Aois domhain, tri mile ocht c-céd ceathrachat a h-ocht.
An céd-bhliadhain do ríghe Fiachach Fionscothaigh os Erinn.
Aois domhain, tri mile ocht c-céd seasccat a secht.
Iar m-beith d'Fiachaidh Fionscothach fiche bliadhain i righe Erionn do-cher la Muineamhon mac Cais.
Ba scoithshemrach gach magh i n-Erinn i n-aimsir Fhiachach. Do-gebhthí bheós a lán fíona isna sgothaibh ísin, go b-fáisctís i lestraibh glainidhibh an fíon. Conadh aire sin ro len an forainm Fiacha Fionscothach do ghairm de.
Aois domhain, tri mile ocht c-céd sescat a h-ocht.
An céd-bhliadhain do righe Muineamhoin, mic Cais Clothaigh, os Erinn innsin.
Aois domhain, tri míle ocht c-céd sechtmogat a dó.
I f-foirchenn an coicceadh bliadhan do Muineamhón, at-bath do thámh i Maigh Aidhne. As lasan Muinemhón-so tuccadh muincedha óir fa braighdibh ríogh & ruirech ar tos i n-Erinn.
Aois domhain, tri mile ocht c-céd sechtmoghat a trí.
An ced-bhliadhain do Faildergdóid.
Aois domhain, tri míle ocht c-céd ochtmoghat a do.
Iar m-beith dech m-bliadhna d'Failderdóid isin righe do-rochair lá h-Ollamh f-Fotla, mac Fiachach Fíonscothaigh, i c-cath Temhra. As lasan righ Faildeargdóid ro cuiredh failge óir im lámhoibh airech i n-Erinn ar tús.
Aois domhain, tri mile ocht c-céd ochtmoghat a trí.
An céd-bhliadhain do righe Ollamhan Fotla, mac Fiachach Fionscothaigh.
Aois domhain, trí mile naoi c-céad fiche a dó.
Iar m-beith dá fichet bliadhain i righe Ereann d'Ollamh Fothla, at-bail ina mhúr budhen i Temhroigh. As é cédna-rí lasa n-dernadh Féis Teamhrach, & as lais do togbhadh Múr n-Ollamhan i t-Temhraigh.
As é din ro ordaigh taoisioch ar gach triochait
Eochaidh céd-ainm Ollamhan Fothla, & as aire adrubradh Ollamh Fodhla fris ar a bheith na ollamh ergna cédus, & 'na rígh Fodhla .i. Ereann iaromh.
Aois domhain, tri mile naoi c-céd fiche a trí.
An céd-bhliadhain do righe Fionnachta, mic Ollamhon Fothla, ós Erinn indsin.
Aois domhain, trí míle naoi c-céd cethrachat a dó.
An fichetmadh bliadhain d'Fionnachta ós Erinn innsin. At-bath iaromh do thámh i Muighinis la h-Ultu.
As a reimhius an ríogh Fionnachta ro feradh snechta go m-blas fíona condemheth an fér. As de ro lean an forainm as Fionnachta fair-siomh. Elim a ainm ar tús.