Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 1013

M1013.0

Aois Críost, míle a trí décc.

M1013.1

Rónan, comharba Féchin.

M1013.2

Flaithbheartach mac Domhnaill, .i. do Chloinn Cholmáin, comharba Ciaráin & Findein.

M1013.3

& Cond ua Diughraidh, comharba Caoimhghin, d'écc.

M1013.4

Coirpre Fial, mac Cathail, ancoire Glinne Dá Locha.

M1013.5

Naomhan ua Seinchind d'écc. Dá angcoire iad-sídhe.

M1013.6

Dunlang, mac Tuathail, Laighen, d'écc.

M1013.7

Coirpre, mac Cleirceinn, tigherna Ua Fidhgheinti, do mharbhadh i meabhail lá Maol Colaim Caonraigheach.

M1013.8

Iomairecc


p.772

eittir Uibh Eathach féisin .i. ettir Cian, mac Maol Mhuaidh, & Domhnall mac Duibh Dá Bhoirend, co t-torchair ann Cian, Cathal, & Roghallach, trí meic Maoil Mhuaidh co n-ár mór impu.

M1013.9

Slóicchedh lá Donnchadh, mac Briain, i n-deisceirt Ereann, go ro mharbh Cathal, mac Domhnaill, & co t-tucc gialla ó Dhomhnall.

M1013.10

Slóigheadh lá Gallaibh & la Laighnibh h-i Midhe, & iarsin h-i m-Breghaibh, co ro oirccset Termonn Feichene, & ruccsat brait iomdha, & indile díairmidhe.

M1013.11

Slóigheadh lá Brian, mac Cinneittigh, mic Lorcáin, lá rígh Ereann, & lá Maol Sechlainn mac Domhnaill, lá righ Temhrach, co h-Ath Cliath. Ro thionoilsiot Goill iarthair Eorpa i nd-aghaidh Bhriain & Maoil Sechlainn, & do-bertsat deich céd go lúireachaibh leó. Feachar cath cródha, amhnas, aggarbh, aingidh, ainiarmartach, etorra da na frith samhail isin aimsir-sin, h-i c-Cluain Tarbh, isin Aoine ria c-Cáiscc do shonnradh. Torchair isin c-cath-sin Brian mac Cindéittigh, áirdrí Erenn, Auguist iarthair Eorpa uile esídhe, isin ochtmhadh bliadhain ar ceithre fichtibh a aoisi; Murchadh mac Briain, ríoghdhamhna Ereann isin treas bliadhain sescat a aoisi, Conaing, mac Duinn Cuan, mac bráthar do Bhrian, Toirdhealbhach mac Murchadha, mic Briain, Mothla, mac Domhnaill, mic Faoláin,


p.774

tigherna na n-Déisi Mumhan, Eocha mac Dunadhaigh, .i. flaith Cloinne Sgannláin, Niall ua Cuinn, & Cú Dúiligh, mac Cindéittigh, trí coeimhthigh Bhriain, Tadhg Ua Ceallaigh, tigherna Ua Máine, Maol Ruanaidh na Paidre ua h-Eidhin, tigherna Aidhne, Gebheannach, mac Dubhacáin, tigherna Fearmaighe, Mac Beathaigh, mic Muiredhaigh Chlaoin, tigherna Ciarraighe Luachra, Domhnall, mac Diarmada tigherna Corca Bhaiscind, Scannlán, mac Cathail, tigherna Eoghanachta Locha Lein, & Domhnall, mac Eimhine, mic Caindigh, mormhaor Mair i n-Albain. Ro mheabhaidh iaramh an cath tria neart cathaighthe, & crodhachta, & iommbuailte

p.776

ria Maol Seachlainn ó Thulcaind co h-Ath Cliath for Gallaib agus Laighnibh, & torchair Maol Mórdha, mac Murchadha, mic Finn, Laighen, & mac Brogharbháin mic Concobhair, tanaisi Ua Fáilghe, & Tuathal, mac Ughaire, ríoghdhamhna Laighen, & ár diairmidhe do Laighnibh amaille friú. Torchair Dubhghall, mac Amhlaoibh, & Giolla Ciaráin mac Gluin Iairn, dá tanaisi Gall, & Sichfrith, mac Lodair, iarla Insi h-Orc, Brodar, toiseach na n-Danmarcc, & bá h-éisidhe ro marbh Brian. Ro machtait lucht na deich cétt lúireach uile annsin, &

p.778

anas lugha dhe torcrattar tri mhíle do Ghallaibh ann. As do bhás Bhriain, & don cath-sin do ráidheadh an rann,
    1. Trí bliadhna décc míle muadh,
      ó ghenair Críost, ní cor cian,
      do bhliadhnaibh soin, seghdha an rann,
      go ro ládh ár Gall im Brian.
Luidh tra Mael Muire mac Eochadhach, comharba Páttraicc, co sruithibh & miondaibh co Sord Colaim Chille, co t-tuccsat as corp Briain, righ Ereann,

p.780

& corp Murchaidh a mheic, & cend Conaing, & cenn Mothla. Baí imorro, Maol Maire cona samhadh acc aire na c-corp co n-onóir & co n-airmittin mhóir, & ro h-adhnaicit iaramh i n-Ard Macha i n-alaidh nui.

M1013.12

Iomairecc eittir dá mac Bhriain, .i. Donnchadh & Tadhg. Muidheadh for Dondchadh, & do-fuit ann Ruaidhri ua Donnaccáin, tigherna Aradh, & sochaidhe oile amaille fris.

M1013.13

Slóighedh lá h-ua Maol Doraidh, & lá h-Ua Ruairc h-i Machc n-Aoi, co ro marbhsat Domhnall, mac Cathail, & co ro indirsed an magh, & co ruccsat gialla Connacht.

Annal 1014

M1014.0

Aois Críost, míle a cethair décc.

M1014.1

An céd-bhliadhain do Mhaoileachlainn Mór, mac Domhnaill, os Erinn iar marbhadh Bhriain, mic Cinneittigh.

M1014.2

Ronán, comharba Fechin.

M1014.3

& Colum ua Flannaccáin, abb Main Choluim Chille.

M1014.4

Conaing, mac Find, abb Daire Móir & Leith Mo Choemhocc, d'écc.

M1014.5

Muircertach ua Lorcáin, airchindeach Lothra, d'écc.

M1014.6

Niall, mac Dearggáin, airchinneach Mungairte, do mharbhadh.

M1014.7

Donnghal macua Chantene, airchinneach Tire Da Ghlas, d'ég.

M1014.8

Muirchertach, mac Muiredhaigh Uí Néill, do mharbhadh lá Conchobhar ua Domhnalláin, tigherna Ua Tuirtri.

M1014.9

Donnchadh ua Goaigh


p.782

tigherna Chianachta Glinne Geimhin, do mharbhadh.

M1014.10

Giolla Críst mac Néill, mic Dubhlaich, do mharbhadh lá Maol Sechlainn.

M1014.11

Muirchertach, mac Anmchada, tigherna Ua Liatháin do mharbhadh lá Mathghamhain, mac Maoil Mhuaidh.

M1014.12

Meanma, mac tighearna Ua Caisin, d'écc.

M1014.13

Donnchadh, mac Aodha Bicc Uí Maoileachlainn, do mharbhadh lá Gallaibh.

M1014.14

Maol Ísu, mac tigherna Ua Maine, do mharbhadh occ Iubhar ArnunFeraibh Tethbha.

M1014.15

Mac Raghnaill mic Iomhair, tigherna Puirt Láirge, do mharbhadh lá h-Uibh Liatháin.

M1014.16

Cú Dubh, mac Maol Fabhaill, toiseach Cairrge Brachaighe do mharbhadh lá Síl Taidhg i m-Breghaibh.

M1014.17

Slóighedh lá Domhnall, mac Duibh Da Bhoirend, co Luimneach. Da mac Briain .i. Donnchadh & Tadhg ar a chend. Ferthar iomairecc etorra. Maidm for Deiscert Ereann, & do thuit ann Domhnall co sochaidhibh amaille fris.

M1014.18

Slóigheadh lá h-Ua Néill .i. lá Flaithbhertach co f-Feraibh Midhe & Bregh ime i l-Laighnibh, co ro oircc an tír co Leithghlinn, co t-tucc gabhála & broid co ro marbh tigherna Ua m-Buidhe & sochaidhe ele. An slúaigheadh-so Fhlaithbhertaigh i leith an Maolechlainn

M1014.19

Sloicchedh lá Maol Sechloinn & lá h-Ua Néill, & lá h-Ua Maol Doraidh co h-Ath Cliath, co ro loisccset an Dún, & gach a raibhe ó Dún amach do thaighibh, & do-dheochatar iaromh i n-Uíbh Cheinnselaigh co ro airccset an tír uile, & tuccsat il-mhíle do bhraitt & innilibh co t-tarruscht crech dia chreachaibh ann go ro marbhtha drong mhór díobh im mhac righ Connacht, .i. An Sleganach, & cor agbhadh ann Conghalach, mac Conchobhair, tigherna Ua Failghe, & Giolla Colaim ua h-Aghdha tigherna Tethbha, & sochaidhe archena.

M1014.20

Slóighedh lá Maol Sechlainn & lá h-Ua Néill, & lá Maol Doraidh, & lá h-Ua Ruairc i l-Laighnibh, co t-tuccsat gialla Laighen & do-radsat righe Laighen do Dhonn Cuan,


p.784

mac Dunlaing, & ro indirset Osraighe, & tuccsat airccne dirimhe & braitt iomdha.

M1014.21

Crech mór lá Maol Fothartaigh i n-Dál g-Cais, conus-tarraidh Donnchadh, mac Briain co n-Dál c-Cais co raeimhidh forra-sidhe, & torchair ann mac Ruaidhri i Donnaccáin, & mac Uí Chathaláin, & daoine oile bheos, & do-bhert Maol Fothartaigh na gabhala lais iaramh.

M1014.22

Aodh Ua Ruairc, .i. mac Sen-Fergail, tigherna Breifne, & rioghdhamhna Connacht, do mharbhadh lá Tadhg an Eich Ghil mac Cathail mic Concobhair, lá righ Connacht, acc Loch Néill i Maigh Aoi, a n-dioghail Domhnaill a bhrathar.

M1014.23

An Sleghanach Ua Maoil Sechlainn do mharbhadh la h-Uibh c-Cennselaigh.

M1014.24

Cindeidigh mac Fergail, tigherna Laoighisi, d'écc.

M1014.25

Aodh mac Taidhcc mic Murchadha Ui Cheallaigh, tigherna Ua Maine do mharbhadh i c-Cluain Mic Nóis.

M1014.26

Giolla Crist, mac Néill, mic Dubhlaigh, do mharbhadh la Maoil Sechloinn, mac Domhnaill.

M1014.27

Dúnghal ua Donnchaidh do dhul ar creich go h-Aradh Cliach gur ro marbhadh Find mac RuaidhriDhonnagáin, tigherna Aradh & Ua c-Cuanach lais.

Annal 1015

M1015.0

Aois Criost, míle a cúicc décc.

M1015.1

An dara bliadhain do Mhaoilechlainn.

M1015.2

Flannaccán, mac Conaing fos-aircinnech Arda Macha.

M1015.3

& Muirghios, airchinneach Lis Aoidheadh, d'écc.

M1015.4

Diarmaitt, ua Maoil Thelcha, comharba Comhgaill.

M1015.5

& Eithne, inghen uí Suairt, comharba Bríghde, d'écc.

M1015.6

Airbhertach, mac Coisi Dobhroin, airchinnech Ruis Ailithir, & Maol Patraicc ua Sluaghadhaigh, saoi Ereann, d'écc.

M1015.7

Mac Liacc .i. Muirchertach, mac Con Certaich árd-ollamh Ereann an tan-sin, d'écc. Ba h-é céd rann Mic Liacc annso,


p.786

    1. Muirchertach Becc, mac Maoil Certaigh,
      baoi acc ionghaire na m-bó,
      as é as indraic nachas iomlait,
      tabhair sgenach findraip dó.
Ba h-é a rann deidhenach annso,
    1. A chluicc ata i cind m'adhairt,
      dot is ní teccait caraitt,
      ge do-né tu do ding dang
      as dít scenter an salann.

M1015.8

Slóicchedh lá Mael Sechlainn i nd-Ultoibh, go t-tucc gialla Uladh lais.

M1015.9

Giolla Colaim ua h-Aghdhai, tigherna Tethbha, do mharbhadh ó mhac Duinn, mic Donnghaile, i n-Druim Ráite.

M1015.10

Mac Raith, mac Muiredhaigh Claoin, tigherna Ciarraighe Luachra, do marbhadh.

M1015.11

Donn Cuan, .i. An Baethan, mac Dunlaing, tigherna Laighen, & Tadhg ua Riain, tighearna Ua n-Dróna, do mharbhadh lá Donnchadh, mac Giolla Patraicc, i Leithghlionn iar n-dénamh dóibh cotaigh & comhluighe i t-tús laoi. Mo Ling ro tairngir innso,

  1. Donn Durgen,
    agus an righ-bard ruibhnech,
    tethsat commond i n-Glind Gerg,
    nisn-ain comluighi croderg.

M1015.12

Dún Da Lethglass do losccadh uile cona daimh liacc, & cona cloictech do thene dé ait.

M1015.13

Cluain Mic Nóis, & Cluain Ferta Brénainn, & Cenannus do losccadh.

M1015.14

Cath eittir Ultaibh & Dal n-Araidhe, & ro sraoineadh for Dal n-Araidhe ria Niall mac Eochadha, & do-fuit ann Domhnall mac Loingsigh, tigherna Dail n-Araidhe, & Niall mac Duibh Tuinne, mac Eochadha mic Ardgair aith- Uladh, & Conchobhar ua Domhnalláin, tigherna Ua Tuirtri, & araill amaille friu.

M1015.15

Slóighedh lá Maol Seachlainn i n-Osraighibh, go ro indir Osraighe, & do-rad


p.788

gabhala & braitt lais, & ro marbh Dúngal mac Giolla Padraicc mic Donnchadha & sochaidhe oile.

M1015.16

Slóicchedh lá Maol Seachlainn i n-Osraighibh dorídhisi co ro indir leth an tíre, & tucc a n-gialla. Do-dheochaidh iaramh i n-Uaibh Ceindselaigh, co ros-indrastair, & tucc a m-buar & a m-braitt.

M1015.17

Connachta do arccain, & do bhrisedh Cind Choradh & Cille Dá Lua.

M1015.18

Fir Mumhan do orgain Insi Clothrann & Insi Bó Finne.

M1015.19

Gebhendach, mac Aedha, tigherna Ua Máine, do mharbhadh lá h-Uibh Maine feísin.

M1015.20

Maoil Iosa, mac Flandaccáin, do mharbhadh.

M1015.21

Maidhm riae n-Eilibh for Eoghanacht Caisil, dú i t-torchair Domhnall, ua Domhnaill, ríoghdhamhna Chaisil, & Domhnall, ua Ruaidhri, tigherna Aradh, & sochaidhe oile.

Annal 1016

M1016.0

Aois Criost, míle a sé décc.

M1016.1

An treas bhliadhain do Mhaoileachlaind.

M1016.2

Diarmaitt ua Maoil Tealcha, comharba Comhghaill, eaccnaidh foircthe, sccribhnidh, & eapscop, d'écc.

M1016.3

Caencomhrac ua Buithin, fer leighinn Glinne h-Uissen, d'écc.

M1016.4

Ceallach, ua Maoil Midhe, airchindech Droma Raithe, d'ég.

M1016.5

Oenghus, mac Flainn, airchindeach Lainde Léire, & Diarmaid ua Maol M'Aodhóg, abb Glinne h-Uissen, d'écc.

M1016.6

Condmach, fer leigind & abb Achaidh Urghlais, do mharbhadh la h-Uibh Bairrche.

M1016.7

Oengus mac Carraigh Calma, ríoghdhamhna Teamhrach tuir ordain Ereann, d'écc do threagait.

M1016.8

Ferghal, mac Domhnaill, mic Conchobhair, ríoghdhamhna Ailigh, do mharbhadh lá Cenel Eoghain fadhéin.

M1016.9

Cond, mac Concobhair, mic Eigneacháin, d'écc.

M1016.10

Dondchadh, mac Donncadha Uí Conghalaigh, ríoghdhamhna


p.790

Ereand, do mharbhadh lá Feraibh Bregh buddhéin.

M1016.11

Giolla Chríst ua Lorcáin, tigherna Caille Follamhain, do mharbhadh h-i c-Cenannus.

M1016.12

Fland ua Beice, tigherna Ua Meith, do mharbhadh.

M1016.13

Muiredhach ua Duibheoin, tigherna Ua Mic Uais Bhregh, do mharbhadh lá Flaithbheartach Ua Néill.

M1016.14

Ar do thabhairt for GhallaibhMaoil Seachlainn i n-Odhba, dú i t-torchrattar íle.

M1016.15

Gaeithini Ua Mordha do mharbhadh.

M1016.16

Dubh Da Bhoirenn ua Riain do mharbhadh.

Annal 1017

M1017.0

Aois Criost, míle a secht décc.

M1017.1

An cethramhadh bliadhain do Mhaoilechlainn.

M1017.2

Gormghal ind Ard-Ailéin, primh-anmchara Ereann.

M1017.3

& Corpmac ua Mititteain, abb Achaidh Abhlae, d'écc.

M1017.4

Muiredhach Ultach, anmchara Cluana Mic Nóis, d'écc.

M1017.5

Braon, mac Mhaoil Mhórdha, mic Murchadha, Laighen, do dhalladh i n-Ath CliathSitriocc, mac Amhlaoibh a meabhail, & a écc dé.

M1017.6

Conghalach, mac Concobhair, mic Find, tigherna Ua Failghe, do écc.

M1017.7

Maolán, mac EccníghLeochain, tigherna Gaileng & Tuath Luicchne uile, do mharbhadh dona Saithnibh.

M1017.8

Cearbhall, mac Maoil Mhordha, ríoghdhamhna Laighen do mharbhadh i meabhail.

M1017.9

Coccadh etir Maol Sechlainn & h-Uí Néill an Tuaisceirt, co n-deachattar Eoghanaigh tar Sliabh Fuait fo thuaidh.

M1017.10

Creach lá Maol Seachlainn


p.792

go Fiora Ceall, & tairtes drong don t-sluagh la Fiora Ceall & lá h-Ele, go ro marbhadh ann Domhnall Ua Caindealbháin, tigherna Ceneoil Laoghaire, & Cass Midhe, rechtaire Maoil Sechnaill, & ua Clérchéin, tigherna Caille Follamhain do ghuin, & a écc iar sist. Flannaccán Ua Ceallaigh, & Conghalach, mac Maoil Sechlainn, do ghuin isin maighin chédna.

M1017.11

Giolla Colaim, mac MuiredhaighMaoil Trea, & Aedh Ua h-Eradáin, tigherna Ua m-Bresail Macha, d'écc.

M1017.12

Cernach Ua Mórdha, tigherna Laoighisi, do mharbhadh.

M1017.13

Muiredhach, mac Muirchertaigh, tigherna Fothart, do mharbhadh.

Annal 1018

M1018.0

Aois Criost, míle a h-ocht décc.

M1018.1

An cúicceadh bliadhain do Mhaoileachlainn.

M1018.2

Domhnall, mac Maoil Sechnaill, mic Domhnaill, comharba Finnen, & Mo Cholmocc, d'écc.

M1018.3

Ongharcc ua Maoile Dúin, secnab, .i. prióir, Cluana Mic Nóis, d'écc.

M1018.4

h-Ua Brodubháin, abb Achuidh Úir, do mharbhadh.

M1018.5

Ceall Dara do uile-losccadh do thene de aith, cenmotha aoin-tegh amháin.

M1018.6

Orgain Cenannsa do Sitriucc, mac Amhlaoibh, co n-Gallaibh Atha Cliath, co rugsat gabhála diarmidhe & braitt, & ro mharbhsat daoine iomdha for lár na cille.

M1018.7

Scrín Ciaráin do orgain do Domhnall mac Taidhg, & a mharbhadh fein a c-cend sechtmhaine tria fhiortaibh Dé & Ciaráin.

M1018.8

Dá mac Maoil Seachloinn, mic Maol Ruanaidh, Ardghar, & Ardchú, dá ríghdhamhna Oiligh do mharbhadh lá Cenél Eoghain fádhéin.

M1018.9

Mathghamhain, mac Conaing, mic Duinn Cuan, rioghdhamhna Mumhan, d'écc.

M1018.10

Mac


p.794

Catharnaigh, mic Aodha do Uibh Caisseni, do coimhionnsaigheadh for Dhonnchadh mac Briain, co t-tarat beim do claidhebh ina chend, & dar a láimh gur ben an lámh, .i. a bhass dheas dé. Terna iaram mac Briain, & ro marbhadh mac Catharnaigh.

M1018.11

Maol Mordha, mac Maoil Mhuaidh, tanaisi Dealbhna, do mharbhadh.

M1018.12

Ua Geibhennaigh, tanaisi Ua Máine, do mharbhadh.

M1018.13

Flaithbhertach Ua Néill do theacht a t-Tír Conaill, go ro h-aircceadh lais Tír n-Enda, & Tír Luchcdhach.

M1018.14

Ruaidhri ua h-Ailelláin, tigherna Ua n-Eathach, do mharbhadh lá Fiora Fernmhaighe, & ro marbhadh dá mhac Ceinneidigh .i. Conghalach, & Giolla Muire ina dhíoghail fo chedóir.

M1018.15

Giolla Caoimhghin, mac Dunlaing, mic Tuathail, righdamhna Laighen do mharbhadh do Laighnibh budhdhéin .i. do Laoighis.

M1018.16

Ailéni mac Oissene, tigherna Mughdorn, & Oissene ua Cathassaigh, tigherna Saithne, do mharbhadh lá Gaileangaibh.

M1018.17

Ruaidhri, mac Faoláin, tigherna Fothart, do mharbhadh.

Annal 1019

M1019.0

Aois Críost, míle a naoi décc.

M1019.1

An seiseadh bliadhain do Mhaoilechlaind.

M1019.2

Maol Mhuaidh Ua Maol Mhuaidh, tigherna Fear c-Ceall, do mharbhadh h-i Maigh LéneMuirchertach ua Carraigh.

M1019.3

Slóicchedh lá Maol Seachlainn, & lá h-Ua Néill & lá Donnchadh mac Briain, & lá h-Art Ua Ruairc, co Sionainn, co t-tuccsat gialla Connacht do Mhaol Sechloind.

M1019.4

Flaithbhertach ua h-Eochadha do dhalladh lá Niall mac Eochadha.

M1019.5

Tearmann Findia do orgain ó Uibh Faoláin.

M1019.6

Domhnall,


p.796

mac Muiredhaigh, tigherna Ua Máine, do mharbhadh.

M1019.7

Aedh ua h-Indreachtaigh, tigherna Ua Méith, do mharbhadh lá h-Uibh Nialláin.

M1019.8

Cú Luachra ua Conchobhair, tigherna Ciarraighe Luachra, do écc.

Annal 1020

M1020.0

Aois Críost, míle fiche.

M1020.1

An sechtmhadh bliadhain do Maoilechlainn.

M1020.2

Corbmac ua Find suí-epscop Mumhan, d'écc.

M1020.3

Ard Macha do losccad gusan Raith uile, gan tesarccain aoin-tighe inte cenmotha an teach screaptra namá & ro loisccthi iol-taighe isna treabhaibh,& ro losccadh in doimh liacc mór, & in cloictheach cona cloccaibh, & Daimh Liagg na Toe, & Daimh Liacc an t-Sabhaill, & an t-sen-cathaoir proicepta, & carpat na n-abbadh, & a liubhair i t-taighibh na mac leighinn co n-iomatt óir, & airgit, & gach seoit archena.

M1020.4

Ceall Dara cona dertoigh do losccadh.

M1020.5

Glend Da Locha cona derthaighibh do losccadh.

M1020.6

Losccadh Cluana Ioraird, Arand, Suird, & Cluana Mic Nóis.

M1020.7

Scrín Pattraicc, & an Finnfoideach Pattraicc do orccain ó ingrinntibh, & lá h-ua n-Aidith, & lá h-Iochtar Ua n-Eachdach, co ruccsatt uii céd bó leó.

M1020.8

Maol Muire, mac Eochadha, comhorba Patraicc, cend clérech Iarthair Thuaisceirt Eorpa uile, & tuile


p.798

ordáin iarthair domhain in t-sui eccnaidhe do écc, an tres lá do mí Iun isin Aoine ria c-Cincthídhies do shonnradh, & Amhalghaidh i c-comharbas Pátraicc do réir tuaithe & ecclaisi.

Annal 1021

M1021.0

Aois Críost, míle fiche a h-aen

M1021.1

An t-ochtmadh bliadhain do Mhaoilechlainn.

M1021.2

Maonach, saccart & airchinneach Lainne Léire, do écc.

M1021.3

Maol Maire, inghen Amhlaoibh, ben Maoilechlainn mic Domhnaill, d'ég.

M1021.4

Aod, mac Flainn, mic Maoil Shechlainn, ríoghdhamhna Ereann, do mharbhadh do ua Maighteacháin do Fheraibh Bile.

M1021.5=U1021.4

Branacán ua Maoil Uidhir airrí Midhe, do bhádhadh dia Bealtainne h-i Loch Aindind, & Mac Conailligh, prímh-reachtaire Maol Sechlainn, do écc, iar n-orccain Scríne Ciaráin dóibh a n-dís. h-I c-cinn nómhaidhe iarsan orccain.

M1021.6

Maidhm ria n-Ughaire, mac Dunlaing, ria rígh Laighen, for Sitricc, mac Amhlaoibh, co n-Gallaibh Atha Cliath occ Derge Mo Goróg, co ro ladh derg-ár Gall i n-Uibh Briuin Cualand.

M1021.7

Cú Caille, mac Dubhlaich, tigherna Fear Tulach, d'écc.

M1021.8

Cú Caille, mac Marcáin, do mharbhadh lá Síol n-Anmchadha.

M1021.9

Mac Con Chenainn, tigherna Ua n-Diarmada, do mharbhadh la h-Uibh Gadhra.

M1021.10

Creach mhór lá Maol Sechlainn for Gulla, & creach isin oidhche chédna iaramh la h-Uibh Néill for Chiannachtaibh.

M1021.11

Crech mhór isin lá arnamharach lá Maol Sechlainn for Cenél n-Eocchain, & a n-ionnarbadh tar Sliabh Fuaid fó thuaid.

M1021.12

Mac Eitigh mic Follamhain, toiseach Cloinne Fuadach, do écc.

M1021.13

Fros cruithneachta


p.800

do fherthain i n-Osraighibh.

M1021.14

Amhalghaidh, comharba Pátraicc, do dhol isin Mumhain cédna cur, co t-tucc a mhór-chuairt.

Annal 1022

M1022.0

Aois Críost, míle fiche a dó.

M1022.1

Maidhm Atha Buidhe Tlachtgha ria Maol Sechlainn for Ghalloibh Atha Cliath, dú i t-torchrattar ile, dia n-ebhraidh,

    1. A chosccar dearg deidhenach,
      feasccor occ an Ath m-Buidhe,
      triocha láithe léimendach
      o sin co cend a uidhe.
Mí dho ina bhethaidh iarsin.

M1022.2

Maoileachlainn Mór, mac Domhnaill, mic Donnchadha, tuir ordain, & oireachais iarthair dhomhain, do écc h-í c-Cró Inis Lócha h-Ainind, iar m-beith trí bliadhna cethrachat i righe uas Erinn, madh iar Lebhar Cluana Mic Nóis, .i. ag cor righe Briain, mic Cinneidhigh, ansan áiremh, i n-ecmhaing naoi m-bliadhna iar c-cath Cluana Tarbh isin treas bliadhain sechtmoghat a aoisi, an cethramhadh nóin do September dia domhnaigh do shonnradh, iar n-aithrighe dhíocra ina phecthoibh agus tairmtheachtaibh, iar n-airittin chuirp Criost, & a fhola, & iarna ongadh i l-lamhaibh Amhalgadha, comharba Pattraicc ar ro bhaoi-sidhe, & comharba Cholaim Chille, & comharba Ciaráin, & ermhór sruithedh Erenn h-i f-frecnarcus occa, & ro chelebhairsiot oiffrinn, & imna, psalma, & cantice do raith a anma. Bá liach do aidilccneachaibh an Coimhdhe an bás-sin Maoil Shechlainn amhail as follus isin rann,

    1. Trí chéd port occ an rígh,
      imma topar broit is bídh,
      altrom ó rígh na n-dúile
      i medhón gach dúine díbh.

p.802

As do bhliadhnaibh bháis Maoileachlainn bheós ro raidhedh,
    1. Dá bhliadhain dá dheich is míle,
      ó ghein Criost cenn gach ríghe,
      go h-écc uí Colmáin na c-creach,
      Maol Sechlainn comlán cuimhneach.

M1022.3

Flann ua Tacáin, airchinneach Dermhaighe, eccnaidh derscaighthe, & Maol Cobha ua Gallchubhair, comhorba Scríne Adhamhnáin, d'écc.

M1022.4

Lachtnán Insi Caoin, comharba Deagha, d'écc i n-Ard Macha.

M1022.5

Cathasach ua Garbháin, fer leighinn Cluana Mic Nóis, do Chuircnibh a chenel, & Ioseph, mac Dúnchadha, anmchara Cluana Mic Nóis, d'écc. Athair Coinn na m-Bocht esidhe.

M1022.6

Muiren na Tengadh do mharbhadh ó dhibh gillibh do Luighnibh.

M1022.7

Domhnall, ua Murchadha Gluine il-Lar, tigherna an Tuaisceirt, do mharbhadh lá Ciannachtaibh Glinne Geimhin.

M1022.8

Domhnall, mac Aodha Uí Mhaol Doraidh, do mharbhadh.

M1022.9

Muiredhach ua Slebhene, ard-ollamh Tuaisceirt Ereann, do mharbhadh lá Fiora Rois.

M1022.10

Mac Cerbhaill, tighearna Ele, & Domhnall, mac Ceallaigh, flaith Fothart, do mharbhadh.

M1022.11

Sitriocc, mac Iomhair, tigherna Phuirt Láirge, do mharbhadh la tigherna Osraighe.

M1022.12

Mac Leighinn, mac Coirill, tigherna Oirghiall, do écc iar b-pennaind ina phecthaibh.

M1022.13

Mathghamhain, mac Laidhgnéin, mic Cerbhaill, tigherna Fernmhaighe, do mharbhadh h-i c-Cluain EoaisCathal ua Críocháin.

M1022.14

Muirchertach ua Carraigh Calma


p.804

do mharbhadh lá Maol Sechlainn God i meabhail.

M1022.15

Muir-chomhrac forsan f-faircci ettir Ghallaibh Ata Cliath & Niall mac Eochadha, Uladh, co raeimhidh forsna Gulla, & tuccadh iad féin i m-broit, & tuccadh dan, a longa leó acht uathadh at-rula as ar éiccin. Flathroi, mac Duibh Slángha, mic Aodha mic Tomaltaigh, tigherna Leithe Cathail, do thuitim lasna Gallaibh isin mur-chomhrac-sin isin sechtmhadh m-bliadhain décc a aoisi.

M1022.16

Donnchadh, toisech Cloinne Cathail, d'écc.

M1022.17

Cloich-shnechta dimhór ro fer isin samhradh, combdar meíde ubhla fiadhain na clocha, & ro artraigh toirneach, & teinnteach mór, co ro mudhaigheadh daoine & ceathra seachnón Eireann.

M1022.18

Orccain Chille Dara ó Dhonn Sléibhe go n-Uibh Faoláin.

M1022.19

Maidhm h-i Sliabh Fuaid for Airghiallaibh ri Niall mac Eochadha, & ro cuireadh dearg-ár Airghiall ann.