Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of the Four Masters (Author: [unknown])

p.2

Annal M2242

M2242.0

AOIS domhain gus an m-bliadhoin-si na dileand, da mhile da chéad da fichet & da bhliadhoin.

M2242.1

Ceathracha la ria n-dilinn tainig Ceasoir go h-Eirinn, go c-caogaid n-inghen, & go t-triar b-fer, Bioth, Ladhra, & Fiontoin a n-anmanna. Ad-bath Ladhra i n-Ard Ladhrann, & as uadh ainmnighther. Ba h-eisidhe cedna marbh Erionn. At-bath Bioth i Slebh Betha, co ro h-adhnacht i c-Carn Slebhe Betha, conadh uadh


p.4

raitior in sliabh. At-bath Ceasoir i c-Cuil Cesra h-i c-Condachtaibh, go ro h-adhnacht h-i c-Carn Cesra. Is ó Fiontoin tra Feart Fiontoin os Loch Deirgdeirc.

Annal M2520

M2520.0

O Dilind go ro gabh Parthalon Ere 278, acus aois domhain an tan do-riacht inte 2520.

M2520.1

Aois domhain an tan tainig Parthalon i n-Erinn, dá mile cuicc céd & fiche bliadhoin. At iad na toisigh badar lais, Slainge, Laighlinne & Rudhruidhe, a trí meic, Dealccnat, Nerbha, Ciocbha, & Cerbnad a c-cetheora mna.

Annal M2527

M2527.0

Aois domhain, da mile cuig céd fiche a secht.

M2527.1

Fea mac Torton, mic Srú do ég an bliadhoin-si h-i Muigh Fea, & ro h-adhnacht i n-Dolroibh Moighe Fea, conadh uadha ainmnighthear an magh.

Annal M2530

M2530.0

Aois domhain, da mile cuicc céd triocha.

M2530.1

Is an m-bliadhainse ro cuiredh in ched cath i n-Erinn .i. Cioccal Grigencosach, mac Guill, mic Gairbh d'Fomorchuibh, & a mhathair tangator i n-Erinn, ocht c-ced a líon, go ro cuiredh cath


p.6

etorra h-i Slemhnoibh Muighe h-Ithe go ro mebhoidh for na Fomoruibh ria b-Parthalon, go ro marbhhaid uile, conadh e cath Muighe h-Ithe innsin.

Annal M2532

M2532.0

Aois domhoin, dá míle cúicc ced triocha a dhó.

M2532.1

Tomaidhm Locha Con, & Locha Techeat isin m-bliadhain-si.

Annal M2533

M2533.0

Aois domhoin, da mile cuicc céad triocha a trí.

M2533.1

Slainghe mac Partholain d'ecc isin m-bliadhain-si, & ro h-adhnacht h-i c-Carn Slebhe Slangha.

M2533.2

Tomaidhm Locha Mesc bheos isin bliadhain chedna.

Annal M2535

M2535.0

Aois domhoin, da mhile cuig céd tricha a cúig.

M2535.1

Laighlinde mac Parthalóin d'eg isan m-bliadhain-si. An tan ro clas a fert as ann ro mebhaidh Loch Laighlinne i n-Uíbh Mac Uais, conadh uadha ainmnighther.

M2535.2

Tomaidhm Locha h-Eachtra beos.

Annal M2545

M2545.0

Aois domhoin, dá míle cuig céd cethracha a cuig.

M2545.1

Rudhruidhe mac Parthaloin do bathadh i Loch Rudhruidhe, iar t-tomaidm in locha tairis, conadh uadha raiter Loch Rudhruighe.

Annal M2546

M2546.0

Aois domhoin, dá mhíle cúig ced cethracha a sé.

M2546.1

Murtola Brena fo tír isin m-bliadhain-si, conadh é an sechtmadh loch-tomaidhm ro mebaidh i n-aimsir Parthaláin, & as do-sidhe as ainm Loch Cuan.

Annal M2550

M2550.0

Aois domhain, da mile cuig céd caoga.

M2550.1

Parthalon d'écc for Senmoigh Elta Eadair isin m-bliadhoin-si. A n-aimsir gabhala Parthaloin ro slechtoit na muighe-si: acht nama ni fes caite bliadhna áiridhe in ro slechtoid. Magh


p.8

n-Eitrighe, la Connochta, Magh n-Ithe, la Laighniu; Mag Líí, la h-Uibh Mac Uais Bregh; Magh Latharna, la Dál n-Aruidhe.