Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M865

M865.0

Aois Criost, ocht c-céd seascca a cúicc.

M865.1

An cúicceadh bliadhain d'Aodh.

M865.2

Oeghedhchair, ab Condire, & Lainde Eala, epscop & scribnidh.

M865.3

Robhartach Fionnghlais epscop & scribhnidh.

M865.4

Conall Cille Scire epscop.

M865.5

Dubhartach Beiri, d'écc.

M865.6

Corbmac ua Liathain, epscop, abb & angcoire, d'écc.

M865.7

Maol Tuile, mac Angobann, abb Airne Airthir, d'écc.

M865.8

Aodhácan, mac Finnsneachta, tanaisi abbadh Cluana, & abb cheall n-iomdha, d'écc an céd lá do Nouember.

M865.9

Maol Dúin, mac Aodha Oirdnidhe, tigherna Oiligh, d'écc iar n-dol h-i c-cléircecht dó.

M865.10

Cosccrach Ticche Telle, scribhnidh & angcoire, d'écc.

M865.11

h-Uppán, mac Cionaodha, righdamhna Connacht, do losccadh h-i t-taigh theineadh la Sochlachan, mac Diarmada.

M865.12

Losccadh Duine Amhlaibh, occ Cluain Dolcáin, la mac Gaithene, & lá Mael Ciaráin mac Rónáin, & céd cenn do thoisechaibh Gall do thaisealbhadh dona saor-chlandaibh isin armaigh occ Cluain Dolcáin.

M865.13

Muiredhach, mac Cathail, tighearna Ua c-Cremhthainn, d'ég do phairilis.

M865.14

Canannán, mac Ceallaigh, ríoghdhamhna


p.504

Ua c-Ceinnsealaigh, d'écc.

M865.15

Maidhm ria mac Gaithini for Gallaibh Atha Cliath i torchair Odolbh Micle.

M865.16

Gnimbeolu, toiseach Gall Corcaighe, do mharbhadh lasna Désibh.

Annal M866

M866.0

Aois Criost, ocht c-céd sescca a sé.

M866.1

An seisedh bliadhain d'Aodh.

M866.2

Ceallach, mac Cumusccaigh, abb Fobhair, eccnaidh uasal oirdnidhe eisidhe.

M866.3

Connmhach, abb Cluana Mic Nóis, a Fine Gall dó .i. do Chenel Eathach Gall, & a écc an chéd lá do mhí Ianuarii.

M866.4

Dainiel, abb Glinne Dá Locha, & Tamhlachta.

M866.5

Caomhán, mac Daolaigh, abb Doimh Liacc Cianáin.

M866.6

Conghal, mac Fedaicch, abb Cille Dealga, & scribhnidh toghaidhe.

M866.7

& Ferghus Ruis Ailithir, scribhnidh & angcoire, d'écc.

M866.8

Reachtabhra, mac Murchadha, abb Corcaighe Móire & Laichtene, abb Cluana h-Eidhneach, d'écc.

M866.9

Fland, mac Conaing, tighearna Bregh uile, do thionól Fear m-Bregh, Laighen, & Gall, co Cill Ua n-Daighre, cúig mile líon a sochraide, i nd-aghaidh an rígh Aodha Finnleith. Ní raibhe Aodh acht aon mhíle namá im Conchobhar, mac Taidhg Mhóir, righ Connacht. Ro fearadh an cath co díocra dúthrachtach etorra, & ro mheabhaidh fo dheoidh tria neart iomghona, & iomaireacc for Fhiora Bregh, for Laighnibh, & for Gallaibh, & ro cuireadh a n-ár, & torchradar sochaidhe mhór do Gallaibh isin c-cath sin. Torcair ann Flann, mac Conaing, tigherna Breagh, & Diarmaid, mac Etersceoil, tigherna Locha Gabhar, & Carlus, mac Amhlaibh, mac tighearna Gall. Torcair don leith araill Fachtna mac Maoile Dúin, righdhamhna an Fhochla, h-i frithghuin an chatha.

Mannachán, tighearna Ua m-Briúin na Sionna, ro mharbh Flann, dia n-ebradh,

    1. Mór an bhuaidh do Mhannachán,
      do ghlonn an ghaisccidh ghairg,
      cend mic Conaing ina láimh,
      do bháigh for ionchaibh mic Taidhg.


p.506

M866.10

As dona toíseachaibh do Shíol Muiredhaigh tángadar do chath Chille Ua n-Daighre, ro ráidhedh ind so,

    1. Cia 't-bera cách a bhreth,
      as a luíghe lán éthaigh,
      As iad-so an t-aoin-fher décc,
      lodar isin c-cath dá choiméd.
    2. Lotar 'san cath dá chabhair,
      Finnachta & Follamhain,
      Maonach, maith mein an mharcaigh,
      agus Tadhg, mac Tomaltaigh.
    3. Flannaccán flaith sciamhda an scuir,
      is Mughroin caomh ua Cathail,
      Mannachán bá maith a mhéin,
      is Aidit ua Maoil Mhíchéil.

Druth Aedha ad-bert rias c-cath, cecinit,

    1. Dos-fail dar Findabhair fhind,
      fiallach grinn dond dar laith linn luind,
      As ar chédaibh rimhthear Goill,
      do cath fri righ n-Etair n-uill.

Aedh cecinit,

    1. Maith ar mana, maith ar feacht,
      neart ced curadh inar c-corp,
      Afraighídh suas, dénaidh echt,
      marbhaidh an tréd immon torc.

File cecinit,

    1. h-I c-Cill Ua n-Daighre indiu,
      blaisfit fiaich lomann cró,
      Meabhais for sluagh siabhra n-Gall,
      is for Flann nip sirsan dó


p.508

M866.10

Aedh cecinit,

    1. Do fil buidhne Laighen leis,
      lasan m-breis don Bhóinn bhrais,
      Aisedh do-bheir maoin im Fhlann,
      comhardha na n-Gall ria a ais.

Aedh cecinit,

    1. Cuirídh neimh for t-tengadh fair,
      for mac n-ingor do Dubhsaigh,
      tréan ar colbha Crist ron-ain,
      i m-bealach bodhbha dos-fil.

As don cath cédna ro ráidhedh,

    1. Eol duíbh a n-do-righne,
      mac Néill Oiligh eargnae,
      An t-Aodh Find co fodbhí,
      tess occ Cill Ua n-Daighre.
    2. Deich cétoiph co a n-uaighe,
      iar sédaibh ind i ríghe
      don deabhaidh con-ruala,
      mebhaidh for chóig mile.

Loissin druth Flainn at-bert so,

    1. Dia luain láithe líotha
      lodmar i m-Belach n-Átha.
      Findruine fir ro bíotha
      ionmuine gnúisi gnatha.

Máthair Flainn, inghen Néill as-rubairt so,

    1. Sírsan, dírsan, deaghscél, droichscél
      maidhm catha ruaidh raenaigh
      Sírsan , dia n-dearna faoilidh
      dirsan fors' roemidh.
    2. Diorsan do sluaicch Leithe Cuinn
      a t-tuitim la siabhra Sláini,
      Siorsan ríoghadh Aedha uill
      agus dursan diobhadh Flainn.

Máthair Flainn bheós,

    1. An toe toe
      do-ní mac Conaing don roi
      Ailem Rí con-icc gach dú
      do-forthe an brú do-don-noe.


p.510

M866.11

Liaa uiscce anaichnidh do mheabhsain a t-taobh Sléibhe Cualann ina raibhe iasccach & bric ciordubha, gur bó machtnadh mór la cách indsin.

M866.12

Conn, mac Cionaedha, tighearna Ua m-Bairrchi Tíre, do mharbhadh oc toghail in dúine forsna Gallaibh.

Annal M867

867.0

Aois Criost, ocht c-céd seascca a seacht.

M867.1

An seachtmhadh bliadhain d'Aod.

M867.2

Ailill Chlochair schribhnidh, epscop, & abb Clochair.

M867.3

Corbmac, mac Eladhaigh, abb Saighre, epscop, & schribhnidh.

M867.4

Niallán, epscop Sláine, d'écc.

M867.5

Eodois, mac Donghaile do dhol i martra la Gallaibh i n-Disirt Diarmatta.

M867.6

Martan, abb Cluana Mic Nóis & Daimhinsi, schribhnidh eisidhe do Dhartraighibh Dhaimhinsi a chenél.

M867.7

Dubhthach, mac Mhail Tuile, fear ro dhearsgnaidh ar eccna & fhoghlaim do lucht na h-Eorpa uile ina ré, d'écc.

M867.8

Fland, mac Fearchair, abb Lainde Léire, & ferthighis Arda Macha, d'écc.

M867.9

Corbmac, mac Connmhaigh, ferthighis, schribhnidh, & eccnaidh Cluana Fearta Brénainn, d'écc.

M867.10

Dunlancc, mac Muiredhaigh, Laighen, d'écc.

M867.11

Mael Brighde, mac Spealáin, tighearna Conaille, d'écc i c-cléirceacht.

M867.12

Cionaedh, mac Mael Ruanaidh, an dara tighearna boí an tan-sin for Chiannachtoibh do mharbhadh.

M867.13

Maol Ciaráin, mac Rónáin tréin-fhear airthir Ereann féindidh foghla for Ghallaibh, do mharbhadh.

M867.14

Cian, mac Eathach, tighearna Cremhthainne, d'écc.

M867.15

Cian mac Cummusccaigh, tighearna Ua m-Bairrchi, d'ég.

M867.16

Cernach, mac Eathach, tighearna Mughdhorn m-Bregh, d'écc.

M867.17

Donnagán, mac Cedfatta, tighearna Ua c-Ceinnsealaigh, do mharbhadh.

M867.18

Conaing, do mharbhadh la h-Uibh c-Ceinnselaigh.

M867.19

Ard Macha d'orgain & do losccadh, cona dearthaighibh uile lá h-Amhlaoibh. Deich c-céd etir bhreodh


p.512

& mhudhucchadh ro marbhadh and lá taobh gach édala & gach ionnmhasa da bh-fuairseat ann do bhreith leó.

M867.20

Ruadhachán mac Nell toíseach Ua Forandan d'écc.

Annal 868

868.0

Aois Criost, ocht c-céd seascca a h-ocht.

M868.1

An t-ochtmhadh bliadhain d'Aodh

M868.2

Suairlech ind Eidnen epscop, angcoire, & abb Cluana h-Ioraird, doctuir i n-diadhacht & i nd-ecna spireatalta i nd-iris chrábhaidh, & caoin-ghníomha, go ro leth a ainm fo Eirinn uile.

M868.3

Comsudh abb Disirt Ciaráin Bhealaigh Dúin sgribhnidh & epscop, d'écc.

M868.4

Gerán mac Dicosca, abb Saighre.

M868.5

Diarmaid, abb Ferna.

M868.6

Connla, ancoire Droma Caradh Airde Cianachta.

M868.7

Dubh Dá Thuile, abb Leth Móir Mo Choemhócc.

M868.8

Maolodhar, ancoire, epscop, & abb Daimhinsi d'écc.

M868.9

Cobthach mac Muiredhaigh, abb Cille Dara, egnaidh & doctuir ergna esidhe. As do do ráideadh,

    1. Cobthach Cuirrigh cuirrethaigh,
      domhna righ Lipthe lennaich,
      dirsan mac mór Muiredhaigh,
      ba liach ua coeimhfhinn Ceallaigh.
    2. Cleithi Laighean leghnidhe,
      suí slán, seghainn, sochlach,
      rétlu ruireach redhrighe
      comhorba Conlaidh Cobthach

M868.10

Comhgan Foda, angcoire Tamhlachta, dalta Maoile Ruain, d'ég.

M868.11

Dálach, mac Muirchertaigh, tighearna Ceneóil Conaill, do mharbhadh.

M868.12

& Maol Mordha, mac Ailella, tighearna Ceneóil Lughdhach, d'ég.

M868.13

Maol Seachnailltighearna leith Deisceirt Breagh do mharbhadh la Gallaibh.

M868.14

Cionadh, mac Feargaile, tighearna Ua Briúin Cualann, d'écc.

M868.15

Iondradh Laighen la h-Aodh f-Finnliath o Ath Cliath co Gabhran. Cearbhall mac Dúnghaile, cosin líon boí dia n-ionnradh don leith oile go Dún Bolcc. Fo-ropradar Laighin dunaidh Cearbhaill & mac


p.514

Gaitheni, & do marbhadh daoine iomdha leo. Iarna ráthucchadh sin do lucht an longphuirt ro chathaidhset co calma friu, go ro fhuráilset forra cona flaith Bran mac Muireadhaigh, clódh ina fritheing iar marbhadh sochaidhe dia muinntir uaidhibh.

M868.16

Indreadh na n-Deisi la Cerbhall, mac n-Dunghaile, co n-Osraighibh, & torchair Corcran, mac Célechair, & Gorman, mac Lachtnain leó.

Annal M869

M869.0

Aois Criost, ocht c-céd seascca a naoi.

M869.1

An nomhadh bliadhain d'Aodh.

M869.2

Ailill, epscop, abb Fobhair.

M869.3

Dubhthach, abb Chille Achaidh, scribhnidh, ancoiri, & epscop.

M869.4

Cu Roi, mac Allniadh, abb & eaccnaidh Insi Clothrann, & Caille Fochladha, i Midhe, d'écc.

M869.5

Colcca, mac Maoile Tuile, abbaidh, & angcoire Cluana Conaire Toimen.

M869.6

Maonghal, ailithir, abb Bendchair.

M869.7

& Maol Midhe, mac Cumusccaigh, prioir Cluana Mic Nóis, d'écc.

M869.8

Ailill, mac Dúnlaing, Laighen, do mharbhadh la Nortmannibh.

M869.9

Cathal, mac Indrechtaigh leith-rí Uladh, do mharbhadh tria forchongra an righ Aedha.

M869.10

Flaithemh, mac Faolchair, do bhádadh.

M869.11

Maol Mhuaidh, mac Finnsnechta, tighearna Airthir Life, d'ég.

M869.12

Indreadh Connacht la Cerbhall, & la Dunchadh, & torchair Buachail mac Dunadaigh leó.

M869.13

Innreadh Mumhan dna la Cearbhall tar Luachair siar.

Annal M870

M870.0

Aois Criost, ocht c-céd seachtmodha.

M870.1

An dechmhadh bliadhain d'Aodh Finnliath.

M870.2

Gnia epscop abb Doimh Liacc, angcoire & scribhneóir. Secht m-bliadhna ochtmoghat a aeis an tan at-báth. As dia eccaoine do ráidheadh,

    1. Gnia grian ar c-caomh-chlainde,
      cenn crabhaidh Insi h-Emhir,
      mad-gabh nasadh naebh Prainne
      comhorba Cianáin céiligh.
    2. Cenmáir samhadh forchaidhe
      diamba cenn, céim cén cia,
      Dirsan inind mór molbhthaighe
      ar cara caoimh find Gnia.


p.516

M870.3

Maol Tuile epscop, & abb Tuiléin.

M870.4

Loingsech, mac Faoilléin, abb Cille h-Ausaille.

M870.5

Ferdomhnach, abb Cluana Mic Nóis.

M870.6

& Robhartach Dermhaighe, scribhnidh toccaidhe, d'écc.

M870.7

Cend Faoladh ua Muichthighern, tighearna Caisil, d'écc iar m-beith i t-trebhlaid chian-fhoda, & ba h-abb Imligh Iubhair eisidhe.

M870.8

Maol Ruanaidh, mac Maol Cuarda, tighearna Ua Mic Uais an Fhochla, d'ég.

M870.9

Mughron, mac Maele Cothaidh, lethrí Connacht, d'écc.

M870.10

Orgain Fer na t-Tri Maighe, & na c-Comann co Sliabh Bladhma do tighearnaibh Gall i sneachta féle Brighde na bliadhna-so.

Annal M871

M871.0

Aois Criost, ocht c-céd sechtmodha a h-aon.

M871.1

An t-aonmhadh bliadhain décc d'Aodh.

M871.2

Colman epscop scribhneóir & abb Naondroma.

M871.3

Dichuill, epscop Cilli Móir Enir.

M871.4

Dunghal, mac Maonaigh, abb Insi Cain Degha.

M871.5

Maol Tuili Cluana h-Uinnsenn, abb Lughmhaidh.

M871.6

& Flaithbheartach, mac Muirchertaigh, abb Dun Caildenn, d'écc.

M871.7

Scannlán Domhnaigh Pattraicc, scribhnidh derrscaighthe, d'écc.

M871.8

Lethlobhar, mac Loingsigh, Uladh, d'écc iar n-deigh-bhethaidh.

M871.9

Uathmharán, mac Brocán, tighearna Ua Fiachrach Aidhne.

M871.10

Dunadhach, mac Raghallaigh, tighearna Ceneóil Coirpre Móir, & ba dia écc do ráidheadh,

    1. Dunadhach dindorcaill áin,
      gair fer n-domhan condmaibh giall,
      caithmhil cráibhdheach clainne Cuind
      fo crossaibh cuill i n-Druim Chliabh.


p.518

M871.11

Flaithbheartach, mac Duibh Roip tighearna Corco Mo Dhruadh Ninais, d'écc.

M871.12

Donn Cuan, mac Flannacáin, do mharbhadh la Conaing, mac Flainn.

M871.13

Indreadh Connacht la Donnchadh, mac Duibh Da Bhoirennrigh Caisil, & lá Cearbhall co n-Osraighibh.

M871.14

Indredh Mumhan la Gallaibh Atha Cliath.

M871.15

Iomhar, Nortmann Ereann & Bretan, do écc.

Annal M872

M872.0

Aois Criost, ocht c-céd seachtmodha a dó.

M872.1

An dara bliadhain décc d'Aodh.

M872.2

Aodh, mac Fianghusa, abb Rossa Comain, epscop, scribhnidh tocchaidhe.

M872.3

Torpaidh, abb Tamhlachta, epscop, & scribhnidh.

M872.4

& Faelghus, espucc Ardachaidh, d'ég.

M872.5

Ainbhcheallach, mac Fonascaigh, abb Cluana h-Edhneach, d'écc.

M872.6

Maol Mordha, mac Diarmada, epscop & scribhnidh, d'écc.

M872.7

Ceall Mór Maighe Emhir d'orgain do Ghallaibh.

M872.8

Lorcán, mac Ceallaigh, d'écc.

M872.9

Indreadh na n-Déisi la Cearbhall go Bealach n-Eochaille.

M872.10

Fethgna, .i. Neachtain, comharba Pattraicc, cend crábhaidh Ereann uile, d'écc.

M872.11

Slóigheadh la h-Aodh f-Findliath go Laighnibh, co ro indir in chríoch go léir.

Annal M873

M873.0

Aois Criost, ocht c-céd seachtmodha a trí.

M873.1

An treas bliadhain décc d'Aodh.

M873.2

Robhartach, mac ua Ceartta, .i. o ta Inis Robhartaigh, epscop


p.520

Cille Dara, scribhnidh, & abb Cille Achaidh.

M873.3

Lachtnán, mac Muichtighern, epscop Cille Dara, & abb Fearna.

M873.4

Beandachta, epscop Luscan.

M873.5

Fechtnach, abb Glinne Da Locha.

M873.6

Mac Oige, abb Tamhlachta.

M873.7

& Maonghal, prioir Cluana Mic Nóis, d'écc.

M873.8

Mac Lendai, mic Tomain don Mumhain, scribhnidh & egnaidh.

M873.9

& Niall Bran, abb Fedha Dúin, d'écc.

Annal M874

M874.0

Aois Criost, ocht c-céd seachtmodha a cethair.

M874.1

An cethramhadh bliadhain décc d'Aodh.

M874.2

Domhnall, epscop Corcaighe, scribhnidh ergna esidhe.

M874.3

Maol Brighde, epscop Sláine.

M874.4

Diarmait, mac Coirpre, abb Glinne h-Uissen.

M874.5

Cionaodh, abb Achaidh Bó Cainnigh, d'écc, as dó do raidhedh,

    1. Mór liach Cionaedh grata mind
      mac Cosgraigh co srethaibh snáu,
      In breo buada, baile bard,
      comarbba ard Achaidh Bó.

M874.6

Fedach .i. mac Seghini, abb Disirt Diarmada.

M874.7

Eoghan & Maol Tuile ua Cuanaabbaidh Cluana Mic Nois, d'ég.

M874.8

Conghalach, mac Finnachta, tighearna na n-Oirghiall.

M874.9

& Cathal, mac Cearnaigh, tighearna Fer c-Cúl, d'écc.

M874.10

Coirpre, mac Diarmada, tighearna Ua c-Ceinnsealaigh, do mharbhadh lá a bhráithribh feissin.

M874.11

Donnchadh, mac Aedhaccáin, mic Conchobhair, do mharbhadh lá Flann, mac Maoil Seachnaill.

M874.12

Socartach, tighearna Ua Corbmaic, d'écc.

M874.13

Reachtabhra, mac Brain Fhind, tighearna na n-Déisi d'écc.

M874.14

Dunghal, mac Faolán, tanaisi Ua c-Ceinnselaigh, d'ég.

M874.15

Donnchadh, mac Maoileachloinn, do ghuin la h-Elibh.

M874.16

Flaithri, mac Maoile Dúin, tighearna Rátha Tamhnaighe, d'écc.

M874.17

Ruaidhri, mac Mormind, Bretan, do thocht i n-Erinn, do theichedh ria n-Dubh-Ghallaibh.

M874.18

Cath for Loch Cuan, eitir Fhinngheintibh & Duibhgheintibh, in ro marbhadh Alband, toiseach na n-Duibhgheinte.