Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

Annal M4297

M4297.0

Aois domhain, ceithre mile dá chéd nochat a seacht.

M4297.1

An céd-bhliadhain do Duach Fionn, mac Sedhna Ionnarraigh, h-i righe n-Ereann innsin.

Annal M4306

M4306.0

Aois domhain, ceithre mile trí céd a se.

M4306.1

Iar m-beith deich m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Duach Fionn, mac Sedhna Ionnarraigh, do-rochair i c-cath Maighe la Muireadhach Bolgrach.

Annal M4307

M4307.0

Aois domhain, ceithre mile tri ced a secht.

M4307.1

Ro caith Muiredhach Bolgrach mí for bliadhain i righe n-Ereann go t-torchair i c-chionn na réé h-ísin la h-Enda n-Dercc, mac Duaich.

Annal M4308

M4308.0

Aois domhain, ceithre mile tri ced a h-ocht.

M4308.1

An céid-bhliadhain d'Enda Derg, mac Duach Find, h-i righe n-Ereann innsin.

Annal M4319

M4319.0

Aois domhain, ceithre mile trí chéd a naoi décc.

M4319.1

Iar m-beith da bhliadhain décc d'Enna Derg, mac Duach, h-i righe n-Ereann, at-bath do thámh i Slébh Miss go sochuidhe moir uime.


p.64

Annal M4320

M4320.0

Aois domhain, ceithre mile tri ced fiche.

M4320.1

An céd-bhliadhain do Lughaidh Iardonn, mac Enna Deirg, h-i righe n-Ereann innsin.

Annal M4328

M4328.0

Aois domhain, ceithre mile tri ched fiche a h-ocht.

M4328.1

A naoi do Lughaidh Iardonn h-i righe n-Ereann go t-torchair la Síorlamh h-i Raith Clochair.

Annal M4329

M4329.0

Aois domhain, ceithre mile tri ched fiche a naoi.

M4329.1

An ced-bhliadhain do Siorlamh, mac Find, mic Bratha, h-i righe n-Ereann innsin.

Annal M4344

M4344.0

Aois domhain, ceithre mile tri ched cethrachat a cethair.

M4344.1

Iar m-beith sé bliadhna décc do Siorlamh h-i righe n-Ereann do-rochair lá n-Eochaidh n-Uairches.

Annal M4345

M4345.0

Aois domhain, ceithre mile tri ched cethrachat a cúig.

M4345.1

An céd-bhliadhain d'Eochaidh Uaircheas i righe n-Ereann.