Aois domhain tri mile sé ced caogatt a seacht.
An ced-bhliadhain d'Erind gan righ iar t-Tighernmas innsin.
Aois domain, tri mile sé ched sesccat a trí.
An seachtmadh bliadhain indsin. Baoi Ere gan rígh frí ré na secht m-bliadhan sin.
Aois domhain, tri mile sé ced seasccat a cethair.
An cead-bhliadhain d'Eochaidh Eudgadhach na righ ós Erinn indsin. As aire at-berar Eochaidh Eudgadhach fris ar as lais tuccadh ilbhrechtradh gacha datha i n-edighibh ar tús
Aois domhain, tri mile se ced seasccat a seacht.
An cethramhadh bliadhain d'Eochaidh. H-i b-foircend an cethramhadh bliadhain dia righe do-rochair lá Cermna mac Ebric i c-cath Teamhra.
Aois domain, tri mile sé ced seasccat a h-ocht.
An ced-bhliadhain do Sobhairce & do Cermna Fiond, dá mac Ebric, mic Emhir, mic Ir, mic Mileadh, ós Erinn, & ro rannsat eatorra í ar dó, Sobairce tuaith i n-Dún Sobhairce, & Cermna teas i n-Dun Cermna. Dá céd rígh Ereann do Sliocht Ir iad-sidhe.
Aois domhain, tri míle seacht c-ced a seacht.
Ar m-beith cethrachat bliadhain do na rioghaibh si a c-comhfhlaithius os Erinn, do-chear Sobairce la h-Eochaidh Meand d'Fomoiribh, & do-rochair Cermna la h-Eochaidh b-Faobharglas mac Conmhaoil.
Aois domhain, tri mile seacht c-céd a h-ocht.
An ced-bhliadhain d'Eochaidh Faobharglas, mac Conmail, mic Emhir, os Erinn.
Aois domhain, tri mile seacht c-ced fiche a seacht.
Iar m-beith imorro d'Eochaidh fiche bliadhain i righe Ereann torchair lá Fiacha Labhrainne i c-cath Carmain i n-dioghoil a athar.
At iad andso na catha ro cuirid & na maighe ro sleachtaid lá h-Eochaidh f-Faobharglas. Cath Luachra Deadhadh, cath Fosaidh Da Gort, cath Comair Trí n-Uiscce, cath Tuama Dreacon i n-Uibh Briúin Breiffne, cath Droma Liathan. At iatt na maighe, Magh Smetrach
Aois domhain, tri mhíle secht c-ced fiche a h-ocht.
An céd bhliadhain do righe Fiachach Labhrainne os Erinn indsin.
Aois domhain, tri mile seacht c-céd caoccat a h-aon.
An cethramhadh bliadhain fichit-so foirchend righe Fiachach Labhrainne, & do-cher lá h-Eochaidh Mumho don Mumhoin i c-cath Bealgadain. As lasan b-Fiacha Labhrainne-si ro briseadh na catha-so: cath Gathlaighe i t-torchair Mo Febis mac Eachdach Faobharglais, cath Fairrge for Cloinn Emhir, cath Slebhe Feimhin, cath frí h-Ernoibh d'Feroibh Bolg an bail i fuil Loch Erne. Iar meabhsain an catha forra as ann ro meabhaidh an loch tairsibh, conadh uatha ainmnighther an loch, .i. loch tar Ernaibh. As a reimhius an Fiacha cedna tobhruchtadh na t-teóra n-aibhneadh, Fleasc, Mand, & Labhrand, dia ro lil an forainm fair-sium.