Aois domhain, ceithre mile sé chéd caogat a naoi.
An céd-bhliadhain do Labhraidh Loingseach h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, ceithre mile sé chéd sechtmoghat a seacht.
Iar m-beith naoi m-bliadhna décc do Labhraidh Loingseach Maen mac Oiliolla Aine, mic Laoghaire Luirc, mic Ughaine Móir, i righe n-Ereann do-rochair lá Melghe Molbhthach, mac Cobhthaigh Caoil Bregh.
Aois domhain, ceithre mile sé chéd seachtmoghat a h-ocht.
An céd-bhliadhain do Melghe Molbhthach, mac Cobhthaich Chaoil Bregh, h-i righe n-Ereann innsin.
Aois domhain, ceithre mile sé chéd nochat a cethair.
Iar m-beith seacht m-bliadhna dég h-i righe n-Ereann do Melghe Molbthach, mac Cobthaigh Caoil Bregh, do-cher i c-cath Cláire lá Modh Corb. An tan ro chlas a fheart as ann ro meabhaidh Loch Melghe fo tír h-i c-Coirbre, conidh uadha ainmnighther.
Aois domhain, ceithre mile sé chéd nochat a cúig.
An céd-bhliadhain do Modh Corb mac Cobhthaigh Caoimh, h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, ceithre mile seacht c-céd a h-aon.
Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Modh Corb mac Cobthaigh Caoimh do-rochair la h-Aenghas Ollamh.
Aois domhain, ceithre mile seacht c-céd, a dó.
An céd-bhliadhain d'Aengus Ollamh, mac Oiliolla, mic Labhradha, h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, ceithre mile secht c-céd a naoi dég.
A h-ocht décc d'Aengus Ollamh mac Oiliolla, mic Labhradha, go t-torchair la h-Irereo, mac Melghe, i b-foirchend na ree h-isin.
Aois domhain, ceithre mile secht ced fiche.
An céid-bhliadhain d'Irereo, mac Melghe Molbhthaigh, h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, ceithre mile secht ced fiche a sé.
Iar m-beith secht m-bliadhna