Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 1043

M1043.0

Aois Críost, míle ceathracha a trí.

M1043.1

Flaithbhertach, epscop Dúin Lethglaissi, do écc.

M1043.2

Conchobhar ua Laidhgnén, airchindeach Ferna Móiri M'Aedhóig, & Tíghe Mo Ling, d'écc.

M1043.3

Aodhán Connachtach, anchoire & fer leighinn Ross Commáin.

M1043.4

Ceallach ua Cleircein, comharba Findéin & Mo Colmócc.

M1043.5

& Cathal, mac Ruaidhri, tigherna Iarthair Connacht, d'écc ina oilithre i n-Ard Macha.

M1043.6

Domhnall Ua Ferghaile tigherna Fortuath Laighen, do mharbhadh lá mac Tuathail, mac Fiachrach i t-Termond Caoimhghin.

M1043.7

Flann Ua h-Ainfeth, tighearnaa Ua Meith, do mharbhadh lá h-Ua Cearbhaill, la tigherna Fearnmhaighe.

M1043.8

Giolla Mo Chonna Ua Duibh Dhiorma d'écc.

M1043.9

Ceinnéittigh Ua Cuirc, tigherna Muscraighe, do mharbhadh.

M1043.10

Maidhm for Chenel c-Conaill ria c-Cenel Eoghain i t-Termonn Dá Bheoc.

M1043.11

Creach lá h-Annudh Ua Ruairc dar Lughmhadh, dar Druim Inesclainn, & dar Conaille uile, acht ro dioghailsiot na naoimh fo cédóir .i. Mochta & Ronán, ár ro marbhadh Annudh ria c-cinn ráithe lá h-aoin-fher .i. mac Airt Bhicc.

M1043.12

Trosccadh do samhadh Ciaráin i t-Tealach Garbha for Aodh Ua Coinfhiacla, tigherna Tethbha, & Bernán Chiaráin do bheim co loss Bhachlae Iosa fair. An


p.844

t-ionad in ro iompa a dhruim frisna cleircibh, ro dichendaidh Aedh isin ceirt-ionadh-sin ria c-cionn míos lá Muirchertach Ua Maoilechlaind.

M1043.13

Crech la h-Osraighibh, & lá h-Airther Mumhan .i. lá Mac Raith ua n-Donnchadha, & lá h-Echtighern Ua n-Donnaccáin, tigherna Aradh go Dún na Sciath, & ro loisccset an dún, & ro gabhsat gabhála beacca conus-tarraidh Carthach, mac Saoirbhrethaigh, tighernae Eoghanachta acc Maeil Caennaigh for brú Siúire, & ro sraoinedh ria c-Cártach for Osraighibh, & for Urmhumhain, dú in ro marbhadh Ua Donnaccáin, tigherna Aradh go sochaidhibh ili. Conadh é maidhm Maoile Caennaigh insin.

Annal 1044

M1044.0

Aois Críost, míle cethracha a cethair.

M1044.1

Mael Mochta, espug Lughmhaidh.

M1044.2

Maenach Mucnamha.

M1044.3

Aodh ó Sccelicc Mhichil.

M1044.4

& Ailill, mac Breasail, saccart fois Cluana Mic Nóis, d'écc.

M1044.5

Cumasccach ua h-Ailelláin, tigherna Ua n-Eachdhach, do mharbhadh ó Uibh Caracáin.

M1044.6

Niall ua Célecháin, tigherna Ua m-Bresail, & a bhráthair .i. Trenfher, do dhalladh la macaibh Madadháin tria mebhail, & tangnacht.

M1044.7

Domhnall Ua Cuirc, tigherna Muscraighe, do mharbhadh d'Ua Flaithén, & d'Ua Oissén.

M1044.8

Crech la Niall mac Maoileachlaind, lá tigherna n-Ailigh for Uibh Méth, & for Chuailgne, co rucc dá chéd décc bó, & sochaidhe i m-braitt a n-díoghail sháraighthe Cluig ind


p.846

Edheachta.

M1044.9

Crech oile don lá Muirchertach Ua Neill for Mughdhornaibh, c-co t-tucc boromha & brait a n-dioghail sháraighthe an chluig cédna.

M1044.10

h-Ua h-Aedha, tigherna Ua Fiachrach Arda Sratha, do mharbhadh lá mac n-Arailt, & losccadh Scríne Pátraicc lais bheós.

M1044.11

Cluain Mic Nóis do indreadh do Muimhneachaibh i n-éccmhais Donnchadha mic Briain. Donnchadh iarsin do thabhairt a riara don eacclais .i. ógh-shaoire do Dhia & do Chiarán co lá m-bratha, & da fichet bó fo chédóir uadh, & do-rad a mhallachtain for gach n-oen do Mhuimhnechaibh do-bheradh nach n-dochar for shamhadh Chiaráin co bráth.

M1044.12

Cluain Mic Nóis do orgain do Chonmhaicnibh, & do-rad Dia & Ciarán móir-dhíoghail forra ind .i. tam anaithinidh co f-farccabhtha na buailte fása cona n-indilibh iar n-écc a n-daoineadh uile, co t-tartsat réir shámhtha Chiaráin iarsin .i. mancaine meic h-Ui Ruairc .i. Mac na h-Aídhche, & dá mac décc óig-thigherna batar deach do Conmhaicnibh i maille fris, & screball gacha dúine.

M1044.13

Ar Fear Tethbha & Conmhaicne do chor do Fhearaibh Midhe occ an Eithne, h-i t-torcair mac Ruithin h-I Doinennaigh, tanaisi Teathbha, & Cú Lénai mac Ualghaircc, taiseach Muinntire Scalaighe, & Ua Ledban, an dara tánaisi Teathbha, & sochaidhe oile cénmótháit-sidhe.

M1044.14

Ar Sil MuiredhaighFiora Breifne .i. la h-Art Ua Ruairc, dú i t-torchair An Cléireach Ua Conchobhair, & drong oile amaille fris.

M1044.15

Murchadh, mac Brain, tigherna Ua Faeláin do mharbhadh do mac Giolla Mo Colmócc, tanaisi Ua n-Dunchadha.


p.848

Annal 1045

M1045.0

Aois Críost, mile cethracha a cúicc.

M1045.1

Maol Martain Finn fer leighind Ceanannsa.

M1045.2

Cána uasal-saccart Achaidh Bó.

M1045.3

Muiredhach, mac mic Saerghusa, airchindeach Doimh Liacc.

M1045.4

Cathusach ua Cathail, comharba Caoimhghin.

M1045.5

Cathusach ua Corcráin, comharba Glinne h-Uisen.

M1045.6

Corbmac ua Ruadhrach, airchindech Termainn Feicheine.

M1045.7

& Maonach, ua Ciordubháin, comharba Mochta Lughmhaidh, d' écc.

M1045.8

Cluain Ioraird do losccadh fo thrí i n-aoin-seachtmhain ona doimh liacc.

M1045.9

Flaithbhertach Ua Canannáin, tigherna Cheneoil Conaill.

M1045.10

& Gluin Iarn Ua Clercen, tighernaUa Coirpre, d'écc.

M1045.11

Conghalach ua Loclainn, tigherna Corco Mo Dhruadh do écc.

M1045.12

Ar for Ultoibh h-i Reachrainne la o Ghallaibh Atha Cliath, .i. h-Iomhar mac Arailt, in ro marbhadh trí chéd im Raghnall ua n-Eochadha.

M1045.13

Creach la Muirchertach, mac Flaithbertaigh h-Ui Néill h-i f-Feraibh Bregh conus-tarraidh Gairbhith Ua Cathasaigh, tigherna Bregh h-i c-Casán Linne, & an mhuir lán ar a c-cind, & do-cher Muirchertach lais, go n-druing dia mhuinntir imme.

M1045.14

Carthach, mac Saoirbhrethaigh, tighernaEoghanacht Chaisil do losccadh i t-taigh teinedh d'ua Longarcáin, mic Duinn Cuain co n-daoinibh oile a maille fris.

M1045.15

Domhnall h-Ua Cetfadha, cend Dhal c-Cais, & ordan Mumhan, d' écc.

M1045.16

Mac Maoileachlainn, mic Cinn Fhaolaidh, mic Concobhair, righdhamhna Ua c-Conaill, do marbhadh.

M1045.17

Amhalghaidh, mac Flaind, toiseachCalraighe, do écc do ghalar anaithnidh ria c-cinn trí t-trath iar c-coinnmhedh éiccne do chor for Cluain Mic


p.850

Nóis.

M1045.18

Cluain Ferta Brénainn cona doimh liacc do losccadh la h-Uibh Maine. Cú Chonnacht, mac GadhraDhúnadhaigh, do mharbhadh ann.

Annal 1046

M1046.0

Aois Críost, míle ceathracha a sé.

M1046.1

Maol Pattraicc Ua Bileoice áird-fher leighinn Arda Macha, saoi h-i c-crabhaidh & i n-oighe.

M1046.2

& Maol Bríghde, saccart Cille Dara, d' écc.

M1046.3

Muireadhach, mac Flaithbertaigh I Néill ríogh-dhamhna Oiligh, & Aiteidh Ua h-Aiteidh, tighernaUa n-Eathach Uladh, do losccadh i t-taigh theinedh la Coin Uladh, mac Conghalaigh, tighernaUachtair Thíre.

M1046.4

Art Ua Ruairc, Connacht, do mharbhadh do Chenel Conaill isin dara bliadhain iar n-orccain Cluana Mic Nois.

M1046.5

h-Ua Finnguine, tighernaEoghanachta Caille na Manach, do mharbhadh.

M1046.6

Conchobhar Ua Loingsigh, tighernaDail Araidhe, do mharbhadh do mac Domhnaill h-Ui Loingsigh i l-Laighnibh (.i. i n-Uibh Buidhe) dar sárúchcadh Néill, mic Eochadha, .i. ri Uladh, & Dhiarmada mic Mael na m-Bó.

M1046.7

Gormfhlaith, inghen Maoileachlainn, & Maol Ruanaidh Gott, d' écc.

M1046.8

Mag Arailt do ionnarbadh do Ghallaibh, & mac Raghnaill do ríoghadh.

M1046.9

Ferghal Ua Ciardha, tighernaCairpre, do mharbhadh d' Ua Flannagáin, tighernaTeathbha.

Annal 1047

M1047.0

Aois Críost, mile ceathracha a seacht.

M1047.1

Cethernach, epscop ó Tigh Collain, do écc i nh-I, i n-ailithre.

M1047.2

Gilla Mo Laissi, fer léighind Lughmaidh.

M1047.3

Mael Moicheirghe, fer léighinn Cluana Iraird.

M1047.4

& Cú Dúiligh, mac Gaithine, fos-airchinneachCenannsa, d' écc.

M1047.5

Ciar Caille, mac Foghladha, maer Síl Aedha


p.852

Sláine, d' écc.

M1047.6

Land, inghen mic Sealbhacháin, comharba Brighde.

M1047.7

& h-Ua Baillen, fer léighinn Ruis Cre, d'écc.

M1047.8

Muirchertach mac mhic Madadhain, tigherna Ua m-Bresail, do mharbhadh.

M1047.9

Niall Ua Ruairc do mharbhadh la h-Ua Concobhair isin Corand.

M1047.10

Sluaicchedh la Niall, mac Mail Seachlainn, co Cenél n-Eoghain & co n-Airghiallaibh, i m-Breghaibh, go ro mharbhsat Madadhán h-ua h-Ifernain toiseachCloinne Creccain.

M1047.11

Gorta mhór do thiachtain i n-Ultaibh co b-farccaibhsiot a t-tír, co n-dechatar h-i l-Laighnibh, & is tria milleadh cattaigh táinig in ghorta-sin .i. feall for dá mhac Briain mic Maoil Mordha, .i. Murchadh & Ceallach, do mac Eochadha, & do mhaithibh Uladh, iar na m-beith h-i c-comairce friú, & as ar ulc fri mac Mhaoil na m-Bó do-ronsat Ulaidh an feall-sin.

M1047.12

Snechta mór isin m-bliadhain-si dana frith samhail riamh o fhéil Maire co féil Páttraic, co ro la ár n-innili, & fiadh-mhíl, & énlaithe aeoir, & anmanna an mhara a coitchinne. As don t-sneachta-sin a dubhradh,

    1. Seacht m-bliadhna cethracha cáin
      acus míle co n-glan-bhail,
      O ghein Críost, clú cen tearca,
      co bliadhain an mór-sneachta.

M1047.13

Mac Donnchaidh Guit, righdhamhna Temhrach.

M1047.14

& h-Ua h-Eidhin tigherna Ua Fiachrach Aidhne, d'ecc.

Annal M1048

M1048.0

Aois Críost, míle ceathracha a hocht.

M1048.1

Céle, epscopArdachaidh Epscuip Mel, d'ecc.

M1048.2

Aedh mac Maoláin h-Ui Nuadhait,airchinneachSuird, do mharbhadh oidhche Aoine didine ria Cáisc for lár Suird.

M1048.3

Cloithnia, comharba Ailbhe, d'ecc.

M1048.4

Ferdomhnach h-Ua Innasccaigh, comharba Finnéin, do mharbhadh do mac Taidhg Ui Mail Ruanaidh.

M1048.5

Dunchadh Ua Céileachair, comharba Ciaráin Saighre, d'ecc.

M1048.6

Giolla Colaim Ua h-Eiccnigh, tigherna Airghiall, d'ég, & a adhnachal i n-Dún Da Lethghlas.

M1048.7

Dunlang, mac Dunghail, tigherna Ua m-Briúin Cualann, ordán airthir Ereann, do mharbhadh la a bhráithribh.

M1048.8

Maol Fabhail Ua h-Eidhin, tigherna Ua Fiachrach Aidhne, d'ecc.

M1048.9

Ferghal h-Ua Maol Mhuaidh, tigherna Fer c-Ceall, d'ecc.

M1048.10

Cend Faoladh Ua Cuill, ollamh Mumhan.

M1048.11

Mac Con Mara h-ua Mic


p.854

Liacc, do mharbhadh do mhac Taidhg Uí Mhaoil Ruanaidh.

M1048.12

Gairbhith h-Ua Cathasaigh, tigherna Bregh, do erghabháil do Chonchobhar Ua Maoilsechlainn, co f-farccaibh seacht n-aittire occa.

M1048.13

Creach lá mac Maoil na m-Bó forsna Desibh co rucc braitt & indili.

M1048.14

Crech lá Conchobhar Ua Maolsheachlainn dar Magh Liphi go rug gabhála móra.

M1048.15

Creach lá h-Uibh Faoláin dar Cluain Ioraird, a n-dioghail na creche-sin.

M1048.16

Sloicchedh lá mac n-Eochadha & lá mac Maoil na m-Bó h-i Mídhe, co ro loisccset cealla Midhe achtmadh beag.

M1048.17

Creach la righdhamhnibh, no toiseachaibh, h-Ua Máine i n-Delbhna co ro marbhtha na ríogh-thoisigh uile ann .i. Ua Maol Ruanaidh, & Ua Flannacáin, & an Cleireach Ua Taidhg, & mac Buadhachain, righdhamhna Dealbhna.

Annal M1049

M1049.0

Aois Críost, míle ceathracha a naoi.

M1049.1

Maol Caindigh Ua Taichligh, comharba Daimhinsi, d'ég.

M1049.2

Tuathal Ua h-Uail, oirchinneach Boithe Chonuis d' écc.

M1049.3

Tuathal Ua Muirghesa fer leighind Tuama Fiondlocha, d'ecc.

M1049.4

Flaithbhertach, mac Domhnaill h-Ui Loingsigh, do mharbhadh do mhac Concobhair Uí Loingsigh.

M1049.5

Muirchertach h-Ua Maoilseachlainn do mharbhadh lá Conchobhar Ua Maoilseachlainn tre mheabhail.

M1049.6

Conchobhar Ua Cind Fhaoladh, tigherna Ua Conaill Gabhra, do mharbhadh do thigherna Eoghanachta Locha Léin.

M1049.7

Iomhar Ua Beice, tigherna Ua Méith, do mharbhadh.

M1049.8

Anaessles, mac Domhnaill, tigherna Corca Bhaiscind, do mharbhadh do mac Assith mic Domhnaill, .i. mac a derbhráthar.

M1049.9

Slóicchedh lá h-Ultaibh, & lá Laighniu, & la Gulla h-i Midhe, do chuingidh aittire Fher m-Bregh.


p.856

Ro marbhtha imorro a n-aittereConchobhar im Toirrdhealbhach Ua Cathasaigh. Ro loiscset na sluaigh an tír etir cealla, & dúine iar sin.

M1049.10

Slóicchedh lá mac Briain co Magh n-Airbh, co rucc gialla Laighen & Osraighe.

M1049.11

Amhalghaidh, comhorbaPáttraicc, d' ecc, & Dubh Da Lethe, mac Maol Muire, mic Eochadha, do ghabhail a ionaidh asa fhiorus léighinn an lá testa Amhalgaidh, & Aodh Ua Forreth do ghabháil an fhiorasa leighinn.

Annal M1050

M1050.0

Aois Críost, míle caocca.

M1050.1

Cleirchén h-Ua Muineoc, uasal-epscopLeithghlinne, & ceand crábhaidh Osraighe.

M1050.2

Diarmaid h-Ua Rodacháin, epscopFerna.

M1050.3

Conall, airchindeach Cille Mo Cheallócc, & a fer leighinn cedus.

M1050.4

Dubhthach mac Mileda, comharba Caindigh.

M1050.5

Guaire Ua Mancháin, saccart Ghlinne dá Locha.

M1050.6

Diarmaid h-Ua Céle, airchinneachTelcha Foirtcheirn, & Achaidh Abhall, d' ég.

M1050.7

Diarmait Ua Lachán, fer léighinn Cille Dara, d' ecc.

M1050.8

h-Ua Scula, airchinneachInsi Cáthaigh.

M1050.9

Maolan fer leighinn Cenannsa, egnaidh derscaighthe eisidhe.

M1050.10

& Maol Dúin Ua h-Eiccertaigh, airchinneachLothra, d' ecc.

M1050.11

Maol Sechlainn, mac Cinn Faolaidh, d 'ecc.

M1050.12

Donnchadh .i. An Cossalach mac Giolla Fhaoláin .i. ua Domhnaill, tigherna Ua f-Foilghe, do mharbhadh lá Congalach mac mic Brogarbháin mic Conchobhair.

M1050.13

Maol Ruanaidh, mac Con Cóirne, tigherna Ele, do mharbhadh dia mhuintir fén.

M1050.14

Scainder etir Fiora Maighe h-Itha, & Airghialla, h-i t-torchair Eochaidh Ua h-Oisseine.

M1050.15

Dubh Da Leithe, comharba Phátraic, for cuairt Cenél


p.858

Eoghain, & do-bhert trí chéd bó uadhaibh.

M1050.16

Doinend mhór do thiachtain h-i t-tír Ereann, co rucc ith, & bliocht, & mess, & iascc ó dhaoinibh, co ro fhás eisionnracus h-i cach, co ná h-aincedh ceall na dún na cairdes Criost na comluighe, go ro tionólsat cléirigh Mumhan, & a laoich, & a rioghraidh im Donnchadh mac Briain .i. mac righ Ereann, & im Céle mac Donnacáin, im cenn crabhaidh Ereann co Cill Da Lua, co ro ordaighsiot cáin & coscc gach indlighidh o bhiucc co mór. Tucc Dia síth & soinenn for sliocht na cána-sin.

M1050.17

Ceall Dara cona doimh liacc do losccadh.

M1050.18

Cluain Mic Nóis do orgain fó thrí i n-aon-ráithe, feacht ó Siol n-Anmchadha, & fa dhó o Callraighibh gusna Sionnchaibh.

M1050.19

Land Lere do orgain & do losccadh.

M1050.20

Daire Caelainne, & cloicteach Rosa Comáin do losccadh d'Feraibh Brefne.

M1050.21

Daimh Liacc do losccadh.

M1050.22

Inis Clothrand do orccain.

M1050.23

Dubh Da Lethe for cuaird Chenel n-Eoghain co t-tuc trí céd bó uadhaibh.

Annal M1051

M1051.0

Aois Críost, mile caecca a h-aon.

M1051.1

Mac Sluaghadhaigh uasal-shagart Cluana Mic Nóis, d' ecc.

M1051.2

Muirchertach, mac Bric, tigherna na n-Deisi, do losccadh do h-Uibh Faoláin.

M1051.3

Ua Concobhair, tigherna Ua Foilghe .i. Conghalach, mac Duinn Sléibhe mic Brogharbain, do mharbhadh dia mhuinntir féin.

M1051.4

Maidhm ria n-Ua Maol Doraidh for Connachtaibh, dú h-i t-torchrattar ile do Chonmaicnibh.

M1051.5

Diarmaid, mac Domhnaill, mic Briain, do mharbhadh lá Murchadh mac mic Briain tria mheabhail.

M1051.6

Mac Lachlaind do iondarbadh a tighernus Tolcha Occ, & Aodh Ua Fearghail do gabháil a ionaidh.

M1051.7

Mac Faolain, mic Bric, do mharbhadh lá Maol Sechlainn, mac Murchaidh mic Taidhg mic Bric.

M1051.8

Amhalgaidh, mac Cathail, tigherna Iarthair Connacht, do dhalladh lá h-Aodh Ua Conchobhair, tigherna Airthir Connacht, iarna bheit i n-erghabháil fri re bliadhna co t-tuilleadh, co ro gabh-sidhe iar sin arus i n-Iarthar Connacht.

M1051.9

Cathal mac Tighernáin, tigherna


p.860

Breifne, do dhul for creich i n-Eabha co ro thocchail Dún Feich i t-torchair caecca do dhaoinibh, & asa t-tuccadh seacht c-céd bó.

M1051.10

Maidhm for Conmhaicnibh Sleibh Formaoile ria n-Aodh Ua c-Conchobhair, du i t-torchair ár Conmaicne.

M1051.11

Laidcenn mac Maolain h-Uí Leocáin, tigherna Gaileng, & a bhen inghen an Ghuitt, do dhol dia n-ailithre do Roimh, co n-erbaltattar thoir oc tiachtain on Róimh.

M1051.12

Domhnall Bán h-ua Briain do mharbhadh la righ Connacht.

M1051.13

Bile Maighe Adhar do thrasccradh la h-Aodh Ua Conchobhair.

M1051.14

Faelan mac Brattáin, mic Bric do mharbhadh i n-doimh liacc Lis Mhóir Mo ChudaMaoil Sechlainn mac Muircheartaigh, mic Bric.

Annal M1052

M1052.0

Aois Críost, míle caocca a dó.

M1052.1

Artur, mac Muiredhaigh, airchinneachCluana M' Aedhócc ordán Laighen, d'écc.

M1052.2

Echtighern h-Ua Eghráin, comharba Ciaráin Cluana Mic Nóis & Commáin, do écc ina ailithre h-i c-Cluain Iraird.

M1052.3

Muireadhach h-Ua Sionacháin, maor Patraicc h-i Mumhain.

M1052.4

Muiredhach, mac Diarmada, comharba Cronáin Ruis Cré.

M1052.5

& Cléireach Ruadh Ua Lathacháin d' ecc.

M1052.6

Giolla Pátraicc, mac Domhnaill, prióir Arda Macha, d' ecc.

M1052.7

Mac Raith ua Donnchadha, tigherna Eoghanachta Chaisil, & rioghdhamhna Mumhan, d' ecc.

M1052.8

Creach lá mac Mail na m-Bó h-i Fine Ghall, go ro loisc an tír ó Ath Cliath co h-Albene, acht nocha tarraidh bú co n-dernsat scaindreacha móra imon dún, dú i t-torcratar ile ille & inund, co n-deachaidh tigherna Gall .i. Eachmharcach, mac Raghnaill dar muir, & ro gabh mac Maoil na m-Bó ríghe


p.862

Gall dara éisi.

M1052.9

Creach lá h-Ua Conchobhair dar Conmhaicne, co ros indir co mór.

M1052.10

Ar Calraighe immo tigherna .i. im Mac n-Aireachtaigh, lá Conmhaicnibh tria miorbhail Ciaráin.

M1052.11

Dubh Essa, inghen Briain, d' ecc.

M1052.12

Domhnall, mac Giolla Chríost, mic Con Cuailgne, do mharbhadh lá tigherna Fer Rois.

M1052.13

Braon mac Maoil Mordha, .i. Laighen, do écc h-i c-Coloin.