Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M56

M56.0

Aois Criost, caoga a sé.

M56.1

Iar m-beith secht m-bliadhna décc h-i ríghe n-Ereann d'Fiachaidh Fionnfolaidh ro marbhadh é lasna coiccedhchaibh tre comhairle na n-Aithechtuath i n-orccain Moighe Bolg. At iad na coiccedhaigh lasa t-torchair. Elim mac Connrach Uladh, Sanbh mac Ceit, mic Magach, righ Connacht, Foirbre mac Fine Mumhan, & Eochaidh Aincend Laighen. Ní fairgoibh-siomh do cloinn achtmadh aen-mac boí h-i m-broinn Ethne inghen Alban, Tuathal ada-comhnaic.

Annal M57

M57.0

Aois Criost, caocca seacht.

M57.1

An céd-bhliadhain do righe Elim mic Conrach.

Annal M76

M76.0

Aois Criost, sechtmoghat a sé.

M76.1

Iar m-beith fiche bliadhain h-i righe os Erinn d'Elim mac Conrach do-rochair h-i c-cath Aichle la Tuathal Techtmhar.

M76.2

Do-rad Dia dioghla h-i c-cionaidh a mighníomh for Aithechthuathoibh fri remhius Elim isin ríghe .i Ere do bheith gan ioth, gan bliocht, gan mes, gan iascc, & gan nach mórmhaith aile, o ro mharbhsat Aithechthuatha Fiacha Fionnoladh i nd-orgain Moighe Bolg go ré Thuathail Techtmair.

Annal M106

M106.0

Aois Christ, céd a sé.

M106.1

Iar m-beith triocha bliadhain h-i righe n-Ereann do Tuathal Techtmar torchair lá Mal mac Rochraidhe ri Uladh h-i Moigh


p.100

Line, h-i Moin in Chatha, i n-Dal Araidhe an bail asa m-brúcht Ollar & Ollarba an da abhuinn. Ceann Gubha ainm an chnuic in ro marbhadh-somh febh dearbhus an rann:

    1. Ollar & Ollarba,
      Ceann gubha triathach tuathach,
      nibdar anmonda gan adhbhar,
      an lá do marbadh Tuathal.

Agus amhail as-rubradh bheos:

    1. Tuathal diar f-fine feronn,
      flaith Midhe milibh galann,
      gaotta flaith Fremhann Finne
      h-i re cnuic Glinde an Gabhann.

Annal M107

M107.0

Aois Christ, céd a seacht.

M107.1

An chéd bhliadhain do Mal, mac Rochraidhe, mic Cathbhadha, h-i righe n-Ereann.

Annal M110

M110.0

Aois Christ, céd a deich.

M110.1

Iar m-beith ceithre bliadhna na righ ós Erind do Mal, mhac Rochraidhe, do-chear la Feidhlimidh Rechtmhar.


p.102

Annal M111

M111.0

Aois Criost, ced a h-aon n-décc.

M111.1

An ceid-bhliadhain d'Feidhlimidh Rechtmhor, mac Tuathail Techtmhair, 'na righ os Erinn. Baine inghen Scáil máthair an Fedhlimidh-si. As uaithe ainmnighther Cnoc m-Báine la h-Oirgiallaibh, ar is ann ro h-adnaicht-si. As lé beos ro clasadh Ráith Mor Mhaighe Lemhna i n-Ulltoib.

Annal M119

M119.0

Aois Criost, ced a naoi décc.

M119.1

Iar m-beith naoi m-bliadhna h-i righe n-Ereann d'Feidlimidh Reachtmhar at-bail.

Annal M120

M120.0

Aois Chriost, ced fiche.

M120.1

An céd-bhliadhain do Cathaoir Mór, mac Feidhlimidh Fir Urglais, h-i righe n-Ereann.

Annal M122

M122.0

Aois Chriost, ced fiche a dó.

M122.1

Iar m-beith tri bliadhna na righ os Erinn do Cathaoir Mor do-cear la Conn, & la Luaighnibh Teamhra, h-i g-cath Moighe h-Agha.