Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])
Annal M481
M481.0
Aois Criost, ceithre céd ochtmhoghat a h-aon.
M481.1
An treas bhliadhain do Lughaidh.
M481.2
.S Iarlaithe, mac Trena, epscop Arda Macha, do fhaoidedh a spioraite.
p.152
Annal M487
M487.0
Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat a seacht.
M487.1
An naomhadh bliadhain do Lughaidh.
M487.2
Mel, Easpoc Ardachaidh i t-Teathbha, deiscipul Patraicc, d'écc.
Annal M488
M488.0
Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat a h-ocht.
M488.1
An deachmhadh bliadhain do Lughaidh.
M488.2
Cianán, espoc Doimh Liacc, d'écc.
Annal M489
M489.0
Aois Criost, ceithre céd ochtmoghat a naoi.
M489.1
An t-aonmhadh bliadhain dég do Lughaidh.
M489.2
Mac Caille espoc d'écc.
M489.3
Aongus, mac Nat Fraoich, rí Mumhan, do thuitim h-i c-cath Chell Osnadh la Muircertach mac Earca, la h-Iollann mac Dunlaing, la h-Ailill, mac Dunlaing, & la h-Eochaidh n-Guinech dia n-ebradh,
- At-bath craobh, dosbhile n-óir,
Aongus molbhthach, mac Nat Fraoich,
Faccbhadh la h-Illand a rath
h-i c-cath Cell Osnadha claoin.
p.154
M489.4
Cath Taillten for Laighnibh ria c-Coirpre, mac Néll.
Annal M492
M492.0
Aois Criost ceithre céd nochot a dó.
M492.1
An cethramhadh bliadhain décc do Lughaidh.
M492.2
Cath Slemhna, h-i Midhe, ria c-Coirbre, mac Neill, for Laighnibh.
Annal M493
M493.0
Aois Criost, ceithre céd nochat a tri.
M493.1
An cuicceadh bliadhain décc do Lughaidh.
M493.2
Patraicc, mac Calpuirn, mic Potaide, airdeaspuc, ceitt-priomhaidh & ardapstol Ereann, do chuir an céd Celestinus Papa do phroichept soiscela & do shíoladh irsi & crabhaidh do Ghaoidhealaibh, as é ro etarsccar
p.156
iaid-sidhe fri h-adhradh iodhal & arracht, ro chosccair & ro choimbhris na h-iodhla batar aga n-adhradh aca. Ro indarb deamhna & droch-spirada uaidhibh, & tucc iad ó dhorcha peacaidh & doailche co soilsi creidimh & caoin-ghníomh, ro threoraigh & ro shédaigh a n-anmanna o dhóirsibh ifrinn (gus a m-batar ag dul) go dóirsibh flatha nimhe. As e dna ro bhaist & ro bhendaigh fir, mna, maca, & inghena Ereann, cona t-tíribh & co na t-treabhaibh, etir uiscce & inbher muiridh. As leis do-rónadh cealla, mainistrecha, & ecclasa iomdha sechnón Ereann. Seacht c-céd ceall a líon. As leis céttus ro h-oirdneadh epscoip, sacairt, & aos gach gráidh archena, secht g-ced epspoc & trí mhíle sagart a líon. Do-roine ferta & mírbhaile iomdha, coná cumhaing aiccnedh daonna a chuimhniúghadh na a foraithmhet a n-do-ríghene do mhaith isna talmannaibh. O ro comhfoiccsigh aimsir eitsechta naomh Patraicc h-i Sabhall, ro thochaith corp Chríost a lámhaibh an naoimh-epscoip Tassach, isin 122 a aoisi, & ro fhaidh a spirat do chum nimhe.
M493.3
Ro bai comhthóccbháil catha & adhbhar easaonta isin cuicceadh ag imresain im corp Patraic iarna eccuibh. Uí Néill & Airghialla acc triall a thabhairt
p.158
go h-Ard Macha, Ulaidh acca fhostadh aca fadein, go n-dechattar Ui Néill & Airghialla go alaile uiscce, go t-tuargaibh an abhann friú, co ná ro chumhaingset techt tairsi lá méd a tuile. O do-choidh an tuile for c-cula do-dheachatar na sloigh fo combaigh .i. Uí Néill & Ulaidh do bhreith chuirp Patraicc leó. As edh tarfas lá gach n-druing díobh co m-baí an corp leo budhéin dochum a t-tire, go ro edarsccar Dia iad gan troid gan tachar fon ionnus-sin. Ro h-adhnacht iaramh corp Patraic go n-onoir & go n-airmittin moir, i n-Dún Da Leathglas, & na dí oidhce décc ro batar na sruithe ag faire an chuirp, co psalmaibh & hymnaibh, ni baí oidhce i Muigh Inis, ina is na ferannaibh comhfoiccsibh (andar leó) acht amhail bidh soilsi an laoi lansholais ro ionorchaidh ann do ghrés. As do bhliadhnaibh bais naomh Patraicc at-rubradh.
- O genar Criost, áiremh ait,
.cccc. for caomh nochait,
teora bliadhna fair iar-soin,
go bás Patraicc priomh-apstoil.
Annal M494
M494.0
Aois Criost, ceithre céd nochat a cethair.
M494.1
A sé décc do Lughaidh.
M494.2
Cath Cind Ailbhe ria c-Coirbre, mac Nell, for Laighnibh.
Annal M496
M496.0
Aois Criost ceithre céd nochat a sé.
M496.1
Mo Chaoi abb Naondroma, d'écc
p.160
an treas la ficheat do mí Iun.
M496.2
Cath Droma Lochmaighe ria Laighnibh for Uibh Nell.
M496.3
Corbmac a Crich in Ernaidhe epscop Arda Macha, comharba Patraicc, do faoidhedh a spioraitte.
Annal M497
M497.0
Aois Criost, ceithre céd nochat a seacht.
M497.1
A naoi décc de Lughaidh.
M497.2
Cath Inde Moire h-i c-Crich ua n-Gabhla for Laighnibh, & for Iollann, mac Dunlaing, la Muirchertach mac Earca.
Annal M498
M498.0
Aois Criost, ceithre céd nochat a h-ocht.
M498.1
An fichetmhadh bliadhain do Lughaidh.
M498.2
Fergus Mor, mac Eirc, mic Eathach Muinreamhair, cona bhraithribh do dhul ind Albain.