Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M265

M265.0

Aois Criost, da chéd seasca a cuig.

M265.1

A naoi triocha do Chorbmac.

M265.2

Guin Ceallaigh, mic Chorbmaic, & rechtaire Chorbmaic, & súil Chorbmaic budhein do bhrisedh d'aen-fhorccom la h-Aengus Gaibhuaibhtheach, mac Fiachach Suighdhe, mic Feidhlimidh Reachtadha. Ro bhris iaramh Corbmac seacht c-catha forsna Déisibh a c-cionaidh an ghniomha-sin, go ros-tafainn ó a t-tír, conus filid h-i Mumhain.

Annal M266

M266.0

Aois Criost, da céd seascc a sé.

M266.1

Cetracha bliadhain do Corbmac, mac Airt, mic Cuind, h-i righe n-Ereann go b-fuair bás i c-Cletech iar lenmhain cnáimh


p.116

bradáin ina bhraghait, tresan siabhradh ro imir Mailgenn drai fair, iar n-iompodh do Corbmac ar na draoithibh fo bithin adharta Dé dó tairsibh. Conadh aire sin ro aimsigh diabhal eisiumh tre furaileamh na n-druadh go t-tuc bás dochraidh dó. As é Corbmac do thracht Teguscc na Righ do comhda modh, bes, & follamhnaighthe na righe. Ughdar oirdherc eisidhe i n-dlighthibh, h-i c-coimgnibh, & h-i senchus, ar as é ro shíol recht, riaghail, & dirgiatadh gacha h-aoi, & cecha caingne iar c-cóir, conadh h-é an dligheadh ro smacht for chách baoi for congbhail leo gusan aimsir freacnairc.

As é an Corbmac-so, mac Airt, beos ro thionóil croinicidhe Ereann co h-aon-mhaighin go Temraigh, gur ro forcongair forro croinic Ereann do scríobhadh in n-en-liubar dar bo h-ainm Psaltair Temhrach. Ba h-isin liubar-sin batar coimgneadha & comhaimsera rioghraidhe Ereann fri ríoghaibh & impireadha an domhain, & ríogh na c-coicceadh frí ríoghaibh Ereann. As ann dna ro scriobhadh ina n-dlighfeadh rí Ereann do na coiccedhachaibh & cios & dlighedh na c-coicceadh o a fomhámaighthibh o tha uasal co h-íseal. Ba h-an tra baoi crioch & torann Ereann or i nd-or, o thá cuicceadh co tuaith, ó thuaith co baile, &


p.118

o baile go traighidh do thír. Oirdherc na neithi-si i Leabhar na h-Uidhri. As follus iatt i Leabhar Dinnsenchusa.

Annal M267

M267.0

Aois Criost, da céd seascca a seacht.

M267.1

En-bhliadhain d'Eochaidh Gondat h-i righe n-Ereann go t-torchair lá Lughaidh Mend, mac Aongusa, d'Ulltoibh.

Annal M268

M268.0

Aois Criost, da céd seascca a h-ocht.

M268.1

An ced-bhliadhain do Cairpre Liffechair mac Cormaic, mic Airt, h-i righe n-Ereann.

Annal M271

M271.0

Aois Criost, dá chéd sechtmoghat a h-aon.

M271.1

A cethair do Cairbre.

M271.2

Tri catha ria c-Coirpre for fioru Mumhan ag cosnamh cirt Laighen.

Annal M272

M272.0

Aois Criost da ced seachtmoghat a dó.

M272.1

A cuicc do Coirpre.

M272.2

Ceithre catha la Coirbre for fiora Mumhan ag cosnamh cirt Laighen.

Annal M276

M276.0

Aois Criost, da céd seachtmoghat a sé.

M276.1

A naoi do Coirpre i righe n-Ereann.

M276.2

Oengus Gaibuaibhtheach do marbhadh an bhliadhain-si la cloinn Cairbre Liffechair .i. Fiacha Sraibhtine & Eochaidh Doimhlen.

Annal M283

M283.0

Aois Criost da céd ochtmoghat a trí.

M283.1

A sé décc do Cairbre.

M283.2

Fionn ua Baisccne do thuitim la h-Aichlech mac Duibhdrenn, & la macoibh Uirgrend, do Luaighnibh Temhrach, occ Ath Brea for Bóinn, dia n-debhradh.


p.120

    1. Ro bith Find, ba do ghaibh,
      go n-diach guin,
      do all Aichleach mac Duibhdrend
      a chenn do mhac Mochtamuin.
    2. Minbadh Cailti cosccair,
      do bu buaidh as cech fírgliaidh,
      Ro badh cosccrach lasin triar
      ilach im chenn ind righ-niadh.

Annal M284

M284.0

Aois Criost, da céd ochtmoghat a cethair.

M284.1

Iar m-beit seacht m-bliadhna décc h-i ríghe n-Ereann do Cairbre Liffechair do-cer i c-cath Gabhra Aichle, do laimh Sémeoin, mic Cirb, do Fothortaibh iar tabhairt na fene d'Fior Corb mac Mogha Cuirb mac Cormaic Cais lais i nd-aghaidh an rígh do cosnamh Leithe Mogha fris.

Annal M285

M285.0

Aois Criost, dá céd ochtmoghat a cúicc.

M285.1

En-bliadhain don da Fothadh ós Erinn, go t-torcair Fothadh Carpthech la Fothadh n-Airgtheach. Do-chear Fothadh Airccteach iar sin h-i c-cath Ollarbha h-i Line la Caoilte.


p.122