abbadh ro ordaigh Maol M'Aodhocc Ua Morghair, legaid comarba Petair, i Sabhall Pháttraicc do iondarbadh as an mainistir ro thógaibhseat, & ro chumhdaighset féin, & a n-argain go léir eitir leabhraibh & aidhmibh ecclastachta, bú, eocha, & caorcha, & na h-uile ro thionóilset ó aimsir an légaid remraite go sin. Mairg tigherna, & toisigh do-roine an gníomh h-ísin tria comhairle an tí ro dhichuirset manaigh Droichit Átha asan abdhaine tria n-a chionnaidh féin. Maircc tír a n-dernadh, acht ni dheachaidh gan indechadh on c-Coimdhe, uair ro marbhait in aoin-fhecht la h-uaithibh námhat na toisigh do-roinne an gníomh-sin, & ro gonadh an , & ro marbhadh gar becc iar t-tain co h-ainfechtnach isin baile i n-dernadh an comhairle ainffirén h-isin .i. i n-Dún. Dia mairt ro dí-chuireadh an coimhtionol. Dia mairt tra i c-cind bliadhna ro marbhadh maithe Uladh, & ro gonadh a . Dia mairt gar uair iar t-tain ro marbhadh é i n-Dún lá a derbhrathair.

Annal M1171

M1171.0

Aois Críost, míle céd sechtmhoghat a h-aon.

M1171.1

Petrus Ua Mórdha, epscop Cluana Ferta Brénainn, manach cráibhdheach cétus, do bhádhadh isin Sionaind an 27 do December.

M1171.2

Sadhbh, inghen Glúin Iairn Mic Murchadha, banchomharba Brighde, d'ég iar n-aithríghe.

M1171.3

Cloictheach Telcha Áird do losccadh lá Tighernán


p.1182

Ua Ruairc cona lán do dhaoinibh ann.

M1171.4

Diarmaid Mac Murchadha, Laighen, an fer lasa n-dernadh fód crithigh d'Erinn uile, iar t-tochustal Saxan, & iar n-denamh ulc Gaoidheal go h-iomdha, iar n-arccain & losccadh ceall n-iolardha, Cenannus, Cluain Eraird, &c, do écc ria c-cind bliadhna do ghalair ettuailngeach anaithnidh, uair ro bhrén ina bhethaidh tria mhiorbhail Dé, Choluim Chille, & Findéin, & naomh Ereann isa cealla ro sháraigh, & ro loiscc fecht riamh, & i Ferna Mhóir at-báth gan tiomna, gan aithrighe, gan corp Criost, gan ongadh, amhail ro thuill a dhroch-airilleadh.

M1171.5

Maol Crón mac Giolla Seachnaill tigherna Desceirt Bregh, do écc.

M1171.6

Tailltin, inghen Conchobhair Uí Maoil Sechlaind, ben Iomhair Uí Chathasaigh, tigherna Saithne, d'ég.

M1171.7

Domhnall, mac mic Ruaidhri Uí Mhaoil Mhuaidh, tigherna Fear c-Ceall, do mharbhadh lá Muintir Muimhneacha. Domhnall Ua Fógarta, tigherna Ele Déisceirt, do mharbhadh lá Domhnall mac Donnchadha Osraighe, & ro chuir ár an dá Ele, dú i t-torcratar fiche ar tribh cédaibh.

M1171.8

Creach-chobhlach lá h-Ultaibh h-í t-Tír Eóghain, dia ruccsat bú iomdha leó.

M1171.9

Creach lá Niall mac Mec Lachlaind go c-Cenél Eóghain i n-Ultaibh, & ro marbhadh sochaidhe leó, & do-bhertsat buar dirímhe.

M1171.10

Braighde Airghiall iaromh do ghabháil lá Niall Ua Lochlainn.

M1171.11

Creach mhór lá Maghnus mac Duinn Sleibhe Uí Eochadha co n-Ulltoibh i c-Cúil an Tuaisceirt, & ro airgset Cúil Rathain, & cealla oile, & rugsat uathadh beag do Cenél Eoghain forra im Chonchobhar Ua Chatháin, & ro feradh iomairecc etorra, & ro meabhaidh for Ultoibh, & torchair fer ar fhichit do thoiseachaibh, & do mhacaibh toiseach co sochaidhibh iomdhaibh oile o Ultaibh, & ro gonadh Maghnus fein, & terna asan cath-gliaidh don chur-sin. Ro marbhadh iaromh lá a derbhrathair féin, lá Donn Sléibhe, & lá Giolla Aenghusa


p.1184

mac Mic Giolla Epscoip, rechtaire Manaigh, i n-Dún, iar n-dénamh ulc iomdha.

M1171.12

Creach ar SaithnibhTighernán Ua Ruairc go b-Feraibh Breifne. Ro mharbhadh leó sochaidhe & do-bhertsat buar iomdha.

M1171.13

Creach oile lá Tighernán i n-Desceart Bregh, & ro marbhadh lais Giolla Nénáin Mac Lughadha, .i. taoisech Cuircne, & Mac Giolla Seaclainn (.i. taoiseach Deisceirt Brecch.) Torchair lá Feraibh Mídhe don chur-sin Ua Lamhdhuibh.

M1171.14

Domhnall Breghach, tigherna Míde, do thabhairt ghiall do Thighernán Ua Ruairc.

M1171.15

Seacht c-creacha do dhénamh lá h-Uibh Maine for Urmhumhain ó domhnach na h-imrime co domhnach mionchasg.

M1171.16

Creach Doimh Liag Chianáin do dhénamh lá ridiredhadh Míli Chocan, & torchratar aroile dhíobh arna bhárach lá Gallaibh Atha Cliath in eineach Chianáin.

M1171.17

Cath Atha Cliath eitir Mili Cocan & Asgall, .i. mac Racchnaill, Gall n-Ereann fecht riamh. Torcratar a n-ár cechtarnae adiú, & anall eitir rideredhaibh Saxan & Galla Atha Cliath. Do-rochair ann Asgall mac Raghnaill, & Eoan Lochlandach a h-Insibh h-Orc, co sochaidhibh aile cenmothát.

M1171.18

Sluaighedh lá Ruaidhri Ua c-Concobhair, lá Tighernán Ua Ruairc, & lá Murchadh Ua Cerbhaill go h-Ath Cliath, d'forbhais ar an Iarla .i. Strangbuu, & ar Míli Cocan. Baoi trá deabhaidh & iomghuin etorra frí ré coicthidhisi. Do-chóidh iaromh O Conchobhair i c-coinni Laighen, & marc-shluagh Fer m-Breifne & Airghiall do bhuain & do losccad arbhann na Saxanach. Do-deochadar iarttáin an t-Iarla & Mili Cocan cona rideraibh i l-longport Leithe Cuinn, ro marbhrat sochaidhe dia n-daosgar-shluagh, & tucsat a lón, a n-edeadh, & a c-caiplibh.

M1171.19

Maidhm lá mac Corbmaic Még Carthaigh ar Ghallaibh Luimnigh. Ro marbhadh sochaidhe mhór díobh lais im Foirne mac Giolla Caindig, & im Torchair mac Tréni, & ro loiscc an marccadh, & leth an dúine ar meadhón.

M1171.20

Slóighedh lá Tighernan Ua Ruairc co b-Feraibh


p.1186

Breifne doridhisi, & lá h-Airghiallaibh co h-Ath Cliath, & ro chuirset deabhaidh frí Míli Cocan cona ridiridhaibh, go raeimid for Fearaibh Breifne & for Airghiallaibh. Do-rochair ann Aedh mac Tighernáin Uí Ruairc, tanaisi Breifne, & mac mic Diarmada Ui Chuinn, & sochaidhe oile immaille friú.

M1171.21

Creach lá dréim do Shíol Muireadhaigh i t-Tuadhmumhain, & ro oirccset Sirtheachán Ua Litiudha, & ro mharbhsat é budhdhein i c-cliathaidh.

M1171.22

Creach lá Síol n-Anmchadha & lá Muintir Chionaetha i n-Ele, & do-bhertsat bú iomdha.

M1171.23

Creach lá mac an Iarla go ro oircc cealla Maighe Laighen & drong mhor do Uibh Faoláin.

M1171.24

Creach lá h-Iarthar Connacht, & lá dreim do Shíol Muiredhaigh go ro airccset Iarmhumha, Corcu M' Druadh, & tuccsat buar díríme.

M1171.25

Creach la muintir mic an Iarla dia ro oirccset Cluain Conaire, Gailinne, & Lathrach m-Briuin.

M1171.26

Inghen Uí Eochadha, ben Murchadha Uí Cearbhaill, tigherna Oirghiall, d'écc.

M1171.27

Cobhlach Connacht ó Shamhain co Bealtaine for Sionainn, & for Loch n-Dergdherc.

M1171.28

Síth do dénamh do Dhomhnall BreghachTighernán Ua Ruairc, & Airther Mídhe do thocht dia thigh.

M1171.29

Saxan an dara Henrí Diuce na Nortmann, & Aquitaine Iarla Andegauia, & tigherna ar morán do thíribh oile, do thecht in Erinn an bhliadhain-si, dá fichit ar dá chéd líon a long, & as ann ro ghabhsat i Port Lairge.