Aois Criost, seacht c-céd a seacht.
An seiseadh bliadhain do Congal.
Maol Dobharchon, epscop Cille Dara, d'écc 19 Februari.
Cath Dola i Maigh Ele, airm in ro marbhadh Leathlobhar, mac Eathach, Cu Alaidh, & Cú Dionaiscc.
Cath Selgge h-i Forthuathaibh Laighen, in ro marbhadh dá mac Ceallaigh Cualann, Fiachra, Fianamhail, & araill do Brethnuibh tangatar h-i socraide Ceallaigh.
Aois Criost, seacht c-céd, a h-ocht.
Conamhail mac Failbhe, abb Iae, d'écc.
Colmán, mac Seachnusaigh, abb Lothra, d'écc.
Iar m-beith secht m-bliadhna h-irighe n-Ereann do Congal Cinn Maghair, mac Fergusa Fanat, ro tathaimh do bhedhg aon-uaire.
Cill Dara do losccadh.
Aois Criost, seacht c-céd a naoi.
An céid-bhliadhain d'Ferghal mac Maoile Dúin, mac Maoile Fithrigh h-i righe uas Erinn.
Cend Faoladh, abb Fobhair, d'écc.
Diccolan egnaidhe d'écc.
Tethghal, epscop ó Lainn Ela, d'écc 16 April.
Ultan, mac Cummine, d'écc.
Epscop Telcha Olaind d'écc.
Cath Slebhe Fuait ria f-Fearghal for Uibh Méith, in ro marbhadh Tnuthach, mac Mochloingi, toisech Ua Méith, & Cu Roi, mac Aodha, mic Dluthaigh.
Aois Criost, seacht c-céd a deich.
An dara bliadhain d'Ferghal.
Coeddi, epscop Iae d'écc.
Dubhgualai, abb Glinne Dá Locha, d'écc.
Ro feradh iomairecc etir Sliocht Aodha Slaine, in ro marbhad Niall, mac Cernaigh, la Flann, mac Aodha, mic Dluthaigh.
Cu Cerca, toisech Osraighe, d'écc.
Imaireacc la Laighnibh Deasgabhair, du in ro marbhadh Bran ua Maoil Dúin & a mhac.
Dluthach, mac Fithcheallaigh, do losccadh.
Cath Chairn Feradhaigh lasan Des Tuaisgertoigh, in ro marbhadh Cormac, mac Fingin, rí Mumhan.
Aois Criost seacht c-céd a h-aonndécc.
An treas, bhliadhain d'Ferghal.
Baotan, epscop Insi Bo Finne, d'écc.
Failbhe Becc, abb Cluana Mic Nóis, d'écc. Do Gailengaibh Corainn dó.
Cormac, mac Oiliolla, rí Mumhan do mharbhadh h-i c-cath.
Seachnusach, toisech Ua Maine, d'écc.
Cu Cearca, tigherna Osraighe, d'écc.
Aois Criost, seacht c-céd a do d'écc.
An ceathramhadh bliadhain d'Ferghal.
Iomairecc ettir dá mhac Beicc Boirche & Clann Breasail toisecha Ua n-Ethach Uladh, & ro meabhaidh for Cloinn Breasail.
Fogartach ua Cernoigh d'ionnarbadh i m-Breathnaibh la Ferghal ri Ereann.
Aois Criost, seacht c-céd a trí décc.
A cúicc d'Fearghal.
S. Dorbaine Foda, abb Iae, d'écc 28 d'October.
Mo Chonna Cluana Airdne d'écc 30 do September.
Cillene, epscop abb Ferna, d'écc.
Flaithnia eccnaidh, mac Colccan, d'écc.
Ceallach Cualann, mac Gerrtidhe, rí Laighen, d'écc.
Murchadh, mac Diarmata, mic Airmedhaigh Caoich, flaith Ua Nell Chloinne Colmáin, do mharbhadh la Conall Grant ua Cernoich.
Aodh Dubh, toisech Ua Fidhgeinti, d'écc.
Aois Criost, seacht c-céd a cethair d'écc.
An seiseadh bliadhain d'Ferghal.
Cele Tighernaigh, abb Cluana h-Eouis, d'écc.
T' Ernocc, mac Ciarain, d'écc.
Fland Foirbhthe, mac Fogartaigh, d'écc.
Fogartach ua Cernaigh do thoidheacht dia ionnarbadh a Bretain.
Faolchu, mac Dorbbene, do oirdneadh i n-abdaine Iae an cethramhadh Kalaind do September, dia Sathuirn do shonnradh, isin ceathramhadh bliadhain seachtmoghat a aoisi.
Aois Criost, seacht c-céd a cúicc d'écc.
An seachtmhadh bliadhain d'Ferghal.
Aonach Taillten do dhenamh la Ferghal, mac Maoile Dúin, & Fogartach ua Cernoigh do mheascc-bhuaidhreadh an aonaigh, uair ro mharbh Maol Rubha, & mac Duibh Slébhe.
Aois Criost, seacht c-céd a sé d'écc.
An t-ochtmhadh bliadhain d'Feargal.
S. Dunchadh, mac Cinn Fhaolaidh, abb Iae Colaim Cille, d'écc an 25 Maii.
Cronán ua Eoain, abb Lis Móir Mo Chuda, d'écc 1 Iún.
Dubh Dúin ua Faoláin, epscop & abb Cluana h-Eraird, d'écc.
Becc Boirche d'écc.
Fionamhail ua Boghaine, mac Finn, d'écc.
Cath Cenannso ria c-Conall n-Grant ua Cernaigh, in ro marbhadh Tuathal ua Faolchon, & Gormghal, mac Aodha, mic Dluthaigh, & Amhalgaidh ua Conaing, & Ferghal a bhrathair.
Ro marbhadh dna Conall Grant feisin iar n-dibh míosaibh lasin righ, la Fearghal.
Trí frosa inggnathacha isin bhliadhain-si, fros airccid for Othain Móir, fros mealae for Othain m-Bicc, & fross fola h-i Laighnibh.