Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M826

M826.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a sé.

M826.1

An nomhadh bliadhain do Chonchobhar.

M826.2

Aodh, mac Ceallaigh, abb Cille Dara.

M826.3

Robhartach, mac Cathusaigh, airchindeach Cluana Móir Arda.

M826.4

Condmhach ua Lochéne, abb Saighre.

M826.5

Muirchiu, abb Droma Inesclainn.

M826.6

Ciarán, eccnaidh ó Ros Cré.

M826.7

& Clemens, abb Linne Duachaill, d'écc.

M826.8

Martra Themhnen angcoire la Gallaibh.

M826.9

Cath-shraoineadh for Gallaibh ria c-Coirpri, mac Cathail, tighearna Ua c-Ceinnsealaigh.

M826.10

Cath-raoinedh ria


p.442

Lethlobhar, mac Loingsich, Uladh, for Ghallaibh.

M826.11

Muiredhach, mac Ruadhrach, Laighean, d'écc.

M826.12

Cionaedh, mac Moghróin, tigherna Ua f-Failghe, d'écc.

M826.13

h-Uada, mac Diarmada, tigherna Teabhtha, do mharbhadh.

Annal M827

M827.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a seacht.

M827.1

An deachmhadh bliadhain do Chonchobhar.

M827.2

Maol Dobharchon, abb Cille Uasaille.

M827.3

Corbmac, mac Muirghesa, abb Sentruibh.

M827.4

Maol Umha, mac Cethernaigh, prioir Fionnabhrach.

M827.5

Aedhan ua Cond Umhai, sccribhneoir Dermhaighi.

M827.6

Cerbhall, mac Fionnachta, tigherna Delbhna Beathra, d'écc.

M827.7

Drugan, mac Taidhg, tigherna Ua Méith, d'écc.

Annal M828

M828.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a h-ocht.

M828.1

An t-aonmhadh bliadhain décc, do Chonchobhar.

M828.2

Corbmac, mac Suibhne, abb Cluano h-Iorraird, scribhneoir & epscop.

M828.3

Tipraite mac Rechtabhrat, abb Cluana Dolcáin.

M828.4

Ioseph, mac Nechtain, abb Rois Commáin.

M828.5

Siadhal, mac Feradhaigh, abb Cille Dara.

M828.6

Cailti, mac Eirc, abb Fedha Dúin.

M828.7

Ceallach, mac Condhmhaigh, angcoire Disirt Ceallaigh.

M828.8

Muiriuccán Cille Dara

M828.9

Aongus, mac Donnchadha, tigherna Tealcha Midhe, d'écc.

M828.10

Fionnsneachta, mac Bodhbhchadha, tighearna Ceneoil Mic Earca, d'écc.

M828.11

Dunchadh, mac Conaing, tigherna Ciannachta, d'ég.

M828.12

Follumhain, mac Donnchadha, do mharbhadh la Muimhneachaibh.

Annal M829

M829.0

Aois Criost, ocht c-céd fiche a naoi.

M829.1

An dara bliadhain décc do Chonchobhar.

M829.2

Airmedhach, comharba Findein Maighe Bile, do bháthadh.

M829.3

Muirend banab Cille Dara, d'écc.

M829.4

Ceithernach, mac Dunchon, scribhneóir, saccart, &


p.444

eccnaidh Arda Macha, d'ég.

M829.5

Ionnradh Conaille la Gallaibh co ra gabhabh Maol Brigdhe an , & Canannan a bhrathair, & ruccsat leo iad dochum a long.

M829.6

Suibhne mac Fairnigh, abb Arda Macha fri ré dá mhís, do écc.

M829.7

Feidhlimidh, mac Criomhthainn, co slogh Mumhan & Laighen, do thocht co Fionnabhair Bregh, do iondradh Fhear m-Breagh, & indreadh Life la Concobhar, mac Donnchadha, lá rí Ereann.

Annal M830

M830.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha.

M830.1

An treas bhliadhain décc do Chonchobhar.

M830.2

Cédna-orgain Arda Macha. Ard Macha do orgain fo thrí i n-aoin-mhí la Gallaibh, & ní ro h-oirgedh la h-eachtarchenela riamh go sin.

M830.3

Orgain Daimh Liacc Chianáin, & Fine Chiannachta, cona c-ceallaibh uile, la Gallaibh. Oilill, mac Colgan, do erghabhail leo dna.

M830.4

Orgain Lughmhaidh, & Mucshnamha, & Ua Meith, & Droma mic h-ua Blae, & aroile cealla archena leó beos. Tuathal, mac Feradhaigh, do bhreith do Ghallaibh leo, & scrín Adhamhnáin ó Domhnach Maighen.

Annal M831

M831.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha a h-aen.

M831.1

An cethramhadh bliadhain décc do Chonchobhar.

M831.2

Reachtghal, mac Suibhne, saccart Arda Macha, d'écc.

M831.3

Orgain Rátha Lúirigh, & Condire ó Ghallaibh.

M831.4

Orgain Lis Móir Mo Chuda.

M831.5

Losccadh


p.446

Termainn CiaráinFéidhlimidh, mac Criomhthainn.

M831.6

Indredh Dealbhna Bethra fo trí lais bheós.

M831.7

Indredh Cille Dara la Cellach mac Brain.

M831.8

Cionaedh, mac Eathach, tigherna Dail Araidhe an Tuaisceirt do mharbhadh.

M831.9

Cionaedh, mac Arthrach, tigherna Cualann & Diarmuid, mac Ruadhrach, tigherna Airthir Life, d'écc.

M831.10

Iar m-beith ceithri bliadhna décc i n-airdrighe na h-Eireand do Chonchobhar, mac Donnchadha, mic Domhnaill, ad-báth iar m-buaidh n-aithricche.

Annal M832

M832.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha a dó.

M832.1

An chéd-bhliadhain do Niall Chaille, mac Aedha Oirdnidhe, h-i ricche ós Eirinn.

M832.2

Reachtabhra, abb Chille Achaidh.

M832.3

& Iorghalach, abb Saighre, d'écc.

M832.4

Raeineadh ria Niall c-Caille & ria Murchadh for Ghalluibh, h-i n-Doire Chalgaigh, co ro ládh a n-ár.

M832.5

Orgain Cluana Dolcain do Ghallaibh.

M832.6

Drong mór do mhuinntir Cluana Mic Nóis do mharbhadh lá Feidhlimidh, mac Criomhthainn, ri Caisil, & ro loiscceadh a t-termonn uile lais go doras a cille. Fa én-chuma muintire Dermaighe lais dna, fon c-cuma cettna co doras a cille.

M832.7

Diarmait, mac Tomaltaigh, Connacht, d'écc.

M832.8

Cobhthach, mac Maele Dúin, tigherna Iarmumhan, do mharbhadh.

M832.9

Orgain Locha Bricrenn


p.448

for Conghalach, mac Eachdach, & a erghabhail, & a mharbhadh occá longaibh iaramh.

M832.10

Airtri, mac Conchobhair, abb Arda Macha, do écc. Bráthair do rígh Oirghiall esidhén.

M832.11

Ruaidhri, mac Maoile Fothartaigh, lethtaoiseach Ua c-Criomhtainn, d'écc.

Annal M833

M833.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha a trí.

M833.1

An dara bliadhain do Niall Caille.

M833.2

Tuathchar, espucc & scribhneoir Cille Dara.

M833.3

Affraic, banabb Cille Dara.

M833.4

Dunlaing, abb Corcaighe.

M833.5

& Ceallach, mac Finnachta, abb Cille Ite, d'écc.

M833.6

Ceallach, mac Brain, Laighen, d'écc.

M833.7

Cionaedh, mac Conaing, tigherna Bregh.

M833.8

& Diarmait, mac Conaing, tigherna Tethbha, d'écc.

M833.9

Cath for Gallaibh ria n-Dunadhach, mac Scannláin, tigherna Ua Fidhgeinte, du i t-torchrattar ile.

M833.10

Orgain Glinne Dá Locha, Sláine, & Fionrabhrach Abhae la Gallaibh.

M833.11

Dunadhach, mac Scannláin, tigherna Gabhra, d'écc.

M833.12

Suibhne, mac Artrach, tigherna Mughdorn, do mharbhadh la a chenél féisin.

M833.13

Conghalach, mac Aenghusa, tigherna Cheneoil Laoghaire, d'écc.

M833.14

Eoghan Mainistreach, abb Arda Macha & Cluana h-Eraird, do écc.

Annal M834

M834.0

Aois Criost, ocht c-céd tricha a cethair.

M834.1

An treas bhliadhain do Niall.

M834.2

Breasal, mac Corbmaic, airchindech .i. abb Cille Dumha & ceall n-aile, d'écc.

M834.3

Aodhagan, mac Torbaigh, abb Lucchmhaidh, d'écc ina ailethre h-i c-Cluain Mic Nóis. Eoghan, mac Aedhagáin, ro ansidhe h-i c-Cluain Mic Nóis, conadh uadha ro chinset Meic Cuinn na m-Bocht innte.

M834.4

Cumusgach, mac Aengusa, prióir Cluana Mic Nóis, d'écc.

M834.5

Caoncomhrach, mac Siadhail fertighis Cille Dara, d'écc.


p.450

M834.6

Slóighedh la Niall Caille, lá righ Ereann, co Laighniu, co ro ordaigh forro .i. Bran mac Faeláin, & do-bert a réir.

M834.7

Indredh Midhe la Niall Caille, co ro loisceadh lais co tegh Mael Conoc, tigherna Dealbhna Bethra i m-Bodhammair.

M834.8

Orgain Fearna, & Cluana Móir M' Aedhócc, & Droma h-Ing la Gallaibh.

Losccadh Mungairdi & araile ceallu i n-Urmhumhain leo din.

M834.9

Fearghus, mac Badhbhcadha, tigherna Cairrge Brachaidhe, do mharbhadh la Muimhneachaibh.

M834.10

Dúnadhach, mac Scannláin, tigherna Ua Fidhgeinte, d'écc.

M834.11

Eochaidh, mac Con Congalta, tigherna Ua Tuirtre, d'écc.

M834.12

Ergabháil Cairpre, mic Cathail, tigherna Laighen Desgabhair.

M834.13

Sárucchadh Cluana Mic Nóis do Cathal, mac Ailella, tigherna Ua Maine, for Fhlann, mac Flaithbhertaigh, d'Uíbh Forggo, prioir a Mumhain, con do-tard isin Sionainn, co n-dorchair. Dlighedh vii. ceall do Chiarán & mainchine mór.

M834.14

Maidhm ria c-Cathal, mac Ailealla, for Fedhlimidh, mac Criomhthainn, ri Caisil, h-i Maigh n-Í, bhail in ro marbhait sochaidhe, conadh dó ro ráidheadh:

    1. Roptar trén Connachta,
      h-i Maigh n-Í niptar fanna,
      Abradh nech re Feidhlimidh,
      cid dia t-tá Loch na Calla.

M834.15

Caemhclúdh abbadh i n-Ard Macha .i. Forandán ó Raith Mic Malais i n-ionadh DiarmattaTighernaigh.


p.452

Annal M835

M835.0

Aois Criost, ocht c-céd triocha a cúicc.

M835.1

An cethramhadh bliadhain do Niall.

M835.2

Forbhasach, epscop & angcoire Lusca.

M835.3

Suibhne, mac Ioseph, abb Glinne Da Locha d'écc.

M835.4

Ceallach, mac Forbhasaigh, airchinneach Rosa Caim, do mharbhadh.

M835.5

Saorghas ua Cionaedha, abb Dearmhaighe.

M835.6

Fiachra, mac Duibh Dá Chríoch, abb Cluana Foda Liobrain.

M835.7

& Robhartach, mac Maeluidhir, abb Achaidh Bó Cainnigh, d'écc.

M835.8

Dunlang, mac Cathusaigh, comharba Barra Corcaighe, d'écc.

M835.9

Gabhail dertaicche Cille Dara for Forannán, abbadh Arda Macha, co samhadh Padraicc archena, la Fedhlimidh, mac Criomhthainn, co cath & iodhna, & ro gabhadh na cléirigh leis cona n-umhalóit.

M835.10

Cluain Mhór M' Aedhocc do losccadh oidhche Nodlacc la Gallaibh, & sochaidhe mór do mharbhadh leo, amaille lé braighdibh iomdhaibh do bhreith leo.

Derthech Glinne Da Locha do losccadh leó dna.

Crioch Connacht uile do diothláithriughadh leó mar an c-cédna.

M835.11

Meas mór etir chnó mheas & dair-mhes, & ro iadh glaisi co ro ansat do riuth.

M835.12

Ceall Dara do orgain do Ghallaibh Inbhir Deaa, & do loisccedh leth na cille leo.

M835.13

Cairbre, mac Maoile Dúin, tigherna Locha Gabhar, do mharbhadh la Maol Cernaigh.

M835.14

Diarmaitt do dol go Connachtaibh le lex Pattraicc.

M835.15

Gofraidh, mac Ferghusa, toiseach Oirghiall do imthecht go h-Albain do nertughadh Dhail Riada, tré fhorchongradh Chionathe mic Ailpin.


p.454