Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M776

M776.0

Aois Criost, secht c-céd seachtmodha a sé.

M776.1

An t-aonmhadh bliadhain dég do Dhonnchadh.

M776.2

Ailgniadh, epscop Arda Breccáin.

M776.3

Senchan, abb Imleacha Iubhair.

M776.4

Orach, abb Lis Móir, & abb Insi Doimhle.

M776.5

Saerghal h-ua Dungnae, abb Cluana Ferta Mo Lua.

M776.6

Duibh Indrecht, mac Fergusa, abb Ferna.

M776.7

Maenach ua Maonaigh, abb Lainne Léire.

M776.8

Feachtnach, abb Fobhair.

M776.9

& Saerghal ua Cathail egnaidh, d'écc.

M776.10

Aelbran h-ua Lagudon, abb Cluana Dolcain.

M776.11

Nuadha ua Bolcain, abb Tomma Da Olann.

M776.12

Flaithniadh, mac Congaile, abb Cluana Fearta Brenainn, ro éccsat sin uile an bhliadhain-si.

M776.13

Colcca, mac Ceallaigh, tigherna Ua c-Cremhthainn.

M776.14

Dunghal, mac Flaithniadh, tigherna Umhaill, d'éug.

M776.15

Condalach, mac Ailella, do mharbhadh i n-Ard Macha.

M776.16

Cath Righe ria Feraibh Breagh for


p.382

Laighnibh, la Samhna do shonnradh, in ro marbhadh Cu Congalt, tigherna Ratha Inbhir, & Ferghal, mac Ailella, tighearna Ceniuil Uchae. As iad badar toisigh d'Feraibh Bregh ag sraineadh in chatha h-isin, Diarmuid, mac Conaing, Conaing, mac Dunghaile, Maol Dúin, mac Fergusa, & Foghartach, mac Cumascaigh. As do sin ro raidheadh:
    1. Lodar Laighin ar Samhain,
      do thigh daigh-fhir nat carsat,
      Nis-ragaibh lugha dighe,
      for brú Righe ro ansat.

M776.17

Ferghus, mac Eachdach, tighearna Dal Riada, d'écc.

Annal M777

M777.0

Aois Criost, seacht c-ced sechtmodha a secht.

M777.1

An dara bliadhain décc do Donnchadh.

M777.2

Corbmac, mac Bresail, abb Aird Breacain & ceall n-aile d'écc.

M777.3

Scandal ua Taidhg, abb Achaidh Bó, d'écc, iar m-beith trí bliadhna ar dá fhichit i n-abdaine. h-I féil Comhgaill at-bath-somh.

M777.4

Banbhan, ab Claonta, d'ég.

M777.5

Aodhan, abb Rosa Comáin, d'écc.

M777.6

Daniel ua Aithmit, abb Dairinsi d'écc.

M777.7

Ciarán Tighe Munda d'écc.

M777.8

Ferdomhnach Tuama Da Ghualann d'ég.

M777.9

Muiredhach, mac Uarghaile, prioir Ia Coluim Cille, d'écc.

M777.10

Ultan fer tighis Beandchuir.

M777.11

Becan Lifeachair.

M777.12

Tailefhlaith, inghen Murchadha, banabb Cluana Cuifthin, d'écc.

M777.13

Iomaireacc Cuirrigh la taobh Cille Dara an ui. Kal. September, dia Mairt etir Ruadhraich, mac Faolain, & Bran, mac Muireadhaigh, in ro marbhadh Mucchron, mac Floinn, tigherna Ua Failghe, & Dubh Dá Críoch, mac Laidhgnein h-i frecar. Ria Ruaidhri ro meabhaidh.

M777.14

Artghal, mac Cathail, Connacht, do gabháil bhachla, & a dhol co h-I dia oilethre an bhliadhain ar c-cind.

Annal M778

M778.0

Aois Criost, seacht c-céd seachtmodha a h-echt.

M778.1

An treas bhliadhain décc


p.384

do Dhonnchadh.

M778.2

Feargus, epscop Doimh Liacc.

M778.3

Oengus, mac Crunnmhaoil, abb Doimh Liacc.

M778.4

Suairleach, angcoire Lis Móir.

M778.5

Mac Flaithniadh, abb Cluana Ferta.

M778.6

Recht Laiten Fobhair eccnaidh.

M778.7

Aaron eagnaidh.

M778.8

Faelgus, mac Tnuthghaile, eaccnaidh Cluana h-Eraird.

M778.9

Ailill ua Tiopraitte, & Becc, mac Cumascaich, d'écc.

M778.10

Ciarán o Bhelaigh Dúin, do sgribh beatha Phadraic, d'écc.

M778.11

Ard Macha & Magh Eo do losccadh do thene saighnein aidhchi Sathairn do shonnradh, isin cethramhadh noin August. Ba tóirneach, teinteach, gaothach, ainainfenach, an oidhche h-isin, & is isidhe adhaidh ro díothláithrighedh mainisdir Cluana Brónaigh.

M778.12

Domhnall, mac Flaithniadh toiseach Ua f-Failge, do mharbhadh h-i c-Cluain Conaire.

M778.13

Iomaireacc Dumha Achidh eitir Dal n-Araidhe, h-i t-torchair Focharta h-ua Con Alta.

M778.14

Forus chana Pátraicc i c-Cruachain la Dubh Da Leithe, & lá Tiopraitti, mac Taidhcc.

Annal M779

M779.0

Aois Criost, seacht c-ced sechtmodha a naoi.

M779.1

An cethramhadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M779.2

Flann, epscop, eagnaidh, & abb Insi Cain Degha.

M779.3

Rechtnia, abb Cluana Mic Nois, do Síol Choirpri Cruim.

M779.4

Ciarán, abb Ratha Maighe Eonaigh & Tighe Mo Fhionda.

M779.5

Cearnach, mac Suibhne, prioir Arda Macha.

M779.6

& Conall, mac Crunnmhaoil, abb Luscan, d'écc.

M779.7

Ríoghdhal ettir Dhonnchadh, mac Domhnaill, & Fiachna, mac Aodha Róin, ag Insi na Righ i n-Airthear Bregh. As di ro ráidheadh.


p.386

    1. Cisi brigh,
      an dal oc Insi na Righ,
      Donnchadh ni dichet for muir,
      Fiachna ni dichet h-i tír.

M779.8

Iomairecc Cairn Conaill, i n-Aidhne, ria t-Tiopraitte, mac Taidhg, Connacht, ro sraoineadh for Uibh Fiachrach.

M779.9

Maol Dúin, mac Aongusa, tigherna Ceniuil Laoghaire.

M779.10

Indrechtach, mac Dunchadha.

M779.11

Aedhghal, tigherna Umhaill.

M779.12

Coisenmhech ua Predene, tigherna Ua n-Eathach Uladh.

M779.13

Mael Caech, mac Cumscraith Mind.

M779.14

Cu Gamhna, mac Naoindenaigh, tigherna Cenel c-Coirpri, d'ecc.

Annal M780

M780.0

Aois Criost, secht c-céd ochtmodha.

M780.1

An cúigeadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M780.2

Mael Ochtraigh, mac Conaill, abb Chille Cuilinn, & scribhneoir Cille na Manach.

M780.3

Mochthighern eagnaidh,

M780.4

Mac Ceallaigh, abb Insi Cealtra,

M780.5

Ioseb ua Faeláin, abb Biorair,

M780.6

Eochaidh mac Focartai, abb Fochladha, & Insi Clothrann,

M780.7

& Ellbrigh, banabb Cluana Bronaigh, d'écc.

M780.8

Senchan, epscop & ab Imligh Iobhair, d'écc xii. December.

M780.9

Ruaidhri, mac Faolain, ri Laighen.

M780.10

Conchubhar mac Colgan.

M780.11

Dunchadh ua Daimhine, tigherna Ua Maine.

M780.12

Mael Dúin, mac Fergusa, tigherna Locha Gobhair.

M780.13

Flaithnia, tigherna Coirpri Cruim d'écc.

M780.14

Iomairecc Muaidhe ria t-Tiopraitte, mac Taidhg, Connacht, & ro meabhaidh roimhe.

M780.15

Raoinedh oile ria t-Tiopraide for Mhuimhnechaibh.

Annal M781

M781.0

Aois Criost, secht c-céd ochtmodha a h-aon.

M781.1

An seiseadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M781.2

Tiopraitte, mac Ferchair, abb Cluana Ferta Brénainn.

M781.3

Mael Combair, abb Glinne Da Locha.

M781.4

Snedriaghail, abb Cluana Mic Nois, do Calraighibh Aolmhaighe dhó.

M781.5

Faebhardaith, abb Tulain.

M781.6

Mael Dúin, mac Aedha Bennain, tigherna h-Irluachra.

M781.7

Scandlán, mac Floinn, toiseach Ua Fidhgeinte.

M781.8

Tiopraide,


p.388

mac Taidhg, Connacht d'écc.

M781.9

Cath Atha Liacc Find eitir Donnchadh, mac Murchadha, & Siol Aodha Slaine, in ro marbhadh Fiachra, mac Cathail, toiseach Fear c-Cúl, & Fogartach, mac Comasccaigh, toiseach Locha Gabhar, & dá ua Conaing, .i. Conaing & Diarmuid Doibil.

M781.10

Ceallach mac Maenaigh, Ceallach mac Corbmaic, toiseach Arda Ciannachta, d'écc.

M781.11

Forbhasach, mac Seachnusaicch, toisech Ceneoil m-Bóghaine d'écc.

M781.12

Iomaireacc etir Ui Eathach & Conaille, in ro marbhadh Cathrae, toiseach Mughdorn, & Rimidh, mac Cearnaigh.

M781.13

Faelan mac Forbhasaigh, do Osraighibh, do mharbhadh leo budhdeisin.

M781.14

Raoineadh ria Maol Dúin, mac Aodha Allain, for Dhomhnall, mac Aodha Muindeircc.

Annal M782

M782.0

Aois Criost, seacht c-ced ochtmodha a dó.

M782.1

An seachtmhadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M782.2

Lomthuile, espucc Chille Dara.

M782.3

& Dubh Dá Bhoireann, abb Cluana h-Eraird, d'ég.

M782.4

Snedhbran, epscop Cille Dara.

M782.5

Colga, mac Crunnmhaoil, abb Lusccan.

M782.6

Robhartach, mac Maenaigh, fer tighis Sláine, & abb Cille Fóibrigh.

M782.7

Muiredhach, mac Cathail, abb Cille Dara.

M782.8

Rechtabhra, mac Duibh Commair, abb Eachdromma.

M782.9

Learghus ua Fidhcháin, eccnaidh Cille Maighnenn.

M782.10

Aladhchu anchoire Ratha Oenbo.

M782.11

& Cuan Imleacha Iubhair, d'ecc uile.

M782.12

Conall, mac Fidhghaile, tigherna Ua Maine, d'écc.

M782.13

Iomairecc .i. cath Ircora etir Chenel Conaill & Eoghain ria Maol Duin, mac Aodha Allain, in ro meabhaidh for


p.390

Dhomhnall, mac Aodha Muindeirg.

M782.14

Ar Ua m-Briuin Umhaill la h-Uibh Fiachrach Muirisce, & torchradar sochaidhe ann ima toiseach, Flathghal, mac Flainnabhrat.

Annal M783

M783.0

Aois Criost, secht céed ochtmodha a trí.

M783.1

An t-ochtmadh bliadhain décc do Dhonnchadh.

M783.2

Colum, mac Faelgusa, epscop Lothra.

M783.3

Dubh Da Thuath, epscop & abb Ratha Aodha.

M783.4

& Macc Ócc, abb Saighre d'écc.

M783.5

Guaire, mac Dunghalaigh d'écc. Tigherna Ua m-Briuin Cualann esidhe.

M783.6

Maol Dúin, mac Aodha Allain, an Fochla, d'écc.

M783.7

Doire Calgaicch do losgadh.

M783.8

Lex Chiaráin for Chonnachtaibh.

Annal M784

M784.0

Aois Criost, secht c-céd ochtmodha a cethair.

M784.1

An naoi décc do Dhonnchadh.

M784.2

Murghal, abb Cluana Mic Nois, do Chenel Fiachrach mic n-Eathach Moighmedhoin dó.

M784.3

Feadhach, mac Corbmaic, abb Lughmhaidh, Slaine, & Doimh Liag, d'ég.

M784.4

Gormghal, mac Eladhaigh, tigherna Cnoghbha, d'écc i cléirchecht.

M784.5

Fer Fughaill, epscop Cluana Dolcain, d'écc.

M784.6

Sluaighedhach, toiseach Conailli, d'écc.

M784.7

Suibhne, mac Adhuair, d'écc.

M784.8

Ferghil .i. an geometer, abb Achaidh Bó, d'écc san n-Germáinne san 30 bliadhain dia eapscopóid.

M784.9

Iomairecc Claidighe etir Cenel Eoghain & Conaill, & ro meabhaidh for Domhnall.

M784.10

Sarucchadh Bachla Iosa & mionn Padraicc la Donnchadh


p.392

mac Domhnaill acc Raith Airthir ar an aonach.

M784.11

Cluain Eraird do losccadh aidhche Chasg do shonnradh.

M784.12

Iomairecc Droma Góisi etir Connachtaibh, & ro mheabhaidh for Fogartach, mac Cathail.

Annal M785

M785.0

Aois Criost, seacht c-céd ochtmodha a cúig.

M785.1

An fichetmhadh bliadhain do Dhonnchadh.

M785.2

Noe, abb Cinn Garadh.

M785.3

Siadhal, abb Duibhlinde, d'écc.

M785.4

Dungal, mac Laeghaire, abb Duin Lethglaisi.

M785.5

& Mael Conchubhair, abb Glinne Da Locha, d'écc.

M785.6

Cinaedh, mac Anmcadha, tigherna Ua Liatháin, d'ég.

M785.7

Fiachna, mac Aedha Roin, Uladh d'ég.

M785.8

Iomairecc Atha Rois ria n-Uibh Ailella for Luighniu, in ro marbhadh Dubh Da Thuath, mac Flaithgiusa, tigherna na t-Tri Sloinnte.

M785.9

Iomairecc Cluana Miolain, i t-torchair Mael Dúin, mac Cumasccaigh, la Ferghal.