Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1093

M1093.0

Aois Críost, míle nochat a trí.

M1093.1

An t-epscop Ua Bríghtén d'écc.

M1093.2

Ailill Ua Nialláin, tanaisi abbadh Cluana Mic Nóis, comhorba Crónáin Tuama Gréine, & comharba Colmáin Cille Mic Duach.

M1093.3

Aodh, airchinneach Doimh Liag Chianáin.

M1093.4

h-Ua Scoptha, comharba Commáin.

M1093.5

& Aodh Ua Conghaile, airchinneach taighe aidhedh Cluana Mic Nóis, d'écc.

M1093.6

Aodh Ua Canannáin, tigherna Cenil Conaill, do dhalladh lá Domhnall ua Lachlaind, lá rígh n-Ailigh.

M1093.7

Aodh Ua Baigheallán, tigherna Airghiall, do mharbhadh la Conaillibh Muirthemhne.

M1093.8

Aodh, mac Cathail Uí Conchobhair, tigherna Shíl Muiredhaigh, do mharbhadh h-i Mumhain i n-geimhel lá Foghartach Ua Foghartaigh tria fheill & mheabhail.

M1093.9

An t-Aithclereach .i. Niall, mac Ruaidhrí Uí Conchobhair, do mharbhadh do Conmhaicnibh.

M1093.10

Dubh Dara, mac mic Aighennáin, tigherna Luighne, d'écc.

M1093.11

Trénfher Ua Ceallaigh, tigherna Bregh, do mharbhadh lá h-Ua n-Duibidhir i n-Doimhliag Chianáin.

M1093.12

Muirchertach Ua Briain d'orgain & d'ionnarbadh Sil Muiredhaigh uile h-i Tír n-Eoghain iar n-gabháil a t-tigherna Giolla na Naomh Ua Conchobhair, Ui Co Chenainn, mic Taidhg, tigherna Ua n-Diarmada.

M1093.13

Síol Muiredaigh do thoidhecht doridhisi h-i c-Connachtaibh gan chedúghadh.

M1093.14

Sneachta mór & reódh isin m-bliadhain-si co ro thechsat locha na h-Ereann.

M1093.15

Ard Macha do losccadh cona temploiph.

Annal M1094

M1094.0

Aois Criost, míle nocha a ceathair.

M1094.1

Donn Slébhe Ua h-Eochadha, Uladh, do mharbhadh la rígh Ailigh .i. Domhnall, mac mic Lochlainn, a c-cath Bealaigh


p.946

Ghuirt an Iobhair.

M1094.2

Fir Ereann do coimhthriall go h-Ath Cliath .i. Muirchertach Ua Briain co f-Feraibh Mumhan co n-Osraighibh & Laighnibh, Domhnall, mac meic Lochlainn, Oiligh co c-Cenel Conaill, & Eoghain, Domhnall, mac Flaind, Temhrach, co Feraibh Midhe, Donnchadh Ua h-Eochadha, co n-Ultaibh, & Gofraidh, tigherna Gall & Atha Cliath, co nochat long leis. Tángattar an lucht anoir go Maigh Laighen, co ro loiscset Uachtar Áird, & co raímhidh bán-mhaidhm mór for Feraibh Mumhan, Laighnibh, & Osraighibh reampa. Iompoit iar sin Ulaidh, ár nír bhó h-adhlaic leó Laighin do indriudh. Im-soiset iarsin Fir Mhúmhan soir doridhisi, & ro iondarbhsat Gofraidh a h-Ath Cliath, & ro aithríoghsat Temhrach .i. Domhnall, & ro iondarbhsat é i n-Oirghiallaibh iar n-iompódh do Fheraibh Midhe fair.

Do-dheochaidh iarsin Ua Maoilsechlainn uathadh m-becc atuaidh co ra ghaibh ba Luighni, & Airthir Mídhe uile, rugsat Luighni & Airther Midhe fair, & amhsa rígh Mumhan oc Loch Lebhind, co t-tarrus eittir na bú & an lorcc, & ro h-imredh eccomhlann fair la a mhuinntir feisin .i. mac Meic Aighennáin cona shochraitte, & do-chear leó a r-rí budhdein .i. Domhnall mac Flaind, & Giolla Énáin Mag Lughadha, isin cnoc uas Fabhair Feichin.

M1094.3

Flaithbhertach Ua h-Addith, tigherna Ua n-Eatach Uladh, dho dhalladh lá Donnchadh Ua n-Eochadha, lá rígh n-Uladh.

M1094.4

Ar for Airtheraibh lá h-Ultoibh, dú i t-torcrattar drong mhór do shaor-chlandaibh im Ua Fedacán, & im Domhnall mac Aonghusa.

M1094.5

Conchobhar Ua Conchobhair, tigherna Cianachta Gleinne Gemhin, d'ég iar n-deigh-bhethaidh.

M1094.6

Conchobhar Ua Conchobhair, tigherna Ua b-Failghe, do ergabháil lá Muirchertach Ua m-Briain, lá righ Mumhan.

M1094.7

Slóighedh lá Muirchertach Ua m-Briain co f-Feroibh Mumhan ime h-i Connachtaibh, & ro shoi ina frithing gan giolla.

M1094.8

Slóighedh oile dan lásan lucht chédna etir loch & tír co Dún Tais, & ro rannsat midhe eiter


p.948

dís .i. eiter Donnchadh, mac Murchadha mic Floinn, & Conchobhar, mac Maoilsechlainn.

M1094.9

Ruaidhri Ua Donnagán, tigherna Aradh, d'écc.

M1094.10

Cathraoineadh ria t-Tadhg, mac Ruaidhri Uí Conchobhair, & ria Síol Muiredhaigh for Tuadhmhúmhain, & for Iarthar Connacht, dú h-i t-torcratar trí chéd, & ro airccsett Iarthar Connacht uile. Ba dona maithibh torcratar isin cath-sin Amhlaoibh Ua h-Aichir, Donn Slébhe Ua Cinn Fhaoladh, & mac Gille Fursa Uí Mhaoil Mhuaidh. Cath Fiodhnacha a ainm.

M1094.11

Iomhar mac Giolla Ulltáin, taoiseach Muinntire Maoil Sionna, do mharbhadh lá Fiora Mídhe.

M1094.12

Domhnall, comhorba Phátraicc, for cuairt Mumhan cédna cur co t-tug a lán-chuairt screpall la taebh n-edbarta uadhuibh.

M1094.13

Giolla na n-Inghen mac Uí Cobhthaigh, tigherna Umhaill, do écc.

M1094.14

Oirchinneach Achaidh Fabhair do mharbhadh d'Feraibh Cera.

Annal M1095

M1095.0

Aois Críost, míle nochat a cúicc.

M1095.1

An t-epscop Ua Corcráin, comharba Brénainn Cluana Ferta, d'écc.

M1095.2

Senoir mac Maoil Dá Lua, anmchara Ereann uile, d'écc iar sendataigh, & iar n-deigh-bhethaidh.

M1095.3

Teidhm anbfoill isin Eoraip uile h-i c-coitchinne isin m-bliadhain-si, & at-bert aroile co n-epletar cethroimhe do dhaoinibh Ereann don támh h-i sin. At iad andso drong dona degh-dhaoinibh eitir ecclais & tuaith at-bailset. Donnghus, epscop Atha Cliath, h-Ua Mancháin .i. an brethemh, comharba Caoimhghin, Macc Maras Ua Caomháin, comhorba Oenai,


p.950

do Dhelbhna Bhicc a chenél, Cairpre .i. an t-espocc Ua Ceithernaigh, comharba M'Aedhócc, Ua Rinnánaigh, fer léighinn Leithghlinne, Eochaidh Ua Coisi, secnab Achadh Bó, Scannlán Ua Cnáimhsighe, anmchara Lis Mhóir, Buadhach Ua Cerruidhir, sacart Cille Dá Lua, Dubhshlatach Ua Muiredhaigh, Aodh mac Maoil Iosa Uí Brolcháin, áird-fher leighind, & Augustin Ua Cuinn, áird-breithemh Laighen.

M1095.4

At-báth don mhortladh chetna Gofraidh Meránach, tighearna Gall Atha Cliath, & na n-Innsedh, Domhnall Dubh Ua Ferghaile, tigherna Forthuath Laighen, Mathghamhain Ua Seghdha, tigherna Corca Dhuibhne, Ua Maol Craoibhe do mhuinntir Imleacha Iubhair.

M1095.5

O h-Ainbhidh, tigherna Oirghiall, & Ua Conchobhair, tigherna Cianachta Glinne Geimhin.

M1095.6

Ua h-Eiccnigh, tigherna Fer Manach, do mharbhadh.

M1095.7

Giolla Ciaráin mac mic Ualghaircc, tigherna Ua n-Duibh Indrecht, do mharbhadh.

M1095.8

Cath-shraoinedh mór i n-Ardachadh ria n-Dál Araidhe for Ultaibh dú i t-torcair Lochlainn Ua Cairill, rioghdhamhna Uladh, & Giolla Chomhghaill Ua Cairill, & sochaidhe mór amaille friú.

M1095.9

Domhnall Ua Muireccán, tigherna Tethbha uile, & Amhlaoibh, mac meic Conmedha, mac taisigh Shíl Rónáin, do mharbhadh i feill, & iatt i n-geimhlibh isin Mumhain.

M1095.10

Taillti, inghen Domhnaill Guitt, d'écc.

M1095.11

Tadhg, mac Cathail Uí Conchobhair, do mharbhadh la Feraibh Mumhan.

M1095.12

Taichleach Ua h-Eaghra, tigherna Luighne, & ár Luighne imme, do marbhadh lasna tríbh Conmhaicnibh .i. Cenél c-Cais, Cenél Dubháin, & Cenel Lughna.

M1095.13

Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe, do mharbhadh lá a bhráthair.

M1095.14

Cú Coiccriche Ua h-Ainbhidh, tigherna Fer m-Bile, do mharbhadh lá Donnchadh Ua Maoilsechloind.

M1095.15

Dubhchobhlaigh, inghen tigherna Osraighe, & baintigherna Osraighe, d'écc.

M1095.16

Darmhaigh,


p.952

Cenannus, Cluain Eraird, Glend Da Locha, Fabhor, Less Mór, Cluain Bronaigh, & Cluain Eoais do losccadh uile.

M1095.17

Cluain Mic Nóis do orccain.

M1095.18

Domhnall Ua Madadhain, tigherna Ua n-Eachach, d' écc.

Annal M1096

M1096.0

Aois Críost, mile nochat a sé.

M1096.1

h-Ua Cochlán suí epscop, & comhorba Bairri, d'écc.

M1096.2

Eoghan Ua Cernaigh, airchindeach Doire, d'écc in ocht décc Callainn Ianuarii.

M1096.3

Columm Ua h-Anradháin, airchinneach Rossa Ailithir.

M1096.4

Fland Ua Muireccáin, airchindech Aentruibh.

M1096.5

Learghus h-Ua Cruimhthir, comharba Comhghaill.

M1096.6

Mac Nechtain h-Ua h-Uaithnigh, fer leighinn & uasal-shagart, d'écc.

M1096.7

Ua Mail Cain, ollamh Dal g-Cais, d'écc.

M1096.8

Amhlaoibh, mac Taidhg Uí Bhriain, do mharbhadh i Manainn.

M1096.9

Feil Eóin for Aoine isin m-bliadhain-si. Ro ghabh imeagla mhór Fiora Ereann reimpi, conadh i comhairle ar-riacht lá cleirchibh Ereann im comarba Phátraicc dia n-imdhiden ar an tedhmaim ro tircanadh dóibh ó chéin a forchongra for chach a c-coitchinne tredhenos ó Chedaoin go Domhnach do dénamh gacha mís, & trosccadh gach laoi go cenn m-bliadhna, cenmotát domhnaighe, & sollamna, & aird-fheile, & dan do-ratsat almsana, & edbarta iomdha do Dhia. Tuccadh dan feranna iomdha do eccailsibh, & chléircibh, ó ríoghaibh, & taoisechaibh, & ro saortha Fir Ereann an tucht sin ar téine na díoghla.

M1096.10

Cend Coradh do athnuadhucchadh lá Muirchertach Ua m-Briain iarna mhúradh feacht riamh la Leth Cuind.

M1096.11

Flann Ua h-Ainbhidh, tigherna Deisceirt Airghiall d'écc.

M1096.12

Conchobhar Ua h-Aindiarraidh, tigherna Cianachta, & Ua Cein tigherna Ua Mic Cairthind, do chomhthuitim fri aroile h-í c-cliathadh.

M1096.13

Cu Uladh Ua Célechan, tánaisi Airghiall, do mharbhadh lá Coicceadh n-Ereann, .i. cóicceadh Uladh.

M1096.14

Mathghamhain Ua Seghdha, tigherna Corca Dhuibhne, d'écc.

M1096.15

Muirchertach .i. An Cullach Ua Dubhda, tigherna Ua n-Amhalgadha, do mharbhadh


p.954

lá a chenél féin.

M1096.16

Matodhan Ua Madodhain, tigherna Síl n-Anmchadha, d'écc.

M1096.17

Giolla Oissen Mac Cortén, tigherna Dealbhna Móire, do mharbhadh lá h-Uibh Laoghaire .i. iarna thiodhnacal do Mhuirchertach Ua Briain dóibh iar mh-breith dhó-sidhe xxx uinge do ór uadh, & céd m-bó & ochtar eittiredh.

M1096.18

Donnchadh mac An Ghuitt do mharbhadh do Chalraighibh.

M1096.19

Sitfriuch, mac mic Sealbhaigh, tigherna Fher Rois, do mharbhadh lá Mughdhornaibh Maighen.

M1096.20

Maol Páttraicc Mac Airmhedhaigh, epscop Arda Macha, d'écc.

Annal M1097

M1097.0

Aois Críost, míle nocha a seacht.

M1097.1

Flandaccán Ruadh Ua Dubhthaigh, comharba Commáin & fer leighinn Tuama Da Ghualann.

M1097.2

Maolán Ua Cuinn, airchinneach Eccailsi Bicce.

M1097.3

Maol Brighde mac An t-Saoir Uí Brolcháin saoi & epscop Chille Dara, & chóiccidh Laighen, d'écc.

M1097.4

Tadhg, mac Ruaidhri Ui Chonchobhair (.i. brathair Toirrdhealbhaigh Mhóir), tigherna Sil Muiredhaigh, & cosnamhthach an chuiccidh archena, do mharbhadh lá Cloinn Choncobhair, & lá aes gradha féin i fiull .i. la mac Con Luachra Uí Maoil Bhrénainn isin cethramhadh bliadhain ficheat a aeise.

M1097.5

Aimhirgin Ua Mórdha, tigherna Laoighisi d'écc.

M1097.6

Slóighedh lá


p.956

Muirchertach Ua Briain go Leith Modha, & co f-Feraibh Mídhe, & co n-dreim do Connacht ar ammas an Tuaisceirt go rangadar Magh Conaille, & a n-iompodh ass iar sin gan indreadh gan eittire, uair táinicc Domhnall ua Lochlainn go t-tionól an Tuaisceirt go Fíodh Conaille do thabhairt catha do Mhuircertach cona sochraide co n-derna Dia, & comarba Phatraicc síd ettorra.

M1097.7

Lochlainn Ua Duibh Dara, tigherna Fernmaighe, do marbhadh do Uibh Briuin Bréifne.

M1097.8

In Druth Ua Carthaigh, ollamh Connacht, do marbhadh do Chonnachtaibh féissin.

M1097.9

Cnói-mhes mór ar fud Ereann a c-coitchinne isin m-bliadhain-si, co ro mhéth muca Ereann, & ro mhair tiruairsi na c-cnó h-isin co cend dá bhliadhan iaramh. Bliadhain na c-cnó b-fionn do-ghairthí dhi, & do-gheibhthí seisedhadh cnó ar aon-phinginn.

M1097.10

Cloictheach Mainistreach .i. Mainistreach Buithe, co leabhraibh & co t-taisccedhaibh iomdhaibh do losccadh.

M1097.11

Flaithbhertach Ua Flaithbhertaigh do thoidheacht ina atharrdha go h-Aodh Ua Conchobhair (.i. Aodh an Gha Bhernaigh) & cennas Shil Muiredhaigh do ghabháil dó dorídhishi.

Annal M1098

M1098.0

Aois Críost, míle nochat a h-ocht.

M1098.1

Domhnall Ua h-Enni .i. do Dal c-Cais ard-anmchara, & uasal-epscop, cend eccna & crábhaidh na n-Gaoidhel, topar coindercle iarthair Eorpa saoi an uird cechtardha Romhan, & na n-Gaoidheal, do chriochnúghadh a bethaidh i Callainn December. Sé bliadhna seachtmoghat a aois an tan ro fhaidh a spirat.

M1098.2

Domhnall Ua Robhartaigh, comharba Cholaim Chille.

M1098.3

Maoil Ísu Ua Stuir, scribhnidh & feallsomh Mumhan & Ereann archena.


p.958

M1098.4

Eochaidh, comharba Cianáin.

M1098.5

Rónán Ua Daimhin, comharba Feichin cétus, & riaghlóir toghaidhe iaromh.

M1098.6

Maol Martain Ua Ceallaigh, comharba Mura Othna.

M1098.7

& Learghas eccnaidh d'écc i n-aon-ló.

M1098.8

Flaithbhertach, mac Tighernaigh Bairrchigh, comhorba Finnein Maighe Bile, d'écc ina oilithre.

M1098.9

Mac Maras Cairprech .i. uasal-shaccart saoi & sruith-senóir Ereann d'écc i n-Glind Da Locha.

M1098.10

Trí longa do longaibh Gall na n-Innsedh do bhuain amach do Ultaibh, & a b-foirend do mharbhadh .i. fiche ar chéd a líon-sidhe.

M1098.11

Maidhm Feirtsi Súilighe for Chenél Conaill ria c-Cenéll n-Eoghain in ro marbhadh Ua Tairceart .i. Eccertach, go sochaidhibh oile.

M1098.12

Creachadh, & indreadh Maighe Dairbhre la Muirchertach Ua m-Briain for Fiora Teathbha.

M1098.13

Slóiccedh lá Muimhneachaibh co Sliabh Fuait do shaighidh Domhnaill, mac meic Lochlainn, acht ní rugsat gialla na aittiredha.

M1098.14

Midhe do fhásughadh eittir Donnchadh, mac Murchadha, & Conchobhar, mac Maoileachlainn.

M1098.15

Flaithbhertach Ua Flaithbhertaigh, tigherna Síl Muireadhaigh & Iarthair Connacht, do mharbhadh do Mhadudhán Ua Cuanna i c-cionaidh dallta Ruaidhri Ui Conchobhair, .i. Ruaidhri na Soidhe Buidhe, righ Connacht. As do bhliadhain báis Flaithbertaigh adrubhradh,

    1. Ocht m-bliadhna nochat ar mhíle,
      O ghein Mic Dé daith-nertaigh,
      Ní sgél fás, acht is derbh deimhin,
      Co bás feidhil Flaithbhertaigh.

M1098.16

Diarmat, mac Enda, mic Diarmada, Laighen, do mharbhadh do chloind Murchadha, mic Diarmada.

M1098.17

Catharnach, mac An t-Sionnaigh Uidhir, tigherna Tethbha, do mharbhadh d'Airther Teathbha, .i. d'Ua Airt, h-i fioll.

M1098.18

Mac Raith Ua Flaithen do orcoin do Muintir Tlamain h-i Maigh Elli.

M1098.19

Mac Meic Raith,


p.960

filedh, aird-fhile na Mumhan, d'écc.

M1098.20

Mac Gaithin Ua Mórdha, tigherna Laoighisi, do mharbhadh dia muintir féin.

M1098.21

Dubhchobhlaigh, inghen Diarmada, mic Taidhg, ben Mhuirchertaigh Uí Bhriain, d'écc.

M1098.22

Dearbhforghaill, inghen Taidhg mic Giolla Phátraicc, máthair Mhuirchertaigh, & Taidhg Uí Bhriain, d'écc i n-Glionn Dá Locha.

M1098.23

Corcach Mumhan do losccadh d'urmór.

M1098.24

Derthech Cluana Mic Nóis do arccain do Mhuinntir Tlamáin .i. do Coin Caille mac mic Aoda.

M1098.25

Mac Giolla Choinnigh I Uradhain, comhalta Mhurchaidh I Bhriain, do mharbhadh do Chloinn Choscraigh, & d'Eoghanacht Tuaisceirt Cliach, & ro marbhadh triocha ettir mnai & fior inn.

Annal M1099

M1099.0

Aois Críost, mile nocha a naoi.

M1099.1

Dondchadh, mac meic Maonaigh, abb Iae, d'écc.

M1099.2

Diarmaitt Ua Maol Aithghen, airchinneach Dúin, d'écc oidhche Cáscc.

M1099.3

Uamhnachán Ua Mic Tíre, comorba Colmáin mic Lenín.

M1099.4

Annudh Ua Longargain, comhorba Colaim mic Cremhthainn, abb Tíre Dá Ghlas, d'écc.

M1099.5

Caoncomhrac Ua Baoighill do ghabháil epscopoide Arda Macha dia Domhnaigh Chincthighisi.

M1099.6

Slóighedh lá Muirchertach Ua n-Briain, & la Leith Mhodha co Sliabh Fuaitt do shaighidh ghiall Ui Lochlainn, & boí Domhnall i n-erlaimhe for a chionn, & do-róine, comharba Phátraicc síth m-bliadhna eittir Tuaiscert Ereann & Leth Mhodha, conadh amhlaidh-sin ro sccarsat don chur sin.

M1099.7

Slóighedh lá Domhnall ua Lachlainn & la Clannaibh Néill an Tuaisceirt tar Tuaim i


p.962

n-Ulltoibh. Ulaid dno i l-longport ar a c-cionn ag Craoibh Tulcha. Saighit na slóigh ar rochtain co h-aon-mhaighin iomairecc n-ucchra for araile. Comraicit na dá mharc-shluagh. Maidhidh for mharc-shluaigh Uladh, & marbhthar ar Ua h-Amhráin ann. Fáccbhaitt Ulaidh iarsin an longport, & loiscitt Clanna Néill é, & tescait Craobh Tulcha. Do-berar dóibh iar sin dá aittíre, & comhorba Comhghaill h-í rathaighes frí dá aittire oile. Conadh dó-sin do ráidhedh,
    1. Tucctha géill Uladh ar eiccin,
      Innisit fiadhain co féicch,
      La Domhnall co loinne leomhain,
      Ruirigh Cloinne h-Eoghain fhél.
    2. eittire tréna tucctha,
      Do laochraidh Uladh ó chéin,
      An tres gan diobhaidh abb Comhghaill,
      Do ríoghadh Domhnaill i Néill
    3. In nomhadh bliadhain ar nochat,
      Ar mhíle bliadhain go m-blaidh,
      O ghein Críost cinnte gan chríonadh,
      As innte ro sioladh soin.
    4. I m-bliadhain coictide uathadh,
      I tres bliadhain fair iar fut,
      Co cruaidh iar n-gaoine gan creancha,
      Iar m-buain Craoibhe Tealcha tug.

M1099.8

Ruaidhri Ua Ruadhacan, tigherna Airthir Oirghiall, & macaomh riogh Ereann, d'écc isin xlu a flatha, & isin dechmhadh Callainn do December.

M1099.9

Cenandus & Ceall Dara do losccadh i n-earrach na bliadna-so.

M1099.10

Doim liacc Arda Sratha do losccadh.

M1099.11

Cathraoinedh, .i. maidhm Lochain Geiridh, ria n-Iarthar Tethbha, .i. ria Muintir Tadhgain, for a Airther, dú i t-torchair do Cloinn Diarmadae don chur-sin Muirchertach Ua h-Airt, tigherna Tethbha, sochaidhibh oile ammaille


p.964

fris im Ua Lachtnáin.

M1099.12

Dondchadh Ua h-Aichir, tigherna Maighe h-Adhar, d'écc.

M1099.13

Mac Con Mara, mac Domhnaill, tigherna Ua c-Caisín, d'écc.

Annal M1100

M1100.0

Aois Críost, mile céd.

M1100.1

Aodh Ua h-Eremhoin, epscop Cille Dara.

M1100.2

Conn Mac Gille Bhuidhe, abb Mungairde, suí egnaidhe, & sruith senóir Mumhan, d'ég.

M1100.3

Flann Ua Cionaedha, airchindeach Atha Truim & ard ollamh Midhe.

M1100.4

Mac Raith Ua Flaithén, comhorba Ciaráin & Crónáin Tuama Gréne, d'écc ina oilithre i n-Achaidh Bó. Do Uibh Fiachrach Fella a chenél.

M1100.5

Cú Medha Ua Laeghcháin ard-taoiseach Sil Rónáin, ordán & airechus Fer Tethbha & Ua Néill an Deisceirt archena, d'écc iar c-cian aois, & iar n-oilithre fhoda, h-i t-Tigh Mic Cuind na m-Bocht h-i c-Cluain mic Nóis.

M1100.6

Slóichcedh lá Muirchertach Ua m-Briain co forcla fer n-Ereann imme co rángattar co h-Eas Ruaidh. Tionóilit Cenel Conaill do chosnamh a t-tíre friú, & ro fhuráilset ar éiccin ar Mhuirchertach cona shochraidhte sodh ina fritheing gan indreadh, gan gialla, gan aittire.

M1100.7

Creach-shluaichcedh lá mac Meic Lochlaindrigh n-Oiligh, co ro aircc & co ro indir Gulla & Fiora Bregh.

M1100.8

Mor-longus Gall lásan Muircertach cédna, go rángattar Doire ar a aoi ní dergenset nach cion, & ní ro loitset ní, & for-accaibhset a n-ar lá mac meic Lochlainn eittir marbhadh, & bathadh.

M1100.9

Donnchadh Ua h-Eochadha, Uladh, & drem do maithibh Uladh ime do ghabhail lá Domhnall Ua Lachlainn, lá ríogh n-Oiligh isin cúicceadh Callainn Iún.

M1100.10

Giolla na Naomh


p.966

Ua h-Eidhin, tigherna Iarthair Connacht, d' écc, & a adhnacal h-i c-Cluain Mic Nóis.

M1100.11

Mac mic Giolla Coluim Uí Domhnaill, tigherna Cenel Luighdhech do mharbhadh la a mhuintir féissin.

M1100.12

Giolla Bhrighde Ua Cuirc, tigherna Musccraighe Breoghain, d'écc.

M1100.13

Aisidh Ua h-Amhradhain, tigherna Dhal f-Fiatach, d'écc.

M1100.14

Echrí Ua Maoil Muire, tigherna Cianachta, do mharbhadh lá h-Ua c-Conchobhair Ciannachta an Ghleinne.

M1100.15

An céd King Henry do ghabhail rioghachta Saxan .i. Augusty.

M1100.16

Mór-shluagh lá Laighnibh go rangattar co Sliabh Fuait, & go ro loiscseat Airghialla, & Ui Méith & Fir Rois.

Annal M1101

M1101.0

Aois Críost, míle céd a h-aon.

M1101.1

Feardomhnach, epscop Cille Dara.

M1101.2

Corbmac Ua Mail, epscop Glinne dá Locha.

M1101.3

Maol Chiaráin Ua Donnghasa, sruith-shenóir Cluana Mic Nóis.

M1101.4

Muirghes Ua Muiredhaigh, airchindeach Cluana Conmhaicne, do écc ina ailithre h-i c-Cluain Mic Nois.

M1101.5

Comhdhál Leithe Modha h-i c-Caisiol im Muirchertach Ua m-Briain, co maithibh laoch & clérech, im h-Ua n-Dúnáin, uasal-epscop & aird-shenóir Erenn, conidh annsin tucc Muirchertach Ua Briain an eadhbairt na tucc réimhe riamh .i. Caisiol na Ríogh do eadhbairt do chráibhdheachaibh cen orlaimh laoich na cleirich fair acht craibhdich Erenn co coitchend.

M1101.6

Mór-shluaichcedh lá Muirchertach Ua Briain, la righ Mumhan, co f-Feraibh Mumhan, go Laighnibh, go n-Osraigibh, & co f-Feraibh Mídhe, & co f-Feraibh Connacht dar Eas Ruaidh i n-Inis Eoghain, & ro airce Inis Eoghain, & ro loisc il-chealla, & il-dúine im Fhathain Mura, & im Ard Sratha,


p.968

& ro scaoil Grianán Oiligh i n-dioghail Cinn Coradh do dhioscaoileadh, & do mhuradh la Domhnall Ua Lochlainn feacht riamh, & ro simacht Muirchertach for a shlocch cloch gacha builcc lóin da raibhe aca do breith leó ó Oileach co Luimneach. As dia fhoraithmhet do ráidhedh,
    1. Ní chuala coinnmhedh n-eimhir,
      Ci at-chuala coinnmhedh muirir
      Gar coinnmhedh clocha Oiligh,
      For ghroighibh flatha fuinidh.
Do-chuaidh Muirchertach iarsin tar Fertais Camsa i n-Ultoibh, & tucc gialla Uladh, & táinicc timchell Erenn iomlán frí ré caeicthighisi ar mhís gan cath gan fuabhairt, & do-dheachaidh iar Slighidh Miodhluachra dia thigh. An slóighedh timchill ainm an t-sloighedh sin.

M1101.7

Crech do-chuaidh Donnchadh Ua Maoileachlainn, tigherna Mídhe, h-i Fernmhaigh & h-í c-Conaillibh, co t-tucc creach anbfoill do bhuaibh, & tarraidh Cú Caisil Ua Cerbhaill, tigherna Fernmhaighe & Oirghiall creach dhiobh i n-Airgeittghlionn, & ro marbhadh lais an slógh dos-farraidh acht becc, & do-rochair dna Echtighern Ua Brain, tigherna Breghmhaine, & mac meic Cairthen Uí Mailruain, & Ua Indredháin, toiseach teaghlaigh Uí Mhaoileachlainn, & dá chéd amaille friú.

M1101.8

Donnchadh, mac Airt Uí Ruairc, tigherna Conmhaicne, & ríoghdhamhna Connacht, do mharbhadh las an n-Giolla Sronmhaol Ua Ruairc.

M1101.9

Cathal Ua Muireaccán, tigherna Teathbha, do mharbhadh do Airther Tethbha.

M1101.10

Dearbhail, inghen Ui Maoileachlainn, d'écc.

M1101.11

Donnchadh Ua h-Eochadha, Uladh, do fhuaslaccadh a cuibhreach lá Domhnall mac meic Lochlainnrigh n-Ailigh tar cend a mheic, & a chomhalta i n-doimh liag Arda Macha tré impídhe comharba Phátraicc & a samhtha archena iar c-comhlugha dóibh fo Bhachaill Iosa, & fo mhiondaibh


p.970

na h-eaccailsi an xi. Callainn Ianuari.

M1101.12

Maghnus, Lochlainde, do thiachtain do ghabháil Ereann, amhail dearbhas an rand,

    1. Bliadhain ar céd ar mhíle,
      Cen nach m-baoghal n-imrimhe,

      O ghein Críost an chrábhaidh ghrinn,
      Co teacht Maghnais i n-Eirinn.

M1101.13

Giolla na naemh Ua Dúnabhra, ollamh Connacht, do écc.

Annal M1102

M1102.0

Aois Críost, míle céd a dó.

M1102.1

Muiredhach Ua Cíordhubhain, airchinneach Lughmhaidh.

M1102.2

Mughrón Ua Morgair, aird-fherléighinn Arda Macha, & iarthair Eorpa uile, d'écc h-i t-teirt Nóin October i Mungairt h-i Mumhain.

M1102.3

Maol Muire Midheach, saoi saccairt Cluana h-Eraird, d'écc.

M1102.4

Cú Mhaighe Ua Cairill, airchindeach Dúin, d'écc.

M1102.5

Dondchadh mac Echri Ui Aiteidh, tanaisi


p.972

Ua n-Eathach, do mharbhadh do Ulltoibh.

M1102.6

Domhnall, mac Tighernáin Ui Ruairc, tigherna Breifne, & Conmaicne & Connacht uile fri re do mharbhadh do Conmhaicnibh féissin.

M1102.7

Flaithbhertach, mac Fothaidh, tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha, do mharbhadh d'Feraibh Luircc.

M1102.8

Slóichcedh lá Cenél n-Eóghain co Magh Cobha. Do-lottar Ulaidh isin oidhche isin longport co ro marbhsat Sitricc Ua Maol Fabhaill tigherna Cairrge Brachaidhe, & Sitriocc, mac Con Raoi, mic Eoghain.

M1102.9

Eitereadha fer n-Eirionn h-i l-láimh Domhnaill mic Amhalghadha, comharba Pháttraicc, re síth m-bliadhna eitir Domhnall Ua Lochlainn, & Muirchertach Ua Briain.

M1102.10

Mac na h-Erlaimhe Ua Donnchadha do mharbhadh do Corca Laighdhe.

M1102.11

Slóighedh fer n-Ereand co h-Ath Cliath i n-aghaidh Maghnusa & Gall Lochlainne tangattar d'iondradh Ereann co n-dernsat síth m-bliadhna fri feraibh Ereann, co t-tarat Muircertach a inghen do Síchraidh, mac Maghnusa, & tuc seotta & asgadha iomdha.

M1102.12

Muirchertach Ua Conchobhair Failge, do écc.

M1102.13

Sitriug, mac Con Medha Ui Laoghacháin, taoiseach Síl Rónáin, do écc.

M1102.14

Muirchertach Ua Maoil Seachloinn do aithríoghadh, & ríghe do ghabháil do Mhurchadh dar éisi.

M1102.15

Niall mac Néill Uí Ruairc, ríoghdhamhna Breifne, do mharbhadh lá Feraibh Luirg.