Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat (Author: [unknown])

Year U1528

U1528.0

{fol. B 111b con} Kal. Ian. for Cetaín & Bisex forre, l. uii., Anno Domini M. d. xx. uiii.

U1528.1

O Bríain, ri Tuadhmuman,


p.570

.i. Toirrdelbach, mac Taidg, do dhol d'éc íar caithimh a aísi nádurdha d'urmór ré sén & re sonus, re h-einech & re h-uaísle, re clódh a námhat & re cosnum a carat, innus nar' luidh nert Gall na Gaídheal eile ar a dhuthaidh re feadh a thigernuis. Ocus a mac do ríghad 'na inad, .i. Concubur.

U1528.2

Mác Carrthaigh Riabach, .i. Domnall, mac Finghin, tigerna o Charn co Corcaich, nech dob' ferr einech a Leth Mogha & ar nar' luid nert tíre na coicrichi, d'fhagbail báis an bliadhain-si.

U1528.3

Iarla Cilli Dara, .i. Geroit, mac Geroit, do ghabail le ríg Saxan & a beth fá reasta aige.

U1528.4

Ingen Ui Briáin, .i. Finnghuala, baindtigherna Tire Conaill, do dol d'h-ec iar n-Ongad & iár n-aithrighe — an ben as ferr do bí a n-Erinn a n-én aimsir ría féin do thaob Día & an t-shaogail, .i. Eímhear ar indracus & Úna ar einech & leug loghmar bhan Dáil Cais & cnú mhullaigh degban Eirenn uile — iar m-beth dá bliadhain ar xx. a n-aibit t-Shan Fronseis, a comhaill a feadhbhachta & ag denam dérci & doenachta & deghoibrighthi.

U1528.5

Conn, mac Nell, mic Airt Uí Nell, duine maith, uásal, budh ferr comhairrle & cendus-fedhna a comhfhocus dó & is minci ler' milled a naimde, do mharbadh le mac Airt Oíc Uí Nell, .i. Ruaidhri, iar na fhaghail ar becán buidne ac fágbail baili Uí Neill déis Cásc. Da mac Airt Oig h-Ui Neill, .i. Enri Balbh & Cormac, do chrochadh a n-Druim


p.572

Mor a n-digailt in Chuinn-sin.

U1528.6

O Ruairc, .i. Eogan, tigerna na Brethne, uaítne congmhala einich & engnama Ichtair Connacht & léomhan Cheníuil b-Fergna ar aigned, ar uaisle & soithech imchubaidh d'airdrighe Connacht ar cruth, ar céll, ar reacht, ar ríagail, d'fhágail báis iar n-Ongad & iar n-aithrighe & iar treablait toghaidhe.

U1528.7

{fol. B 111c}Mac Cráith Tearmuinn Dá Bheóicc d'ég in bliadhain-so, edhon, Ruaidhrí, mac Díarmada, mic Mharcuis, mic Mhuiris Méc Craith. Ocus dob' uasal in termunnach in fer-sin & dob' oirbhterach ar coiccrichaibh & dob' eccnaidh, eolach & do bo shuilber, subhaltach & dob' arsaigh ealadhanta & dob' fhear thichci aighedh gu coitchinn eter Ulltaibh é.

U1528.8

h-Ua Luinin d'écc, .i. Ruaidhrí, mac Matha, mic Phíarrusa Caím h-Ui Luinín, ollamh Mheg Uidhir re seancus. Ocus dob' aithneach, inntleachtach, ealadhanach é a n-dán & a seanchus, a filidhecht & a forus dhorchaidh. — h-Ua Cíanain Claín Innsi d'h-eg in bhliadhain-si, .i. Ruaidhri, saí re seanchus & duine le Día. — h-Ua Gallchobuir, .i. Toirrdhealbach, mac Tuathail
[...]

U1528.9

{fol. B 110d} (Kal. Ian. for Chédeoin, Anno Domini M.ccccc. 8. 10 20.(Seon O Croidhein, an t-en mhac cendoighe budh mó clú & ainm re congmhail tighe n-aoidhedh súas ina aimsir fen do bochtaibh Dé & da gach duine do lucht


p.574

riachtanusa archena & as mo do chennchaigh ina do reachaigh, a ég i Sligeach ina thegh fein 14 Marcii, ar m-breth buadha ó dhomon & o dheamhon. Ocus a bhen, .i. Una, inghiun Mic Diarmada Ruaidh, d'faghail bais isin m-pliadhoin ar a chiond, eter a cairdib h-i Muigh Luircc, ar n-Ongadh & ar n-aithrighe. Ocus gach neach légfus & éisdfius an challuinn-siu, tabraid bennachtain ar anmandoibh na lanamna remráite-sin adubhromur romhainn, do reir mar do chosnodur ós a lór doiph-sin go b-fiadhnuse do mhoran do doeinibh ag a raipe géreolus orra.)