Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal 913

M913.0

Aois Criost, naoi c-céd a trí dég.

M913.1

An sechtmadh bliadhain décc ar fhichit do Fhlann.

M913.2

Scannlán, epscop & abb Tamhlachta d'ég.

M913.3

Scannlán, airchindeach Congbhala Glinne Súilighe, d'ég.

M913.4

Orgain Corcaighe, & Lis Móir, & Achaidh Bó


p.586

ó eachtrandaibh.

M913.5

Ruarc, mac Maoil Brighde, tighearna Muscraighe Thíre, d'ég.

M913.6

Frithuidhecht Flainn Sionna ó a mhacaibh .i. ó Dhonnchadh & Chonchubhar & indradh Midhe leó co Loch Ribh. Slóigheadh an FhochlaNiall, mac Aedha, n-Ailigh, co ro ghabh naidhm Dondchadha, & Choncobhair frí reir a n-athar, & co f-fargaibh ossadh etir Midhe, & Bregha.

M913.7

Tormach mór meinic do Gallaibh do thiachtain co Loch Dá Chaoch bheos, & indradh tuath & ceall Mumhan leo do ghrés.

M913.8

Lenae, mac Catharnaigh, tighearna Corca Bhaisgind, do écc.

Annal 914

M914.0

Aois Criost, naoi c-céd a cethair décc.

M914.1

Aodh, mac Ailella, abb Cluana Ferta Brénainn.

M913.2

Moenach, mac Dailigein, abb Achaidh Bó Caindigh.

M913.3

Maol Bairrfind, saccart Cluana Mac Nóis.

M913.4

& Martain, ab Ruis Commáin, d'ég.

M914.5

Cobhfhlaith, inghen Duibh Dúin, banabb Cille Dara, d'ég.

M914.6

Fogartach, mac Tolaircc, tighearna Deiscceirt Bregh, & Cathlán, mac Finsnechta, righdamhna Laighen, d'ég.

M914.7

Gebhennach, mac Aodha tighearna Ua Fidhgeinte, do mharbhadh la Nortmannaibh.

M914.8

Bran, mac Eachtigern, tanaisi Ua c-Ceinnealaigh, do mharbhadh la Nortmannaibh, & la Diarmaid, mac Cerbhaill, tighearna Osraighe.

M914.9

Ard Macha do losccadh.

M914.10

Iar m-beith ocht m-bliadhna décc ar fhichit h-i ríghe Ereann do Fhlant Sionna mac Maoilechlainn, at-bath i t-Taillten. As acc eccaoine Floind do-ráidhedh indso,

    1. Flann fionn Fremhann fearr cech claind,
      airdri Ereann gairgi a gluinn,
      ba se concertaidh ar n-drong,
      confarlaic tonn talmhan truim.
    2. Tola tuile tocaidh móir
      carrmogal cóir crotha cain,
      cur cruth-ghlan do curadh cáich,
      flaith fear Fáil co fordathail.
    3. Ail ind ordan uas cech cind,
      flaith find forgail fégtha rann,
      ruiten gréne grata grind
      rind na féne fele Flann

      &c.


p.588

M914.11

Ainle, mac Catháin, tighearna Uaithne Cliach, do bhásughadh lá Gallaibh Locha Dá Chaoch.

M914.12

Goill Locha Da Chaoch beos do indradh Mumhan & Laighen.

Annal 915

M915.0

Aois Criost, naoi c-céd a cúig dég.

M915.1

An chéd bhliadhain do Niall Glundubh, mac Aodha Finnleith uas Erinn h-i ríghe.

M915.2

Maol Giric, abb Cille h-Achaidh, d'ég.

M915.3

Aonach Taillten do athnuadhucchadh la Niall.

M915.4

Sitrioc, ua h-Iomhair cona chobhlach do ghabháil oc Cind Fuaith i n-airer Laighen. Raghnall, ua h-Iomhair, co cobhlach oile go Gulla Locha Dá Chaoch.

M915.5

Ar for Ghallaibh la Mumhain. Ar n-aile la h-Eoganachta & Ciarraghe for Ghallaibh.

M915.6

Slóiccheadh Ua Néill an Deisceirt & an Tuaisceirt la Niall, mac Aodha, rí Ereann co Fioru Mumhan do choccad fri Gallaibh. Scorais a longport oc Topar Gletrach i Maigh Femhin an 22 d'August. Do-lótar na Goill isin tír an lá cédna. Fos-ruabnattar Gaoidhil iad in treas uair ria medhón laoi co t-torchair míle ar céd fer ettorra, acht as lia do-cher do Ghallaibh, & ro sraoinedh forra. Do-rochratar h-i f-friothghuin annsin taoisech Cairrge Brachaidhe, & Maoil Finnén mac Donnagáin taoiseach Ua c-Cernaigh, & Ferghal, mac Muirigein, taoiseach Ua c-Cremthainn, & araill cenmothát. Do-lottar cobhraidh as longport Gall do foirithin a muintire. Im-soiset an Goidhil for c-cula dochum an dunaidh riasan tóir n-deidenaigh, .i. ria Raghnall Dubhgall co slogh do Ghallaibh uime. Luidh Niall co n-uaithibh ind acchaidh na n-Gall co ro toirmiscc Dia trid an iomghuin. Anais Niall iarsin fiche oidche iaramh a n-dunaidh forsna Gallaibh. Ro forcongradh uadh for Laighnibh airisiom a forbaisi forna Gallaibh co t-tucc Sitriucc ua h-Iomhair co n-Gallaibh uime cath Cinn Fuait for Laighnibh, du i t-torchrattar


p.590

sé céd im tighearnadhaibh Laighen, & imon righ Ugaire, mac Ailella. At iad annso anmanna druinge dá maithibh. Maol Mordha, mac Muireccáin, tighearna Airthir Life, Mughron, mac Cinnéittigh, tighearna na t-Tri c-Comann & Laighisi, Cionaeth mac Tuathail, tighearna Ua Fenechlais, & sochaidhe oile do degh-dhaoinibh imon aird-easpucc Mael M'Aedhócc, mac Diarmata, do Uibh Conannla do, abb Glinne h-Uisen, scribhnidh tocchaidhe, ancoire, & saoi isin eccna Laitiondae, & isin m-bérla Scoitecdha. As do chath Cinn Fuaid ro ráidhedh indso síos,
    1. Turus Laighen, linibh ócc,
      iar rott ro geal ríoghdha cuairt,
      ní mat-cualatar an séd
      fuaratar écc i c-Cind Fuaitt.
    2. Flaithe Liphe lethan-glonn
      cartait glonn fri fethal find,
      dus-rimart cin cetaibh cend
      isin n-glenn uas Tigh Mo Ling.
    3. Mora airbert im cech reut,
      deithbhir cidh airdirc an fód,
      tair maighen co mílib ced
      tairius Laighen linibh ócc.

M915.7

Orgain Cille Dara ó Gallaibh Chinn Fuait.

M915.8

Maol Ruanaidh, mac Néill, tanaisi na n-Déisi, do mharbhadh lá Corbmac, mac Mothla, tighearna na n-Déisi.

M915.9

Cú Lothair, mac Matudhain, toiseach Ua c-Cellaigh Cualann d'écc.


p.592

Annal 916

M916.0

Aois Criost, naoi c-céd a sé dég.

M916.1

An dara bliadhain do Niall.

M916.2

Eccnech, comharba Enda Airdne, epscop & angcoire, d'écc.

M916.3

Feradhach, abb Insi Bó Finne.

M916.4

Maoil Eoin abb Rosa Cré.

M916.5

& Ceallachan ua Donait, abb Tuama Inbhir, d'ég.

M916.6

Muireand, inghen Suairt ban-abb Cille Dara, d'écc an 26 Maii.

M916.7

Daniel Cluana Cairpthe, senchaidh amhra, d'écc.

M916.8

Eithne, inghen Aodha, mic Néill, rioghan Fer m-Bregh, d'écc lá féile Martain.

M916.9

Mór, inghen Cearbhaill, mic Dunghaile, bain-tighearna Laighen Deasgabhair, d'écc iar n-deigh-bhethaidh.

M916.10

Tighearnach ua Cléirigh, tighearna Aidhne, d'écc.

M916.11

Cet, mac Flaithbeartaich, tighearna Corca Mo Druadh, d'écc.

M916.12

Ceall Dara do orgain do Ghallaibh Atha Cliath.

M916.13

Orgain Leithghlinne, la Gallaibh, airm in ro marbhadh Maol Pátraicc, sacart & ancori & Mongán, ancori & sochaidhe oile i maille friu.

M916.14

Oitir & na Goill do dhul o Loch Dá Chaoch i n-Albain, & Constantin, mac Aedha do thabhairt catha dóibh, & Oitir do mharbhadh co n-ár Gall immaille friss.

Annal 917

M917.0

Aois Criost, naoi c-céd a seacht décc.

M917.1

Domhnall, mac Diarmada, abb Glinne h-Uissin.

M917.2

Mael Coe, abb Noendroma, d'écc.

M917.3

Indrechtach, abb Trefoite, do mharbhadh 'na taigh abaidh fadhéisin.

M917.4

Maoilene, mac Maoil Brighde, abb Lainne Eala & Condere, & aule Ereand, d'ég.

M917.5

Dubhghiolla, mac Lachtnáin, tighearna Tethbha, do mharbhadh.

M917.6

Corbmac, mac Mothla, tighearna na n-Deisi, d'ég.

M917.7

Cath Atha Cliath (.i. i Cill Mo Samhócc la toebh Atha Cliath) for Ghaoidhealaibh ria n-Gallaibh .i. ria n-Iomhar & ria Sitriug Gále, .i. in xv October, in ro marbhadh Niall Glúndubh, mac Aedha Finnleith rí Ereann iar m-beith dó trí bliadhna isin righi. Conchobhar ua Maoileachlainn, righdhamhna


p.594

Ereann, Aodh mac Eochagain, Uladh, Maol Mithidh, mac Flannagáin, tighearna Bregh, Maol Craoibhe ua Duibh Sionaich, tighearna Oirghiall, Maol Craoibhe, mac Doilghen, tighearna Tortan, Ceallach mac Foccartaigh, tighearna Deisceirt Bregh, Cromman, mac Cinneitich, & sochaidhe aile nach áiremhthar, do shaor-chlannaibh & daor-chlandaibh, immaille risan righh Niall. As don cath-sin adrubradh,
    1. Ba duabhais an Chédaoin chruaidh,
      iar sreth sluaigh fo chosaibh sciath,
      di do-gairther co t-tí bráth,
      matan ailcech Atha Cliath.
    2. h-I t-torchair Niall, nia forelcc,
      Concobhar cond gossa gaircc,
      Aedh, mac Eathach Uladh uird,
      Maol Mithidh tuilcc ordain aird.
    3. Mor do gnúisibh Gaoidheal gnáth,
      mór do dúisib laocradh liath,
      do mhacaibh rioghan & righ,
      ro bith i n-Ath claidhbheach Cliath.
    4. Breta barann coimdhidh cáidh.
      maircc fors t-tairinn la nert sluaigh,
      nir ba h-eccaoin isin tráigh,
      ba duabhais an Chedaoin chruaidh.
Acc égaíne Néill ro raidhedh beos,
    1. Brónach aniu Ere uagh,
      cen ruirigh ruadh righi giall,
      as dégsi nimhe gan gréin,
      fairgsi Muighe Néill gan Niall.
    2. Nís-ta medhair maithius fir
      nís-ta sith na subha slóigh,
      ní cumhaing aenach do áin,
      o ros-báidh an braenach bróin.

    3. p.596

    4. Truagh sin a Muigh Bregh buidhe,
      a tír n-álaind n-adgaidhe,
      ro scarais frit righ ruireach,
      fot-raccaibh Niall niadh-guineach.
    5. Caiti mail iarthair betha,
      caiti grian cech airm-greatha,
      inad Niall crodha Cnucha,
      ro malairt, a mór-trucha.

Niall ro ráidh indso an lá riasan chath,

    1. Cepe damb'áil boccoit breac,
      agus claideabh leota liach,
      agus gai glass gona troch,
      téis matan moch do Ath Cliath.

Céle Dabhaill, mac Scandail, comharba Comhgaill, & anmchara Néill Glundubh, as é ro aslaigh for Niall tuidhecht don chath-sa, & as é do-rat a chuit fochraicce do Niall ar claomhclodh ech do thabhairt dhó dia bhreith féin as in c-cath.

Gormlaith, inghen Fhloinn, ro ráidh,

    1. Olc form commaoin an da Ghall
      marbhsat Niall, agus Cearbhall,
      Cearbhall la h-Ulb, comhal n-glé,
      Niall Glundubh la h-Amhlaidhe.

M917.8

Cáiscc an 25 April, & Min-cháisc i samhradh. Dia cóicc m-bliadhna sesccat ar tri chéd tecmoing sin,

    1. Cáiscc i samhradh, srethaibh sluacch,
      iar t-teoraibh bliadhnaibh buan-bán,
      dergus ár n-Goedhell dar rian,
      h-i rendaibh findol Fail aim Niall.


p.598

M917.8

Comghall ro ráidh,

    1. Fel Coemhain Léth i corghus,
      do aig bliadhain do anfuth,
      cóicc la erraigh iar c-cáiscc mion
      cáiscc do bith i samhradh.

M917.9

Orgain Ferna & Tighe Munna la Gallaibh.

Annal 918

M918.0

Aois Críost, naoi c-céd a h-ocht décc.

M918.1

An céd-bhliadhain do Donnchadh, mac Floinn t-Sionna, h-i righe uas Eirind.

M918.2

Finchar, epscop Doimh Liacc.

M918.3

Corbmac, mac Cuilennáin, epscop Lis Móir, & tighearna na n-Déisi Mumhan.

M918.4

Loingseach, epscop Cluana Mic Nóis.

M918.5

Maol Maire, abb Arda Brecáin.

M918.6

Ciarán, abb Daimhinsi.

M918.7

Scannlan, mac Gormáin, eccnaidh, scribhnidh toghaidhe, & abb Rossa Cre.

M918.8

& Meraighe Cluana Móir M'Aedhócc, d'ég.

M918.9

Lia mór isin m-bliadhain-si co roacht an t-uisce less n-abaidh Cluana Mic Nóis, & co Clochán Ulaidh na t-Trí c-Cros.

M918.10

Ceanandus do iondradh do Ghallaibh, & briseadh an doimh liacc.

M918.11

Ar mór ócc Gréin for Uibh Máine.

M918.12

Cath i c-Ciannachtaibh Bregh, .i. occ Tigh Mic n-Eathach, ria n-Donnchadh, mac Flainn mic Maeleachlainn, for Ghallaibh, dú in ro marbhadh líon dírimhe dona Gallaibh, uair ba isin chath-sin ro díoghladh cath Atha Cliath forra, dóigh torcradar d'uaislibh na Nortmann ann coimhlíon a t-torchair do saer-chlandaibh & daor-clannaibh Gaoidhel isin cath-sin Atha Cliath. Ro gonadh Muirchertach, mac Tighernain, .i. rioghdhamhna Breifne, h-i c-cath Ciannachta, & att-bath iaramh dia ghonaibh.

M918.13

Murchadh, mac Flaind, tighearna


p.600

Corca Bhaiscind, d'écc.

M918.14

Fland, mac Lonain, Uirghil Sil Scota, file is deach baoi i n-Erinn ina aimsir, do mharbhadh lá macaibh Cuirrbhuidhe, do Uibh Fothaidh iaid-sidhe) i n-duine-taídhe occ Loch Dá Chaoch i n-Déisibh Mumhan.

Annal 919

M919.0

Aois Críost, naoi c-céd a naoi dég.

M919.1

An dara bliadhain do Dhonnchadh.

M919.2

Ciaran, epscop Tolain.

M919.3

& Ruman, mac Cathasaigh, espuccCluana h-Ioraird, d'ég. As dó at-rubradh an rann so,

    1. Comhrar eccnai urdhairc áith,
      fer co n-occaibh occa aibh,
      dunadh doini dil imdail,
      Ruman, mac Cathasaigh cain.

M919.4

Maonach, mac Siadhail, abb Bennchair, & sccribhnidh na n-Gaoidhel uile.

M919.5

Coirpre, mac Feradhaigh, cenn crabhaidh Laighen, comharba Diarmata, mic Aodha Róin, airchinnech Tighe Mo Chua, & anchoire, d'ég iar n-deigh-bhethaidh cian-aosda.

M919.6

& Ferghal, mac Maol Mordha, ab Saighre, d'ég. As dóibh ro ráidhedh,

    1. Ní bliadhain cen airisni,
      anabaidh abb buan Bennchuir,
      agus comharba Diarmata,
      Coirpre ba buaidh céch deagh-tuir.
    2. Ab Saighre co socraiti,
      Ferghal fer co foendenaibh,
      Domhnall deil ard uile-mhaith
      duinébháith for Gaoidhealaibh.
    3. Ní ruirmiu, ní airémha,
      fo bith isam triamhain-si,
      a tainic de ancessaibh
      Ereann isin m-bliadhain-se.

M919.7

Domhnall, mac Floinn, mic Maoilechlainn, rioghdhamhna Ereann do mharbhadh la a bhráthair Donnchadh i m-Bruighin Da Choga. As do bhás an Mhaonaigh, mic Siadhail, cedna, & Domhnaill ro ráidheadh,


p.602

    1. Cóicceadh bliadhain baeghlach binn
      o Fhlann Temhrach torccaibh drong,
      Maenach, cathrach Comhghaill grinn
      guin Domhnaill la Donnchadh n-Donn.
    2. Mór liach Maonach, a Dhé dhil,
      uirdercc dhaolach in ghnúis ghloin,
      dromchla Ereann dar dá muir
      comarba cuir Comhghaill caoin.
    3. Ceann cuindrígh an chuiccidh chóir,
      a mind óir ar mairgi mur,
      saeth lem egnaidh Insi Fáil,
      do dith a dail n-Gaidheal n-gur.
    4. Gem don lícc loghmair láin,
      go Ruaim ráin as airrdhe m-bróin,
      nat mair Maenach, Mumhan muadh
      as lor truagh a Dhe mhóir.

M919.8

Ceallach, mac Conghalaigh, abb Cille Achaidh

M919.9

Cionaedh, mac Domhnaill, abb Doire Chalgaigh, & Droma Tuama, cenn athcomhairc Ceneoil c-Conaill, d'ég.

M919.10

Flaithbheartach, mac Muirchertaigh, abb Cluana Móir, d'ég. As dó ro ráidheadh,

    1. Caitte annadh inn mais uaigh,
      caitte alladh ecces lóir,
      inidh Flaithbheartach find Fáil
      ro scar fri miadh Cluana Móir.

M919.11

Maol Sinchill, mac Canannáin, d'ég, as dó ro ráidheadh an rann so,

    1. Lasar Laighean lir co tráigh
      níbo tlaith frí forlann féigh,
      clercecht caemh, cen imchim n-aith,
      ro raith for Mael Sinchill séimh.


p.604

M919.12

Cearnach, mac Flainn, abb Lainne Léire, d'écc, dia n-ebradh,

    1. Sutrall Muighe, maith fri bágh,
      Bregh m-ban m-buidhe balc a brígh,
      ruithen gréini grian fri gruadh
      Cernach Lére liach a dith.

M919.13

Mac Ródaidhe, mic Dunchadha, airchinnech Cluana Boirenn, d'ég.

M919.14

Maonach, céle Dé, do thiachtain don fhairrge aniar do dhenamh rechta Ereann.

M919.15

Gofraith ua h-Iomhair do ghabháil fosadh i n-Ath Cliath, & Ard Macha d'orccain lais iaramh, & la a shlógh isin Satharn ria fél Martain, & na taighe ernaighe do anacal lais cona lucht do chélibh Dé, & do lobhraibh. An tír do arccain lais in gach aird .i. siar co h-Inis Labhradha, soir co Banna, fo thuaith co Magh Uillsen. Acht atá ní chena an sluagh do-dheachaidh fotuaith dos-fairraidh Muirchertach, mac Néill, & Aighnert, mac Murchadha, co raoimhidh forna Gallaibh, & torchratar drong díomhór dibh, & do ernatar uathadh oile lá dorchacht céd tosaigh na h-oidhche, uair nírbo forreil doibh iatt.

M919.16

Muiriucht do Ghallaibh oc Loch Feabhail acc Olbh co n-díbh longaibh for triochat & Inis Eocchain do orccain dóibh. Ferghal, mac Domhnaill, .i. tighearna An Fhochla, i n-easccairdine friú, go ro marbh lucht luinge díobh, & ro bhris an luing féisin, & rucc a h-ionnmhus & a h-edáil. Fiche long oile do thocht co Cenn Maghair i n-airthear Tire Chonaill im mac Uathmharáin,


p.606

mic Barith, & ní dergensat nach fodhail don dul-soin.

M919.17

Maol Sechlainn, mac Maol Ruanaidh, mic Floinn, d'ég.

M919.18

Orgain Cluana h-Eidhneach, & losccadh dertaighe Mo Chua, & orgain Ferna Móire M'Aodhócc do Gallaibh.

Annal 920

M920.0

Aois Criost, naoi c-céd fiche.

M920.1

An treas bliadhain do Donnchadh.

M920.2

Maol Poil, mac Ailella, epscop, anchoire, & scribhnidh Leithe Chuinn, & abb Ind Edhnén, d'écc. As dia écc ro ráidhedh an rann,

    1. Mael Póil baoí fo orddun mór
      epscop gaibhed ramat righ,
      suí no nertadh recht for cach
      fer fo-ceirdedh sechtair sídh.

M920.3

Corbmac, espucc Cluana Ferta Brénainn.

M920.4

& Ailell, mac Flaithim, abb Cluana Móir M'Aedhócc, do écc.

M920.5

Flannagán ua Riaccán, abb Cille Dara, & ríghdhamhna Laighean, d'ég.

M920.6

Maol Ionmhain ua Glascon, abb Cluana Dolcáin

M920.7

Colggu, mac Fedaich, abb Sláine

M920.8

Alldgus Chille Scíre

M920.9

Aodh ua Raithnén, sen-suí Ereann, & eccnaidh Saighre

M920.10

Ferdalach, saccart Cluana Mic Nóis

M920.11

& Loingseach, mac Aonaccáin, feirtíghis Doimh Liacc, d'ég.

M920.12

Tadhg, mac Faoláin, tighearna Laighean Desgabhair frisa-ráite Uí Ceinnselaigh, d'ég, dia n-ebradh,

    1. Dá deich m-bliadhan at-gleam
      ar naoi cétaibh as moam,
      o genar Criost, iar riagail,
      cusan m-bliadhain i taam.
    2. As isin bliadhain deimhin
      iarsan riagail ait, agair,
      ecca Taidhcc urdeirc aimhind,
      an-righ aibhind Desgabhair.

M920.13

Indrechtach, mac Conchohhair, righdhamhna Connacht, d'ég.

M920.14

Maol Mic Duaich, tighearna Aidhne, do mharbhadh la Gallaibh.

M920.15

Aodh, mac Lonáin ui Guaire, tanaisi Aidhne, d'écc.

M920.16

Findguine ua Maol Mhuaidh, tigherna Fear c-Ceall d'ég.

M920.17

Slóighedh la Donnchadh, rí Ereann, co Connachtaibh, co ro marbhadh drem mór dia mhuintir i n-Duibhthir Atha Luain, dú i t-torchair Cionaedh, mac Conchobhair, tighearna


p.608

Ua Failge.

M920.18

Maol Mordha, mac Riacáin, tanaise Osraighe, d'ég.

M920.19

Orgain Cluana Mic Nóis do Ghallaibh Luimnicch, & teacht dóibh for Loch Ribh, go ro oirccset a oilena uile.

M920.20

Orgain Eninsi la Fothartaibh Tire do Ghallaibh, dú in ro marbhtha da céd décc do Gaoidhelaibh, & Abél scribhnidh do dhol i martra immaille friú.

M920.21

Indradh Cluana Mic Nóis la mac n-Ailgi, & a losccadh lais iaromh.

M920.22

Uathmarán, mac Dobhailéin, tighearna Luighne Connacht, d'ég.

M920.23

Flaithbheartach, mac Ionmhainen, Caisil, do dhul dia oilithre, & Lorcan, mac Conliugáin, do ghabháil righe Caisil.

Annal 921

M921.0

Aois Criost, naoi c-céd fiche a h-aon.

M921.1

An cethramhadh bliadhain do Dhonnchadh.

M921.2

Maol Calland abb Disirt Diarmada.

M921.3

Maol Padraicc, mac Moraind, abb Droma Cliabh & Arda Sratha.

M921.4

Dubh Da Braine, abb Rossa Ailithir.

M921.5

Maol Tuile, mac Colmáin, fer leighint Chluana Mic Nóis, & Fiachra Eccailsi Bicce d'écc.

M921.6

Duibhlitir Cille Slebhthe, saccart Arda Macha, do dhol i martra la Gallaibh Snámha Aighneach.

M921.7

Cu Congalta, saccart Lainne Léire tethra (.i. cantaire no orator) Ereann etir guth, & cruth, & soas (.i. ro fhios) d'ég.

M921.8

Maol Mordha, mac Conchubhair, tighearna Ua Failghe.

M921.9

& Find, mac Cerráin, tighearna Muscraighe, d'écc.

M921.10

Lioghach, inghean Floinn, mic Maoileachlainn, ben Mhaoile Mithigh, tigherna Bregh uile, d'écc, & ro h-adhnacht co n-airmitin móir h-i c-Cluain Mic Nóis.

M921.11

Spelán, mac Conghalaigh, tighearna Conaille Muirtheimhne, do mharbhadh.

M921.12

Indredh Fear n-Arda, & Lainne Léire, & Fear Rois isin m-bliadhain h-isin.

M921.13

Céle mac Ansothain, tighearna Ua Criomhthannáin, d'écc.

M921.14

Maol Cluithe, mac Conchobhair,


p.610

rioghdhamhna Connacht, do mharbhadh.

M921.15

Finn mac Mael Mordha, mic Muireccáin, rioghdhamhna Laighen, do mharbhadh lá Ceallach, mac Cerbhaill.

M921.16

Flaithbheartach, mac Ionmainéin, do ghabháil do Ghallaibh i n-Inis Locha Cré, & a bhreith co Luimneach.

Annal 922

M922.0

Aois Criost, naoi c-céd fiche a dó.

M922.1

An cúigeadh bliadhain do Dhonnchadh.

M922.2

Duibhlitir, abb Cluana h-Eidhneach.

M922.3

Muiredhach, mac Domhnaill, abb Mainistreach Buithe, cenn athchomharc (.i. fiafraighe) Fear m-Breg uile, óccaibh, cléirchibh, & maor muinntire Pátraig ó Sliabh Fuaid co Laighniu d'ég.

M922.4

Maol Mordha, mac Congalaigh, abb Daimhinsi.

M922.5

Mochta na h-Innsi, mac Cernachain, sagart Arda Macha, d'écc.

M922.6

Cellach, mac Cerbhaill, rioghdhamhna Laighen, lá Donnchadh, mac Domhnaill, torchair séin, & Donnchadh, mac Domhnaill, righdhamhna Temhrach, do mharbhadh la Maol Ruanaidh, mac Conchobhair, i n-dioghail Cellaigh, mic Cerbhaill, mic Muireccéin.

M922.7

Longus do Ghallaibh for Loch Erne, co ro indirset innsedha, & oiléna an locha, & na tuatha ar gach taobh de, & airisiomh dóibh foran loch go samhraidh ar c-cint, & an tír d'fagbhail doibh i n-ecmaing (.i. i n-deiredh) na ree-sin.

M922.8

Gaill do thocht for Loch Cuan, & Maol Dúin mac Aodha righdhamhna An Cúigidh do thuitim leo. Dá chéd dég do Ghallaibh Locha Cuan do bhádhadh h-i Loch Rúdhruidhe.

M922.9

Gaill for Loch Ribh .i. Colla mac Barit, tighearna Luimnigh, & as leo ro marbhadh Eachthighern, mac Flannchadha, tighearna Breghmhaine.


p.612