Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 973

M973.0

Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a trí.

M973.1

An nomhadh bliadhain décc do Dhomhnall.

M973.2

Foghartach, abb Daire Calgaigh, d'écc.

M973.3

Artghal, mac Coscracháin, comhorba Comhghaill & Finnéin, d'écc, iar n-deighbhethaidh cian-aosda.

M973.4

Feardalach, abb Reachrainne, do mharbhadh lá Gallaibh.

M973.5

Cionaodh ua h-Artagáin, primh-égeas Ereann ina aimsir, d'ég.

M973.6

Ceallach, mac Domhnaill, tigherna Ua Faoláin, do mharbhadh lá Broen, mac Murchadha.

M973.7

Muireadhach, mac Donnchaidh, mic Cellaigh, tanaisi Osraighe, d'ég.

M973.8

Imarcraidh fleochaidh gur ro millit toirthe.

M973.9

Dubh Dá Leithe, comhorba Pátraicc for cuairt Mumhan co t-tucc a reir.

Annal 974

M974.0

Aois Criost, naoi c-céd sechtmodha a cethair.

M974.1

An fichetmhadh bliadhain do Dhomhnall.

M974.2

Conaing, mac Fionain, abb Condeir & Lainde Eala, d'écc.

M974.3

Sédna ua Démáin, abb Naendroma, do losccadh ina thigh fein.

M974.4

Donnchadh, mac Ceallaigh, tigherna Osraighe, d'écc.

M974.5

Domhnall, mac Conghalaigh, tigherna Bregh, d'écc. As dó bo h-ainm Triubhus Fliuch.

M974.6

Tadhg ua Ruadhrach, tigherna Cianachta do mharbhadh i n-Ultaibh.

M974.7

Giolla Colaim Ua Canandáin, tigherna Ceneóil Conaill, do thiachtain for creich i n-Uibh Failghe, co fargaibh tigherna Choirpre Móir isa lurcc .i. Fearghal, mac Foghartaigh.

M974.8

Dunchadh ua Braoin, comharba Ciaráin Cluana Mic Nóis, do dhul dia oilithre co h-Ard Macha.

M974.9

Mathghamhain, mac Cindéidigh, áirdrí Mumhan uile do erghabháil do Dhonnabhan mac Cathail, tigherna Ua Fidhgeinte tria thangnacht, co tarat do Maol Mhuaidh,


p.702

mac Brain, tigherna Desmumhan, conid ro mharbhsaidhe dar erthach naomh & fíreon.


p.704

Annal 975

M975.0

Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a cúicc.

M975.1

An t-aonmhadh bliadhain fichet do Dhomhnall.

M975.2

Gormghal, comhorba Tolai.

M975.3

Conaing, mac Catháin, abb Ferna.

M975.4

& Noemhán Insi Cathaicch, d'écc.

M975.5

Muirchertach, mac DomhnaillNéill, & Conghalach, mac Domhnaill, mic Conghalaigh, dá ríoghdhamhna Ereann, do marbhadh la h-Amhlaoibh, mac Sitriucca.

M975.6

Giolla Colaim Ua Canandáin, tigherna Céneoil c-Conaill, do mharbhadh lásan rígh, Domhnall ua Néill.

M975.7

Maol Ruanaidh Got ua Maoilechlainn, rioghdhamhna Temhrach, do mharbhadh a meabhail.

M975.8

Inis Cáthaigh do shárughadh do Bhrian, mac Cinneidigh, for Ghallaibh Luimnigh, im Iomhar cona dhá mhac .i. Amhlaoibh & Duibhcend. Brian caogad bliadhain d'aois an tan-sin.

M975.9

Seachnasach mac h-Iruaidh tigherna Eile do mharbhadh.

Annal 976

M976.0

Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a sé.

M976.1

An dara bliadhain fichet do Dhomnall.

M976.2

Fiachra ua h-Artacáin, abb Ia Choluim Chille.

M976.3

Maonach, mac Muiredhaigh, abb Droma Inesclainn, d'écc.

M976.4

Cath Bealaigh Leachta eittir Bhrian, mac Cindeidigh, & Maol Mhuaidh, tigherna Desmhumhan, & torchair Maol Mhuaidh and & ar Fer Mumhan.

M976.5

Cath Biothlainne for Laighnibh ria n-Gallaibh


p.706

Atha Cliath, i t-torchair Laighen .i. Augaire mac Tuathail, & Muiredhach, mac Riain, tigherna Ua Ceinnsealaigh, & Conghalach, mac Flaind, tigherna Leighe & Rechet, go sochaidhibh iomdha amaille friú.

M976.6

Cath-raoineadh long occ Lochaibh Eirne ria n-Airghiallaibh for Chenel Conaill, dú i torchrattar ile im Niall Ua Chanannán, & im ua Conghalaigh, & mac Murchadha Glúnillar, & aroile saor-chlanna.

M976.7

Comhaltán Ua Cléirigh, tighearna Ua Fiacrach Aidhne, d'écc.

M976.8

Cath Cille Móna ria n-Domhnall mac Conghalaigh, & ria n-Amhlaoibh for Domhnall ua Néll forsan righ, dú a t-torchair Ardghal, mac Madudháin, Uladh. Donnaccán, mac Maoil Muire, & Cionaodh, mac Croinghille, tigherna Conaille, co n-druing móir cenmothát-somh.

M976.9

Cath-raoineadh ria m-Brian, mac Ceinnéittigh for Gallaibh Luimnigh, & for Donnabhán, mac Cathail, tigherna Ua Fidhgeinnte, dú i t-torcratar Goill Luimnigh, & in ro ladh a n-ár.


p.708

Annal 977

M977.0

Aois Criost, naoi c-céd sechtmodha a seacht.

M977.1

An treas bliadhain fichet do Dhomhnall.

M977.2

Corbmac h-ua Maeil Beraigh, abb Glinne Fuaid, d'écc.

M977.3

Flant, mac Maoil Mhichil, fear leighinn Cluana Mic Nois, epscop & airchindeach Cluana Deochra.

M977.4

Flantt, mac Mhaol M'Oedhócc, airchindeach Glinne h-Uissen,

M977.5

Cathasach, airchindeach Eaccailsi Bicce Cluana Mic Nóis.

M977.6

& Muirend, inghen Chonghalaigh, banabb Cille Dara, d'écc.

M977.7

Conchobhar, mac Find, tigherna Ua Failge, d'écc.

M977.8

Domhnall Claon Laighen, do erghabháil do Ghallaibh Atha Cliath.

M977.9

Lethlobhar ua Fiachna, tighearna Dál Araidhe, do mharbhadh.

M977.10

Cill Dara do orgain do Ghallaibh.

Annal 978

M978.0

Aois Criost, naoi c-céd seachtmodha a h-ocht.

M978.1

Mucchróin, abb Iae, scribhnidh & epscop, saoi na t-Tri Rand.

M978.2

& Rumand ua h-Aedhaccáin, abb Cluana h-Eoais, d'écc.

M978.3

Cath Temhra ria Maoil Seclaind, mac Domhnaill, for Ghallaibh Atha Cliath, & na n-Indsedh, for macaibh Amhlaoibh an t-sainriudh, du i t-torcrattar ile im Raghnall mac Amhlaoibh, ríoghdhamhna Gall, & im Chonamhail, mic Gilli Airri, & saerlabhraid Atha Cliath, & ro ladh dearg-ár Gall imaille friú. Torcratar bheós h-i frithghuin an catha Braon, mac Murchadha, rioghdhamhna Laighen, & Conghalach mac Flainn, tigherna Gaileng, & a mac .i. Maolán, Fiachna & Cú Dúilich, dá mhac Dubhlaich, dá tigherna Fear Tulach, & Lachtnán, tigherna Mughdhorn Maighen. Co n-deachaidh Amhlaoiph iaromh tar muir co n-erbail i n-I Colaim Cille.

M978.4

Iar m-beith ceithre bliadhna fichet i righe uas Erinn do Domhnall, mac Muirchertaigh na g-Cochall Crocenn, mac Néill Glúnduibh, at-bail i n-Ard Macha iar m-buaidh n-aithrighe. As dia chuimhniucchadh-sidhe ro ráidh Dubh Dá Lethe,


    p.710

  1. O ghenair mac Dé, ní brécc,
    a h-ocht seacht n-deich is naoi c-céd,
    co bás Mughroin mortais rainn,
    comharba cadlai Colaim.
  2. Gus an c-cath i t-Temhraigh thailc,
    in ro dáiledh crú dar cailc
    i n-gaota Gaeidhil is Goill,
    Mael saer-bladhach Seachloinn.
  3. Go h-éitsecht Domhnaill i Néilllordship
    i n-Ard Macha mórdha géill,
    ard-fhlaith Ereann éirnedh groigh,
    for druim domhain ní ad-genair.

M978.5

Cath edir Ultoibh & Dal n-Araidhe, a t-torchoir an Chóiccidh .i. Aodh, mac Loingsich, go sochaidhibh ele lá h-Eochaidh mac Ardgair.

M978.6

Dubhghall, mac Donnchadha, tanaisiAiligh, do mharbhadh lá Muiredhach mac Flainn, lá a bhráthair, & Muiredhach féisin do mharbhadh laa chenél ria c-cionn mís a c-cionaidh Dubhghaill.

M978.7

Tighernán ua Maol Doraidh, tighearna Cenél Conaill, do mharbhadh.

M978.8

Dunghal, mac Donnchadha, tanaisi Osraighe, d'écc.

Annal 979

M979.0

Aois Criost, naoi c-cétt sechtmodha a naoi.

M979.1

An céd-bhliadhain do Mhaolsechlainn Mhor, mac Domhnaill, mic Donnchadha, mic Flainn, mic Maoil Sechlainn os Erinn i righe.

M979.2

Faolán, mac Coellaidhe, suí-epscop, & abb Imleacha Iubhair.

M979.3

& Murchadh, mac Riatai, abb Rossa Comain & prioir Cluana Mic Nóis, d'ég.

M979.4

Agda, mac Duibhcind, tigherna Teathbha, d'écc i n-Iomdhaidh Ciaráin, iar n-deigh-bheathaigh.

M979.5

Amhlaoibh, mac Siotriocca aird-tigherna Gall Atha Cliath,


p.712

do dhol co h-I dia oilithre, & a écc innte iar pennaind & deigh-bheithaidh.

M979.6

Mór-shloighedh la Maol Sechlainn, mac Domhnaill, rí Ereann, & lá h-Eochaidh, mac Ardghair, Uladh, go Gullu Atha Cliath, co t-tardsat forbhais trí lá & trí n-oidhche forra co t-tuccsat gialla Ereann ass, im Domhnall Claon, Laighen, & im aidire Ua Néill archena. Fiche céd líon na n-giall la taobh seót & maoine, & la saoire Ua Néill ó Sionainn co muir cen cáin cen cobach. As annsin tra fo-ruaccart Maoil Sechlainn féissin in eassgaire n-airdeirc dia n-érbairt, ‘Cech aen do Gaoidhealaibh fil h-i c-crich Gall i n-daeire & dochraide taed as dia thír fodhesin frí sidh & fri subha’. Ba sí broid Baibeloin na h-Ereann an bhroid h-isin, co ro saoradh iat lá Maol Sechlaind, & ba tanaisi broitte iffrinn bheos.

Annal 980

M980.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha.

M980.1

An dara bliadhain do Mhaoil Sechlainn.

M980.2

Anmchadh, epscop Cille Dara, do chríochnucchadh a deigh-bhethaidh isin cenntar iar sendataidh.

M980.3

Eoghan ua Catháin, abb Cluana Fearta Brénaind.

M980.4

Sionach, mac Murthuilen, abb Bendchair.

M980.5

Cleirchein, mac Donnghaile, comharba Fechene.

M980.6

Conaing ua Flannagáin fos-airchindech Arda Macha.

M980.7

& Rothechtach Daimhinsi saccart, d'écc.

M980.8

Domhnall ua h-Ateidh, tigherna Ua n-Eathach, & Loingseach, mac Foghartaigh, taoisech Ua Nialláin, do chomhthuitim fria aroile.

M980.9

Donnghal, mac Duibhríghe, abb Fedha Dúin, d'écc.

Annal 981

M981.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a h-aon.

M981.1

An treas bhliadhain do Maoil Sechlainn.

M981.2

Muiredhach, mac Ruadhrach, comharba Féchin.

M981.3

Bruadar mac Eichthighern, tigherna Ua c-Ceinnsealaigh d'écc.

M981.4

Archu, mac Néill, ríoghdhamhna


p.714

Uladh, do mharbhadh lá a bhraithribh.

M981.5

Aodh ua Dubhda, tigherna Tuaisgeirt Condacht, d'écc.

M981.6

Flaithbertach, abb Leithghlinne, do écc.

M981.7

Ailell, dalta Dúnchadha, do écc.

M981.8

Dal c-Cais d'orccain do Maol Sechlainn, mac Domhnaill, & bile Aonaigh Maighe h-Adhar do thesccadh iarna tochailt a talmhain cona frémaibh.

M981.9

Orgain Cille Dara la h-Iomhar Puirt Láirge.

M981.10

Indredh OsraigheBrian, mac Ceinnéittigh.

M981.11

Giolla Caoimhghin do dhalladh la Domhnall mac Lorcáin.

Annal 982

M982.0

Aois Criost, naoi c-céd ochtmodha a dó.

M982.1

An cethramhadh bliadhain do Mhaoil Seachlainn.

M982.2

Corbmac, mac Maoil Chiarain, comharba Mochta.

M982.3

Aedh ua Mothrain, comharba Dá Sincheall.

M982.4

Muiredhach, mac Muireccáin, prioir Arda Macha, d'écc.

M982.5

Cath-raoineadh ria Maoil Seachlainn, mac Domhnaill, & ria n-Gluin Iarnd mac Amhlaoibh .i. mac máthar Maoileachlainn, for Domhnall c-Claon & for Iomhar Phuirt Láirge , dú i t-torchratar ile eittir bádhadh, & marbhadh im Ghiolla Pháttraicc, mac Iomhair, & sochaidhe ele immaille fris. Indredh & orgain LaighenMaoil Seachlainn go muir.

M982.6

Glenn Da Locha do orccain do Ghallaibh Atha Cliath.

M982.7

Giolla Pátraicc do orgain Leithghlinne, co t-taratt mainchine a dhá mac do Mo Laisi, & aithrechus ann go brath.

M982.8

Giolla Phátraicc do erghabháil dho Brian mac Ceinnéittigh.


p.716