Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 993

M993.0

Aois Criost, naoi c-céd nocha a trí.

M993.1

An cúicceadh bliadhain décc do Mhaoileachlainn.

M993.2

Muirghes, mac Muiredhaigh, abb Munghairti.

M993.3

Fóghartach, mac Diarmada, mic Uathmaráin, tigherna Corca Fir Tri Connacht, do mharbhadh do Ghailengaibh Coraind.

M993.4

Conghalach, mac Laidhgnen, .i. ua Gadhra, tigherna Gaileng, d'ég.

M993.5

Maol Cairerda, tigherna Ua m-Briúin.

M993.6

Aedh, mac Dubhghaill, mic Donnchadha tigherna Maighe Ithe & rioghdhamhna Oiligh d'écc.

M993.7

Conn, mac


p.732

Conghalaigh, tigherna Ua f-Failghe, do mharbhadh.

M993.8

Sitrioc, mac Amhlaoibh, do ionnanbadh a h-Ath Cliath.

M993.9

Giolla Céle, mac Cerbhaill, ríoghdhamhna Laighen, do mharbhadh la mac Amhlaoibh.

M993.10

Muireaccán ó Boith Domhnaigh, comhorba Páttraicc, for cuairt i t-Tír n-Eoghain go ro légh gradha righ for Aodh, mac Domhnaill, h-í f-fiadhnaisi samhtha Pattraicc, & go t-tucc mor-cuairt tuaisceirt Ereand.

Annal 994

M994.0

Aois Criost, naoi c-céd nocha a cethair.

M994.1

An seiseadh bliadhain décc do Mhaoileachlainn.

M994.2

Rébachán, mac Dúnchadha, airchindech Mungairti.

M994.3

Colla, abb, & eccnaidh Inse Cathaigh.

M994.4

Clerchén, mac Leráin, saccart Arda Macha.

M994.5

& Odhrán ua h-Eolais, scribhnidh Cluana Mic Nóis, d'ég.

M994.6

h-Iomhar do thocht i n-Ath Cliath dar éis Sitrioca, mic Amhlaoibh.

M994.7

Domhnach Patraicc do arccain do Ghallaibh Atha Cliath, & do Muirchertach ua Conghalaigh, acht ro dhioghail Dia iar t-trioll fair uair ro écc-somh ria c-cionn mhíosa iaromh.

M994.8

Maol Sechloinn do losccadh Aenaigh Thete, & do indredh Urmhumhan, & ro sraoineadh roimhe for Brian, & for Feraibh IMumhan archenae.

M994.9

Fail Tomhair, & claidheabh Charlusa do thabhairt do Mhaoil Sechlainn mac Domhnaill ar eiccin ó Ghallaibh Atha


p.734

Cliath.

M994.10

Raghnall do mharbhadh do Laighnibh, .i. do mhac Murchadha mic Finn, & Iomhar do thecheadh doridhisi a Ath Cliath, & Sitriocc do ghabháil a ionaidh.

M994.11

Giolla Pátraicc, mac Duinn Cuan, tigherna Tethbha, do mharbhadh.

M994.12

Maol Maire, mac Scannláin, epscop Arda Macha, do écc.

Annal 995

M995.0

Aois Criost, naoi c-céd nocha a cúicc.

M995.1

An sechtmadh bliadhain décc do Maoil Seachlainn.

M995.2

Corbmac ua Conghaile, abb Daimhinse, d'écc.

M995.3

Diarmaid, mac Domhnaill, tigherna Ua c-Ceinnsealaigh, do mharbhadh do Dondubhán, mac Iomhair tria thangnacht.

M995.4

Giolla Pattraicc, mac Donnchadha, tigherna Osraighe, do mharbhadh do Dhonndubhán mac Iomhair, & do Dhomhnaill, mac Faoláin, tigherna na n-Déisse. Donndubhán, mac Iomhair, do mharbhadh la Laighnibh iaromh .i. lá Coin Duiligh, mac Cionaeda do Uibh Failghe, i cind seachtmhaine, i n-díoghail Diarmata, mic Domhnaill.

M995.5

Domhnall, mac Faoláin, tigherna na n-Deisi, d'écc.

M995.6

Ard Macha do losccadh do thene saighnén ettir tighibh & domhu liacc, & cloictheacha, & a fidh-neimhedh do h-uile-dilgend. Ní tháinic i n-Erinn o con-ocbadh, & ní targa co lá brathae dioghail amhlaidh, conadh do at-rubradh,

    1. Cúicc bliadhna nochat, naoi c-céd
      ó ghein Criost, as eadh at-fet,
      co losccadh cathrach, cen clith
      mic áird-Calprainn, mic Oitidh.

M995.7

Slóiccheadh lá Conaille & Mughdorna, & Tuaisceirt m-Bregh go Glent Righe, conus-tarraidh Aodh, mac Domhnaill, tigherna Oiligh, co t-tarat deabhaidh doibh co raoimhidh foroibh, & ro marbhadh tigherna Conaille and .i. Matudhan ua Croinghille, & dá chéd amaille ris.

M995.8

Cath-raoinedh for Fheraibh Mumhan ria c-Cathal & ria Muirgheas dá mac Ruaidhri, mic Cosccraigh, & ria n-ua Ceallaigh,


p.736

dú i t-torcrattor ile, & torchair Muirghios mac Ruaidhri i frithghuinn.

M995.9

Giolla Patraicc ua Flannacáin, tigherna Tethbha, do marbhadh la Fiachra mac Roduibh, taoisioch Muintire Mhaoil Fhinda.

M995.10

Muircheartach Beag ua Conghalaigh do mharbhadh.

M995.11

Mathghamhain, mac Cerbhaill, tigherna Ua n-Dunchadha, do mharbhadh i n-Ath Cliath la Maol Mórdha, mac Murchadha, i n-díoghail a athar.

Annal 996

M996.0

Aois Criost, naoi c-céd nocha a sé.

M996.1

An t-ochtmadh bliadhain décc do Mhaoileachlainn.

M996.2

Colmán Corcaighe tuir ordain Ereann.

M996.3

Cond ua Laidhgnén, abb Fearna.

M996.4

& Dubhthach ua Tadhgain, .i. mac Duibhfind, saccart Cluana Mic Nóis, d'eg.

M996.5

Ruaidhri, mac Néill Ui Canandain, tigherna Cenel Conaill, d'ég.

M996.6

Maidhm for Uibh Méith occ Sruthair ria mac n-Donnchadha Find, & ria f-Feraibh Rois, co t-torchair ann tigherna Ua Méith & sochaidhe oile.

M996.7

Cluain Ioraird & Cenandus do arccain lá Gallaibh Atha Cliath.

M996.8

Maol Seachlainn, mac Maol Ruanaidh, ríoghdhamhna Oiligh, d'ég.

M996.9

Domhnall, mac Donnchadha Fhinn, do dhalladh lá Maol Seachlainn, mac Domhnaill.

Annal 997

M997.0

Aois Criost, naoi c-céd nocha a seacht.

M997.1

An nomhadh bliadhain décc do Mhaoilechlainn.

M997.2

Conaing ua Cosccraigh, sui-epscop Cluana Mic Nóis, d'ég.

M997.3

Diarmaitt, mac Domhnaill, tighearna Ua c-Ceinnselaigh.

M997.4

Giolla Patraicc, mac Donnchadha, tigherna Osraighe, d'écc.

M997.5

Giolla Ernáin, mac Aghda, tigherna Tethbha, do mharbhadh lá Síol Ronáin.

M997.6

Oissine ua Machainén, tigherna Mughdorn, do mharbhadh lá Maoileachlainn i n-Inis Mochta.

M997.7

Slóigheadh lá Maol Sechlainn & lá Brian, co t-tuccsat gialla Gall fri suabhais do Ghaoidhelaibh. Mael Sechlaind co Feraibh Midhe, & Brian co b-Feraibh Mumhan do thionol fo cedóir go h-Ath Cliath, go t-tuccsat gialla & an ba deach dia sédoibh uadhoibh.


p.738

M997.8

Orgain Daire Calgaich do Ghallaibh.

M997.9

Slóichcedh la Mael Seachlainn i c-Connachtaibh, co ro indir, no loiscc Magh Ai, & co ro farccbhaidh mac tigherna Ciarraighe leó.

M997.10

Imhar co n-Gallaibh, & co n-Osraighibh for creich i n-Uibh Ceinnselaigh, co f-fargaibhset formna a n-gregha & araill dia sluaigh.

Annal 998

M998.0

Aois Criost, naoi c-céd nochat a h-ocht.

M998.1

An fichetmadh bliadhain do Mhaoil Sechlainn.

M998.2

Dubh Da Leithe, mac Ceallaigh, comhorba Patraicc & Colaim Cille, d'ég 2 Iún isin treas bliadhain ochtmogat a aoise.

M998.3

Ceall Dara do argain do Ghallaibh Atha Cliath.

M998.4

Niall, mac Aghda, rioghdhamhna Teathbha, do mharbhadh lá Calraighibh h-i c-Cluain Mic Nóis im fhéil Ciaráin.

M998.5

Donnchadh, mac Domhnaill, do erghabháil do Sitrioc, mac Amhlaoibh, tigherna Gall, & do Mhaol Mhordha mac Murchadha.

M998.6

Diarmait, mac Dúnadhaigh, tigherna Sil n-Anmchadha, do mharbhadh lá mac Comhaltáin Uí Chléiricch, tigherna Aidhne.

M998.7

Iomairecc etir Airghiallaibh & Conaille, du i t-torchair Giolla Criost ua Cuilennáin, tigherna Conaille, & sochaidhe oile imaille fris.

M998.8

Maol Sechlaind ua Maol Ruanaidh, tigherna Ua Cremhthainn, do mharbhadh la h-Uibh Ceallaigh.

M998.9

Indredh Ua n-Eathach la h-Aodh, mac Domhnaill, co t-tucc boromha mhór, & bá di-sídhe do-gairthi creach mhór Mhaighe Cobha.

M998.10

Lia Ailbhe do thuitim, & ba h-e Magh n-Ailbhe primh-dhiongna Maighe Bregh. Do-ronta cethora clocha muilinn dhi lá Maoileachlainn.

M998.11

Slóicchedh lasan rígh Maol Sechlainn, & lá Brian, mac Cindeittigh, go Glend Mama. Tangadar dna Goill Atha Cliath dia fobhairt co raoimhidh for


p.740

Ghallaibh, & ro ladh a n-ár im Aralt, mac n-Amhlaoibh, & im Choilén mac Etigen, & im maithibh Atha Cliath archena, & ro mudhaighidh íle do Ghallaibh isin cath-gleó-sin. Do-dheachaidh Maol Sechlainn & Brian iarsin co h-Ath Cliath, ocus báttar sechtmhain lán ann, & ruccsat a ór, & a airget & a brait. Ro loisgset an Dún, & ionnarbaitt tigherna Gall .i.Sitrioc mac Amhlaoibh. As do tairngere an catha-sin at-rubhradh,
    1. Ticfaidher do Glinn Mama,
      ní bá h-uiscce dar lámha,
      ibhait neich digh tondaigh
      imon cloich i c-Claen Chonghair.
    2. Mebhais ass an maidhm co m-buaidh
      corri tar cailli fo thuaidh,
      co loiscfidher Ath Cliath cain,
      iar n-indredh for Laighen-mhaigh.

M998.12

Mac Éiccnigh, mic Dalaigh, tigherna Airghiall, do mharbhadh lá mac h-Ui Ruairc.

M998.13

Mac Dúnadhaigh, mic Gadhra, do mharbhadh.

M998.14

Dunghal, mac Cionaedha do mharbhadh lá Giolla Caoimhghin mac Cionaedha.

Annal 999

M999.0

Aois Criost, naoi c-céd nocha a naoi.

M999.1

An t-aonmhadh bliadhain fichet do Mhaoilechlainn.

M999.2

Diarmaitt, .i. Conaillech, fer leighinn Cluana Mic Nóis, d'ég.

M999.3

Flaithbhertach Ua Canandáin, tigherna Cheneoil Conaill do mharbhadh lá a chenel budhdéin.

M999.4

Ua Domhnaill, .i. Cú Chaille, tigherna Durlais, do mharbhadh la h-Ua Néill .i. la h-Aodh.

M999.5

Muirghius, mac Aodha, tighearna Ua n-Diarmada, do


p.742

mharbhadh lá a mhuinntir feisin.

M999.6

Ceallach ua Maoile Corgais, prímh-ecces Condacht, d'écc.

M999.7

Iomhar Puirt Láirge d'écc.

M999.8

Na Gaill doridhisi do Ath Cliath, & a n-geill do Brian.

M999.9

Aodh ua Ciardhdha do dalladh dia bhráthair .i. d'Ualgharg ua Ciardha.

M999.10

Slóichcedh mór la Brian, mac Cinneittigh, go maithibh & go slóghaibh Déisceirt Connacht co n-Osraighibh, & Laighnibh, & co n-Gallaibh Atha Cliath do thorrachtain Temhrach, acht do-chottar na Gaill creich marcach rempa h-i Muicch Bregh, conus-tarraidh Maol Sechlainn, & ro fighedh scaindear crodha etorra, & ro mheabhaidh forna Gallaibh coná terna acht uathadh díobh. Do-dheachaidh Brian iaramh co m-boí h-í Fearta Nemheadh i Muigh Breagh, & luidh for a chúla gan cath, gan indradh gan losccadh. Cédna h-iompódh Briain, & Connacht ar Maoileachlaind indsin.

Annal M1000

M1000.0

Aois Criost, míle.

M1000.1

An dara bliadhain fichet do Maoileachlaind.

M1000.2

Maol Poil, epscop Cluana Mic Nóis & comharba Fecheine.

M1000.3

& Flaithem, abb Corcaighe, d'écc.

M1000.4

Fearghal, mac Conaing, tigherna Oiligh, d'écc.

M1000.5

Dubh Dara ua Maoile Duin, tighearna Fer Luirg, do mharbhadh.

M1000.6

Laidhgnen ua Leoggan do mharbhadh la h-Ultoibh.

M1000.7

Niall Ua Ruairc do mharbhadh lá Cenel Conaill & la h-Aodh Ua Néill.


p.744

M1000.8

Cend Faoladh, mac Concobhair, tighearna Gabhra, & Ríoghbhartan, mac Duibh Cróin, d'écc.

M1000.9

Creach mhór la Fiora Mumhan i n-desceart Mídhe i noin Ianuari, conus-tarraidh Aongus mac Carraigh go n-uathadh dia mhuintir, co farccabhsat na gabhála, & ár cend lais.

M1000.10

Tóchar Atha Luain do dhénamh la Maol Seachlainn mac Domhnaill, & la Cathal mac Conchobhair.

M1000.11

Tochar Atha Liacc do dhénamh la Maol Seachlainn co n-dice leth na h-abhann.

M1000.12

Diarmaid ua Lachtnáin, tigherna Teabhtha, do mharbhadh lá a mhuintir féisin.

Annal 1001

M1001.0

Aois Criost, míle a h-aon.

M1001.1

An treas bhliadhain fichet do Mhaoilechlainn.

M1001.2

Colam, abb Imleacha Iubhair, d'écc.

M1001.3

Tréinfher, mac Celecáin, prióir Arda Macha, do mharbhadh.

M1001.4

Conaing ua Fiachrach, abb Tíghe Mochua.

M1001.5

Cele, mac Suibhne, abb Sláine.

M1001.6

Cathalán ua Corcráin, abb Daimhinsi.

M1001.7

Maonach, aistire Cenannsa.

M1001.8

& Flann, mac Eoghain airdbreithemh Leithe Cuinn, d'ég.

M1001.9

Mael Mhuaidh, mac Duibhghiolla, tigherna Delbhna Bethra, do écc.

M1001.10

Sitriocc, mac Amhlaoibh, tigherna Gall, do dhol for creich i nd-Ultaibh ina longaibh co ro oircc Cill Cleithe, & Inis Cumhscraigh, & do-bert brat-ghabháil moir eistibh uile.

M1001.11

Slóichcedh lá h-Aodh, mac DomhnaillNéill co Tailltin, & luidh for cúla fo shíth, & caon-comhrac.

M1001.12

Creachadh Connacht bheós la h-Aodh, mac Domhnaill.

M1001.13

Cearnachán, mac Flainn, tigherna Luighne, do dhol i Fernmaigh for creich, & ro marbhadh é la Muirchertach ua Ciardha, tánaisi Cairpre.

M1001.14

Sloichcedh lá Brian co n-Gallaibh, co Laichcnibh, & co f-Feruibh Mumhan co h-Ath Luain, co ro h-einirtnicchedh


p.746

lais Ui Néill an Deisceirt, & Connachta, co ro gaibh a n-gialla. Do-dheachaidh Brian & Maol Seachlainn iarsin co f-Feraibh Ereann iompu etir Fhiora Midhe, Connachtaibh, Muimhnechaibh, Laighniu, & Gallaibh, go rangattar Dun Dealga i Conaillibh Murteimhne. Do-riacht Aodh, mac Domhnaill ui Néill, ríoghdhamhna Ereann, Eochaidh, mac Ardghair, Uladh, co n-Ultoibh, go Cenel Conaill, & Eoghain, & co n-Airghiallaibh ina n-dáil gusan maighin chédna, & nís-relccsetar secha sein, co ro sccarsat fo osadh, gan giallaibh, gan gabhail, gan oirccne gan aittíre.

M1001.15

Meirlechán, .i. mac Cuind, tigherna Gaileng, & Brodubh, .i. mac Diarmata, do mharbhadh lá Mael Sechlainn.

M1001.16

Caemhclúdh abbadh i n-Ard Macha .i. Maol Muire, mac Eochadha i n-ionadh Mhuireiccéin ó Bhoith Domhnaigh.

M1001.17

Slóighedh la Brian go h-Ath Cliath, co rug gialla Midhe & Connacht.

Annal 1002

M1002.0

Aois Criost, míle a dó.

M1002.1

An céd-bhliadhain do Bhriain, mac Cindéittigh, mic Lorcáin ós Erinn h-i righe, lxxui bliadhain a aois an tan-sin.

M1002.2

Dunchadh ua Mancháin, comharba Caoimhghin.

M1002.3

Flandchadh ua Ruaidhíne, comharba Ciaráin mic an t-saoir do Chorca Moccha a chenél.

M1002.4

Eoghan, mac Ceallaigh, airchindeach Aird Brecáin.

M1002.5

Donghal, mac Beoain, abb Tuama Gréine, d'écc.

M1002.6

Creach mhór la Donnchadh, mac Donnchadha Finn, & la h-Uibh Méith, co ro oirccsed Land Léire, conus-tarraidh Cathal mac Labhradha, & conus-tairthetar Fir Bregh co raoimhidh forra, & co farccaibhsiot a n-gabháil, co ro ladh a n-ár iaromh etir ergabháil & marbhadh, im Shionach ua h-Uarghusa, tigherna Ua Meith. Do-rochair don Cathal, mac Labhradha aghaidh i nd-aghaidh & Lorcán


p.748

mac Brótadha.

M1002.7

Dondghal, mac Duind Cothaigh, tigherna Gaileng, do mharbhadh lá Trotan, mac Builcc Argait, (no Tortan mac Builg Argait), mic Maoil Dora, tigherna Fer Cúl ina thigh budhdhein.

M1002.8

Ceallach, mac Diarmada,tigherna Osraighe, do mharbhadh lá Donnchadh, mac Giolla Phátraicc, lá mac bráthar a athar.

M1002.9

Aedh, mac ui Coin Fhiacla, tigherna Tethbha, do mharbhadh ó Uibh Con Chille.

M1002.10

Conchobhar, mac Maoil Sechlainn, tigherna Corca Modhruadh, & Aicher ua Traighthech, do mharbhadh lá Feraibh Umhaill, co sochaidhibh oile.

M1002.11

Aedh, mac Eichthighern, do mharbhadh i n-derthoigh Ferna Móire M'Aedóg, lá Maol na m-Bo.