Aois Criost, cuig céd triocha a cethair.
An seachtmhadh bliadhain do Tuathal.
S. Mochta, espucc Lughmhaigh, descipul Patraig, an naomhadh lá décc do mí Agust ro faoidh a spirat docum nimhe. As fair tuccadh an tuarusccbáil-si:
- Fiacail Mochta ba maith bés
trí chéd bliadhain, buan an cís,
Gan guth n-iomrail sece suas
gan mir n-ionmair sece sios.
- Tri fichit seanóir psalmach
a theglach rioghdha remeann
Gan ar, gan buain, gan tíoradh
gan gniomhradh, achtmadh léighionn.- Fear trí fichit fer trí céd
arca fuin as sean an dét,
Ní mó cin ógan fo ghail
is aithfidhe an seinfhiacail.
Aois Criost, cúicc céd triocha a cuig.
An t-ochtmhadh bliadhain do Tuathal.
Eaclais Doire Calgaigh do fothughadh la Colom Cille, iar n-edhbairt an bhaile do dia derbfhine fén .i. Cenel c-Conaill Gulban mic Néll.
Corbmac, mac Oililla, ri Laighen, d'écc.
Oilill, epscop Arda Macha, do écc. Do Uibh Bresal doi-sidhe bheos.
Aois Criost, cúicc céd triocha a seacht.
An deachmhadh bliadhain do Tuathal.
S. Lughaidh, espucc Connere, décc.
Cath Sligighe ria b-Fergus & ria n-Domhnall, da mac Muirchertaigh, mic Earcca, ria n-Ainmire, mac Sédna, & ria n-Aindidh, mac Duach, for Eoghan Bel, ri Connacht. Ro meabhaidh an cath rempa, do-rochair Eoghan Bél, dia n-ebradh indso:
- Fichter cath Ua Fiachrach
la feircc faobhair, tar im Bel,
Gesis buar namhat fri slegha
sretha in cath i Crinder.
- Ar-celt Slicech do mur
már fuile fer lia feóil
Bertait ilaigh tar Ebha
im chend n-Eoghain Beóil.
Aois Criost, cúicc céd triocha a h-ocht.
Iar m-beith aon-bhliadhain décc h-i ríghe n-Ereann do Tuathal Maolgarbh, mac Corbmaic Caoich, mic Coirpre, mic Néll, torchair i n-Greallaigh Eillte la Maol Mór, mac Airgedain, oide Diarmoda mic Cerbhaill e-sidhe, & do-rochair Maol Mór ind fo chédor, dia n-ebradh:
- Echt Maoile Móir nad mall
ní gníomh cóir ro cind,
marbhadh Tuathoil Tréin
ad-rochair fein inn.
Aois Criost, cúicc céd triocha a naoi.
An céid-bhliadhain do Diarmaitt, mac Ferghusa Ceirrbheoil, i righe n-Ereann.
Dichendadh Abacúc i n-aonach Tailten tre miorbhailibh De & Ciaráin .i. luighe n-éithigh do-rad-somh fo láimh Ciarain, co ro gabh aillse for a mhuinél (.i. as for a muinel ro fuirimh Ciaran a lamh) co torchair a cheand de.
Aois Criost, cúig céd cethracha a h-aon.
An treas bhliadhain do Diarmait.
S. Ailbhe, airdespoc Imlich Iubhair, d'écc an dara la décc do September.
Aois Criost, cuicc céd ceathracha a trí.
An cuigeadh bliadhain do Diarmait.
Pláigh egsamhail choitchenn ar fedh na cruinne, gur sgrios an trian bú airmhidnithe don chinedh daonna.
Aois Criost, cúicc céd cethracha, a cethair.
An seiseadh bliadhain do Diarmait.
S. Mobhí Claraineach .i Berchan ó Glais Naidhen, for bhrú abhand Liffe, don leith i t-tuaidh, d'écc, an dara la décc do mí October.
Cath Cuile Conaire i c-Cera ria b-Fherghus & ria n-Domhnall dá mac
Aois Criost, cúig céd cethracha a cúig.
An seachtmhadh bliadhain do Diarmait.
S. Ailbhe Senchuae Ua n-Oiliolla d'écc.
Aois Criost, cúig céd cetracha a sé.
An t-ochtmhadh bliadhain do Diarmaitt.
Cath Cuilne in ro marbadh sochaidhe do Chorc' Oiche tria ernaidhe n-Ide Cluana Creadhail.
Fothadh mac Conaill d'écc.
Cairpre, mac Corpmaic, ri Laighen, do écc.