Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M646

M646.0

Aois Criost, sé chéd, cethracha a se.

M646.1

An seachtmhadh bliadhain do Chonall & do Cheallach.

M646.2

Cath Duin Criomhthainn ria Conall & ria c-Ceallach, da mhac Maoil Cobha, for Aongus, mac Domhnaill, & ro marbhadh Aongus 'san chath-sin, & ro marbhadh citth Cathasach, mac Domhnaill Bric, 'san cath-sin beos.

M646.3

Maol Cobha mac Fiachna, mic Demain Uladh, do mharbhadh la Congal c-Cennfoda, mic Dunchadha.

Annal M647

M647.0

Aoís Criost, sé céd cethracha a seacht.

M647.1

An t-ochtmhadh bliadhain do Chonall & do Chellach.

M647.2

Dunchadh & Conall, dá mac Blaithmeic, mic Aodha Slaine, do marbhadh la Laighnibh i t-turraeth muilinn Maol Odhrain, mic Díoma Cróin.Marcan & Maol Odhrán ro ghon iad a n-dís, as do ro ráidh Maol Odhran:

    1. A mhuilind
      ro melt anba do thuirinn
      Ní bo coimmelt for seirblind
      an roimeilt for Uibh Cerbhaill.
    2. An grán meiles an muileann
      ní coirce acht as derg-thuireann
      Ba do gesccaibh an chroinn máir
      fotha muilinn Maoil Odhráin.

Annal M648

M648.0

Aois Criost, sé chéd cethracha a h-ocht.

M648.1

An naomhadh bliadhain do Chonall & do Cheallach.

M648.2

Maincheni, abb Meanadroichit, do écc.

M648.3

Iomairecc Cuile


p.264

Corra ria n-Aoldeith & ria n-Onchoin, dú in ro marbhadh Cillne, mac Forannáin, toisech Ua b-Failghe.

M648.4

Cu Gamhna, mac Suibhne, d'écc.

Annal M649

M649.0

Aois Criost, sé chéd cethracha a naoi.

M649.1

An deachmhadh bliadhain do Chonall & do Cheallach.

M649.2

S. Cronán Maighe Bile d'écc, an seachtmhadh lá do mí August.

M649.3

Cath Airthir Sheola, i Connachtaibh, ria c-Cenn Faoladh, mac Colgain, & ria Maonach, mac Baoithin, toisech Ua m-Briúin, in ro marbhadh Marcán, mac Toimeine, toisech Ua Maine.

M649.4

Fergus mac Domhnaill, & Fergus, mac Raghallaigh, & Aodh Bethra, mac Cuimmine, do mharbhadh la h-Uibh Fiachrach Aidhne.

M649.5

Aodh Róin, mac Maoil Cobha, d'écc.

M649.6

Mael Dóid, mac Suibhne, flaith Midhe, d'écc.

Annal M650

M650.0

Aois Criost, sé chéd caogat.

M650.1

An t-aonmhadh bliadhain décc do Chonall & do Chellach.

M650.2

Aitchen, abb Tire Dá Glas, d'écc.

M650.3

Cailcén ó Lothra d'écc.

M650.4

Cath Flescaigh ria c-Crunnmaol, mac Suibhne, toisech Cenél Eoghain, airm in ro marbhadh Cumascach, mac Oiliolla, toisech Ua Cremthainn.

M650.5

Cruindmaol Erbuilgg, mac Ronáin, toisech Laighen Desgabhair, d'écc.

M650.6

S. Beraidh, abb Duibhlinne, do écc.

Annal M651

M651.0

Aois Criost, sé chéd caoga a h-aon.

M651.1

An dara bliadhain décc do Chonall & do Cheallach.

M651.2

S. Aedhlug, mac Cummain, abb Cluana Mic Nóis, d'écc an 26 Februarii.

Annal M652

M652.0

Aois Criost, sé chéd caoccat a dó.

M652.1

An treas bhliadhain décc do na rioghaibh remhraidhte.

M652.2

S. Colman, epscop, mac Aitelduibh, abb Cluana h-Ioraird, d'écc 8 Februarii.

M652.3

S. Oissene Fota, ab Cluana h-Ioraird, d'écc Maii 1.

M652.4

S. Da Chua Luachra, abb Ferna, d'écc.


p.266

Annal M654

M654.0

Aois Criost, sé céd caoccat a cethair.

M654.1

A cúig décc do Chonall & do Cheallach.

M654.2

S. Nem mac ua Birn, .i. comharba Enne Airne, do écc 14 Iuni.

M654.3

Suibhne maccu Ir Tre, abb Iae, d'écc.

M654.4

Coincenn Cille Slébhe d'écc.

M654.5

Cath Delenn, airm inar marbhadh Maol Dóid mac Conaing.

Annal M655

M655.0

Aois Criost, sé chéd caoccat a cúicc.

M655.1

An seiseadh bliadhain décc do Chonall & do Chellach.

M655.2

S. Mo Chaomhócc, abb Leth Móir, d'écc an treas lá décc do Mharta.Trí bliadhna décc ar ceithre céd fod a shaoghoil, amhail dearbhus in rann:

    1. Saoghal Mo Chaomhócc Léith
      nocha cealat treoin na treith,
      Trí bliadhna décc ceithre céd
      ní baoghal ní h-iomair brég.


p.268

Annal M656

M656.0

Aois Criost, sé chéd caoccat a sé.

M656.1

S. Ulltan mac ui Concobhair, ó Ard Breccain, d'écc an cethramhadh lá do September, iarsan ochtmhocchat bliadhain ar cet a aoisi.

M656.2

Iar m-beith seacht m-bliadhna décc ós Erinn do Chonall & do Cheallach da mac Maoil Cobha, mic Aodha, mic Ainmirech, do-cher Conall la Diarmait, mac Aodha Slaine, & at-bail Ceallach i m-Brugh Mic an Og.

M656.3

Blathmac, mac Maoil Cobha, Uladh, a écc.