Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1083

M1083.0

Aois Críost, míle ochtmodha a trí.

M1083.1

Muirchertach Ua Cairill, airchinneach Dúin, saoi breithemhnais & senchassa Ereand.

M1083.2

Giolla Mo Ninne, airchinnech Lughmhaidh.

M1083.3

Mac Raith Ua Baillen, comharba Cronáin Rossa Cré.

M1083.4

& Tadhg Ua Taidhg, comharba Flannáin Cille Da Lua, d'ecc.

M1083.5

Domhnall Ua Canannáin


p.920

tigherna Ceneóil c-Conaill, do mharbhadh lá Cenel c-Conaill budheíssin.

M1083.6

Domhnall Ua Lochlainn do gabháil ríghe Cenéil Eoghain, & slóighedh ríogh lais h-i c-Conaillibh, co t-tucc bóromha mhór, & co t-taratt tuarustal don t-sluaighedh-sin do Feraibh Fernmhaighe.

M1083.7

Aodh ua Maoilechlainn, tigherna Oiligh, d'ecc.

M1083.8

Conghalach Ua Ciardha, tigherna Cairpre, do mharbhadh la Conmhaicnibh co sochaidhibh imaile fris.

M1083.9

Dunlaing Ua Lorcáin, tanaisi Laighen do mharbhadh.

M1083.10

Somhairle Mac Giolla Brighde, Innsi Gall, d'ecc.

Annal M1084

M1084.0

Aois Críost, míle ochtmodha a cethair.

M1084.1

Giolla Phattraicc, epscop Atha Cliath, do bhádhadh.

M1084.2

Muiredhach Ua Ceithnén, airchinneach Cluana h-Eoais, d'ecc.

M1084.3

Niall Ua Sesnáin, sruith-shenóir na Mumhan, d'écc.

M1084.4

Ceall Da Lua, Tuaim Greine, & Magh n-Éo n-Orbhraighe do losccadh do Chonmaicnibh.

M1084.5

Glend Dá Locha cona temploibh do losccadh.

M1084.6

Ecclas Fuinche .i. Ross Airthir, d'fothughadh.

M1084.7

Slóiccheadh la Donn Sléibhe, Uladh co Droichet Átha, co t-tarat tuarustal do Donnchadh, mac Cailigh Uí Ruairc. Creach la Domhnall Ua Lochlainn tar a éis a n-Ultaibh, co t-tuccsat braitt & borómha mhór.

M1084.8

Slóiccheadh lá Fiora Mumhan a Midhe, & as for an slóighedh-sin at-bath Conchobhar Ua Cétfádha, ordán & oireachus Mumhan eisidhe. Do-chodar dna, Conmhaicne i Tuadhmhúmhain dar a n-éisi, co ro loisccset dúine, & diongnadha iomdha, & do-bhertsat crecha dirímhe.

M1084.9

Donnchadh mac An Cailigh Uí Ruairc co n-Airther Connacht co Cairbribh, & Gailengaibh do thecht i l-Laighnibh conus-tairthettar Gaill, Laighni, Osraighe, & Fir Mhumhan im Muirchertach Ua m-Briain, & fechar scainder fuileach foirdherg etorra occ Móin Cruinneoige an cethramhadh Callainn do Nouember, & do-chersat ile etorra atiu & anall. Torchair din ann Donnchadh Ua Ruairc, Ceinneittigh Ua Briain, & a mac Tadhg, & mac Uí Chonchobhair


p.922

Fhailghigh, & drong mhór oile do shaor-chlandaibh & daor-clandaibh nach airimhther. Conadh ceithri mhile torchratar ann, & rugadh cenn Donnchaidh Ui Ruairc co Luimneach.

M1084.10

Domhnall Ua Gairmleghaidh do mharbhadh do Domhnall Ua Lochlainn.

Annal M1085

M1085.0

Aois Críost, míle ochtmhodha a cúicc.

M1085.1

Aodh Ua h-Oisín, comharba Iarlaithe, & airdepscoip Tuama, d'ecc.

M1085.2

Find, mac Gussáin, mic Gormáin, epscop Cille Dara, d'ecc i c-Cill Achaidh.

M1085.3

Gilla na Naomh Laighen, uasal-epscop Glinne Dá Locha, & cenn manach iar sin in Uairisburg, d'ecc uii Idus April.

M1085.4

Ughaire Ua Laidhgnéin, airchinneach Ferna.

M1085.5

Gormghal Loighsech, comharba Reglesa Bhrighde i n-Ard Macha saoi i n-eccna, & i c-crabhaid.

M1085.6

Neachtain mac Neachtain sui-epscop Ruis Ailithre.

M1085.7

Mac Soilligh, airchinneach Insi Caoin Degha, dh'écc.

M1085.8

Clereach Ua Sealbhaigh, ard-comharba Bairre, ordan & eccna Desmhumhan, do fhorbadh a dheigh-bhethaidh isin cenntar.

M1085.9

& Giolla Chríost mac Cuinn na m-Bocht, maic-cleirigh as ferr baoi i n-Erinn ina reimhes ordán & oirechus Cluana Mic Nóis, d'ecc.

M1085.10

Ceall Caindigh do losccadh d'urmhór.

M1085.11

Murchadh Ua Maol Doraidh, tigherna Cenel Conaill, tuir ordain, oinigh, & engnamha an Tuaisceirt d'faghail bháis.

M1085.12

Ualgharcc Ua Ruairc, ríogh-dhamhna Connacht, d'ecc.

M1085.13

Aenghas Ua Caindealbháin, tigherna Laoghaire, d'ecc.

M1085.14

An Dall Ua Fhaoláin, .i. mac Giolla Brighde, tigherna na n-Déisi, d'écc.

M1085.15

Muiredhach mac Duibh, toisech Muintire Eolais uile do erghabhail lá Toirrdhealbhach ua m-Briain, & Muintir Eolais uile do orgáin dó.

M1085.16

Creach-ghabháil la Conmhaicnibh dar Shiol


p.924

n-Anmchadha, co ro mharbsat an Coningin Find Mac Ualachtáin, & co t-tuccsat tola bó.

M1085.17

Ar n-daoine & indile isin m-bliadhain-si, gur bhó hé a mhéd co n-dernaitt aittreabhaigh di aroilibh daoinibh saidhbhribh innte.

M1085.18

Oenghus Ua Caindelbháin, tigherna Laeghaire, do mharbhadh h-i c-Cluain Eraird iar n-dol i c-cléircecht dó, lá mac meic Coirtén Uí Maíle Ruain, tigherna Dealbhna Móire.

Annal M1086

M1086.0

Aois Críost, míle ochtmodha a sé.

M1086.1

Maol Caoimhghin, uasal-espucc Uladh.

M1086.2

Erchadh Ua Maol Foghmhair, airdespucc Connacht.

M1086.3

Maoil Iosa Ua Brolcháin, sruith-senóir Ereann, saoi i n-eaccna, i c-crabadh & h-i filidhecht an bherla cechtardha. Ba h-e méd a eccna, & a ergna go ro scriobhadh féin liubhra & ealadhna lána d'amhainsi, & d'inntleacht. Ro fhaoidh a spirat dochum nimhe isin sechtmhadh decc Callainn Febru, amhail as-berar,

    1. h-I sepdecim Callainn Feabhra,
      aidhche fhele Fursa Find,
      at-bath Maoil Iosa Ua Brolchain,
      acht cidh eadh nír trom tamh tinn.

M1086.4

Fiachna Ua Ronáin, airchinneach Cluana Dolcáin, d'ecc.

M1086.5

Maol Sechloinn Ua Faoláin, ath-laoch tocchaidhe, d'ecc.

M1086.6

Maidhm ria n-Airtheraibh for Uibh Eathach, i t-torchair Domhnall Ua h-Aitteidh co n-druing oile.

M1086.7

Maidhm Eochaille ria


p.926

n-Ultaibh for Airghiallaibh & for Ua Ruadhacán, i t-torchair Cumasccach Ua Laithéin, tigherna Síl Duibhthire, & Giolla Mo Ninne Ua h-Eochadha, tigherna Cloinne Síonaigh, & sochaidhe oile amaille friú.

M1086.8

Amhalghaidh, mac Ruaidhri Ui Ruadhacán, do mharbhadh do Feraibh Fernmhaighe.

M1086.9

Toirrdhealbhach ua Briain, rí Ereann co fresabhra, iar m-beith i n-galar chian-fhoda, uair nír bhó slán-somh ón tan rugadh cend Choncobhair Uí Maoilechlainn ó Chluain Mic Nóis, go n-erbail h-i c-Cenn Coradh isin xxii bliadhain a fhlaithesa, & isin lxxuii a aoisi h-i prid Id Iul do shonnradh, iar martra fhoda, & iar n-aithrighe diochra ina pheacthaibh & iar c-caithemh cuirp Críost & a fhola, & Tadhg Ua Briain, a mhac, d'ecc isin mí chédna. As d'fhoraithmet bháis Toirrdhealbhaigh ro ráidhedh,

    1. Ochtmodha bliadhan gan bhréicc,
      agus míle 'na mór-mheitt,
      sé bliadhna ó ghein mic Dé dil,
      go bás Thoirrdhealbhaigh tuirmigh.
    2. Aídhche Mairt h-i Prid Id Iul,
      ria féil Iacoib co n-glan-rún,
      iar n-dó fichet at-bath,
      an t-airdrí tenn Toirrdhealbhach.

M1086.10

Maol Seachlainn, mac Concobhair, do dhol co h-Ath Cliath, & maidhm fair ria n-Gallaibh, & ria Laicchnibh .i. maidhm na Críoncha, du i t-torchair Maol Chiaráin Ua Cathasaigh, tigherna na Saithne, & Tuath Luighne, & sochaidhe oile cenmothasidhe im Mael Muaidh, tigherna Fher c-Ceall.

M1086.11

An Sionnach Fionn .i. Tadhg Ua Catharnaig, tigherna Tethbha, & Cionaodh a mac, & Ua Muiredhaigh, toiseach Muintire Tlamháin, do mharbhadh h-i fioll lá Maol Seachlainn, mac Conchobhair occ Loch Maighe Uatha h-i c-cion Murchaidh mic Conchobhair, do mharbhadh lá


p.928

h-Ua c-Catharnaigh Siondach.

M1086.12

h-Ua Baighelláin, tigherna Airghiall, do thuitim lá Conaillibh.

M1086.13

Mac Beathadh Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe, do mharbhadh (no do écc).

Annal M1087

M1087.0

Aois Críost, míle ochtmhodha a secht.

M1087.1

Maol Sechloinn, mac Conchobhair, Temhrach, do mharbhadh lá Cathal, Mac Muiricen, & lá Feraibh Tethbha i n-Ardachadh Epscoip Mel, tria fheill & saint meabhail.

M1087.2

Domhnall mac Giolla Patraic, tigherna Osraighe, d'ecc iar m-beith i n-galar fhoda.

M1087.3

Cathal Ua Cétfadha do mharbhadh lá Laighnibh.

M1087.4

Cú Sléibhe Ua Carrdha, tigherna Coirpre, do mharbhadh.

M1087.5

Domhnall Ua Laithén do marbhadh la Domhnall mac meic Lochlainn.

M1087.6

Maol Ruanaidh Ua h-Airt, .i. do Chloinn Diarmada, tigherna Tethbha, d'ecc.

M1087.7

Cath eittir Ruaidhri Ua Concobhair, Connacht, & Aodh mac Airt Uí Ruairc, tigherna Conmaicne & Breifne, h-i c-Conachail h-i c-Corann, & ro meabhaidh for Ua Ruairc. Marbhthar é budhéin, & Muiredhach mac Duibh, toiseach Muinntire h-Eolais. & mac Gofraidh Uí Shirittéin, & mac Con Sléibhe Uí Ferghail, & maithe Conmaicne archena etir shaor & daor, torcrattar isin cath-sin CoraindRuaidhri. As do fhoraithmhet an chatha-sin at-rubradh,

    1. Secht m-bliadhna is ochtmodha án,
      agus míle caomh comhlán,
      o ro genair Criost gan choll,
      co cath Conachla h-i c-Corann.

M1087.8

Cath Ratha Edair ettir Laighnibh, & Fiora Mumhan, cor' raeimhidh ria Muirchentach Ua m-Briain & ré b-Feraibh Mumhan for Laighnibh & for mac Domhnaill


p.930

mic Maoil na m-Bó, & ar Diarmuid Ua m-Briain, & ar Enda mac Diarmada co ro ladh ar mór annsin for Laighnibh im mac MurchadhaDomhnaill im tigherna h-Ua n-Drona, & im Chonall Ua Ciarmaic, & im Ua Néill Maighe Dá Chon, &rl.

M1087.9

Sluaigeadh lá Mac Lochlainn, co ro loisc Tuaith Inbhir i m-Bregaibh, & co ro ládh ár for a mhuintir.

M1087.10

Niall Ua Ceatfadha d'ecc.

M1087.11

Cathal Ua Cetfadha do mharbhadh lá Laighnibh.

M1087.12

Meas mór, & iomatt toraidh, & bó-ár, & ascalt isin m-bliadhain-si, agus gaeth mhór co ro bhris taighe & templa.

M1087.13

Uilliam Rufus do ghabhail rioghachta Saxan, 9 September.

Annal M1088

M1088.0

Aois Críost, mile ochtmodha a h-ocht.

1088.1

Corbmac Ua Finn, áird-fher leighinn Dal c-Cais, d'ecc.

M1088.2

Cathalán Ua Forréidh, saoi a n-egna & g-crabhadh, d'ecc dia domhnaigh Initte i t-teirt Nóin Marta i n-Imleach Iobhair, conadh dó do ráidhedh,

    1. Cathalán an chrabhaidh chóir,
      ba sruith sámhaidh, ba senóir,
      for nemh isin grianán gle,
      luidh i féil Chiaráin Saighre.

M1088.3

Tighernach Ua Braoin, ard-chomharba Chiaráin & Chomáin, d'ecc i n-Iomdhaidh Chiaráin. Suí leighind & senchusa ésidhe.

M1088.4

Maoil Iosa Ua Maoil Giricc, aird-fhile


p.932

& ard-ollamh, d'écc.

M1088.5

Dubh Chablaigh, inghen Aodha Ui Conchobhair .i. Aedh an Ghae Bhernaigh, ben Mumhan, d'écc.

M1088.6

Mór, inghen ToirrdhealbhaighBhriain, ben Connacht, d'écc. As doibh-sin at-bert Muirchertach Ua Briain,

    1. Mor inghen mic Taidhg atuaidh,
      ar-richt tech d'éccaibh diombuaidh,
      Dubh Chobhlaitth oc dol do Chluain,
      i madain focchmair fionn-fhuair.

M1088.7

Ruaidhri Ua Concobhair co Feraibh Connacht do ghabháil Insi Adharcaigh ria b-Feraibh Mumhan ar na ro léicceadh a c-cobhlach secha-soin suas, & do-rattadh maidhm for Mhuirchertach co f-farccaibh ár a muinntire ann. Ro ladh dna ár for chobhlach an fhir chédna iarna t-teacht timceall thiar for an f-fairrge do iondradh Connacht.

M1088.8

Indredh din Corco Modhruadh ó Ruaidhri fo trí, & as inueachtain má ro fhágaibh cethra ná daoine gan malairt don chur-sin, & do-rochrattar tria bhaoghal triar do maithibh Connacht .i. Giolla Coirpthe, mac Cathail Uí Mughróin, toiseach Cloinne Cathail, & Cú Sionna, mac Murchadha Uidhir toiseach Cloinne Tomaltaigh, & mac Giolla Criost, mic Echtighern, toiseach Corcu Achlann.

M1088.9

Ar mór for Ghallaibh Atha Cliath, Locha Garman, & Puirt Loairge ria n-Uibh Eachdhach Mumhan isin ló ro iomraidset Corcach Mumhan do orgain.

M1088.10

Slóighedh lá Domhnall, mac mic Lochlainn, lá rígh n-Ailigh, co t-Tuaiscert Ereann imme h-i c-Connachtaibh, co t-tart Ruaidhri Ua Conchobhair, Connacht, gialla Connacht uile dhó. Do-dheochattar dibhlinibh cona sochraittibh isin Mumhain, go ro loisccset Luimneach, & ro indraiset


p.934

machaire na Mumhan .i. co h-Imleach Iubhair, & Loch Gair, & Brúgh Rígh, & Dún Achéd, & co Druim Ua Clercén, & rucsat cenn mic Cailigh Ui Ruairc o chnocaibh Sainccil, & ro thoghailset, & ro mhúrsat Cenn Coradh, & ro gabhsat ocht b-fichit laech etir Galla, & Gaoidheala i n-giallnus a n-aittire, & tangattar dia t-tighibh iaramh. At iad roighne na n-aittire-sin mac Madadháin Ui Cinneidigh, mac Congalaigh I Occáin, & mac Eachdhach Ui Loingsigh. Do-radadh bá, ech, ór, orgat, & carna tar a cenn ó Muircherthach Ua Briain ina f-fuaslaccadh.

M1088.11

Derbhail, inghen h-Ui Mailsechnaill, d'écc.

Annal M 1089

M1089.0

Aois Críost, míle ochtmodha a naoi.

M1089.1

Giolla Pháttraicc Ua Célechán secnap (.i. prioir) Arda Macha.

M1089.2

Concobhar, mac Foghartaigh h-Ui Maoile Dúin secnab Cluana Mic Nóis.

M1089.3

& Ferghal h-Ua Meisdedhaigh, fer leighinn Imleacha Iubhair, d'écc.

M1089.4

Maidhm ria n-Uibh Eathach Uladh for Fhiora Fernmhaighe, dú i t-torchair mac Aedha Uí Chríochain, tigherna Fernmhaighe, & dá thánaisi décc do shaor-chlandaibh, go sochaidhibh iomdhaibh oile.

M1089.5

Donnchadh mac Domhnaill Reamhair, tigherna Laighen (no Ua c-Censelaigh) do mharbhadh do Chonchobhar Ua Concobhair Failgi tria bhaoghal. Laech as amhra ro baoi ina aimsir, tuir catha ar chalmatas eisidhe.

M1089.6

Donnchadh Ua Giolla Phattraicc, .i. mac Domhnaill,


p.936

tigherna Osraighe, do mharbhadh do mhacaibh mic Brain Bric.

M1089.7

Giolla Caindigh Ua Flaithfiledh, tigherna DealbhnaBethra , do mharbhadh lá a bhráthair Aedh, mac Cochlain Uí Fhlaithfhiled.

M1089.8

Cobhlach Fer Mumhan .i. im Muirchertach Ua Briain, do thiachtain for Sionainn, & for Loch Ribh co ro airccset cealla an locha, .i. Inis Clothrann, Inis Bó Finne, Inis Aingginn & Cluain Eamhain, co ro dúnadh Aidhirceach, & Rechraith iarsin dar a n-eis lá Ruaidhri Ua Conchobhair, lá rígh Connacht.

Tangattar-somh anuas iaramh co Cluain, & ro raoineadh orra suas ina f-fritheing co h-Ath Luain, ba h-annsidhe baoi Ua Maoilechlainn .i. Domhnall mac Floinn, Temhrach in erlaimhe for a c-cind, go f-fargaibhset ogh a long & a n-ethar ag Ua Maoileachlainn annsin, & do-dheochattar féisin for a chomairce, & ro h-iodhnaicthi iomlán iatt iaramh co Fiora Mumhan.

M1089.9

Ruaidhri Ua Concobhair & Domhnall Ua Maolsechlainn do dhol i l-longaibh & i n-ethraibh co ro indirset Mumha co Cluain Caoin Mó Diómóg. Conidh as inueachtain for-agsat míol n-indile in airett-sin lá taobh braitti do thabhairt leo.

M1089.10

Crech mhór lá Domhnall Ua Maoileachlainn, lá rígh Temhrach, co rocht Iobhar Chind Trachta go ro airgi Fiora Fernmhaighe, Conaille, Mughdhorna, & Ui Méith, & go ro loisc Conaille uile.

M1089.11

Iseall Ciarain do chendach ar dhilsi do Corbmac mac Cuinn na m-Bocht ó Ua Flaithén, & ó Dhomhnall mac Flainn Ui Maoilechloint ó rígh Midhe.

M1089.12

Corcach, Imleach Iubhair, Ard Ferta, & Ceall Dara, do losccadh.

M1089.13

Luscca do losccadh lá Fiora Mumhan, & naoi f-fichit duine do losccadh ina daimh liag.


p.938

Annal M1090

M1090.0

Aois Críost, míle nochat.

M1090.1

Maoldúin Ua Reabhacán, comharba Mo Chútta.

M1090.2

& Cian Ua Buachalla, comharba Cainnigh i c-Ciannachta, d'écc.

M1090.3

Ingnadan, fer leighinn Cluana h-Eraird, do mharbhadh.

M1090.4

Maol Ruanaidh Ua Cairellán, tigherna Cloinde Diarmatta, & Giolla Criost Ua Lúinigh, tigherna Cenél Moen, do mharbhadh i n-aon-ló lá Domhnall ua Lochlaind.

M1090.5

Comdhál mhór etir Domhnall, mac mheic Lochlaint, Ailigh, & Muirchertach Ua Briain, Caisil, & Domhnall mac Floint Uí Maoilechloinn, tigherna Mídhe, & Ruaidhri Ua Concobhair, Connacht, & do-ratsat uile gialla do rígh Ailigh, & do scarsat fo sidh, & caenchomhrac.

M1090.6

Muirchertach Ua Briain do thuidhecht h-i Mídhe for creich iaramh, & fechair iomairecc eittir Domhnall, Mídhe, & Muirchertach cona a slocchaibh i Maigh Léna. Ro meabhaidh for Mumhain, & ro ládh a n-ár im Maolsechlainn Ua n-Dungalaigh, & im mac Conín Uí Duibhcind, & im mac Maoil MordhaDomhnaill mac rígh Ua Ceinnsealaigh.

M1090.7

Crech-shluaichcedh lá Domhnall Ua Maoilechluinn isin Mumhain, co ro loisc Dúin na Scciath. Crech oile bheós lásan Domhnall cédna, go ro aircc Urmumhain uile.

M1090.8

Ruaidhri Ua Concobhair do losccadh Dúine Aichet.

M1090.9

Muirchertach Ua Bric, tigherna na n-Déisi do marbhadh.

M1090.10

Muirchertach Ua Briain do dhol ar Loch Riach tre bhaogal.

M1090.11

Sluaigheadh lá Muirchertach Ua m-Briain, & lá Feraibh Mumhan, & la


p.940

Gallaibh Atha Cliath, go ro indirset cenntur Laighen, & Fiora Breagh go h-Ath Buidhe, & do-bhertsat da aittire d'ua Lochluinn .i. Domhnall, ar a n-anacal ótha sin siar.

Annal M1091

M1091.0

Aois Críost, míle nochat a h-aon.

M1091.1

Cend Faoladh Ua h-Occáin, comharba Brénoinn, d'écc.

M1091.2

Murchadh, mac mic Domhnaill Remhair, do mharbhadh i meabhail lá h-Enda, mac Diarmada.

M1091.3

Mac mic Aodha mic Ruaidhri, tigherna Iarthair Connacht, d'écc.

M1091.4

Cionaeth Ua Mordha, tigherna Laighisi, & mac Maol Ruanaidh, mic Con Cóirne, do chomhthuitim i t-tigh Uí Bhriain h-i c-Caisseal.

M1091.5

Cearbhall Ua h-Aodha sinnsior Cloinne Colmáin, d'écc.

M1091.6

Laidhgnen .i. An Buidhenach Ua Duind Cothaigh, tigherna Gaileng, do mharbhadh d'Uibh Briuin.

M1091.7

Slóighedh lá Muirchertach Ua m-Briain, co ro aircc Iarthar Midhe.

M1091.8

Slóigheadh lá Connachtaibh, co ro loiscset mór don Mumhain.

M1091.9

Bran Ua Caindelbháin do mharbhadh do mhac Mic Coirtén.

M1091.10

Creach na n-aithinneadh do dhénamh do Mhuirchertach Ua Briain, aidhche Nottlac Mór, ar Uibh Failghe & ar mhacaibh mic Brain Bric. Síth do dhénamh do Muircertach & do mhacaibh Taidhg Ui Briain, & Tuadhmhumha do dhol dia t-tighibh, & feall do mhac Thaidhg forra, & a n-arccain do Chonnachtaibh.

M1091.11

Muirchertach Ua Bric, tigherna na n-Déisi, do mharbhadh.

M1091.12

An leth iartharach do Ráith Arda Macha do losccadh.

M1091.13

Maoil Iosa, comhorba Phattraic,


p.942

d'écc iar b-pennainn 20 December, & Domhnall, mac Amhalgadha, d'oirdneadh ina ionadh isin abdhaine fo chedóir.

M1091.14

Sitriug, mac Giolla Bruide, do mharbhadh i meabhail.

Annal M1092

M1092.0

Aois Críost, míle nochat a dó.

M1092.1

Connmhach Ua Cairill, espucc, & riaghlóir togaidhe.

M1092.2

Corbmac, abb Mainistrech sruith-shenóir naomh, cend eccna & crabhaidh na n-Gaoidhel.

M1092.3

Muirchertach, mac Loingsich, comharba Findéin Cluana h-Eraird.

M1092.4

& Maoil Iosa Ua h-Arrachtáin, comharba Ailbhe Imlich, d' écc.

M1092.5

An Cráibhdhech .i. Fiachraich Ua Follamhain, saccart do Chonnachtaibh do bádhadh i l-Loch Cairrgin.

M1092.6

Ráith Arda Macha cona temploibh do losccadh an cethramhadh Callainn do September, & sreth do Thriun Mór, & sreth do Thriun Saxan.

M1092.7

Ruaidhri Ua Conchobhair .i. Ruaidhri na Soidhe Buidhe, airdrí Connacht, do dhalladh d'Ua Flaithbhertaigh .i. do Flaithbertach, & d'Foghartach Ua Foghartaigh tria fheill & tria mheabhail. Ba cáirdes Criost fo shecht Ruaidhri d'Ua Flaithbhertaigh.

M1092.8

Donnchadh, mac Carthaigh, tigherna Eoghanachta Caisil do mharbhadh lá Ceallachán Caisil.

M1092.9

Enda, mac Diarmada, tigherna Ua c-Ceinnsealaigh, do mharbhadh lá Ceinnsealachaibh feisin .i. do mac Murchaidh, mic Diarmada.

M1092.10

Creach mhór lá Conmaicnibh tar Síol Muireadhaigh, co ro fágbhadh Magh n-Aoi leó gan innile.

M1092.11

Donnchadh mac Uí Chonchobhair Failghigh do mharbhadh lá a bhraithribh féisin.

M1092.12

Reódh mór & aigh isin m-bliadhain-si, co ro reodhset locha & aibhne Ereann, co n-imthighdís daoine & eich cosaibh tiormaibh dar na lochaibh, & ro feradh sneachta mór na diaidh sin.

M1092.13

Slóigheadh lá Muirchertach Ua m-Briain i c-Connachtaibh, go rug gialla uadhaibh.

M1092.14

Diarmaid Ua Briain d'ionnarbadh i n-Ultaibh.

M1092.15

Muiredhach mac Carrthaigh, tigherna Eoghanachta, d'écc.

M1092.16

Domhnall mac Amhalgadha, comhorba Phátraicc for cuairt Cenel n-Eoghain, co


p.944

t-tug a réir.

M1092.17

Aodh, mac Cathail Uí Conchobhair, do ghabhail do Bhriain, & righe Sil Muiredhaigh do thabhairt do Ghiolla na Naomh Ua Conchobhair.

M1092.18

Cobhlach Fer Mumhan do arccain Cluana Mic Nóis.