Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 1033

M1033.0

Aois Críost, míle triocha a trí.

M1033.1

Muiredhach Ua Maonacáin, uasal-espog & angcoire

M1033.2

& Muiredhach Ua Mancháin, comhorba Cronáin, d'écc.

M1033.3

Conn Ua Sinaich, ard-angcoire Connacht, d'écc.

M1033.4

Conn, mac Maoile Páttraicc, airchindeách Mungairti & Disirt Oenghusa, d'écc.

M1033.5

Aedh mac Flaithbhertaigh Uí Néill, tigherna Oiligh, & ríoghdhamhna Ereann, d'écc, iar n-aithrighe & pennaind tochcaidhe aidhche fhéile Andreas.

M1033.6

Maidhm ria Murchadh Ua Maoilechlainn for Conchobhar Ua Maoileachlainn, in ro marbadh Maol Ruanaidh ua Carraigh Calma, & Lorcan Ua Caindelbháin, tigherna Laoghairi, & tigherna Fer c-Cúl, co sochaidhibh oile.

M1033.7

Conchobhar ua Muiredhaigh, tigherna Ciarraighe, do mharbhadh.

M1033.8

Aenach Carman do dhenamh lá Donnchadh mac Giolla Phattraicc iar n-gabhail righe Laighen do go maithibh laoch & cléreach Laighen, & Osraighe maraen ris.

M1033.9

Maidhm etir Ele & Ui Fiachrach Aidhne, i t-torchair Braen Ua Clérigh, & Muiredhach mac Giolla Pattraicc co sochaidhibh oile.

M1033.10

Aimhirgin Ua Cerbhaill, tigherna Ele, d'écc.

M1033.11

Aenghas Ua Cathail, tigherna Eoghanachta Locha Léin, do mharbhadh.

M1033.12

Scrín Phettar, & Phóil acc tepersain fola for altóir Pattraicc i n-Ard Macha h-i fiadhnaise caich i coitchinne.

M1033.13

Focchartach Ua Aedha, tigherna Muighe (no Tuaithi) Luircc, & Ua Fiachrach Ardasratha, do mharbhadh do Feraibh


p.828

Manach.

M1033.14

Disert Maoile Tuile do argain do Murchadh Ua Maoileachlainn.

M1033.15

Murchadh Ua Maoileachlainn (.i. mac Maoileachlainn Guit) do mharbhadh i meabail la mac Iarnáin .i. la toiseach Cuircne i n-Inis Locha Semhdedhe.

M1033.16

Find Ua Dúnghalaigh, tigherna Musccraighe Thíre, d'écc.

M1033.17

Cu Mumhan, mac RuaidhriChetfadha d'écc.

M1033.18

Disert Mhaoil Tuile d'orccain do Murchadh Ó Mhaoilechlainn.

Annal 1034

M1034.0

Aois Críost, mile triocha a cethair.

M1034.1

Cathal Mairtir , airchindeach Corcaighe, d'écc.

M1034.2

Oenghas, mac Flainn, fer leighind Cluana Mic Nóis, ard-eagnaidh Iarthair Dhomhain d'écc iar n-aithrighe.

M1034.3

Maicnia Ua h-Uachtain fer leighinn Cenannsa, do bháthadh oc tocht a h-Albain cuilebhadh Coluim Cille, & trí minda do mhiondaibh Phattraicc, & triocha do dhaoinibh imaille fris.

M1034.4

Giolla Seachnaill, mac Giolla Mo Chonna, tigherna Deisceirt Bregh, do mharbhadh la Fiora Roiss.

M1034.5

Dubh Daingen, tigherna Condacht, do mharbhadh la Connachtaibh féissin.

M1034.6

Dondchadh, mac Briain do iondradh Osraighe.

M1034.7

Giolla Colaim h-Ua Riaccáin, tigherna Deiscceirt Bregh, do thuitim lá Muirchertach h-Ua Ceallaigh.

M1034.8

Giolla Pattraicc Ua Flannagáin, tigherna Teathbha, do thuitim lá Breaghmhainibh.

M1034.9

Muiredhach Ua Flaithbhertaigh, tigherna Ua m-Briuin Seóla, d'ég.

M1034.10

Coirten h-Ua Maol Ruain, tigherna Dealbhna, do mharbhadh for tairsioch Disirt Tola ó a muintir féissin, & ro imir Tola tria neart Dé díoghail for an tí ro-da-sháraigh, ar ro marbhadh isin uair chéadna.

M1034.11

Giolla Fulartaigh, tigherna na n-Déisi Bregh.

M1034.12

Cathal, mac Amhalghadha, tigherna Ua Ceallaigh


p.830

Cualann, & a bhen .i. inghen mic Giolla Coimhghin, do mharbhadh do mhac Ceallaigh mic Dunchadha, & do mac Aodha, mic Tuathail.

M1034.13

Amhlaoibh, mac Sittriocca, do mharbhadh lá Saxanaibh ag dol do Róimh.

Annal 1035

M1035.0

Aois Críost, míle triocha a cúicc.

M1035.1

Flaithbhertach ua Murchadha, tigherna Ceniúil m-Boghaine, do mharbhadh co n-druing oile amaille fris.

M1035.2

Iarnán ua Flandchadha (cú na naemh & na b-fírén do-ghairthí dhe) do techt ar creich i n-Delbhna cona tairthetar uaite do Delbhna co t-tardsat iomairecc dó, & ro ladh ár a mhuintire, & ro marbhadh Iarnán féin tré fiortaibh Dé & na naemh.

M1035.3

Raghnall ua h-Iomhair, tigherna Puirt Láircce, do mharbhadh i n-Ath CliathSitrioc, mac Amhlaoibh.

M1035.4

Ard m-Brecain do orccain do Sitriocc iaramh, & Sord Cholaim Chille do orccain & do losccadh do Chonchobhar Ua Maoilechlainn ina díoghail.

M1035.5

Cú Sléibhe, mac Dobhrain, tigherna Corca Fir Trí, d'écc.

M1035.6

Cell Usaille & Claonadh do orccain do Ghallaibh, conus-tairraidh mac Donnchaidh mac Domhnaill go ro lá a n-derg-ár.

M1035.7

Crech lá Donnchadh mac Dunlaing for Fheraibh Cualann, go t-tucc bó-ghabhail mór & broid.

Annal 1036

M1036.0

Aois Críost, míle triocha a sé.

M1036.1

Aonghas ua Flainn, comharba Brénainn Cluana Ferta.

M1036.2

& Ceallach ua Selbhaigh (.i. espocc), comharba Bairri sruith-senóir Mumhan, d'écc.

M1036.3

Aenghas, mac Catháin, abb Corcaighe, d'écc.

M1036.4

Flaithbhertach an Trosttáin Ua Néill, tigherna Oiligh, d'écc iar n-deigh-bhethaidh & iar b-pennainn.

M1036.5

Maelechlainn Ua Maelruanaidh, tigherna Cremhthainne, do mharbhadh lá h-Aodh Ua Concobhair, a n-dioghail Thadhg an Eich Ghil, & Briain.

M1036.6

Domhnall ua h-Uathmharáin, tigherna Fer Lí, do mharbhadh do Dál n-Araidhe.

M1036.7

Donnchadh, mac Floinn, rioghdhamhna Temhrach, do mharbhadh la Feraibh Bréifne.


p.832

M1036.8

Scolócc .i. Niall Ua Flannagáin, tigherna Tethbha, do mharbhadh la Feraibh Tethba búdéin .i. lá Muinntir Tlamáin.

M1036.9

Murchadh ua an Chapaill .i.Ua Flaithbhertaigh, & Niall, mac Muirghesa da ríoghdhamhna Iarthair Connacht, do mharbhadh.

M1036.10

Cú Ciche, mac Eccnecháin, tigherna Ceneoil Enda, d'écc.

M1036.11

Donnchadh, mac Dúnlaing, tigherna Laighen, do dhalladh lá Donnchadh, mac Giolla Padraicc co n-erbail de a c-cionn t-sechtmaine.

M1036.12

Ruaidhri, mic Taidhg, mic Lorcáin, do dhalladh lá mac Maoil na m-Bó .i. Diarmaid.

M1036.13

Diarmait, mac Donnchadha, tanaisi Osraighe, do mharbhadh.

M1036.14

Muirchertach, mac Giolla Pháttraicc, tigherna Leithe Ossraighe, do mharbhadh d'ua Caellaighi dia muintir féin i f-fioll.

M1036.15

Cell Dara & Cenannus do losccadh.

M1036.16

Deartech Laithrigh Briúin do losccadh & do orccain d'Feraibh Midhe.

Annal 1037

M1037.0

Aois Críost, míle triocha a secht.

M1037.1

Flann, príoir Glinne h-Uisean.

M1037.2

Cionaedh h-ua Maoil Temhin, sruith-senóir Iarthair Laighen, d'ég.

M1037.3

Coirpre, mac Rodaighe, airchindech Eccailsi Bicce, d'écc.

M1037.4

Cathal mac Ruaidhri, tigherna Iartair Connacht, do dhol dia oilithre co h-Ard Macha.

M1037.5

Flann, mac Domhnaill Ui Maoileachlainn, do dhalladh la Conchobhar lá a dearbhrathair.

M1037.6

Trí h-Uí Maol Doraidh do mharbhadh lá h-Ua Canannáin.

M1037.7

Trí h-Uí Fhollamhain, & Finnachta Ua Earchadha do mharbhadh d'Aodh Ua Conchobhair.

M1037.8

Cú Ionmhain ua Ruband, tigherna Puirt Lairge do mharbhadh lá a chenél féissin.

M1037.9

Port Laircci do orccain, & losccadh lá Diarmaitt, mac Mail na m-Bó.

M1037.10

Scrín Cholaim Chille, & Doimh Liacc Chianáin do orccain do Ghallaibh Atha Cliath.

M1037.11

Muirghess Ua Con Chenainn, tigherna Ua n-Diarmada, d'écc.

M1037.12

Archú ua Celecháin, tigherna Ua m-Bresail, & Ruaidhri ua Lorcáin, tigherna Ua Nialláin, do mharbhadh i Craoibh CailleMuiredhach ua Ruadhacáin & lá h-Uibh Eathach.

M1037.13

Cearnachán Gott do mharbhadh lá h-Ua Flannagain, .i. Sitriuc, do Uibh Maine.

M1037.14

Gilla Caeimhgin, mac Amhalghadha, tigherna Ua Ceallaigh do mharbhadh do macaibh Aodha, mic Tuathail.

M1037.15

Iomhar do mharbhadh do Ghallaibh Puirt Lairge tre


p.834

meabhail.

M1037.16

Dunchadh mac Dunlaing, .i. Laigen, do erghabhail i n-Disert Diarmada, & a dalladh do Donnchadh mac Giolla Padraicc, & a écc iaramh fo cedóir.

M1037.17

Ruaidhri, mac Taidhg ui Lorcáin, tanaisi Ua c-Cennsealaigh, do erghabháil i n-daimh liag Cille CuilinnDonnchadh mac Giolla Phadraigh & a dhalladh iarsin lá mac Maoil na m-Bó.

Annal 1038

M1038.0

Aois Críost, míle triocha a h-ocht.

M1038.1

Flaithbhertach, mac Loingsicch, espucc & fer leighinn Cluana Mic Nois.

M1038.2

Cuindén, epscop, & abb, & fer leighinn Condére, comharba Mic Neisi & Cholmain Eala.

M1038.3

h-Ua Gabhaidh, sui-epscop Disirt Diarmatta.

M1038.4

& mac Céin, mic Maoil Mhuaidh, d'écc.

M1038.5

Ailill ua Cair, fer leighinn Dearmaighe, Maol Mártain Cam, fer leighinn Condére, Flandaccán, fer leighinn Cille Dara,d'écc.

M1038.6

Coirpre ua Coimhghiollain, comharba Caindigh, d'écc i Róimh.

M1038.7

Colman Caech ua Conghaile, comharba Mo Laisi.

M1038.8

Niall, mac Riagáin, oircinneach Sláine, do marbhadh lá h-Ua Conduibh.

M1038.9

Giolla Criost, mac Cathbhairr Ui Domhnaill, gabhal fulaing chogaidh, & cosnamha Cenil Conaill, do mharbhadh lá mac Cuinn Uí Domhnaill.

M1038.10

Ua Muireccein, tigherna Tethbha, do mharbhadh.

M1038.11

Laidhgnén h-Ua Leocáin, tigherna Gaileng, do erghabhail.

M1038.12

Cú Duiligh ua Donnchadha, ríoghdhamhna Caisil, do mharbhadh do Uibh Faoláin.

M1038.13

Reachru do orccain do Ghallaibh.

M1038.14

Meas dí mhór isin m-bliadhain-si, as é a mhéd co ro mheth orca na n-orc.

M1038.15

Da scaindir do cor idir Dhelbhna, & Ua Maine i n-aine


p.836

féle Ciaráin i c-Cluain Mic Nóis, & ro meabhador a n-dis for Ibh Maine, go ro marbadh triar ar caogaid d'Ibh Maine.

Annal 1039

M1039.0

Aois Críost, mile triocha a naoi.

M1039.1

Maicnia, epscop & comharba Mainistreach Buithi.

M1039.2

Celechair ua Cuilennáin, comharba Tighearnaigh.

M1039.3

& Muiredhach, mac Flannacáin, fosaircindech Arda Macha, d'écc.

M1039.4

Cloictheach Cluana Ioraird do thuitim.

M1039.5

Domhnall mac Donnchadha, tigherna Ua Faeláin, do mharbhadh lá Domhnall Ua Ferghaile, tigherna na b-Fortuath.

M1039.6

Murchadh Ruadh, mac Maoileachlainn, do dhalladh lá Conchobhar Ua Maoilechlaind.

M1039.7

Muiredhach, mac Flaithbhertaigh Uí Néill, do mharbhadh lá h-Uibh Labhradha.

M1039.8

Donnchadh Dearcc, mac Airt .i. An Caileach Ui Ruairc, tigherna Airthir Connacht, fri láimh a athar, do mharbhadh lá h-Aodh Ua c-Concobhair.

M1039.9

Slóighedh lá Donnchadh, mac Giolla Pháttraicc co n-Osraighibh i Midhe, co ro loiscset co Cnoghbha, & co Drochat Atha.

M1039.10

Aodh Ua Flannagáin, tigherna Luircc & Ua f-Fiachrach, do mharbhadh.

M1039.11

Mac Ruaidhri, tigherna Fernmaighe, do thuitim lá a mhuintir féisin.

M1039.12

Mac Ruissi, tigherna Ceneoil Fhiachach, do mharbhadh lá tigherna Fer Ceall.

M1039.13

Donnchadh mac Giolla Phátraicc, tigherna Osraighe & Laighen d'urmhór, d'écc iar m-beith i n-galar fhotta.

Annal 1040

M1040.0

Aois Críost, mile ceathracha.

M1040.1

Maol Maire Ua Ochtáin, comharba Cholaim Chille & Adhamhnáin, d'écc.

M1040.2

Dúnchadh ua h-Anchainge saoi tiachtana leigind Arda Macha, d'ég.

M1040.3

Cosccrach, mac Andgeadha, comharba Flannain & Brenainn, d'ég iar forbhadh a dhaigh-bhethadh.

M1040.4

Diarmait ua Sechnusaigh


p.838

saoi eccna Leithe Cuind, & comharbhadh Sechnaill, d'écc.

M1040.5

Corcrán Cleirech, angcoire, airdchend Iarthair Eorpa ar chrábhaidh & eccna eisidhe, & a écc h-i Lioss Mór.

M1040.6

Echtigherna, mac Brain, tigherna Breghmhaine, d'écc.

M1040.7

Ua Dubhlaich, tigherna Fer t-Tulach, do mharbhadh dia mhuintir féin.

M1040.8

Cath Cille Dronnán do bhrisedh do Ghallaibh, & do mac Briain for Chearbhall mac Faoláin, & Cearbhall do mharbhadh and.

M1040.9

Ceall Dara, Cenandus, Dún Dá Lethghlass, & il-chealla oile archena do losccadh.

M1040.10

Maein Choluim Chille, Disert Diarmatta, Moghna Mo Shenóc, & Cluain Mor Mh'Aedhocc do orgain lá Diarmaitt, mac Maoil na m-Bó, tigherna Ua c-Ceinnsealaigh, & broid mhór do bhreith as na derthaighibh.

M1040.11

Dertech Laithrigh Briúin do losccadh & do orccain la Feraibh Midhe.

Annal 1041

M1041.0

Aois Críost, míle cethracha a h-aon.

M1041.1

Maol Bríghde ua Maoil Find, saccart & angcoire, & epscop Glinne Dá Locha, d'écc.

M1041.2

Cosccrach ua Toicthigh, aird-fher leighinn Cille Dara, d'écc.

M1041.3

Soerghas, fer leighinn & airchinnech Toraighe, d'écc.

M1041.4

Mac Bethaidh, mac Ainmire, árd-ollamh Arda Macha, & Ereand archena, d'ég.

M1041.5

Maol Ruanaidh mac Roein, ríghdhamhna Temhrach, do mharbhadh.

M1041.6

Faelan h-Ua Mórdha, tigherna Laoighisi, do dhalladh lá Murchadh, mac Dunlaing, iarna thoirbert do Donnchadh, mac Aodha do, uair as é Donnchadh do ghabh esiomh ar tús contarad do Murchadh, mac Dunlaing.

M1041.7

Muirchertach mac Giolla Phattraicc do mharbhadh do Uibh Caolluidhe i meabhail.

M1041.8

Giolla Chomhghaill, mac Duinn Cuan, mic Dunlaing, do bhreith ar éicin a Cill Dara do Mhurchadh, mac Dunlaing, airm in ro sáraigheadh comharba Brighde.

M1041.9

Dá mhac mhic Fhaoláin, mic Murchadha .i. Dondchadh, & Glun Iarn do mharbhadh do a Cill Dara mac Broein,


p.840

mic Mail Mhórdha.

M1041.10

Crech lá h-Airghiallaibh i Conaillibh, co ro bhrisettar Conaille forra i Maigh Da Chainneach.

M1041.11

Crech lá h-Ua Néill i n-Uibh Eathach Uladh, co tucsat creich móir.

M1041.12

Creach lá h-Uibh Ceinnselaigh i nh-Uibh Bairrchi, conus-tarraidh Murchadh, mac Dúnlaing, co ro bhris forra h-i Cill Mo Lappóc, & co f-farccabhsat ár mór im Domhnall Reamhar, damhna tigherna Ua Cennsealaigh.

M1041.13

Cu Chiche h-ua Dúnlaing, tigherna Laighisi, & a mac, & Calleoc a bhen, do mharbhadh do mac Conín, h-i Taigh Mo Chua mic Lonáin, & ro marbhadh-somh féin iarna mharach lá h-Ua Broenáin inn, & as firt mór do Mo Chua sin.

M1041.14

Ferna Mór M'Aodhóg do losccadh lá Donnchadh mac Briain.

M1041.15

Glend Uisen do arccain do mac Mail na m-Bó, & in dertech do bhrisedh, & céd do dhaoinibh do mharbhadh, & seacht c-cétt do bhreth as a n-díoghail Ferna Móire do argain do mhac Briain, & do Murchadh mac Dunlaing, & a n-díoghail a bhrathar Domhnall Reamhar.

Annal 1042

M1042.0

Aois Críost, mile cethracha a dó.

M1042.1

Maol Brighde, espug Cille Dara.

M1042.2

Ailill Mucnamha, cend manach na n-Gaoidheal, d'écc, h-i c-Colóin.

M1042.3

Eochacán, airchindeach Sláine, & fer leighind Suird, & scribhnidh toghaidhe.

M1042.4

Loingseach Ua Maol Sechnaill, fer leighinn Cluana h-Ioraird.

M1042.5

Loingseach Ua Flaithén, comharba Ciaráin & Cronáin.

M1042.6

Maelpetair ua h-Ailecáin, fer leighinn Arda Macha, & toiseach na mac leighind do mharbhadh.

M1042.7

Fiacha ua Maoil Mordha primh-sruith Ereann, d'écc.

M1042.8

Fland, mac Maoil Sechlainn Guit, righdhamhna Temhrach, do mharbhadh lá Conchobhar, mac Maoileachlainn.

M1042.9

Murchadh, mac Dúnlaing, Laighen, & Donnchadh, mac Aedha, tigherna Ua m-Bairrche do thuitim la Giolla Pháttraicc, mac n-Donnchadha, tigherna n-Osraighe, & la Coin Coigcriche Ua Mórdha,


p.842

tigherna Laighisi, & la Mac Raith ua Donnchadha, tigherna Eoghanachta h-i Moigh Muilchiath, i Laighis, & as isin cath-sin Maighi Mailcet torchair Giolla Emhín Ua h-Anrothain, tighearna Ua Cremhthannáin, & Eachdonn, mac Dúnlaing, tanaisi Laighen, go sochaidhibh ile.

M1042.10

Mac Raith mac Gormáin, mic Treassaigh, tigherna Ua m-Bairrche, & a bhen do mharbhadh i n-Disirt Diarmada lá h-Uibh Balláin.

M1042.11

Sitriucc & Cailleach Fíonáin, a inghen, d'écc i n-aen-mhi.