Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M623

M623.0

Aois Criost, sé chéd fiche a trí.

M623.1

Colman mac ua Barddani (.i. do Dal Barrdaine a chenel) abb Cluana Mic Nóis d'écc.

M623.2

Iar m-beith trí bliadhna décc do Suibhne Meann h-i f-flaitheas Ereann do-cer la Congal c-Claon, mac Scandlain, i Traigh Bréna. Conadh dia oidhidh at-rubradh:

    1. Suibhne co sloghaibh dia soi
      do tarraigh bronaigh Brenai
      Ro marbhadh an gaeth go n-gail
      la Congal Caech mac Scandail.

Annal M624

M624.0

Aois Criost, sé chéd fiche a cethair.

M624.1

An ced-bhliadhain do Domhnall, mac Aodha, mic Ainmirech, h-i righe n-Ereann.

M624.2

S. Colman Stellan ó Tír Da Ghlas d'ég, 26 Maii.

M624.3

S. M' Aodhocc, espucc Ferna, d'écc 31 Ianuari.

M624.4

Ronan,


p.248

mac Colmain, d'écc.

M624.5

Cath Duin Ceithern ria n-Domhnall, mac Aodha, mic Ainmirech, for Conghal Caoch no Claon, mac Scandlain, dú in ro marbhadh Guaire Gaillseach mac Forannain, & aroile sochaidhe, & ro meabhaidh iarumh for Congal, dia n-ebradh:

    1. Cath Duin Ceithirn dia raibhe
      cru ruadh dar suile glasa
      Batar for sliocht Congail Cruim
      colla muinremhra massa.

M624.6

Cath Arda Corainn la Condaidh Cerr, tigherna Dail Riada, airm in ro marbhadh Fiachna, mac Démain, Uladh.

Annal M626

M626.0

Aois Criost, sé chéd fiche a cúig.

M626.1

An dara bliadhain do Domhnall.

M626.2

Fionntain Maoldubh do écc.

M626.3

Mo Bai mac ui Aldai.

M626.4

Cath Lethairbhe etir Maol Fitrigh, toiseach Cenel Mic Earcca, & Ernaine mac Fiachrach, toiseach Cenel Feradhaigh, du in ro marbadh Maol Fitrigh mac Aodha Uairiodhnaigh.

M626.5

Brandubh mac Mail Cobha, d'ég.

Annal M627

M627.0

Aois Criost, sé chéd fiche a seacht.

M627.1

An cethramhadh bliadhain do Domhnall.

M627.2

Cath Atha Abla, dú in ro marbhadh Dicul mac Fergusa Tuli la Mumhain.

M627.3

Inis Medcoit d'fothucchadh la h-epscop Aedhain.


p.250

Annal M628

M628.0

Aois Criost, sé chéd fiche a h-ocht.

M628.1

An cúicceadh bliadhain do Domhnall.

M628.2

Cath Atha Goan, i n-Iarthar Liffe, ria f-Faolan, mac Colmain, & ria Conall, mac Suibhne, toisech Midhe, & ria b-Failge (no b-Failbhe) Flann, Mumhan, airm in ro marbhadh Criomhtann, mac Aodha, mic Seanaigh, Laighen, co sochaidhe oile imaille fris.

M628.3

Mór Mumhan d'écc.

Annal M630

M630.0

Aois Criost, sé céd triocha.

M630.1

An sechtmhadh bliadhain do Domhnall.

M630.2

Da mhac Aodha Slaine do mharbhadh la Conall, mac Suibhne, oc Loch Trethin, oc Fremhoinn, .i. Congal, toisech Bregh, senathair Ua c-Conaing, & Ailill Cruitire, senathair Shil n-Dluthaigh.

M630.3

Cath Seghaisi, dú inar marbhadh Lochene, mac Nechtain Cendfoda, & Comasccach, mac Aongasa.

M630.4

Cath Cuile Caolain re n-Diarmaid, mac Aodha Slaine, airm in ro marbhadh da mhac Aongusa, mic Colmáin Móir .i. Maol Umha & Colcca, & araill oile amaille friú, dia n-ebradh:

    1. Cath Cúile Caoláin caine
      robo daonbaigh co n-dile
      Meabhaidh ria n-Diarmait Deala
      for fiora medha Midhe.
    2. h-i ruba Colgan Cendbháin
      agus Maol Umha ind ollgráidh,
      Dá mac Aongasa arm-glóir
      mic cruth-glan calmóir Colmáin.

M630.5

Segene, abb Iae Coluim Cille, do fothucchadh ecclaise Rechrainne.

M630.6

Conall,


p.252

mac Suibhne, toisech Midhe, & Maol Umha, mac Forannáin, do mharbhadh la Diarmaitt, mac Aodha Slaine.

Annal M631

M631.0

Aois Criost, sé chéd triocha a h-aon.

M631.1

An t-ochtmhadh bliadhain do Domhnall.

M631.2

Ernaine, mac Fiachna, toisech Chenél Feradhaigh, do mharbhadh. As lais sidhe torchair Maol Fithrigh, mac Aodha Uairiodhnaigh, h-i c-cath Letherbhe.

M631.3

Carthach, .i. Mo Chuda, mac Fiondaill do ionnarbadh a Rathain.

Annal M633

M633.0

Aois Criost, sé chéd triocha a trí.

M633.1

An dechmhadh bliadhain do Domhnall.

M633.2

Failbhe Flann, Mumhan, d'écc.

Annal M634

M634.0

Aois Criost, sé chéd triocha a cethair.

M634.1

An t-aonmhadh bliadhain décc do Domhnall.

M634.2

S. Eochaidh, abb Lis Móir, d'écc an 17 d'Aipril.

M634.3

S. Fionntain, mac Telchain, d'écc an 21 d'October.

M634.4

Cath Maighe Rath ria n-Domhnall, mac


p.254

Aedha, & ria macaibh Aedha Slaine for Congal Claon mac Scandlain, Uladh, du i t-torchair Conghal, Ulaidh, & allmarraigh araon ris.

M634.5

Cath Saeltire ria c-Conall c-Caol, mac Maoil Cobha, for Cenel n-Eoghain.

Annal M635

M635.0

Aois Criost, sé chéd triocha a cúig.

M635.1

An dara bliadhain décc do Domhnall.

M635.2

Ailill, mac Aodha Róin, Congal, mac Dunchadha, d'écc.

M635.3

Duinseach, ben Domhnaill, mic Aodha, rí Ereann, d'écc.