Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1143

M1143.0

Aois Críost, míle ced ceatrachat a trí.

M1143.1

Mac Raith Ua Fuilleacháin, epscop & ógh.

M1143.2

Mac Raith Ua Fídan cend Insi Locha Cre.

M1143.3

& Giolla Criost mac An Becanaigh, airchindech Droma Móir, d' écc.

M1143.4

Giolla Aonghusa Ua Clumháin, ollamh Connacht i b-filidheacht, d' écc.

M1143.5

Cluain Earaird do losccadh ass an rainn as mo im Less an Memra.

M1143.6

Ceanannas, Ath Truim, Domhnach Sechnaill, & Ceall Dara do loscadh.

M1143.7

Corcach do losccadh fo dhí.

M1143.8

Muirchertach, mac Domhnaill Uí Mhaoileachlainn ríogh-dhamhna Teamhrach, & Iarthair Mídhe frí ré, & Donnchadh Ua Con Chenainn, d' écc.

M1143.9

Móir-chreach lá Cenél n-Eoghain h-í Fernmhaigh, dia ro loitset an tír go mór etir bhú & arbhar. Do-rochair din Art Ua Ruairc leo don chur-sin.

M1143.10

Ríghe Chenél Eoghain do ghabháil do Ua n-Gairmleadhaigh .i. do Dhomhnall iar n-ionnarbadh Muirchertaigh mic Néill Mhec Lachlainn do Chenel Eoghain feisin, & do Domhnall rémhraite.

M1143.11

Aodh, mac Muirchertagh Uí Dhúbhda, tigherna Ua Fiachrach an Tuaisceirt & h-Ua n-Amhalghadha, d' ég.

M1143.12

A mhac féin .i. Ruaidhri do erghabháil lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair tar sárughadh laech & cléireach, mind, & comairgeadh. It iat na comairgea Muiredhach Ua Dubhthaigh go c-cléirchibh & laochaibh Connacht, Tadhg Ua Briain, tigherna Tuadhmhumhan, Tighernan Ua Ruairc, tigherna Breifne, & Murchadh mac


p.1072

Giolla na Naomh I Ferghail, tigerna Muintire h-Anghaile. Ro throisccset tra cléirigh Connacht im Muiredhach Ua n-Dubdhaigh occ Raith Brenainn imo c-comairge, & ní thuccadh dhóibh.

M1143.13

Murchadh Ua Maoileachlainn, Mídhe cona forthuathaibh. do erghabháil lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair, la rígh Connacht, for snádhadh mind & comhairgedh Erenn. At iat-sidhe .i. altóir Ciarain cona miondaibh, scrin Ciaráin An Ór-eineach, An Matha Mór, an t-abb & an prióir, & dias as gach druing don eaglaiss, Muiredhach Ua Dubhtaigh an t-áird-epscop, tigherna Connacht, & a taoisigh, comharba Pháttraicc & Bachall Iosa, comharba Feichin & Clocc Feichin, & Bóbán Caoimhghin. Ro báttar tra sin uile, eittir Toirrdhealbhach & Murchadh gan fhéill gan meabhail, gan trégadh neich díobh dia aroile gan dalladh gan erghabháil gan timdhibhe críche na ferainn for Murchadh, gomadh fiadhnach lasna comairgibh a chion, & co f-foccarthaoi slán é d'ionchaibh a chomairgedh. Acht nama ní frith cion follus cuicce cia ro gabhadh, & ro leicceadh ass i c-cinn mhís iarsin d'ionchaibh a chomairgedh, & ro h-idhnaicedh eissuimh lá a chomhairgibh isin Mumhain, & do-radadh ríghe MídheToirrdhealbhach dia mhac feissin, do Chonchobhar. As amhlaidh-so for-caomhnaccair an earghabháil ishin .i. slóicchedh do dhénamh lá Toirrdhealbhach amhail budh do thecht isin Mumhan, Connachtaigh, Conmhaicni, & Uí Briúin do thionól go h-aon-mhaighin, & Ua Maoileachlainn do ghabháil, & a bhreith go Dún Mór, & braighde Midhe archena amhail remh-ebartmar, acht chena ní ro milleadh a bheg isin Midhe dhe-sin.

M1143.14

Crech la h-Elibh i Feraibh Ceall, dar broind mionn, & comairgeadh.

M1143.15

Sloighedh lá Toirrdhealbhach Ua m-Briain co b-Feraibh Mumhan h-i c-Connactaibh, gur thescsat an Ruaidh-bheithigh, & gur scaoilset a caisiol, & ro shoidhsed iarsin gan creich gan ghiallna.

Annal M1144

M1144.0

Aois Críost, míle céd ceathracha a cethair.

M1144.1

Giolla Phattraicc mac Conghail, saoi eaccna na n-Gaoidheal, fear leighind Cluana Eraird, & a sacard.


p.1074

M1144.2

& Flandagan Innsi Faithlenn, anmchara toghaidhe, d'ég.

M1144.3

Cenannas do losccadh fo thrí ar bhliadhain-si.

M1144.4

Donnchadh mac meic Carthaigh, áird-ríoghdhamhna Mumhan, do écc i n-geimheal ag Toirrdhealbhach Ua m-Briain, occ ri Muman.

M1144.5

Teidhm treaghaitt i Mumhain & h-i c-Connachtaibh, dia n-erbhail Brian mac Toirdhealbhaig, mic Diarmada Uí Bhriain.

M1144.6

Tadhg mac Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair & sochaidhe oile do Chonnachtaibh, do écc don treghaid cédna.

M1144.7

Conchobhar, mac Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair, aird-riogh-dhamhna Ereann, & Mídhe frí ré leth-bhliadhna, do mharbhadh ag Bealach Mhuine na Siridhe, la h-Ua n-Dublaich, tigherna Fer Tulach, uair ba eachtair-cheneóil lais a bheith-siomh i ríghe uas Fearaibh Midhe. Toirrdhealbhach do thabhairt Iarthair Midhe do Dhonnchadh, mac Muirchertaigh Ui Mhaoilechlainn, & Airther Midhe do chomhrainn etir Tighernán Ua Ruairc, tigherna Breifne, & Diarmaid Mac Murchadha, Laighen, & a m-beith for a c-comairccibh samhlaidh ó Chonnachtaibh.

M1144.8

Ruaidhri Ua Conchobhair, mac Toirrdhealbhaigh, do légean a geimheal dia a athair do shnádhadh na c-cléreach.

M1144.9

Comhdhál shíodha eitir Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair, & Toirrdhealbhach Ua Briain ócc Tír Dá Ghlas co maithibh Mumhan & Connacht, laochaibh, cleirchibh. Do-rónadh iaramh a sídhughadh amhail ro naidhmset na cléirigh etorra.

M1144.10

Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair i Midhe d'órdughadh a rígh. Tug ó Loch Ainind sair do Murchadh Ua Maoileachlainn, & ó Loch Ainind siar do mac Muirchertaigh Uí Mhaoileachlainn. Tugtha dna ceithre céd bó d'Feraibh Mídhe i n-éraic Chonchobhair a meic do Thoirrdealbhach Ua c-Conchobhair.

M1144.11

Creach-shluaigheadh lá Toirrdhealbhach Ua m-Briain i Laighnibh, co rucc il-mhíle bó, & gur chuir ár cenn.

M1144.12

Cearbhall Ua Findulláin, tigherna Dealbhna Móire, d'écc.

M1144.13

Domhnall Ua Ceallaigh


p.1076

do mharbhadh la tribh macaibh mic mic Concobhair Uí Cheallaigh .i. Donnchadh, Amhlaoibh, & Lochlaind, & níor bhó cian co t- torcratar sídhe iaramh.

M1144.14

Mac Mic Maoláin, tigherna Gaileang Breagh, do mharbhadh.

M1144.15

Cionaedh, mac Mic Amhalgadha, toiseach Calraighe, dho mharbhadh lá Flann Mac Amhalghadha.

M1144.16

Donnchadh, mac Taidhg Uí Mhaoil Ruanaidh, d'écc.

Annal M1145

M1145.0

Aois Criost, míle céd ceathrachat a cúig.

M1145.1

Sluaighedach Ua Catháin, epscop & ógh do mhuintir Lethghlinne, d'écc.

M1145.2

Treóit do losccadh lá Donnchadh Ua Cearbhaill for mhuintir Uí Mhaoilechlainn, & trí fichit do dhaoinibh do mharbhadh innte.

M1145.3

Cluain Fiachna do losccadh.

M1145.4

Tene aoil do dhénamh lá Giolla Mac Liag, comharba Pattraicc, & la samhadh Pháttraicc airchena, a m-bai lx traiccheadh for ceach leth ar bhelaibh Eamhna Macha.

M1145.5

Maidhm ria c-Cenél Conaill, & ria mac Néill Uí Lochlainn for Domhnall Ua n- Gairmleadhaigh & for Cenél n-Eoghain .i. for an lucht ó Shléibh fo thuaith, airm i t-torcrattar sochaidhe.

M1145.6

Sluaigheadh lá Cenél c-Conaill h-í foirithin mic Néill Mec Lochlainn doridhisi & dna lá Donnchadh Ua Cerbhaill co n-Airghiallaibh, & ro ionnarbsat Domhnall Ua Gairmleadhaigh as a fhlaithes, & ro fhágaibhset mac Néill ina ionadh.

M1145.7

Tighernan Ua Ruairc, tigherna Breifne, do iompudh for Chonnachtaibh. Creach la Tighernan isin c-Corann.

M1145.8

Crech la Toirrdhealbhach Ua Concobhair i Muigh Luighne for Feraibh Breifne, co t-tuccsat il-mhíle bó.

M1145.9

Slóigheadh lá Toirrdhealbhach Ua m-Briainrigh Mumhan co Leitir Cranncha h-i Sleibh Bladhma do theacht i c-coinne Uí Ruairc h-í Midhe.

M1145.10

Foslongphort Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair isin Rubhann, & a mhac Domhnall Midheach, & Maol Sechlainn


p.1078

mac Murchadha Uí Mhaoileachlainn, & Conchobhar mac Domhnaill Uí Bhriain, & Diarmaid mac Corbmaic Mec Cárthaigh co slochcaibh iomdhaibh ina fhairradh occ coimhett Fer c-Ceall ar ná tístaís Muimhnigh inntibh. Do-dheachatar Muimhnigh andeas lá n-ann do fhobairt na c-coillteadh conus-tarla an lucht n-aile ina c-cenn, & ro lásat a n-ár. Im-shoiset Muimhnigh iarsin dia t-tigh, gan creich, gan gialla, gan sídh gan osadh.

M1145.11

Aedh mac mic Taidhg Uí Chuinn, toiseach Mhuintire Giollcán, do thuitim lá drem do Mhuintir Ghillcán, & lá Fearaibh Teathbha.

M1145.12

Maidhm Dúine Dubháin i n-Dealbhna ria Maol Sechlainn, mac Murchadha Uí Mhaoileachlainn, & ria c-Cairpribh for Feraibh Breifne, airm i t-torcrattar trí chéd dia n-ógbhaidh, im Uibh Connachtaigh, im Uibh Cathluain, & im Uibh Cubhráin.

M1145.13

Coccadh mór isin m-bliadhain-si co m-boí Ere ina fód crithaigh.

M1145.14

Crech lá Murchadh Ua Maoilechlainn h-i Fernmhaigh, & do-bert ile bó, & ro mharbh daoini iomdha.

M1145.15

Crech la Tighernán Ua Ruairc i Muigh Luirg.

M1145.16

Creach oile bheós lá Murchadh Ua Maoilechlainn i n-Airghiallaibh, co t-tard bú a Cuailnge.

M1145.17

Fir Mumhan do thocht slóighedh i c-Connachtaibh, & rugsat Ua Ceallaigh .i. Tadhg mac Conchobhair, tigherna Ua Maine, leó, & ro mharbhsat Ruaidhri Ua Flaithbheartaigh.

M1145.18

Creach lá Cairpri Ua Ciardha i n-Uibh Briúin. Ró loiscset daingen Bona Cuilinn & ro brisit tri h-ethra móra leó, & tucsat bú iomdha.

M1145.19

Crech-shluaighedh lá Murchadh Ua Maoilechlainn i t-Tír Briúin, & bá don chur-sin do-rochair Maoilechlainn, mac Domhnaill Shúgaigh, mac Cochaill Flich, mic Senáin lá h-Uibh Briúin, co sochaidhibh oile.

M1145.20

Fionn Ua Cearbhaill, tanaisi Ele, do mharbhadh.

M1145.21

Ammus do thabhairt lá h-Uibh Briúin & lá dréim do Chonnachtaibh ar chobhlach Síl Muireadhaigh & na t-Tuath, & Murchadh Ua Maoil Bhrénainn, taoseach Cloinne Conchobhair, do mharbhadh ann, & Donn Ua Mannacháin, tigherna Ua m-Briúin na Sionna


p.1080

Annal M1146

M1146.0

Aois Críost, mile céd ceathrachat a sé.

M1146.1

Corbmac Ua Cathasaicch, airdeaspucc Laighean, d'écc.

M1146.2

Fochard Muirtheimhne do uile-losccadh.

M1146.3

Ar for Ghallaibh Atha Cliath ria n-Airther Midhe maighin i t-torcratar dá chéd im Raghnall mac Torcaill, .i. mórmhaor Atha Cliath, & im Iufraigh, & sochaidhe oile dia maithibh.

M1146.4

Ceallach Ua Ceallaigh, tigherna Fer m-Bregh, do mharbhadh lá Flaithbheartach Ua Cathasaigh & la Gallaibh.

M1146.5

Creach la Tighernan Ua Ruairc dar Magh n-Aoi co Loch Long, & co Dún Iomghain. Ro mhill & ro loiscc ceithri longa, & ro mharbh mac Uí Mhaoilechlainn baí oca n-anacal, & sochaidhe oile. Ro gonadh ann dna Giolla Brighde, mac Duibh Dara, taoiseach Mhuintire h-Eólais gur bhó marbh as a h-aithle oca tigh iar n-argain Chluana Coirpthe dho roimhe-sin.

M1146.6

Giolla Pháttraicc mac mic Donnchadha, tigherna Osraighe, do mharbhadh do Uibh Braonáin i fiull ar lár Cille Caindigh.

M1146.7

Creach-shluaigheadh lá Toirrdhealbhach Ua m-Briain i Laighnibh. Ro airccset Ui Failghe, & rugsat braitt iomdha leó.

M1146.8

Eccneach, mac Amhlaoibh Uí Chaomháin, do mharbhadh lá Donnchadh Ua Cearbhaill.

M1146.9

Athach gaoithe móire do thiachtain an treas lá do December, cor ro lá fíodh-ár mór fo Erinn. Ro trasccair sescca crann i n-Doire Cholaim Chille, ro mharbh, & ro mhudaidh daoine iomdha isin cill.Ro mharbh bheós daoine oile i c-Cill Shleibhe.

M1146.10

Domhnall Ua Braoin, tigherna Breaghmaine, do écc.

M1146.11

Ceallach Ua Ceallaigh, tigherna Breagh, do mharbhadh lá Flaithbhertach Ua Cathasaigh & lá Gallaibh Atha Cliath.

M1146.12

Giolla na Naomh mac mic Con Meadha, do thuitim lá a derbhrathair féin .i. lá Domhnall, & Cú Meadha, a mhac, do écc.

Annal M1147

1147.0

Aois Críost, mile céd ceathrachat a seacht.

M1147.1

An t-epscop Ua Meanngoran d'écc.

M1147.2

Muiredhach Ua Flannaccáin, saccard toghaidhe, d'écc iar b-pendainn dhíochra.

M1147.3

Giolla Ailbhe mac mic Floinn.

M1147.4

Cuillén mac fer leighinn Imleacha Iubhair.

M1147.5

& Fiachra mac Muireadhaigh, airchindeach Lughmhaidh frí ré, do écc.

M1147.6

Ross Cré & Oentrobh do losccadh.

M1147.7

Caor theinedh do theacht an bhliadhain-si


p.1082

for chloicthech Doimh Liag Cianain, co ro thrasgair a bendchobhar de.

M1147.8

Duarcán Ua h-Eaghra do thuitim lá h-Ua n-Gadhra i meabhail.

M1147.9

Creach lá Coin Uladh mac Duinn Shléibhirigh n-Uladh i Fernmaighe, & ro airg ermor Cluaine Mail Duibh.

M1147.10

Slóighedh lá Muirchertach, mac Néill Uí Lochlainn, & lá Cenél n-Eoghain, & lá Donnchadh Ua Cerbhaill go n-Airghiallaibh i n-Ultaibh. Batar Ulaidh i l-longport ara g-cind ar bhrú Uchdearc. Fágbhaitt Ulaidh an longportCenel n-Eóghain & lá h-Airghiallaibh. Lottar ina n-diaidh co riachtattar tráigh Dúin Droma h-i l-Leith Chathail. Do-bertsat Ulaidh deabhaidh dóibh and sin, lá fhéile Póil & Petair, & meabaidh for Ultoibh dú in ro marbhait sochaidhe mhór dhíbh im Archoin Ua Flathraoi, tigherna Lethe Cathail. Indrit & loiscit na sluaigh iar sin Leith Cathail uile, & do-ratsat gialla leó ó Ultaibh.

M1147.11

Tadhg Ua Briain do léigean as a gheimheal ar impidhe epscop Ereann im comarba Phattraicc, Mael M'Aedhócc Ua Morghair, im Muireadhach Ua n-Dubhthaigh, & im Domhnall Ua Longargáin, uair bá for a chomairge ro gabhadh.

M1147.12

Meass mór fo Erinn an bhliadhain-si.

M1147.13

Giolla Mo Choindi Ua Cathail, tigherna Ua f-Fiachrach Aidhne, do mharbhadh do mhac mic Domhnaill Ui Chonchobhair.

M1147.14

Maidhm Atha Luain for Dhomhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair, & for Uibh Maine ria f-Feraibh Teathbha, dú i n-dorchair mac mic Amhalgadha Uí Fhlainn go sochaidhibh oile.

Annal M1148

M1148.0

Aois Críost, míle ceathrachat a h-ocht.

M1148.1

Teampall Cnuic na Sengán do fhorbhadh lasan epscop O Caollaidhe & lá Donnchadh Ua c-Cearbhaill, & a choisreccadh lá h-Ua Morgair, comharba Pháttraicc, & neimheadh .i. talamh ecclusda do órdughadh dhó i Lughmhadh.

M1148.2

Senadh do thionól occ Inis PattraiccMael M'Aedhog, comharba Phatraic, ba h-é a líon coicc epscopu décc co n-díbh cédaibh saccard do erail riaghla, & shoibhés for chach etir thuaith, & eglais, & dna Maol M'Aedhócc Ua Morghair do dhol don dara fecht do accallaimh comharba


p.1084

Phetair do Róimh a comhairle an t-senaidh.

M1148.3

Malachias .i. Maol M'Aedhócc Ua Morghair, airdepscop cathaoire Padraicc, aird-cenn iarthair Eorpa, legaite comharba Petair aoin-cheand ro riaraighset Gaoidhil, & Goill, ard-shaoi i n-eaccna, & a c-crábhadh, lochrann solusta no shoillsighedh tuatha & eccalsa tria forcheatal, & chaoin-gníomha, aoghaire tairisi na h-eccailsi co coitcend, iar n-oirdneadh do epscop & sacart, & aos gacha graidh archena, iar c-coisreagadh teampall & relgheadh n-iomdha, iar n-dénamh gacha lubhra ecclastacdha sechnón Ereann, iar t-tíodhnacal seód & bídh do thrénaibh & thruaghaibh, iar f-fothughadh ceall & mainistreach, ar as leisiomh ro h-athnuadhaighthe i n-Erinn, iar n-a f-failliughadh ó chéin mháir, gach eglais ro lécthi i faill, & i n-éislis, iar b-fhághbhail gach riaghla & gach soibhésa i n-eaglaisibh Ereann archena, isin dara fecht a leccaidechta iar m-beith ceithre bliadhna décc ina priomhaidh, & iarsan ceathramhadh bliadhain caeccat a aoisi, ro fhaidh a spirat dochum nimhe an dara lá do Nouember, & as ann cheleabraitt an eglais lith & sollamhain Naomh Malachias ar an tres lá arna claochlúdh lasna sruithibh ó lá fhéle na marbh ar an lá 'na dhiaidh ar combadh usaide a erdach & a onóir, & ro h-adhnacht, i mainistir S Bernard h-i c-Clairualis h-í f-Francoibh, go n-onóir, & co n-airmhittin.

M1148.4

Ua Duibhín, epscop Chille Dara.

M1148.5

An t-epscop Ua Naidhenán.

M1148.6

Ceallach Ua Domhnacháin, uasal-chend Cille Beneoin.

M1148.7

& Maol Chiaráin Mac Mengain uasal-shaccart réglesa Suidhe Coluim Chille h-i c-Cenandus, iar m-buaidh martra & aithrighe, do écc.

M1148.8

Cluain Earaird, Land Leire, & Lughmhadh, do losccadh.


p.1086

M1148.9

Sluaighedh la Muirchertach, mac Neill Ui Lochlainn, & lá Cenél n-Eoghain, & la Donnchadh Ua Cerbhaill co n-Airghiallaibh i n-Ultaibh, co t-tuccsat gialla Uladh im mac righ Uladh leó, & ro fhagaibhset cethrar tighernadh for Ultoibh don chur-sin. Ulaidh & Airghialla do iompódh for Mag Lachlainn & for Cenel n-Eoghain iar sin.

M1148.10

Sloighedh ele dan, la Muirchertach Ua Lachlainn & lá Cenel n-Eoghain tar Tuaim i n-Ultaibh, co ro iondarbsat Cu Uladh Ua Duinn Slébhe a h-Ultaibh, & co t-tardsat Donnchadh ina ionadh, & co n-deachattar don chur-sin i Machaire Conaill, co ro loisccset an machaire acht na cealla namá ro anacht comharba Pháttraicc.

M1148.11

Slóighedh dna lá Tighernán Ua Ruairc & lá Donnchadh Ua c-Cearbhaill i n-Ulltaibh, co Craibh Telcha, co ro creachsat an tír & co f-farccaibhsiot Cú Uladh ina righe doridhise. Acht chena ro díochuiredh fó chédóir o Ulltaibh budhdéin.

M1148.12

Comhdhal lá h-Ua Lochlainn co maithibh Cenél Eoghain, & lá h-Ua c-Cearbhaill co maithibh Airghiall, & co maithibh Uladh imo t-tighernadaibh i n-Ard Macha, co n-dernsat ogh-sídh fo Bachaill Iosa h-i f-fiadhnaisi comharba Pattraicc, & a shamhtha, & ro fhagaibhsiot gialla acc Ua Lochlainn . Braighde Ceneoil c-Conaill dan, lá h-Ua Lochlainn.

M1148.13

Ua Gairmledhaigh .i. Domhnall, tigherna Chenel Eoghain re h-eadh d'ionnarbadh i c-Connachtaibh la h-Ua Lochlainn.

M1148.14

Sitriog Ua Braonáin, tigherna Breghmaine, do mharbhadh lá a bhraithribh feissin.

M1148.15

Comhdhal etir Thoirrdhealbhach Ua c-Conchobhair & Tighernan Ua Ruairc ag Snámh Rathaind & ro loit an t-aith-clerech mac Con Chairne Ui Fherghail Tighernán Ua Ruairc ag dol chum na coinne.

M1148.16

Móir-chreach lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair for Fhearaibh Teathbha, co rugsat Fir Theathbha fair occ Ath Luain, go ro iompo friú co t-tug a n-ár.

Annal M1149

M1149.0

Aois Críost, mile ced ceathracha a naoi.

M1149.1

Giolla na Naomh Ua Muirchertaigh, uasal-epscop deisceirt Ereann senoir ogh eccnaidhe cráibhdheach.


p.1088

M1149.2

Muircertach Ua Maol Moicheirghe uasal-epscop Ua m-Briúin Breifne senoir uasal.

M1149.3

& an t-espug Ua Gormghaile senoir uasal cráibhdhech, d'écc iar b-pendainn, & iar n-aithrighe dhíochra.

M1149.4

Mac Raith clérech aeghedhcair airmhidneach do mhuinntir Arda Macha, d'écc.

M1149.5

Leath Doimh Liag Chianáin d'orccain lá Gallaibh Atha Cliath, & lá Diarmait Mac Murchadha co l-Laighnibh, & ro mharbhsat Diarmait mac Maghnasa Uí Lochlainn, tanaissi Oiligh, ro bhaí acc díoghail na h-oirgne, & tugadh a chorp co h-Ard Macha, & ro h-adhnaicedh ann.

M1149.6

Doire Cholaim Chille do losccadh, & Inis Mic n-Dairen cona teampal.

M1149.7

Laoighsech Ua Mordha, tigherna Laoighisi & na c-Comann, d'écc iar n-aithrighe.

M1149.8

Cú Uladh .i. mac Conchobhair do thocht i nd-Ulltoibh doridhisi, co ro ionnarb Donnchadh a flaithius Uladh iar n-uachtar, & tug Ua Mathghamna iaramh & da mac Aoda mic Duinn Sléibhe (Donnchadh & Murchadh) amus longpuirt fair-siomh, go raeimhidh ria c-Coin Uladh forra, & ro marbhadh Murchadh lais.

M1149.9

Slóighedh lá Cenél n-Eoghain co Magh an Chairn d'ionnarbadh Chonchobhair co ro thairmiscc Ua Cerbhaill impú, uair do-rad a mhac fein dóibh tar cenn Uladh.

M1149.10

Slóighedh ele lá mac Néill h-Uí Lochlainn, co t-tuaiscert Ereann uime .i. Cenel Conaill, Cenel Eoghain, & Airghialla, i n-Ulltoibh. Ro airccset Uladh iar n-uachtar uile otá cuan Snámha Aighneach co Droichet na Feirtsi. Do-dheachattar foireann díbh for innsibh Locha Cuan. Ro airgseat dan Inis Cumhscraidh Lethghlais, Ceall Aedhain, Magh Bile, Bendchor, & uile chealla an tíre archena cénmotha Dún & Sabhall. Tainic iar t-tain h-Ua Duind Slébhe i t-taigh h-Ui Lachlainn co t-tucc a mac fein i n-giallna dho, & an ro chuinnigh do ghiallaibh archena. Iompoid iarsin for c-cula


p.1090

dia t-tighibh co m-boraimhe dírímhe, & co m-braitt iomdha.

M1149.11

Creach lá Donnchadh Ua g-Cearbhaill & lá Coin Uladh Ua n-Duinn Sléibhe i m-Breghaibh, co t-tugsat gabhála iomdha. Tangatar iarsin Fir Bregh ina n-iarmhóireacht & ro airccsett leth Termainn Feichin, & rugsatt ní do chrodh na manach.

M1149.12

Rígh-therus lá mac Néill Uí Lochlainn co marc-shluagh Chenél Eocchain co Lughmhadh, co t-táinic Tighernán Ua Ruairc ina theach, & ro fhág braighde aige. Lóttar as-sidhe Ua Lachlainn & Ua Cearbhaill co h-Ath Cliath. Táinic Diarmaid Mac Murchadha, Laighen ina thech, & do-roine Ua Lachlainn ógh-shídh etir Ghallaibh & Ghaoidhelaibh.

M1149.13

Sluaighedh lá Toirrdhealbhach Ua m-Briain, & la Feraibh Mumhan i c-Connachtaibh, co riachtattar Magh Ua m-Briúin. Rugsatt boraimhe mhór, & ro mhúrsat Dún n-Gaillmhe, & ro báidhedh Ua Lochlainn, tigherna Corco Mo Dhruadh isin n-Gaillimh.

M1149.14

Ceallachán mac mic Cárthaigh, do écc.

Annal M1150

M1150.0

Aois Críost, mile céd caecca.

M1150.1

Muireadhach Ua Dubhthaich, airdeaspucc Connacht, aird-shenóir Ereann uile, i n-egna, i n-óighe, i t-tiodhnacal seótt & bídh, d'écc i c-Cunga, an seiseadh décc do mhí Maí i f-féil Naemh Brenainn iarsan c-coicceadh bliadhain seacht moghat a aeisi.

M1150.2

Maol Iosa Ua Branain, airchinneach Doiri Choluim Chille, cenn sonasa & sobharthain tuaisceirt Ereann, d'écc.

M1150.3

Ua Follamhain, comharba Findéin Cluana h-Eraird, d'écc i c-Cenandus.

M1150.4

Cailleach Cille Slebhe senóir cráibhdhech toghaidhe, d'écc iar n-degh aithrighe iar g-cian-aois.

M1150.5

An leth tuaiscertach do Triun Mhór Arda Macha do losccadh aidhche fhéile Cianáin.

M1150.6

Ceanandas, Sord, & Ceall Mhór Ua Nialláin cona dertaigh do losccadh.

M1150.7

comharba Phadraicc, & samhadh Pháttraicc for c-cuairt i t-Tír n-Eóghain, co t-tuccsatt a láin réir do bhuaibh .i. bó gacha tighe biataigh & saertoigh, each gacha toisigh, & fiche bó ón rígh féin.

M1150.8

Cuairt Cenél


p.1092

Eóghain do dhénamh lá comharba Colaim ChilleFlaithbheartach Ua Brolcháin & do-bhert each gacha toisigh, & bó gacha deisi biatach, & bó gacha trír saerthach, & bó gacha cethair díomhaoin, fiche bó imorro ón righ fein, fáil óir i rabhattar cúicc uinge, a each, & a earradh ó Mhuircertach mac Néill h- Lochlainn, ó righ Ereann innsin.

M1150.9

Mac mic Domhnaill h-Ui Conchobhair do mharbhadh lá Ruaidhri, mac Domhnaill Uí Conchobhair.

M1150.10

Murchadh, mac Giolla na Naemh Uí Fherghail, tuir ordáin, & airechais Airthir Connacht, d'écc i n-Inis Clothrand.

M1150.11

Conchobhar Mac Raghnaill, tigherna Muintire h-Eolais, do mharbhadh la h-Aodh, mac Tighernán Uí Ruairc.

M1150.12

Muireadhach Ua Flannagáin, taíseach Cloinne Cathail, d'ég ina ailithre i c-Cunga.

M1150.13

Diarmaid Mac Branáin, tigherna Corc' Achlann, do dhalladh lá Toirrdhealbhach Ua c-Concobhair.

M1150.14

An Giolla Claon Ua Ciardha, tigherna Coirpri, do mharbhadh do Uibh Faoláin.

M1150.15

Ríogh-thurus Muirchertaigh mic Néill Uí Lachlainn co maithibh Tuaisceirt Ereann co h-Inis Mochta a c-comhdháil Uí Chearbhaill & Uí Ruairc. Tugtha géill Connacht dó ó Toirrdhealbhach co n-uige sin gan sluaighedh tria bennachtain Patraicc, & comarba Pattraicc cona shamhadh. Ro rann Mídhe don chur-sin h-í t-trí eittir Ua c-Conchobhair, Ua Ruairc, & Ua Cearbhaill, & ro dhíochuirsett Murchadh Ua Maoileachlainn a Mídhe tria esccaoine comharba Phattraicc & a shamhtha.

M1150.16

Ua Ceallaigh, tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha, do mharbhadh lá h-Uibh c-Comhaltáin i n-Inis Locha Laeghaire.

M1150.17

Ua Canannain cona shlócch do dhol i Feraibh Luirg, co t-tugsat bú iomdha leó. Beirit Fir Luirg forra, & fágaibhter sochaidhe do mhuinntir Uí Chanannáin cona dhias mac im chethair Ua Mael Gaeithe, & im Giolla Martain Uí Canann im Ua f-Fogartaigh, & sochaidhe oile dia n-uaislibh.

M1150.18

Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua m-Briain co Loch Ua n-Goban i Machaire Gaileng, go ro aircc Sláine. Rug Ua Cearbhaill, &


p.1094

Ua Ruairc forra, co ro marbhsat dream dia mhuinntir, im mac I Ifernáin. Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair i Mumhain dar eisi Fear Mumhan, & ro aircc Machaire na Mumhan, & tug bú iomdha, ar a aoi ro fhágaibh dream dia mhuinntir im Ua Rodhuibh.

M1150.19

Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua m-Briain co h-Ath Cliath, co t-tangattar Goill ina theach, & as-sídhe co Commor Mana & Abha, & ro loiscc Domhnach Mór Mic Laithbhe.

M1150.20

Slóighedh lá Muirchertach, mac Néill Uí Lochlainn co c-Cenél n-Eóghain, & co n-Ulltoibh, i f-fóirithin Uí Cearbhaill & Uí Ruairc co Dun Lochad l-Laeghaire, go n-dernsatt Goill síth m-bliadhna etir Leth Cuinn, & Leth Mogha.

M1150.21

Conghal Ua Braoin, Breghmhaine, do mharbhadh lá Muintir Cheithernaigh i n-Gardha na Gamhnaighe h-í c-Cluain Mic Nóis.

Annal M1151

M1151.0

Aois Críost, mile céd caocca a h-aén.

M1151.1

Ua Maol Foghmhair, epscop Ua n-Amhalghadha, & Ua f-Fiachrach Muaidhe.

M1151.2

Erolbh, espucc Luimnigh.

M1151.3

& Brian Cléireach, mac Taidhg Ui Maol Ruanaidh, d'écc.

M1151.4

Cairdionál comharba Phedair .i. Iohannes Paprion, do thiochtain i n-Erinn do erail riaghla & soibhés, & do chertughadh cáich ina c-ciontaibh. Ro bhaí dna seachtmhain i t-tigh comharba Phattraicc i n-Ard Macha co f-farccaibh bennachtain.

M1151.5

Cuairt Connacht an dara fheacht lá comharba Pattraicc, lá Giolla Mac Liagh, mac mic Ruaidhri, co t-tug a óighreir. Do-rad dna, Ua Conchobhair fail fichet uinge d'ór don chur-sin do comharba Pháttraicc.

M1151.6

Cuairt Síl CathasaighFlaithbheartach Ua Brolcháin,


p.1096

comharba Cholaim Chille, do-bhert each ó gach taoisach & caora o gach n-detach, a each, & a earradh, & fail óir i r-rabhattar dá uinge ón tigherna .i. ó Choin Uladh Ua Laind.

M1151.7

Derbforgaill, inghen Domhnaill, mic Meic Lochlainn, ri Ereann, ben Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair, rígh Connacht, máthair Aodha, Chathail, & Domhnaill, d'écc ina h-ailithre i n-Ard Macha.

M1151.8

Brian Ua Conchobhair Ciarraighe do mharbhadh lá Ciarraighibh féissin.

M1151.9

Conchobhar Ciabhach Ua h-Eaghra, tanaisi Luighne, do écc. Iss eadh fo dheara a dhol bás fri h-adhart ar a bhith fo chánaibh Chiaráin mic an tSaoir, ar ní dheachaidh nach tigherna do thighernadhaibh Luighne roimhe écc fri h-adhart, tré bhreithir Chiaráin.

M1151.10

Mac Maol Seachnaill Uí Bhric do mharbhadh la mac Girr na c-Cuinneócc I Bric, & a mharbhadh-sídhe fó cédóir la macaibh Donnchadha mic meic Carthaigh.

M1151.11

An Giolla Gott Ua Carráin tigherna Ua Mac Caille, do marbhadh h-i Cúil Collainge ó Uibh Mic Tíre.

M1151.12

Tadhg, mac Diarmada Uí Bhriain d'iompúdh for Toirrdhealbhach Ua m-Briain, for rígh Mumhan, & a aithrighedh dhó, & Tadhg do theacht i toigh Thoirrdhealbhaigh Uí Chonchobhair.

M1151.13

Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair, la rígh Connacht, h-i Mumhain, go ro ghabh nert Mumhan uile cenmothá Iarmhumha i m-boí Toirrdhealbhach, & nert Desmumhan do ghabháil do mhac Corbmaic mic meic Carthaigh tria comfhurtacht Connacht.

M1151.14

Slóighedh oile bheós lá Toirrdhealbhach Ua Conchobhair i Mumhain, & do-dhechaidh Diarmaid Mac Murchadha, Laighen do Laighnibh 'na choinne. Ro indirset Mumhain reampa co rangattar Móin Móir. Lóttar


p.1098

Dal c-Cais & Iarmhumha, & Síol m-Briain im Toirrdhealbhach Ua m-Briain, Mumhan for creich i n-Desmumhain occ soadh dóibh andes dos-rala i c-cenn Connacht, Laighin, & Fher Mhidhe. Ferthar cath etorra, & sraointer for Fearaibh Mumhan, & ro ládh a n-ár. Secht míle tra iss edh torchair d'Feraibh Mumhan isin cath-sin Móna Móire im Muirchertach mac Conchobhair Ui Bhriain, tigherna Tuadhmhumhan, & riogh-dhamhna Mumhan, & im Lughaidh, mac Domhnaill I Briain, im Aneslis h-Ua n-Grada, im tigherna Ua c-Caisin, im Flaithbhertach Ua n-Deadhadh, im macaibh tighernadh & toiseach, & deagh-dhaoine archena. Ard-neart Mumhan do ghabháil do Thoirdhealbhach Ua Conchobhair don chur-sin, occus Toirrdhealbhach Ua Briain d'ionnarbhadh.

Sliocht Lebair Leacain. Atiad na maithe torcrattar i suidhe: Muirchertach, mac Conchobhair Ui Bhriain, tigherna Tuadhmhumhan an dara fear as fearr baí do Dhál c-Cais, Lughaidh mac Domhnaill Uí Briain, dá Ua Cinnéidigh, ochtar do Uibh Deadhaidh im Flaithbhertach Ua n-Deadhaidh, naonmhar do Uibh Sencháin, cóiger do Uibh Cuinn, & cóiger do Uibh Grada im Aineislis Ua n-Grada, & cethrar ar fichit do Uibh Ogain, & cethrar do Uibh Aichir, & mac mic Eachach Ui Loingsigh, cethrar do Uibh Néill Buidhe, & cúiger d'Uibh Echtigern, co sochaidhibh do dagh-dhaoinibh cénmothát, co na terna acht aon-chath esbadhach do na tríbh cathaibh tangattar an dú sin.

Torcrattar i b-friothghuin an catha-sin Tadhg mac An Liathanaigh Ui Conchobhair, Muirchertach Ua Cathaláin, taoisech Cloinne Fogartaigh, & Aedh mac Maoil Ruanaidh Uí Follamhain, taoiseach Cloinne h-Uattach, & cethrar do Luighnibh co sochaidhibh oile. Ard-nert Mumhan do ghabhail do Thoirdhealbhach Ua Conchobhair don cur-sin & Toirdhealbhac Ua Briain d'ionnarbadh.

M1151.15

Slóighedh lá mac Néill Uí Lochlainn co


p.1110

Cenél c-Conaill, Eoghain, & Airghiallaibh dar Eass Ruaidh, co rangattar Coirrsliabh na Seghsa i c-Corann. Tugtha eidire ó Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair chuca co sin, & ro shóidhsiod dia t-tighibh.

M1151.16

Braighde Laighen bheós do iodhnacal go a thech do mhac Néill mic Mac Lachlainn .i. do righ Ailigh, & Teamhra.

M1151.17

Tindscettal daimh liag Cluana CoirptheCoin Chaille mac Mic Scolaighi, & lá Giolla Coimhdhe, mac Mic an Lestair Ui Ainlighi, lá taoisech Cenel Dobhtha.

M1151.18

Mór-chreach lá Ruaidhri mac Toirrdhealbhaigh Ui Chonchobhair, for Tuadhmhumhan, go t-tard buar iomdha, & co ro loisceadh Cromadh.

M1151.19

Conchobhar, mac Domhnaill Ui Bhriain, tigherna Airthir Mumhan, & mac mic DonnchadhaGhiolla Phattraicc, tigherna leithe Osraighe, do erghabhail lá Diarmaitt mac Mec Murchadharigh Laighen tré fhéill & meabhail.

M1151.20

Domhnall mac Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair do erghabháil lá Cathal, lá dherbhrathair budhéin.

M1151.21

Gamh il-shíonach, gaethach, ainbhthionach co f-folc n-dearmhair.

M1151.22

Toirrdhealbhach Ua Briain do dhul i Luimneach, & nochan fhuair a dhíon isin Mumhain, & do-rad séoid iomdha lais .i. deich fichit uinge d'ór, & lx séd soinemhail im chorn Briain Bhoromha, & ro rannait lais eitir mhaithibh Shíl Muiredhaigh, Ua m-Briuin, & Conmhaicne.

Annal M1152

M1152.0

Aois Críost, mile céd caecca a dó.

M1152.1

Fionn, mac mic Célechair h-Ui Ceinneittigh, comharba Colaim mic Criomhthainn, & comharba Bairre frí ré.

M1152.2

Giolla na Naemh Ua Follamhain, comharba Comáin.

M1152.3

& Ferghal Ua Fercubhais, fer léighinn Arda Macha frí ré, & Recclesa Choluim Chille i n-Ard Macha bheós, d'ég.

M1152.4

Coimhthionól seanaidh i n-Droichet Atha ag epscopaibh Ereann im comharba Phátraicc imon c-cairdional Iohannes Paprion, co t-tribh milibh mac n-eglastacda etir mhanchaibh & chananchaibh, co ro ordaighset araill do riaghlaibh ann. At iad sídhe .i. mna cúil, & cairdeasa d'ionnarbhadh ó fheraibh, gan lógh d'iarraidh ar ongadh,


p.1102

nó ar baisteadh. Acht chena ní maith gan a t-tabhairt dia raibhe a c-cumhang duine gan lógh do ghabháil ar domhan n-ecclastucdha, & deachmhadh do ghabhail go h-iondraic.

M1152.5

Imleach Iobhair & Luimneach do losccadh.

M1152.6

Scrín Choluim Chille, Domhnach Seachnaill, & Treóid d'orccain ó Uibh Briúin.

M1152.7

Creach-shluaigheadh la Mag Lochlainn co Cenél Eóghain co ráinic Inis Mochta do dhiochur I Chearbhaill, & ro aircc sochaidhe don chur-sin, & ro athchuir Ua Cearbhaill a cendus Oirghiall a c-cionaidh comharba Patraic ro ghon-sidhe & ro sháraigh fecht riamh.

M1152.8

Comdhál etir Ua Lachlainn, & Toirrdhealbhach Ua Conchobhair i Maigh Ene, co n-dernsat caradradh fo Bhachaill Iosa, & ro mhiondaibh Cholaim Chille.

M1152.9

Slóighedh lá Toirrdhealbhach Ua c-Conchobhair i Mumhain, co ro rann an Mhumha ar dhó etir mac Chorbmaic mic mec Carthaigh, & Siol m-Briain .i. Tadhg & Toirrdhealbhach.

M1152.10

Sluaighedh lá Mag Lochlainn i Mídhe co Raith Cendaigh h-i c-comhdhail fer n-Ereann, & Toirrdhealbhach Ua Conchobhair do dhol i Mídhe i c-comhdhail Uí Lachlainn & Diarmada Mec Murchadha Laighen. Ro rannsat dna, Mídhe ar dhó don chur-sin. Tucsat ó Chluain Eraird siar do Mhurchadh Ua Mhaoileachlainn, & Airther Mídhe dia mhac dó Mhaoileachlainn. Ro benaid dna Conmaicne do Thighernán Ua Ruairc iar sraoineadh fair, & ro loisg an baile dianad ainm Bun Cuilinn, & do-radadh ríghe do mac Giolla Braide Uí Ruairc, & do-rattaitt a m-braighde do Thoirrdhealbhach Ua Chonchobhair.

Rugadh dna, Dearbhforgaill, inghen Murchadha Uí Mhaoileachlainn, ben Tighernan Uí Ruairc Laighen .i. Diarmaid cona crodh, & cona h-airilledh don turus-sin & ro


p.1104

fhaoi lé do réir comhairle a bráthar Mhaoilechlainn. Ro fhás dná, cogadh etir Uí Briúin, & Fheraibh Midhe.

M1152.11

Braighde Uí Ruairc .i. Tighernain, do iodnacal co h-Ath LuainToirrdhealbhach Ua Conchobhair tar cenn Ua m-Briuin nama.

M1152.12

Finghin mac Donnchadha, mac mec Carthaigh, do mharbhadh lá a bhráithribh tre mhear-aithne.

M1152.13

Domhnall mac Ríoghbhardáin Uí Cherbhaill, tigherna Ele, do mharbhadh la mac An Chos Fhada Uí Cearbhaill.

M1152.14

Cathal mac Toirrdhealbhaigh Uí Conchobhair, ríoghdhamhna Connacht, do mharbhadh lá mac Cruinn Luachra Uí Cosccracháin, & la Calraighibh in Chorainn .i. la Calraighiph Móraibh.

M1152.15

Diarmaitt Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe Luachra d'ionnarbadh, & d'orgain lá mac Corbmaic mic mec Carthaigh, la tigherna Deasmhumhan.

M1152.16

Aodh mac Mec Amhlghadha, taisech Cloinne Maol Duibh, d'écc.

M1152.17

Inghen h-Ui Caellaige, ben Laoighsigh Uí Mhórdha, d'écc.

M1152.18

Cú Mídhe Ua Cormaidhe, taiseach Ua Mac Uais Midhe, d'écc.

M1152.19

An Mhumha do lot co mór etir chill & thuaith tré choccadh Shíl m-Briain, & Chloinne Cárthaigh, co ro fhás terce mhór isin Mumhain tresan c-cogadh isin, co ro scailset a f-fodhaoine uatha i l-Leith Chuinn, & ca n-erbaltatar sochaide ele díbh do ghorta.