Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M1063

M1063.0

Aois Críost, míle sescca a trí.

M1063.1

Cionaodh, mac Aichir, airchinneach Lis Móir Mo Chuda.

M1063.2

Eochaidh Ua Dalláin, airchinneach Condere.

M1063.3

& Madudhan Ua Célechán, prioir Arda Macha, d' ecc.

M1063.4

Ceallach Ua Caoimh, eccnaidh & angcoire, d' ecc.

M1063.5

Ua Miadhacháin, fer léighinn do mhuintir Cluana Mic Nois.

M1063.6

& mac Donngail fer leighinn Cille Dara, d'ecc.

M1063.7

Conaing Ua h-Eaghra, fer leighinn Cluana Mic Nóis, d' ecc.

M1063.8

Gormlaith, inghen Cathail mic Ruaidhri, d'ecc ina


p.884

h-oilithre i n-Ard Macha.

M1063.9

Cathal mac Donnchadha, tigherna Ua n-Eathach Mumhan .i. tigherna Raithlinne do mharbhadh lá a mhac féisin .i. an Fionnshúilech.

M1063.10

Cú Dúiligh Ua Taidhg, tigherna Fer Lí, d'ecc.

M1063.11

Maol Sechlainn Ua Madudháin, ríogh-dhamhna Oiligh, do mharbhadh lá Cenél c-Conaill.

M1063.12

Giolla Erraith Ua Maoil Mithigh, oiccthighern na n-Gaoidheal, d' ecc.

M1063.13

Slóichcedh mór la h-Ardgar, .i. mac Lochluinn, ótá Glend Súilighe siar co h-iarthar Luighne, & co Muaidh O n-Amhalgaidh, & tángattar tighernadha Connacht uile ina theach im Aodh Ua Conchobhair, & im Aodh mac Néill I Ruairc, & im mac Airt I Ruairc.

M1063.14

Uaimh Alla Gerc i c-Cera do thoghail do Conmhaicnibh for muintir Uí Chonchobhair Aodha, & ro múchta ocht fichit do dhaoinibh innte, & ruccta seótta Condacht eiste.

M1063.15

Luimneach do losccadh lá Toirrdhealbhach ua m-Briain, & lá Diarmaitt mac Mail na m-Bó.

M1063.16

Treaghait & cnuicc h-i Laighnibh, & ro leth cidh fo Eirinn.

M1063.17

Ascolt mór for indilibh isin m-bliadhain-si, & terce arbha & annloinn.

M1063.18

Eochaidh ua h-Eochadha, Uladh, d'ecc.

M1063.19

Sluaigheadh lá Diarmaid mac Maoil na m-Bó i Mumhain, go t-tangatar maithe Machaire na Mumhan ina theagh go fargaibhset gialla occa.

M1063.20

Táinig mac Bhriain & Murchadh an Scéth Ghirr, a mhac, dochum ToirrdhealbhaighBhriain dia fhobairt tar eis Diarmada, go t-tarad Toirrdhealbhach maidhm for Murchadh go ro lá ár a muinntiri.

M1063.21

Do-chuaidh Diarmaid iarttain isin Mumhain go t-tug gialla Muman o Uisgi fodheas go Cnoc m-Brénainn, go t-tug na géll isin i l-láimh Toirrdhealbhaigh, a dhalta.

M1063.22

Laoighseach, mac Faeláin I Mhórdha, tigherna Laighisi, do mharbhadh.


p.886

Annal M1064

M1064.0

Aois Críost, míle seascca a cethair.

M1064.1

Doilghen, Ua Sona, airchindeach Arda Sratha.

M1064.2

Corbmac, airchindeach Arda Breacáin.

M1064.3

Eochaidh Ua Doreidh, airchinneach Domhnaigh Móir Maighe Ithe.

M1064.4

An Dall Ua Lonáin, aird-fhile & aird-sheanchaidh na Mumhan.

M1064.5

& Giolla h-Uasaille Ua Maoil Mithigh, d'ecc.

M1064.6

Donnchadh mac Briain, airdrí Mumhan, do aithríoghadh, & a dhul do Róimh iarsin, co n-erbailt fo bhuaidh aithrighe i Mainistir Stephain Mairtír.

M1064.7

Muirchertach Ua Néill, tigherna Tealcha Occ, do mharbhadh la h-Uibh c-Cremthainn.

M1064.8

Ardghal mac Lochlainn, tigherna Oiligh, d'ecc i t-Tealach Occ, & a adhnacal i n-Ard Macha co n-onóir, & co n-airmidin i t-tumba na rioghraidhe.

M1064.9

Diarmaid Ua Lorcáin, ríoghdhamhna Laighen, do mharbhadh lá Cenel Eoghain.

M1064.10

Murchadh Ua Fallamhain, tanaisi Midhe, & a bhráthair, do mharbhadh i meabhail.

M1064.11

Dubh Da Lethe, mac Maol Muire, comharba Phátraicc, d'ecc iar n-aithrighe tocchaidhe an chéd lá do September, & Maoil Iosa, mac Amhalghadha do ghabháil na h-abdhaine.

Annal M1065

M1065.0

Aois Críost, míle seascca a cúicc.

M1065.1

Maol Bríghde Ua Mannaicch, espug.

M1065.2

Maolbri[acute ]ghde, Ua Mannaicch, espug, Dubhtach Albanach, árd anmchara Ereann & Alban, décc i n-Ard Macha Ard Macha. As do Dubhthach ro raidheadh

    1. Dubhthach duine dlightheach dún,
      Rontha an sosradh slightheach saor,
      Nimh fuair an t-anmchara ad cidh,
      An a thín clán tana coemh

M1065.3

Domhnall, airchinneach Lucchmhaidh, d'ecc.

M1065.4

Donnchadh Ua Mathghamhna, Uladh, do mharbhadh lá h-Ultaibh budhdhéissin i n-daimh liag Bennchair.

M1065.5

Bródar,


p.888

namha Comhghaill as leisidhe ro marbhadh an ri a m-Bennchair, do mharbhadh la tigherna Dal n-Araidhe.

M1065.6

Domhnall Ua Loingsigh, tigherna Dal n-Araidhe, & Muirchertach Ua Maol Fhabhaill, tigherna Cairrge Brachaidhe, do mharbhadh lá h-Uibh Meith.

M1065.7

Echmhilidh Ua h-Aiteidh, tigherna Ua n-Eathach, do mharbhadh lá Cenél Eoghain.

M1065.8

Leochán, mac Laidhgnen, tigherna Gaileng, do mharbhadh lá Conchobhar Ua Maoileachlaind.

M1065.9

Orgain Cluanae Mic NóisConmhaicnibh, & lá h-Ua Máine.Cluain Ferta do orgain dóibh iarna bhárach. It iad-so na toísigh báttar h-i suidhe .i. Aodh mac Néill Ui Ruairc, & Diarmait, mac Taidhg Ui Cheallaigh, tigherna Ua Maine. Rainic Ua Conchobhair Aodh dia soighidh, & sraoinneadh forra tria fhiortaibh Dé, Ciaráin, & Brénainn, isa cealla ro oirccset, & ro cuireadh a n-dercc-ár lá h-Aodh, & fáccbhaitt a n-ethra lais imon luing tuccsat ó thá in fhairrcce aniar dar lár Connacht co Sionainn. Terna Aodh Ua Ruairc asin iorghail-sin, & at-bail gan fuirech iaramh tré fertaibh Ciaráin. Do-cher din Diarmait mac Taidhg Ui Cheallaigh, & a mhac Conchobhairrígh Connacht, lá h-Aodh Ua c-Concobhair ria c-cionn bliadhna.

M1065.10

Duarcán, mac Maoil Mhiadhaigh Uí Eolusa, toiseach Muintire Eolais, do mharbhadh lá h-Ua Conchobhair .i. la h-Aodh.

M1065.11

Cno-mhes mór an bhliadhain-si, co ro gabh siubhal do glaisibh & mhion-shrothaibh.

M1065.12

Cuilen Ua Domhnalláin, ollamh breithemhnachta Ua Failghe, do mharbhadh d'Uibh Crimhthannáin.

Annal M1066

M1066.0

Aois Críost, míle seascca a sé.

M1066.1

Dunchadh Ua Daimhene, comhorba Doire.

M1066.2

Coemhoran, comharba Caindigh.

M1066.3

Fiacha Ua Riacáin, airchindeach Cluana Boirenn, d'écc.

M1066.4

Fogartach, uasal-shaccart Achaidh Bó, d'ecc iar sendataidh thogaidhe.

M1066.5

Fogartach Fionn do Ultoibh, eccnaidh & angcoiri, d'ecc i c-Cluain Mic Nóis.

M1066.6

Giolla Braide, tigherna Breifne, do mharbhadh lá h-Uibh Beccon, & Orlaidh a bhen, inghen Conchobhair Uí Maoilseachnaill, d'ecc. Giolla Braide din


p.890

mac-sidhe Domhnaill, mic Tighernáin, mic Ualghairg, mic Néill.

M1066.7

Ceallach, mac Muirchertaigh Ui Cheallaigh, do mharbhadh.

M1066.8

Mac Senáin, tigherna Gaileng, do mharbhadh.

M1066.9

Giolla Mo Ninne, mac Aodha, mic Ualghaircc, do mharbhadh.

M1066.10

Cionaodh, mac Odharmhaic, tigherna Conaille, d'ecc, iar n-aithríghe.

M1066.11

Rédlu do arthrucch h-i secht Calainn Mai dia Mairt, iar mion-cháiscc, conár mhó dealradh no solus escca iná a soilsi, & ba fodherc do chách amhlaidh-sin í co cenn ceatheora n-oidhche iaramh.

M1066.12

Mac Conaing Uí Mhuireccáin, adhbhar tigherna Tethbha, do mharbhadh la h-Aodh Ua Concobhair, & lá Tadhg Ua Muirecáin.

M1066.13

Aoibhenn, inghen Uí Conchobhair, ben Ui Mhuiregáin, d'ecc.

M1066.14

Uilliam Conquerer do ghabháil ríoghachta Saxan, an 14 October.

Annal M1067

M1067.0

Aois Críost, míle seascca a seacht.

M1067.1

Celechair Mughdhornach, espug Cluana Mic Nóis, do écc. Do Uibh Ceallaicch Bregh a chenél.

M1067.2

Scolaighe, mac Indrechtaigh, airchindeach Mucnamha, & airchinneach Duin Lethghlaisi, d'ecc.

M1067.3

Echtighern, mac Floinn Mainistreach, airchinnech Mainistrech Búithe, d'ecc.

M1067.4

Mor-shluaichcedh Leithe MochcaDiarmaid, mac Maoil na m-Bó, la rígh Laighen, la Murchadh, & lá Toirrdhealbhach ua Briain, la rígh Mumhan, h-i c-Connachtaibh, co t-tarad Aodh Ua Conchobhair, ri Connacht caith ettarnaidh for a c-cionn, go ro marbhadh ann Ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe Luachra, & daoine iomdha


p.892

immaille friss.

M1067.5

Cath Turlaigh Adhnaigh, eitir Aodh an Ghae Bherrnaigh Ua Concobhair, Connacht, & Aodh mac Airt Uallaigh Uí Ruairc go f-Feraibh Breifne ime, du i t-torchair Aodh Ua Concobhair, cóiccidh Connacht luam gaisccidh Leithe Cuinn, & do-cersat maithe Connacht imaille fris, im Aodh Ua Con Chenaint, tigherna Ua n-Diarmada, & co sochaidhibh iomdhaibh archena. As do fhoraitmet bháis Aodha Uí Conchobhair, do ráidhedh an rannt,

    1. Secht m-bliadhna sesccat, ní suaill,
      Agus míle, mór in bhuaidh,
      O ghein Críost, ní saobh in smacht,
      Co t-torchair Aodh Connacht.

M1067.6

Muirchertach Ua Carthaigh do bhádhadh i Loch Cálgaich. Prímh-druith & primh-ollamh Connacht esidhe.

M1067.7

Tadhg Ua Muireccán, tigherna Teathbha, do mharbhadh


p.894

la Muintir Tlamáin i Maonmhaigh.

M1067.8

Dond Sléibhe Ua Gadhra, tanaisi Luighne, do mharbhadh la Brian Ua n-Eaghra.

M1067.9

Maoil Sechluinn, mac Giolla Brighdi, tigherna na n-Déisi, do erghabháil do Thairrdhealbhach ua Briain go t-tarad é i l-láimh I Bric, go ro dhaill-sidhi é.

Annal M1068

M1068.0

Aois Críost, míle seascca a h-ocht.

M1068.1

Cionaodh, mac Muireadhaidh, comharba Caoimhghin.

M1068.2

Anghene Mac an Bheccánaigh, comharba Mo Cholmócc & Comhghaill.

M1068.3

Domhnall Ua Cathasaigh airchinneach Dúin.

M1068.4

& Colmán Ua Críochain, fer leighinn Arda Macha, d'ecc.

M1068.5

Murchadh ua Briain, .i. an Scéth Ghirr, mac Donnchadha, mic Briain Boroimhe, ríogh-dhamhna Mumhan, do mharbhadh lá Fiora Teathbha a n-dioghail a c-creiche, & a n-oirccne, & a chenn do bhreith co Cluain, & a cholann go Dearmhaigh.

M1068.6

Domhnall ua Maoilechlainn, .i. mac Neill mic Maoileachlainn, tigherna Oiligh, do mharbhadh h-i maidhm Sithbe lá a dherbrathair lá h-Aodh mac Néill mic Maoileachlainn, & is don Domhnall-sin do-ghoirthí Domhnall na m-Bocht, & as-beara go m-ba sé ba cráibhdhidhe ro bhoí i n-Erinn ina réimhes.

M1068.7

Flaithbhertach Ua Ferghail, tigherna Tealcha Occ, do ghuin do Chenel m-Bindigh.

M1068.8

Maoil Iosa, mac Amhalgadha, comharba Pátraicc, for cuairt Mumhan cédna fecht, co t-tucc a lán-chuairt etir screpall, & edbarta.

Annal M1069

M1069.0

Aois Críost, míle seascca a naoi.

M1069.1

Cobhthach, saccart Cille Dara, cend ordain & aireachais Laighen, d'ecc.

M1069.2

Aodh, mac Dubhghaill, seacnab Cluana Fiachna, d'ecc.

M1069.3

Flannaccán, mac Aedha, fos-airchinneach Arda Macha, d'ecc iar n-deigh-bhethaidh.

M1069.4

Dún Dá Lethghlas, Ard Sratha, Luscca, & Sord Choluim Chille, do losccadh.

M1069.5

Ua h-Aedha, tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha, d'ecc.

M1069.6

Mac mic Gadhra Ui Dunadhaigh, .i. tigherna Shíl n-Anmchadha, do mharbhadh d'Ua


p.896

Madudháin.

M1069.7

Sluaighedh lá Murchadh mac Diarmada, h-i Mídhe co ro loisc tuatha, & cealla .i. Gránard, & Fabhar Fheichín, & Ard m-Brecain, & ro mharbh dna, Féichin eissium ind gnuis do ghnúis, & ro marbhadh dearcc-ár Gall & Laighen do tedhmannaibh examlaibh.

M1069.8

Mac Iairn mic Dubhtaich, tigherna na c-Comann, d'ecc.

M1069.9

Faolan .i. An Dall Ua Mórdha d'ecc i n-Achadh Bó.

M1069.10

Giollu Mo Lua Ua Bruaideadha, tigherna Ratha Tamhnaighi, d'ecc.

M1069.11

Giollu Maire mac Duibh, flaith Crimthannáin, do marbhadh do Mac Raith Ua Mórdha, i n-doras dertaighe Tighi Mo Chua, iar comhluighi doibh fon Caimhmín ar tús, & an Caimmin i f-farraidh mic Duibh, go b-fuil fail mic Duibh beos, & go m-bia tre bith shior forsan Caimmin. Mac Raith Ua Mordha iarttain do marbhadh ag Muilenn na c-Crosán i bhail Achadh Bó, & dna, an Caimmin ina fharradh, i n-eneach Fionntain, Mo Cua, & Colmain.

Annal M1070

M1070.0

Aois Críost, míle seachtmodha.

M1070.1

Ailill Ua h-Airretuich, ard-comharba Ciaráin Cluana Mic Nóis, d'ég ina oilethre i c-Cluain Ioraird. Do Chorca Raidhe cenel Ailella.

M1070.2

Dondghal mac Gormáin, aird-fer leiginn Leithe Chuinn, & tánaissi abbaidh Cluana Mic Nóis.

M1070.3

& Cathasach, mac Cairpre, abb Mungairde, cenn clérech fhear Mumhan, d'ecc.

M1070.4

Ferghal Ua Laidhgnén, abb Othna.

M1070.5

& Maol Brighde, mac Cathasaigh, foss-airchinneach Arda Macha, d'ecc.

M1070.6

Mac Baeithine, abb Iae, do mharbhadh.

M1070.7

Murchadh, mac Diarmada, mic Maoil na m-Bó, tigherna Gall & Laighen fri láimh a athar, d'ég i n-Ath Cliath, dia domhnaigh lá feile Muire geimridh do shonnradh. As dia éccaoine ro ráidh an file na roinn-si,


    1. p.898

      Cumha áird-righ i n-Ath Cliath
      Ní ba fairbricch co bráth m-baoth;
      Folamh an dún cen ua n-Duach,
      Luath ro gonadh luth a laoch.
    2. Toirrseach cech drem isin dún,
      imá cend n-ar caoimseach sluagh,
      aro cheil cách corp an rígh,
      ra sil cech olc co brath m-buan.
    3. Murchadh mac Diarmada déin,
      iomdha diangata 'na dhiaidh,
      atá i m-bron do bhás an mhaoil
      cech slógh ro scaoil gnás don ghliaidh.
    4. Adbhal an béd nach buan é,
      ecc ropa truacch ara thí
      nach ro-moch ro thog dreach dhe,
      neach mar é do chor a crí.
    5. Maith im crodh h-ui Maoil na m-Bó,
      ro bronn scor, & ro sccail bú,
      ar cend rena dhul co Dia.
      cia ris fa fearr do crudh cú.

M1070.8

Glúin Iarn, mac Diarmada, mic Maoil na m-Bó, do marbhadh d'Fhearaibh Mídhe, & is ann ro h-adhnaicedh h-i n-Daimh Liacc Ciánain.

M1070.9

Conchobhar, mac An Chléirigh I Chonchobhair, .i. riogh-dhamhná Connacht, do mharbhadh do Conmhaicnibh tré fhéill.

M1070.10

Murchadh Liathanach, mac Aedha Uí Concobhair do mharbhadh i meabhail la Muintir Fhollamhain.

M1070.11

Maidhm ria n-Donnchadh Ua Ruairc, & ria n-Uibh Briuin for Fhiora Tethbha, dú i t-torchair Conn mac mic Cuinn, tigherna Tethbha co n-druing oile.

M1070.12

Aodh na Dearbha Ua Ciarrdha, tigherna Cairpre, do mharbhadh i meabhail.

M1070.13

Muirchertach Ua Conchobhair, tigherna Ua Failghe do dhalladh la a dherbhrathair, Conchobhar.

M1070.14

An clochán ó Crois Epscop Ethchen co h-Irdom Chiaráin


p.900

do dhenamh h-i c-Cluain Mic NóisMaol Chiaráin mac Cuinn na m-Bocht, & an clochán o Cros Comhghaill co h-Ulaidh na t-Trí c-Cros, & uaidh siar go bél na sráide.

Annal M1071

M1071.0

Aois Críost, míle sechtmodha a h-aon.

M1071.1

Giolla Criost Ua Clothocán, fer leighinn Arda Macha, & ard-shaoi na n-Gaoidhel, d'ecc iar pennainn.

M1071.2

Donngal Ua Coibhdhenaigh, uasal-shacart Cluana h-Eidhneach, d'ecc.

M1071.3

Ruaidhri Ua Canannáin, tigherna Ceneoil Conaill, do mharbhadh lá h-Aonghus Ua Maol Doraidh.

M1071.4

Aeghredán Ua Muiregáin, tigherna Tethbha, do mharbhadh la Conmhaicnibh.

M1071.5

Mac Righbhardan mac Con Choirne, tigherna Ele, do mharbhadh a c-cath go sochaidhibh oile i maille fris lá Donnchadh Ua Ceallaigh, tigherna Ua Maine.

M1071.6

Uladh .i. Cú Uladh Ua Flaithrí, do aithrioghadh & a ionnarbadh i l-Laighnibh lá h-Ua Maol Ruanaidh, & lá h-Ultoibh, & ro marbhadh an t-Ua Maol Ruanaidh-sin fo chédóir h-i c-cath lá Donn Sleibhe Ua h-Eochadha.

M1071.7

Mac Giolla Brighde Uí Maoil Muaidh, tigherna Fer c-Ceall, d'ecc.

M1071.8

Donnchadh Got, ríogh-dhamhna Temhrach, do marbhadh la Conchobhar Ua Maoilechlainn.

M1071.9

h-Ua Sibhlén .i. Giolla Pháttraicc, tigherna Ua Foilghe, do mharbhadh h-i c-cath lá Conchobhar Ua Conchobhair. Torchair ann bheós Mathghamhain Ua Uathmharain, & Lorcán mac Flaithniadh Ui Duibh, tigherna Ua Cremhthannáin go sochaighibh ele.

M1071.10

Ceall Dara, Glend Dá Locha, & Cluain Dolcáin do losccadh.

M1071.11

Finnachta mac Eiccnecháin h-Ui Cuind, & Donn mac Foghartaigh h-Ui Chuinn, do mharbhadh do Connachtaibh a fill.

M1071.12

Cath ettir Domhnall, mac Murchaidh, & Donnchadh, mac Domhnaill Reamhair, go ro marbhadh ann Tadhg Ua Riain.

Annal M1072

M1072.0

Aois Críost, mile seachtmodha a dó.

M1072.1

Maol Muire Ua Muireccán, airchindeach Tuidnidha.

M1072.2

& Dubh Dil, comharba Bricchde, d'ecc.

M1072.3

Diarmait, mac Maoil na m-Bó, Laighen, Gall Atha Cliath, & Leithe Mogha Nuadhat cosnamhthaigh


p.902

Laighen frí Leith Cuinn, do mharbhadh, & do dhichenttadh h-i c-cath Odhbha dia Mairt an uii Id Febhru, iar maidhm in chatha fair lá Concobhar Ua Maoileachlainn, .i. ri Midhe, & ro marbhadh dna, il-chéda do Ghallaibh & Laighnibh imaille fri Diarmaitt isin cath-sin. Ro marbhadh dna, ann Giolla Pháttraicc Ua Ferghaile, tigherna na Fortuath, &c. As do bhás Diarmada do ráidhedh,
    1. A dó secht n-deich ar mhíle,
      o ghein Críost cé co rímhe,
      gus an m-bliadhain-si céd fer,
      i t-torchair Diarmaid Laighen.
    2. Diarmaid dond-ghlan go n-dreich n-daith,
      no chongbhadh cleth coccaidh,
      dar fucc h-i saoth samh gann sith,
      dith laoch Ladhrann co loingsibh.
    3. Ro tesccait óicc áille ann,
      im cend Cláire, & Cualant,
      Don-bheir h-i sian gair nach saimh,
      díth rígh Riadhain co ro-báigh.
    4. Co t-torchair oc Muilionn Chul
      ruiri forthain ar sár-mhúr
      gur bith in breo baoth tria brath,
      ni fríth laoch leó no lamhadh.
    5. Adhbhal an t-echt, mo cech mart,
      as crecht cro im crídhe comhnart,
      don t-sluagh a Caíndruim nír cert,
      díth ar saer-dhúinn chár dlighset.
    6. Ro mhúch a menmain co mór,
      Diarmaid dedgair fo dian-bhrón,
      ni fhuil dia bhás frith na fledh,
      ní bhia sídh ní bhia sessedh.


p.904

M1072.4

Cu Uladh h-Ua Flathrai, Uladh, & Mac Asidha, .i. Gabhadhan, tigherna Ua n-Gobhla, do losccadh do Feraibh Midhe i t-tigh tened, & sochaidhe mór do dhaoinibh oile impu.

M1072.5

Trén-coinnmhedh la Murchadh mac Conchobhair i n-Isioll Chiaráin, & forsna Célibh Dé, go ro marbhadh rechtaire na m-bocht ann, conidh de tuccadh Magh Núra do na bochtaibh.

M1072.6

h-Ua Fócarta, tigherna Éle do marbhadh lá h-ua m-Briain.