Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a seacht.
An cethramhadh bliadhain d'Fionnachta.
S. Failbhe, abb Iae Coluim Cille, d'écc an 22 do Marta.
Neachtain
Ceann Faoladh, mac Oiliolla, sai in eccna, d'écc.
Cath Taillten ria f-Finshneachta f-Fledhach for Becc Boirche.
Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a h-ocht.
An cuicceadh bliadhain d'Finachta.
Colman, abb Bendchair, d'écc.
Maol Fothartaigh, epscop Arda Sratha, d'écc.
Fianamhail, mac Maoile Tuile, ri Laighen, do ghuin la Foicseachan, dia mhuintir féin, iar na forcongra fair d'Fínshneachta Fledhach.
Cathal, mac Raghallaigh, d'écc.
Cath Bodhbhghna, dú in ro marbhadh Conall Oirggnech, toisech Ceneoil Coirpre.
Aois Criost, sé chéd seachtmoghat a naoi.
An seiseadh bliadhain d'Fínshneachta.
Ciar ógh, inghen Duibh Rea, d'écc an 5 Ianuari.
Dungal, mac Sccandail, toisech Cruithne, & Ceand Faoladh, mac Suibhne, toisech Ciannachta Glinne Gaimhin, do losccadh la Maol Dúin, mac Maoile Fithrigh, i n-Dun Ceithirn.
Conall, mac Dunchadha, do mharbhadh h-i c-Ciunn Tíre.
Seachnasach, mac Airmedhaigh, & Conaing, mac Conghaile, do mharbhadh.
Aois Criost, sé chéd ochtmhoghat.
An seachtmhadh bliadhain d'Fhíonachta.
Suibhne, mac Maoil Umha, comharba Bairre Corcaighe, d'écc.
Cenn Faoladh, mac Colcan, rí Connacht, do mharbhadh iar n-gabháil tighe fair. Ulcha Derg
Cath Ratha Móire Maighe Line for Bretnuibh, bail in ro marbhadh Cathasach, mac Maoile Dúin, toisech Cruithne, & Ulltan, mac Dicollae.
Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a h-aon.
An t-ochtmhadh bliadhain d'Fíonachta.
S. Ermbedhach, abb Craoibhe Laisre, d'écc an céd lá do Ianuari.
Colmán ab Cluana Mic Nóis, d'ecc. O Airtech dó.
Dunchadh Muiriscce, mac Maolduibh, rí Connacht, do mharbhadh.
Cath Corainn, dú inar marbhadh Colcca, mac Blaithmic, & Fergus, mac Maoile Dúin, toisech Cenel Coirbre.
Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a dó.
An naomhadh bliadhain d'Fhionnachta.
Maine, abb Naondroma, d'écc.
Loch n-Eathach do shoadh h-i fuil.
Cath Caisil Fionnbhairr.
Aois Criost, sé chéd ochtmhoghat a trí.
An dechmhadh bliadhain d'Fhionnachta.
Fásughadh Muighe Bregh la Saxoibh, etir ecclais & tuaith, h-i mí Iun
Congal mac Guaire d'écc.
Breasal, mac Fergusa, toisech Cobha d'écc.
Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a cethair.
An t-aonmhadh bliadhain décc d'Fionachta.
Forcron, abb Cluana Mic Nois, d'écc.
[gap: scribal omission/extent: 1 word]Ar ar na h-uilibh cethraibh a c-coitchinne, isin uile domhan, co diúidh teora m-bliadhan co ná terna cídh aon as an mile da gach cenel anmann archena.
Sicc mór isin m-bliadhain sin co ro reidhset locha & aibhne Ereann, & din ro reodh an muir eitir Erinn & Albain, co m-bidh imaithighidh eattorra forsan licc eagha.
Adamhnán do dhul go Saxaibh do chuindgidh na braite do-bertsat Saxain Tuaiscert leo a Muigh
Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a cúig.
An dara bliadhain d'écc d'Fionachta.
Do Cummai Chonóg, ab Glinde Da Locha, d'écc.
Roisseni, abb Corcaighe Móire, d'écc.
Osseni epscop Mainistreach Fiontain, mac Finnguine, d'écc.
Feradach, mac Congaile, do marbhadh.
Finshneachta, an rí, do dhul dia oilithre.
Aois Criost, sé chéd ochtmoghat a sé.
An treas bhliadhain décc d'Fhionachta.
Cath Imbleacha Phich ria Niall mac Cernaich Sotoil, for Congalach, mac Conaing, airm in ro marbhadh Dubh Da Inbher, toisech Arda Ciannachta, & h-Uaircridhe h-ua Osene, toisech Conaille Muirthemhne, & ro sraoineadh an cath for Congalach iaramh. As dia n-oidheadhaibh ro raidheadh:
- Bronach Conailli indiu
deithbhir dóibh iar n-Uaircridhiú,
Ni ba h-eallmha bhies gen
i n-Ard iar n-Dubh Da Inbher.
S. Seghene, epscop Arda Macha, do écc. O Achadh Cladhbh do-sidhe.
S. Cutbert, epscop Ferna, a Saxoibh, decc.