{fol. B 112a} Kal. Ian for Domnach, l. x., Anno Domini M. d. xxx. i.
O Flannagain (Mághnus O Flánnagáin) Tuaithi Ratha d'h-eg an bliadhain-si, .i. Maghnus, mac Ghillebert, mic Cormuic, saí dhuine re h-uaisle & re tech n-aidhedh.
Cormac Mac Maghnusa, mac Cathail Óig, mic Cathail Medhonaigh, d'h-eg an bliadhain-si. Ocus nír' aithnech duin 'na aimsir mac brughaidh dob' ferr inas é.
Innsoighidh do dhenum le Mhég Uidhir, .i. lé Cormac, a Cinél Feradhaigh, d'ar' chrech an tír. Ocus toír do bhreth air & mac Meg Uidhir do brisedh forra & mac Briain, mic Domnaill Ui Neill, do marbadh leis & daine aili nach airímhter sunn.
Tuathal O Neill, .i. mac
Sluaighedh leisin n-Gíuisdís Saxanach & le h-Iarla Chilli Dara & le maithibh Gaidhel Erenn a Tir n-Eogain ar tarraing Uí Domnaill & Neill Óig Uí Neill & t-slechta Aodha Uí Neill. Ocus Tir Eogain do loscadh leó o Dhun g-Cal gu h-Abhainn Mhoir & caislen nua Phuirt an Fhaillegain do brisedh leo & duthadh Briain na Mocheírghi do crechloscadh leo & Muinechan d'fhagbail folam ré n-ucht. O Domnaill & Níall Óg do dhul a cend an t-sluaigh Ghallda h-isin gu Cinn Aird & caisdiall Chinn Airtt do brisedh leó. Ocus O Neill do beth, sluagh dí-armhe, re n-ucht & nar' lamhadur a dhul teris-sin a Tir n-Eoghain & do impodur na sluaigh-sin, leth ar leth, dia tighibh fó bhuaidh coscair, gan sith, gan osadh, ag Ua Neill friú.
Ruaidhri Gallda, mac Uí Neill, do ghabail leis Ua Néill, .i. le Conn, mac Cuinn.
Conn, mac Seaain Bhuidhi Még Mathgamna, do marbhadh le Mág Mathgamna & le cloinn Briain Még Mathgamna.
Eogan, mac Ghilla Padruic Oícc Mhég Uidhir, do marbadh lé n-a derbrathair féin, .i. le h-Emann.
Baile Uí Donnghaile d'innsoighidh an bliadhain-so le Níall Óg O Néill & in baile do ghabail leís & mac Uí Néill do ghabail ann, .i. Seann, dalta Uí Donnghaile & eich & édaíl an baile do breth dó fáraon ris.
Aodh Óg, mac Tomais, mic Tomais aile, mic an Ghilla Duibh Még Uidhir, d'h-eg an bliadhain-so, ar m-breth bhuaídhi ó dhomun & o dhemhan.
Mág Uidhir do dhul, sluagh, a Tir Conaill ar tarraing Uí Domnaill & a dhul ar
Inghen Mhég Raith d'h-eg an bliadhain-si, .i. Fínnghuala, an bhen do bhi ag Giolla na Naom O Uiginn.
Conn Modurra, mac Airt, mic Neill, do marbadh la Níall Óg, mac Cuinn, mic Nell, an bliadhain-si.
Semmus O Flandagáin, .i. mac Persúin Indsi, neach do bí lán d'innscni & d'ealadhaín & do bo maith teach n-aidedh, d'ég in bliadhain-si.