Aois domhain, ceithre mile cuig ced cethrachat.
An céd-bhliadhain do Macha h-i righe n-Ereann iar n-eg do Ciombaoth mic Fiontainn.
Aois domhain, ceithre mile cuig ced cethrachat a sé.
Iar m-beith seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Macha Mongruaidh, inghen Aodha Ruaidh, mic Badhairn, do-cher la Reachtaidh Righdercc, mac Luighdheach. As h-í Macha ro forail for macoibh Diothorba (iar na t-tabhairt fo daoire) Raith Eamhna do claidhe, gomadh si priomhchathair Uladh do ghres, amhail rémraidhsem, & ba h-e Ciombaoth & Macha ro oil Ughaine Mór.
Aois domhain, ceithre mile cúig céd cethrachat a seacht.
An céd-bhliadhain do Reachtaidh Righdercc, mac Luigdheach, h-i righe n-Ereann.
Aois domhain, ceithre mile cuig céd seasccat a sé.
Iar m-beith fiche bliadhain i righe n-Ereann do Reachtaidh Righdercc, mac Luighdheach, do-rochair la h-Ughaine Mor a n-dioghail a bhuime .i. Macha Mongruadh.
Aois domhain, ceithre mile cuig ced seasccat a seacht.
An céd-bhliadhain d'Ughaine Mór, mac Eathach Buadhaigh, h-i righe n-Ereann innsin.
Aois domhain, ceithre mile sé ced a sé.
I f-forchend na bliadhna so, iar m-beith cethrachat bliadhain comlán d'Ughaine Mhór na rígh Ereann & Iarthoir Eorpa go h-iomlán go muir Toirrian, do-rochair la Badbchadh, i t-Tealach
Badbchadh, mac Eachdhach Buadhaigh, iar n-Ughaine Mór lá go leith isin righe, go ros-marbh Laoghaire Lorc, mac Ughaine, a n-dioghail a athar.
Aois domhain, ceithre mile se chéd a seacht.
An céd-bhliadhain do Laoghaire Lorc, mac Ughaine Mhoir, h-i righe n-Ereann innsin.
Aois domhain, ceithre mile sé chéd a h-ocht.
Iar m-beith dá bhliadhain h-i righe n-Ereann do Laoghaire Lorc, mac Ughaine, do-rochair la Cobhthach Caol m-Bregh h-i c-Carman.
Aois domhain, ceithre mile se chéd a naoi.
An céd-bhliadhain do Cobhthach Caol Bhregh h-i righe n-Ereann indsin.
Aois domhain, ceithre mile sé chéd caogat a h-ocht.
Iar m-beith caogatt bliadhain i righe n-Ereann do Cobhthach Caol Bregh, mac Ughaine Mhóir, do-rochair la Labhraidh Loingseach Maen mac Oiliolla Aine, co t-triochaid riogh ime h-i n-Dionn Righ for bhrú Berbha.