Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M601

M601.0

Aois Criost sé céid a h-aon.

M601.1

An céid-bhliadhain d'Aodh Uairiodhnach, mac Domhnaill Ilchealgoigh, mic Muirchertaich, mic Muireadhoigh, mic Eoghain, h-i righe n-Ereann.

M601.2

S. Laisren, .i. mac Feradhaigh, ab Iae Coluim Cille, d'ég an 16 do September.

M601.3

Cath Slaibre ria n-Uibh Néll for Brandubh, mac Eathach, ri Laighen, & Brandubh .i. mac Eachdach, do mharbhadh la h-airchindech Senboithe Sine, & la a dheirbfhine budhéin, amhail as-berar:


p.230

    1. Sarán Soebhdherc, seol go se,
      airchinneach Senboith Sine
      E ní dalbh, gan brandul brath
      ro marbh Brandubh, mac Eathach

Laighneach sainredhach ro raidh inn-so:

    1. Madh i m-bethaidh mic Eathach
      dom-hisadh an tuaiscertach
      In cath ima nuarathar
      as cian o do fuaiscertfadh.
    2. Diambadh h-i treb tuireadoig
      mac Eathach mic Muireadhoigh
      Nocha beroinn mo bholg lán
      do chill ar ai Aodha Allán.

M601.4

Colman, mac Fearadhoigh, toisioch Osraighe, d'écc.

Annal M602

M602.0

Aois Criost, se céd a dó.

M602.1

An dara bliadhain d'Aodh.

M602.2

S. Sinell, epscop Maighe Bile, d'écc an céd lá d'October.

Annal M604

M604.0

Aois Criost sé chéd a cethair.

M604.1

An cethramhadh bliadhain d'Aodh.

M604.2

Fiachra Caoch, mac Baodain, do mharbhadh la Cruithniu.

Annal M605

M605.0

Aois Criost, sé chéd a cúig.

M605.1

An cúicceadh bliadhain d'Aodh.

M605.2

S. Beoghna, abb Bendchair iar c-Comhgall, d'ég 22 d'August.

M605.3

Mo Lua, .i. Lughaidh mac h-ui Oiche, céd-abb Cluana Ferta Mo Lua, d'ég.

M605.4

Seachnasach, mac Garbháin, toiseach Ceneoil m-Boghaine, do mharbhadh la Domhnall, mac Aodha, mic Ainmirech.

M605.5

Conall an Ghae Dheircc, mac Daimhene, do mharbhadh la h-Uibh Méith Macha.


p.232

Annal M606

M606.0

Aois Criost se céd a sé.

M606.1

An seiseadh bliadhain d'Aodh Uairiodhnach.

M606.2

S. Siollan, mac Caimmin, abb Bennchair, & comharba Comhgaill, d'ég 28 Februari.

M606.3

Aedh anchori.

M606.4

Aodh, mac Colgan, toisech Airghiall & na n-Airther archena, d'écc, ina oilithre h-i c-Cluain Mic Nois. As dó do ráidheadh:

    1. Ro bai tan
      ba lind ordan Loch Da Damh
      Ní bui an loch acht ba h-ordan
      h-i flaith Aodha, mic Colgan.
    2. Cuma damhnadh muir
      cara ro-dam-cur
      Cebé fo-cer trilis treabh
      tré inis Locha Da Dam.

M606.5

Maol Umha, mac Baetain, d'ég.

M606.6

Colcca Doilene, mac Fiachna, d'ég.

M606.7

Maol Dúin, mac Ailene, toiseach Moghdhorn Maighen, décc.

Annal M607

M607.0

Aois Criost, sé chéd a sheacht.

M607.1

Iar m-beith seacht m-bliadhna i righe


p.234

n-Ereann d'Aodh Uairiodhnach at-bath ag Ath Da Ferta.

M607.2

Cath Odbha ria n-Aenghus, mac Colmain, dú in ro marbhadh Conall Laogh Bregh, mac Aodha, go sochaidhe móir ime, dia n-ebradh:

    1. An scé i m-mullach Odhba
      cea a ghai doghra ni laes
      Deithbhir di, cid olc a denn
      ro baí mór cend ina craos.

Annal M608

M608.0

Aois Criost, sé céd a h-ocht.

M608.1

An céid-bhliadhain do Maol Cobha, mac Aodha, mic Ainmireach, h-i ríghe n-Ereann.

Annal M609

M609.0

Aois Criost, sé chéd a naoi.

M609.1

An dara bliadhain do Maol Cobha.

M609.2

S. To Lua Fota, abb Cluana Mic Nóis, d'ég.

M609.3

Seannach, abb Arda Macha, ó Cluain Ua n-Grici doi-sidhe, & a écc.

Annal M610

M610.0

Aois Criost, sé céd a deich.

M610.1

S. Colman Eala, abb d'éc, 26 do September


p.236

isin seisedh bliadhain ar caogait a aoisi.

M610.2

Neman, abb Lis Móir, d'écc.

M610.3

Iar m-beith teora m-bliadhan i righe n-Ereann do Maol Cobha, mac Aodha, mic Ainmirech, do-chear la Suibhne Meann, h-i c-cath Slébhe Toadh.

M610.4

Ronan, mac Colmain, Laighen d'ég.

M610.5

Gorman do Mughdhornaibh, ó t-tád Meic Cuinn, as é ro boi bliadhain for uisce Tiobrait Finghin, & ina ailitre i c-Cluain Mic Nois, at-bath.

Annal M611

M611.0

Aois Criost, sé céd a h-aon n-décc.

M611.1

An céid-bhliadhain do Suibhne Meann, mac Fiachna, mic Feradhaigh, h-i righe uas Erinn.

M611.2

Ecclas Bennchair Uladh do losccadh.