Aois Criost, ocht c-céd a sé.
An cethramhadh bliadhain décc d'Aodh Oirdnidhe.
Tuathghal, abb sruithe Cluana.
Blathmac h-ua Muirdheabhair, abb Dearmaighe.
Dimman Aradh, angcoire d'écc.
Terbadh aighae oenaigh Tailten dia Sathairn, coná raacht each na carpat la h-Aedh, mac Neill, .i. muintir Tamhlachtae do-da-rorba tré sárúghadh tearmaind Tamhlachta Mael Ruain do Uibh Néill. Do-rat Aedh Oirdnidhe iaromh a n-oighriar do mhuintir Tamhlachta, maille ré h-ascadhoibh ile.
Is in m-bliadhain-si táinic an Cele Dé don fhairrcce
Admoer, inghen Aedha Laighen, d'écc ina sendatai iar n-deigh-bhethaidh.
Connmach, mac Duibh Da Leithe, abb Arda Macha, do écc go h-opann.
Aois Criost, ocht c-céd a seacht.
An cúicceadh bliadhain décc d'Aodh Oirdnidhe.
Flann, mac Ceallaigh, abb Fionnghlaisi, scribhneóir, angcoire, & epscop, d'ég.
Eochaidh, epscop & angcoire, comharba, Mael Ruain Tamhlachta.
Cobhthach, abb Saighre.
Cathasach, mac Aodha, prióir Arda Macha, & abb ceall n-iomdha ele.
& Flaithbhertach, mac Coirpre, abb Cille Móire Emhir, d'écc.
Abel Berchi d'ég.
Eochaidh, mac Fiachna, mic Aedha Róin, rí Uladh, & Caireall, a bhrathair, do thabhairt catha dia 'roile, gur ro meabhaidh for Eochaidh.
Flann, mac Conghalaigh, tigherna Ciannachta.
Aodh Róin tigherna Corca Baiscind, d'écc.
Ar lá Fiora Umhaill for allmhurachaibh.
Ar la h-allmhurachaibh for Chonmaicnibh.
Ar Calraighe Luirg la h-Uibh Briúin.
Ar la h-Uibh Mic Uais for Corca Roidhe Midhe.
Ar la Cobhthach mac Maile Dúin, tighearna Locha Léin, for allmhurachaibh.
Cosgrach, mac Niallghusa, tigherna Garbhruis.
& Cernach,
Torbach, mac Gormáin, scríbhnidh, leghthóir, & abb Arda Macha esidhe d'écc. Do Chenel Torbaigh, .i. O Ceallaigh Breagh; & roba dibh-sidhe Conn na m-Bocht ro baí h-i c-Cluain Mic Nóis, & as aire at-beirthi Conn na m-Bocht fris, ar a mhéd do bhochtaibh no biathadh do ghrés.
Aois Criost, ocht c-céd a h-ocht.
An seisedh bliadhain décc d'Aodh.
Conall, mac Daimhthigh, abb Treoit.
Ceallach, mac Eachdach, abb Cille Toma.
Feradhach, mac Scandail, scribhneoir & abb Achaidh Bo Cainnigh.
& Conghaltach, mac Etguini, prióir Cluana Fearta, d'écc.
Dunlaing, mac Flannchadha, tighearna Ua n-Eathach d'écc.
Iomaireacc etir Fiora Umhaill & allmhuraigh, in ro ládh ár f-Fer n-Umaill, & i t-torchair Cosccrach mac Flainnabhrat, & Dúnadhach, tigherna Umhaill.
Toictheach ua Tighernaigh .i. ó Thir Iomchlair, abb Arda Macha, do écc.
Aois Criost, ocht c-ced a naoi.
An seachtmadh bliadhain décc d'Aodh.
Etirscél mac Ceallaigh, epscop & abb Glinne Dá Locha.
Fedhilmidh, abb Cille Moinne, angcoire & scribhneóir derscaighthe.
Foircheallach Fobhair, abb Cluana Mic Nóis, do Ghaileangaibh Moraibh dhó.
Orthanach, abb Cille Foibrigh.
Cionaodh, mac Ceallaigh, epscop & airchindeach Trelecc.
Feradhach, abb Saighre.
Maol Dúin, epscop & airchindeach Eachdromma.
Blathmac, mac Aolgusa, abb Tíre Da Ghlas.
Ronan ua Lochdeirc epscop.
Blathmac, dalta Colgan, abb Innsi Bó Finne.
& Suibhne, mac Maonaigh, fertighis Sláine, d'ég.
Tuathal, mac
& Boelgaile Achaidh Úir, d'écc.
Broean, mac Ruadhrach, tréan-fher Laighen.
Niall, mac Aedha, tigherna Ua Corbmaic, d'écc.
Bruadar, tighearna Ua Fidgeinte, d'ég.
Aois Criost, ocht c-céd a deich.
An t-ochtmhadh bliadhain décc d'Aodh Oirdnidhe.
Ceallach, mac Conghaile, abb Iae Cholaim Chille.
Concobhar, abb Saighre.
Cele Íosa, abb Cille Móinne.
Maol Canaigh, angcoire Lughmhaidh.
Cathasach, abb Cille Ite.
Gormlaith, inghen Fhlaithnath, banabb Cluana Bronaigh.
Muirghes, mac Tomaltaigh athair Thaidhg Mhóir, ri Connacht, ri Connacht, d'écc.
Colman, mac Néill, do mharbhadh la Cenel c-Conaill.
Cath la h-Aodh iaramh for Cenel Conaill, i t-torchair Rogheallach mac Flaithghesa.
Orgain Cluana Cremha, & guin daeine indi d'Fearaibh Breifne, & do Síol c-Cathail.
Conall, mac Néill, tighearna Desceart Breagh, d'écc.
Focharta, mac Cearnaigh lethtoiseach Deisceirt Bregh, d'écc.
Nuadha, abb Arda Macha do dhol go Connachtaibh.
Sluacchadh la h-Aedh n-Oirdnidhe for Cenel c-Conaill dia n-dorcair Roghallach, mac Flaithiusa.
Aois Criost, ocht c-céd a h-aon décc.
An nomhadh bliadhain décc d'Aodh.
Suibhne, mac Cuanach, abb Cluana Mic Nóis, do h-Uibh Briúin Seola dó.
& Ioseph, scribhneoir Rossa Commáin, d'écc.
Ceallach, mac Muirghiusa, abb Droma Caradh d'écc.
Cluain Mic Nois do losccadh.
Iar t-triochaitt laithe iaramh ro sraoineadh ria n-Diarmaid, mac Tomaltaigh, for Uibh Fiachrach Muirisce.
Ro loiscceadh & ro h-aircceadh Foibhrén i crich Graicrighe, & ro marbhait sochaidhe ann.
Tuathal, mac Domhnaill, tigherna Airthir Liffe.
Dunghal, mac Cuanach, tigherna Fer Rois.
Iorghalach, mac Maol Umha, tigherna Corca Soghain.
Nuadha Locha h-Uamha, epscop, ancoire, & abb Arda Macha, d'ég.
Aois Criost, ocht c-céd a dó décc.
An fichetmhadh bliadhain d'Aodh.
Tiobraite, mac Cethernaigh, abb Cluana Fearta Brénainn.
Maol Tuile, abb Bennchair.
Condmhach, mac Donait, abb Corcaighe.
Cumasgach, mac Cernaigh, fertighis Arda Macha d'écc.
Dertheach Fobhair do losccadh.
Cathal, mac
Maol Dúin, tigherna Fer Rois.
Gormghal, tigherna Maighe h-Iotha.
& Dunghal, tighearna Arda Ciannachta,
Cathal, mac Ailella, tighearna Ua f-Fiachrach, d'ég.
Cath eitir Fiora Desceirt Bregh & Ciannachta, i torcratar ile do Ciannachtaibh.
Aois Criost, ocht c-céd a trí décc.
An t-aonmhadh bliadhain fichet d'Aodh.
Maol Dúin, mac Cinn Faoladh, epscop Ratha Bhoth.
Cu Cruithne, comharba Colmáin Ela
& Siadhal, abb & epscop Rosa Commain, d'écc.
Ainbhcheallach, mac Daelghusa, tigherna Ua Fothaidh Tíre, d'écc.
Muireadhach, mac Brain, lethri Laighen, d'écc.
Aois Criost, ocht c-céd a céthair décc.
An dara bliadhain fichet d'Aodh Oirdnidhe.
Indrechtach, epscop Cille Mic Duach.
Fergus Rátha Lúiricch, abb Fionnghlaisi.
Cilleni, abb Ferna.
Duibh Insi sgribhneóir Cluana Mic Nóis.
Cumusccach, mac Cernaigh, fertighis Arda Macha.
& Ailbhe Cinn Mara, d'ég.
Cú Choingealta, mac Cathail, tighearna Laighean Deasgabhair, d'écc.
Aois Criost, ocht c-céd a cúicc décc.
An treas bhliadain fichet d'Aodh.
Reachtabhra ua h-Andola, abb Daimhinsi, d'écc.
Aodh Oirdnidhe, rí Ereann, do dhul co sluaiccheadh lán-mhór co Dún Cuar doridhisi, co ro rann Laighniu eidir dá ua Brain.
Aighreadh anaigeanta & sneachta mór isin m-bliadhain-so, ó Nottlaic co h-Init.