Aois Criost, ocht c-céd ceathracha a sé.
An dara bliadhain do Mhaoil Seachlainn.
Finsneachta Luibnighe, mac Tomaltaigh, rí Connacht, & ba h-angcoire iaramh, d'écc.
Robhartach, mac Maoile Fothartaigh, abb Cille Moinne, d'écc.
Anluan, abb Saighre, d'écc.
Colmán, mac Duinn Cothaigh, comharba Colmain Cille Mic Duach, d'écc.
Diarmaid Cille Caisi d'écc.
Cath-sraoinedh ria Maol Sechlainn, mac Maol Ruanaidh, for Gallaibh, i Foraigh dú in ro marbhadh vii. céd lais díobh.
Cath oile ria n-Olchobhar, rí Mumhan, & ria Lorcán, mac Ceallaigh, rí Laighen co Laighnibh & Muimhneachaibh iompa for Ghallaibh, acc Scéith Nechtain, in ro marbhadh Tomhrair Erla, tanaisi righ Lochlainne, & dá céd décc uime.
Raoinedh ria t-Tighernach, tigherna Locha Gabhar, for allmhurachaibh i n-Daire Disirt Da Chonna, in ro marbhadh dá fhichit décc díbh lais.
Raoinedh ria n-Eoghanacht Caisil for Ghallaibh, occ Dún Maele Tuile, airm in ro marbhadh cúig céd díobh.
Slóighedh la h-Olchobhar do thoghail Dúin Corcaighe for Ghallaibh.
Tuathchar, mac Cobhthaigh, tigherna Luighne, d'écc.
Maidhm ria n-Echthighern co Laighnibh for Osraighibh, a h-Uachtar Garadha.
Maidhm ria n-Dunadhach, mac Dunghaile co n-Osraighibh, forsna Déisibh.
Aois Criost, ocht c-céd cethracha a seacht.
An tres bhliadhain do Mhaoil Sechlainn.
Onchu, epscop & angcoire Sláine.
Robhartach, mac Colgan, abb Sláine.
Oenghas, mac Ailgile, abb Domhnaigh Phatraicc.
Finsneachta, mac Diarmada, abb Doimh Liacc.
Mael Fuadaigh, abb Aird Breacáin.
Fland, mac Cuanach, abb Mainistreach.
& Arannán, abb Bendchair, d'écc.
Mael Medha, inghen Aedha, banabb Cluana Cuifthin, d'écc.
Conaing, mac Flainn, tighearna Bregh.
Niall, mac Cionaedha, tigherna Ua f-Failghe.
Coirpre, mac Cionaedha, tigherna Ua Máil.
& Ailill, mac Cumusccaigh, tigherna Locha Cál, d'écc.
Tuathal, mac Ceallaigh, tighearna Ele, d'écc.
Flannaccán, mac Eatach, tigherna Dal Araidhe an Tuaisceirt, do mharbhadh la Cenel Eoghain.
Indreadh Duibhlinne la Mael Sechlainn, mac Mael Ruanaidh, & la Tigernach, tigherna Locha Gabhar.
Muirfhecht secht fichit long do mhuinntir rí Gall do thocht do thabhairt ghrema forsna Galla ro bhádar ar a c-cinn i n-Erinn, gur mhesg-bhuaidhirset Ere etorra.
Mael Bresail, mac Cernaigh, tigherna Mughdhorn, do mharbhadh la
An cros boi ar faithche Sláine do thurccbháil isin aer. A comhbhrúdh & a fodhail co t-torracht ní dia barr Taillte, & Fionnabhair Abhae.
Forbais Maoil Sechlainn i Crúfait, amhail ro ráidh Maol Fechini:
- Mithid dul dar Boind m-báin,
i n-dail maighe Midhe mín,
As ann bithid fri gaith n-gluair,
isin uair i Crufait chrín.
Niall, mac Aedha Alainn, tigherna Ua Máil, d'écc.
Aois Criost, ocht c-céd cethracha a h-ocht.
An cethramhadh bliadhain do Maoil Seachlainn.
Cetadach, abb Cluana Mic Nóis, d'écc. Do Uibh Corbmaic Maenmaighe a chenél. As occa eccaíne at-rubradh an rann:
- At-cluin cach,
etir inggnath & gnath,
abb h-i c-Cluain mar Cedadach
nochan etfathar co brath.
Tuathal, mac Feradhaigh, abb Rechrainne & Dermaighe.
Fearchair, mac Muiredhaigh, abb Lainne Lére.
Ruaidhri, abb Luscca.
& Rechtabhra, abb Cluana Ferta Brénainn, d'écc.
Aonghus, mac Suibhne, tigherna Mughdhorn, do mharbhadh la Gairbheth, mac Maoil Brighide.
Maelán, mac Cathmogha, tigherna Ua m-Briuin Deisceirt Connacht, do mharbhadh la Gallaibh.
Cobhthach, mac Maol Cobha, tigherna Ciarraighe Luachra, d'écc.
Cionaodh, mac Conaing, tigherna Ciannachta Bregh, do fhrithtoidhecht fri Maoil Sechnaill, mac Maol Ruanaidh, & tocht co nert Gall lais, co ro indir Uí Néill ó Shionainn co muir, etir cealla & tuatha, & ro oircc insi Locha Gabhor, & ro loiscc iaramh, gur bho comhard frí lár. Ro loisccedh din leo derthech Treoit, & tri fichit ar da
Loch Laoigh h-i c-crich n-Umhaill la Connachtaibh do élúdh.
Braon, mac Ruadhrach, tigherna Ua Crumthainn, & a dhá bhrathair, Fogartach & Bruatar, do mharbhadh la a n-derbhfine buddhéin.
Aois Críost, ocht c-céd cethracha a naoi.
An cúicceadh bliadhain do Maoil Sechlainn.
Tiopraide ua Baoithenaigh, ab Lis Móir.
Colcca, mac Ceallaigh, abb Chille Tóma.
Uarghas, abb Lethghlinne.
& Scandal, mac Tiopraite, abb Domhnaigh Sechnaill.
& Connagán Cluana Ferta Brénainn d'écc.
Olchobhar, mac Cionaedha, rí Caisil, d'écc.
Cionaeth, mac Conaing, tigherna Ciannachta Bregh, do bhádhadh i n-Ainge la muinntir an righ, Maoil Seachlainn, & tigherna Locha Gabhor, ag aithe fair ina n-derna d'ulc fri tuaith & ecclais. Conidh dó as-rubradh,
- Monuar, a dhaoine maithe,
ba fearr a laithe cluithe,
mór liach Cionaedh, mac Conaing,
h-i lomaind docum cuithe- Iarna cuimrech isin rian,
mór liach ro cecht ar an t-sluaigh,
acc aiccsin a airrbhi bháin
forsan tráig ós Aingi uair.
Guaire Dall at-bert-so,
- A Themhair, a telbuidhe,
ardat-chesi mo chuire,
baí lat, mani derba de,
damhna righ Ereann uile.- A Thailltin, ate menglan,
a thír m-buadha ina m-ban,
Ba cain dirimm ciandan
immo treidhedh in cach tan.
Dubhghoill do techt do Ath Cliath, co ro lasat ár mór for Fionnghallaibh, co ro indirset an longport etir daoine & maoine.
Slatt oile do Dubhgallaibh
Ríghdhál i nd-Ard Macha etir Maol Seachlainn, mac Maol Ruanaidh, co maithibh Leithe Cuinn, & Madudhan co maithibh Choigidh Conchubhair. Diarmaid & Fethghna, co samhaibh Pattraig maraen riu, & Suairlech .i. Ind Ednen co cleirchibh Midhe.
Caireall, mac Ruadhrach, tigherna Locha h-Uaithne, do mharbhadh lá Conaillibh.
Eochaidh, mac Cearnaigh, tighearna Fear Rois, do mharbhadh la Gallaibh.
Flannchadh, mac Aongusa, tigherna Ua Fothadh Tíre, d'écc.
Aois Criost, ocht c-céd caecca.
An seiseadh bliadhain do Mhaoil Seachlainn.
Maonghal, abb Arda Sratha.
Colam, mac Airechtaigh, abb Corcaighe.
Ceallach, mac Crunnmhaoil, abb Cind Eitigh.
Condath, abb Ruis Ailithir.
Fionán, abb Imbleacha Iobhair.
Fingin, mac Laidhginn, abb Cluana Ferta Mo Lua.
h-Uarghus ua Raithnén, abb Leithghlinne.
Lerghal, abb Othna.
Forbhasach, mac Maoluidhir, abb Cille Móire Cind Ech.
Cend Faeladh, mac Ultáin, eccnaidh Boithe Chonais.
& Airtri, mac Faoláin, airchinneach Cille Dara, d'écc.
Cathal, mac
Fogartach, mac Maoil Bresail, tigherna Oirghiall.
Flannagan, tigherna Leithe Chathail, do mharbhadh la Flann, mac Conaing.
Lucht ocht fichit long do Findghallaibh do-rochtadar do chath fri Dubhghallaibh co Snamh Eidhneach, trí la & teora h-oidhche dóibh acc cathucchadh re 'roile, co ro mebhaidh ria n-Dubhghallaibh, go f-fargaibhsiot Fiondghoill a longa leó.
Ard Macha do fásughadh lá Gallaibh Linne Duachaille an domhnach iar c-Caiscc.
Ar for Gallaibh i n-Airthear Bregh, aroile oc Raith Aldain la Ciannachtaibh i n-aoin-mhí.
Aois Criost, ocht c-céd caecca a h-aon.
An seachtmhadh bliadhain do Maoil Seachlainn.
Flaithniadh, mac Conghaile, epscop & abb Biorair.
Carthach, abb Tíre Dá Ghlais.
Ailill, mac Robhartaigh, abb Luscca.
Fland, mac Reachtabhrat, abb Leith Mancháin.
Andlidh, eccnaidh Tire Da Ghlais.
Ailghenan, .i. mac Donnghaile, ri Caisil, d'écc.
Cathmal, mac Tomaltaigh, leithri Uladh, do mharbhadh la Gallaibh.
Eachtighern, mac Guaire, tigherna Laighen Desgabhair, do mharbhadh la Bruadar, mac Aedha & la Cerbhall, mac Dunghaili, i meabhail. Bruadar, mac Aedha féisin do mharbhadh i cend ocht lá iaramh la muintir Echtighern a n-díoghail a t-tighearna.
Maol Caurarda, mac Maoil Breasail, tigherna Ua Mic Uais Airghiall, do écc.
Cathal, mac Dubháin, tigherna Argattrois d'écc.
Cearnach, mac Maele Bresail, tigherna Cobha, d'écc.
Oengus, mac Néill, tighearna Ua m-Berchon, d'écc.
Dá comhorba Pátraicc .i. Forannán scribhnidh, espucc,
Amhlaoibh, mac righ Lochlainne, do theacht i n-Erinn, gur ro ghiallsatt i m-báttar do eachtair-chenélaibh i n-Erinn dó, & do-bert cíos ó Ghaoidhelaibh.
Gofraidh, mac Feargusa, toisech Innsi Gall, d'écc.
Aois Criost, ocht c-céd caoga a dó.
An t-ochtmhadh bliadhain do Maoil Seachlainn.
Indreachtach ua Fínachtáin, comharbba Colaim Cille, eaccnaidh tocchaidhe ro fhodhaim martra la Saxaibh an dara lá décc do Mhárta.
Maoil Sechlainn, rí Ereann do dhul a Mumhain, co ráinicc Indeoin na n-Déisi, & do-bert a n-gialla & a oighréir uatha, ar ro thriallsat frithbhert fris a h-ucht echtaircheinel.
Muirgheal, ben righ Laighen, d'écc.
Crunnmhaol, mac Maoile Dúin, tighearna Ua f-Fidhgeinte, do écc.
Tuathal, mac Maoil Brighde, rí Laighen, do mhartradh.
Bruadar, mac Cind Faolaidh, tigherna Musgraighe, d'ég.
Aois Criost, ocht c-céd caoga a trí.
An nomhadh bliadhain do Mhaoil Seachlainn.
Ailill, abb Achaidh Bó.
& Robhartach, abb Innsi Cain Degha, scribhnidh, d'écc.
Rudgus, mac Maicniadha, abb Mainistrech Buithe, do bháthadh isin m-Bóinn.
Catan, banabb Cille Dara, d'écc.
Slóiccheadh la h-Aodh, mac Néill co h-Ultaibh, co f-farccaibh Conneccan, mac Colmáin, & Flaithbheartach, mac Néill, agus sochaidhe ele archeana.
Muiredhach, tigherna Arda Ciannachta, d'écc.
Orgain Locha Cend la Gallaibh iar n-dol fair for lécc oighredh, & torcratar fiche ar chéd do dhaoinibh leo im Gormán.
Aois Criost, ocht c-céd caoga, a cethair.
An deachmhadh bliadhain do Mhaoil Sechlainn.
Sodomna, epscop Sláine, do fhulang martra ó Nortmannaibh.
Corbmac Laithrigh Briúin scribhneóir, angcoire, & epscop, d'écc.
Suibhne ua Roichligh,
Cathasach, mac Tighernaigh, ferthíghis Arda Macha, & eccnaidh foircthe eside, d'écc.
Laisren Tighe Munna d'écc.
Maol Seachlainn, mac Maol Ruanaidh, do dhul co Caisiol Mumhan, go t-tucc gialla fear Mumhan dorídhisi.
Coisne mór & secc, comttar soirsi priomh-locha, & priomh-aibhne Ereann do thraighthechaibh & mharcachaibh ón nomhadh Callainn do December gus an ochtmhadh Id Enair.
Duirtheach Luscca do losccadh la Nortmannaibh.
Roinedh mór ria n-Aodh, mac Néill, for Gallgaoidheala h-i n-Gliond Fhoichle, co ro ladh a n-ár leis.
Dunlang, mac Duibh Dúin, tighearna Fotharta Tíre, d'écc.
Faolchadh, mac Forbhasaigh, tigherna Ua m-Bairrche Maighe d'écc.
[U860.4=M858 [=860].3:misplaced duplicate]
Niall, mac Gillain, iar m-beith triocha bliadhain gan digh gan bhiadh, d'écc.
Aois Criost, ocht c-céd caoga a cúicc.
An t-aenmhadh bliadhain décc do Mhaoil Seachlainn.
Maenghal, abb Fobhair.
Siadhal Disirt Ciaráin.
& Maol Oena, mac Olbraind, do Luicchnibh Connacht, fear leighinn Cluana Mic Nóis, d'écc.
Matudan, mac Muiredhaigh, ri Uladh, & a clércecht at-báth.
Bran, mac Scannláin, tigherna Gabhra, d'ecc.
Triar do losccadh i t-Tailltin la saighnen.