Aois domhain, ceathre míle fiche.
An céd-bhliadhain do Siorna mac Dén, mic Demain, h-i righe n-Ereann innsin. As é an Siorna-sa, mac Dén, ro scar flaithius Teamhra fri h-Ulltoibh .i. fri Sliocht Ir. As é dna ro díoghail forra Rothechtaigh mac Maoin ro marbhsat i c-Cruachain, go t-torchair Berngal mac Gedhe Ollgothaigh, & Oilioll mac Slanoill leis.
Aois domhain cethre míle céd sescat a naoi.
Iar m-beith céd go leith do bliadhnaibh i righe n-Ereann do Siorna Saoghlach, mac Déin, do-chear lá Rotheachtaigh mac Roáin i n-Aillinn. As é an Siorna-so ro bris cath Aircealtra for Ultaibh, dá cath Slébhe Airbhreach, cath Cinn Duín i n-Assal, cath Mona Foichnigh lá h-Uibh Failghe for Mairtine & Erna, cath Luachra, cath Cláire, cath Samhna, cath Cnuicc Ochoir. Saigidh dó for Fomhoiribh h-i c-crich Midhe. As lais bheos ro cuireadh cath Móna Troghaidhe hí c-Ciannachtaibh an tan tug Lughair mac Luigdigh .i. do Shíol Emhir, forlíon d'Fomhoiribh i n-Erinn ima rígh, Ceasarn a ainm. Attairgidh Síorna fir Ereann do chathugadh friú go Móin Tróghaidhe. Re m-beith ag slaidhe an catha dóibh do fuirmedh támh forra, co n-apadh Lughair, & Ceasarn de cona muintir, & drong dírimh d'feroibh Ereann amailli friú.
As a n-aimsir Siorna dna tobruchtadh Sciortaighe i Laighnibh, Doailte h-i c-Crich Roiss, Nithe i Maigh Muirthemhne, Leamhna i Mumhain & Sláine la h-Uibh Cremthainn.
Aois domhain, ceithre mile céd seachtmoghat.
An céd-bhliadhain do righe Rotheachtaigh, mic Roain, ós Erinn innsin.
Aois domhain, ceithre míle céd seachtmoghat a sé.
Iar m-beth seacht m-bliadhna h-i righe n-Ereann do Rotheachtaigh, ro loiscc teni ghealáin é h-i n-Dun Sobhairce. As lasan Rotheachtaigh so ar-richt carpait ceithre nech ar tús i n-Erinn.
Aois domhain, ceithre míle céd seachtmoghat a secht.
En-bhliadhain d'Elim Oillfhinshneachta, mac Rotheachtaigh, h-i ríghe n-Ereann, go torchair i f-foircend na bliadhna-sin lá Giallchaidh, mac Oiliolla Olchaoin. Ro fearadh sneachta mór go m-blas fíona isin m-bliadhain-si. As aire ro gairthí Oillfhínshneachta de-siumh.
Aois domhain, ceithre míle ced sechtmoghat a h-ocht.
An ced-bhliadhain do Giallchaidh, mac Oiliolla Olchaoin, mic Síorna, i righe n-Ereann.
Aois domhain, ceithre míle ced ochtmoghat a sé.
Iar m-beth naoi m-bliadhna do Giallchaidh i ~righe n-Ereann do-róchair la h-Art Imleach i Moigh Muaidhe.
Aois domhain, ceithre mile céd ochtmoghat a secht.
An céd-bhliadhain d'Art Imleach, mac Elim Oillfinshneachta, i righe n-Ereann innsin
Aois domain, ceithre mhile céd nochat a h-ocht.
Iar m-beith dá bliadhain décc d'Art Imleach i righe n-Ereann do-cher la Nuadhat Fionn Fáil.
Aois domhain, ceithre mile ced nochat a naoi.
An ceid-bhliadhain do righe Nuadhaid Finn Fáil os Erinn innsin.