Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M435

M435.0

Aois Criost, ceithre céd triocha a cúig.

M435.1

An seachtmadh bliadhain do Laoghaire.

M435.2

Breasal Belach, mac Fiacha Aicedha, mic Cathaoir Móir, (ri Laighean) d'ég.

Annal M436

M436.0

Aois Criost, ceithre ced triocha a sé.

M436.1

An t-ochtmhadh bliadhain do flaithios Laoghaire.

Annal M437

M437.0

Aois Criost, ceithre chéd triochat a seacht.

M437.1

An naomhadh bliadhain do Laoghaire.

M437.2

Fiondbharr mac ua Bairdene d'écc.

Annal M438

M438.0

Aois Criost, ceithre céd triocha a h-ocht.

M438.1

An dechmhadh bliadhain do Laoghaire.

M438.2

Seanchus & feneachus na h-Ereann do ghlanadh & do scriobhadh, ar t-teclamadh screaptradh & seinleabhar n-Ereann co h-aon-maighin, ar impidhe Naomh Patraicc. Atiad andso naoi sailghe fothaightheacha lasa n-dernadh indsin. Laoghaire (.i. ri Ereann), Corcc & Daire an triur ríogh, Padruicc, Benen, & Cairnech an triur naomh, Ros, Dubhthach, & Ferghus an triur seanchadh, amhail dhearbhas an rann.


p.134

    1. Laoghaire, Corc, Daire dúr
      Padraicc, Benen, Cairnech cóir
      Ros, Dubthach, Feargus go febh
      naoi sailghe-sen Senchais Móir.

Annal M440

M440.0

Aois Criost, ceithre céd ceithracha.

M440.1

An dara bliadhain décc do Laoghaire.

M440.2

Maine, mac Néll Naoighiallaigh, d'écc.

Annal M444

M444.0

Aois Criost, ceithre chéd cethracha a cethair.

M444.1

An seiseadh bliadhain décc do Laoghaire mac Néill isin righe.

Annal M447

M447.0

Aois Criost, ceithre céd, cetracha a seacht.

M447.1

A naoi décc do Laoghaire.

M447.2

Secundinus .i. Seachnall mac ua Baird, mac sethar Patraicc .i. Dair Erca, epscop Arda Macha, cúicc bliadhna sechtmoghat a aois an tan ro faoidh a spirat .i. 27 Nouember.

Annal M448

M448.0

Aois Criost, ceithre ced, cethracha a h-ocht.

M448.1

An fichetmhadh bliadhain do Laoghaire.

M448.2

    1. Muinnter Phadruig na patter
      accá raibhe ro-Laitten
      Meabhra lim, ni cuirt cranna,
      a n-uirt is a n-anmanna.
    2. Sechnall a espog gan acht,
      Mochta ar sein a shagart,

      p.136


      Espog Erc a breitheamh binn,
      a threin-fhear Espog Mac Caeirthinn.
    3. Benen a shailmcheatlaidh saer
      agus Coemhán a mhacaemh
      Sinell a fer bein in chluic
      agus Aithcen a fhir chóic
    4. Cruimhther Meascan gan bine
      a chara sa chirpsire
      Cruimhther Bescnait, binne a rainn,
      sagart meise mic Alpraind.
    5. A thri gabhaind, gasta a n-dealbh,
      Macecht, Laebhan, is Fortchearnd
      A thri cerda, fa mor rath,
      Aesbuite, Tairill, & Tasach.

    6. p.138

    7. A thri druinecha nach dis
      Lupaid, Erca Cruimthiris.
      Odhran a ara gan oil
      Rodan, mac Braga a bhuachail
    8. Ippis, Tigris, is Erca
      agus Liamhain la Eibeachta,
      Padruig ros-forran an dhecra
      dóibh ro ba tearbh fhearta
    9. Cairniuch sagart ron-bhaist
      German a oide can aisg,
      Cruimhther Manach fa mor rath
      a fer coir ra connadach.
    10. Mac da siar Banban co m-blaidh,
      Martain bráthair a mháthar.
      Ra pa ro got ar oglach
      Mo Chonnoc a chomhgarmach.

    11. p.140

    12. Cribri is Lasra na leand
      ingheana glana Glegrand
      Mac Raidh car sai abhir as Erc
      ra tharngair re na tri uidheacht
    13. Brogan sgribnidh a scoile
      Cruimhther Loga a luamaire.
      Nocha n-e ní nach canta
      agus Machui a fhirdalta
    14. Maith fear damsat muinnter mhór
      da dard Dia bachaill cen bhron,
      Flaithi 'ca cluinnter na cluic
      muinnter maith muinter Phadruig.
    15. In Trinóid is trean ar chuch
      dailea duind maith morgrath
      Righ ran-foem tre aittin m-buic
      ra soer do phattir Padruig.

Annal M449

M449.0

Aois Criost, ceithre céd cetrachat a naoi.

M449.1

Bliadhain ar fichit do Laoghairi.

M449.2

Amhalgaoidh, mac Fiachrach, mic Eachach Muidhmhedhoin, diobaidh. Uaidhe Tir n-Amhalgaidh.

Annal M453

M453.0

Aois Criost, ceithre céd caocca a trí.

M453.1

An cuicceadh bliadhain ficheat do Laoghaire.

M453.2

Cath-sraeineadh mor ria Laoghaire mac Nell for Laighnibh.