Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M5085

M5085.0

Aois domhain, cuicc mile ochtmoghat a cúig.

M5085.1

An céd-bhliadhain d'Ederscél, mac Eoghain, mic Oiliolla, 'na rígh ós Erinn.

Annal M5089

M5089.0

Aois domhain, cúig mile ochtmoghat a naoi.

M5089.1

Iar t-tochaithemh cóicc m-bliadhan h-i righe n-Ereann d'Ederscel, mac Eoghain, mic Oiliolla, do-rochair la Nuadha Neacht, i n-Aillind.

Annal M5090

M5090.0

Aois domhain, cuicc mile nochat.

M5090.1

Iar c-caithemh leithbhliadhna h-i righe n-Ereann do Nuadha Necht, mac Sedna Sithbhaicc, torchair h-i c-cath Cliach i n-Uibh DrónaConaire Mór. Leith-bhliadhain comhfhlaithis Cloinne Eimhir Find h-i c-cenn na leith-bhliadhan-so Nuadhat Necht comhlánaighes nocat as cúig míle bliadhain i n-aois domhain.

Annal M5091

M5091.0

Aois domhain, cuicc mile nocha a h-aon.

M5091.1

An ceid-bhliadhain do Conaire Mór, mac Etersceóil, i righe n-Ereann.


p.90

Annal M5160

M5160.0

Aois domhain, cuicc mile ced seascca.

M5160.1

Iar m-beith sechtmoghat bliadhain h-i righe n-Ereann do Conaire Mór, mac Etirsceoil, do-rochair h-i m-Bruighin da Derg la díbheargaibh. As a f-flaith Conaire do chuireadh an mhuir torchar gach bliadhna fa thír i n-Inbher Colpa do shonnradh. Do-gebthi bheós cna iomhais for Bhóind & Bhuais fria linn. No biodh na cethra gan comhda a n-Erinn ina flaith, ar mhéd an t-síodha & an chaenchomhraic. Nír bo toirneach ainbhtionach a fhlaith, ar ní bhuingeadh gaoth cairche a h-indlibh ó mhedhon foghmair go medhon Earraigh. Suaill ná feacdaois na feadha d'aidhble a measa fria linn.

Annal M5161

M5161.0

Aois domhain, cuicc mile ced seascca a h-aon.

M5161.1

An céd-bhliadhain d'Erinn gan rígh iar c-Conaire.

Annal M5166

M5166.0

Aois domhain cuig mile ced seascca a sé.

M5166.1

An céid-bhliadhain do Lughaidh Sriabh n-Dercc h-i righe n-Ereann.

Annal M5191

M5191.0

Aois domhain, cúig mile ced nochat a h-aon.

M5191.1

Iar m-beith sé bliadhna fichet h-i righe n-Ereann do Lughaidh Sriabh n-Dercc at-bath do chumhadh.

Annal M5192

M5192.0

Aois domhain, cúig mile ced nochat a dó.

M5192.1

Aon-bliadhain do Concubhar


p.92

Abhradhruadh, mac Finn Filedh, mic Rossa Ruaidh, mic Ferghusa Fairrghe, h-i righe n-Ereann go t-torchair la Criomhthann, mac Luighdheach Sriabh n-Dercc.

Annal M5193

M5193.0

Aois domhain, cuig mile ced nochat a trí.

M5193.1

An céid-bhliadhain do Criomhthann Niadh Náir, mac Luigdheach, h-i righe n-Ereann.