Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat (Author: [unknown])

Year U1526

U1526.0

{fol. B 110c} Kal. Ian. for Luan, l. xu. Anno Domini M. d. xx. ui.

U1526.1

Mac Uí Ruairc, .i. Tadg, mac Eogain, do marbadh a fell le muinntir a dherbrathar fein.

U1526.2

O Nell, .i. Conn & mac Uí Domnaill, .i. Maghnus, do dhul a cenn Iarla Cille Dara, .i. Geroit, mac Geroít, Gíustis Erenn, a n-Errach na blíadhnu-sa do denamh t-shithi Conallach & Eóghanach. Ocus ar tinol mórain do maithib Gall & Gaidheal d'á sídhugad, nír' snadmad shith an uair-sin etarra, acht techt slán da tighibh.

U1526.3

O Raighilligh, .i. Eóghan, do dhul d'éc in hoc anno & coccadh mór itir a chinedh fá tighernus an tíre, no cur' goiredh O Raighilligh d'Fergal, mac Seaáin Uí Raighilligh, do mholadh an Ghiústís & moráin do maithibh Gall & Gaidheal, ge do bátar daíni bud shine ana e a cur cuigi.

U1526.4

Coccadh mór ar n-eirgi a n-Íchtar Connacht an bliadhain-si: .i. a n-urmór uile do cengal a n-agaidh Ui DomnaillBrian, mac Féilimthe, mic Maghnusa Uí Concabuir & fá mac Cathail Óic Uí Concabuir & fá t-slicht Cormaic Mic Donnchaidh. Ocus creacha mora do denamh leó a n-Ichtar Carpri ar an lucht do an 'sa tír. Ocus O Domnaill do brised caislein na Graínsighe 'na éraic-sin & dul dó 'na diaidh-sin a Muigh Luirg & an tír do loscadh & do milliudh dó & techt slán dó féin & d'á t-shlúagh iarum.

U1526.5

O Néll, .i. Cond, do thecht, slúagh, do thoirmesc oipri caislein do thindscain Maghnus O Domnaill do denamh a Port na Trí Námhat. Ocus O Domhnaill an Íchtar Connacht & cuid do marcsluagh Maghnusa Uí Domhnaill do breth ar barr an t-slúaigh & mac Seaain, mic Cuinn Uí Neill, .i. Enrí, do gabail


p.562

and. Ocus O Nell d'fhilliudh tar ais gan díth orrdhairc do denam dó, na do denam leis, acht mar sin. An t-Sil Concabuir-sin & an Cland Donnchaidh do bí a coccadh ris O n-Domnaill, tancatur timcill caislein t-Shligigh do mhilliudh gort & do chur cum an baile. Ocus fuair O Domnaill méid éicin scel ar a m-beth andsin & do ghluaís chuca & ruc orra & do madhmaighedh leis iat & do benad dib mac Mic Donnchaidh & morán eile nách airimhter sund. Ocus do benad mórán ech & airm & eididh dib fós.

U1526.6

O Catháin, .i. Gofraid, mac Gofraid, do marbadh lé Níall, mac Airt Oíc Uí Neill, a n-ucht Bealaigh an Camain & Niall féin do ghabail fá aimsir aithgirr 'na díaid-sin leis O Néll.

U1526.7

{fol. B 110d} Mac Uí Catháin, .i. Gofraid, mac Donnchaidh, do dul ar siubhal creichi a n-Glend Concadhain & a fhácbail ann, .i. iter dá Notluic. Ocus can fis a báis d'fhagbail assin co deiredh Corghuis ár cind (.i. a corp d'fagail annsin can marbadh airm air). Ocus Enrí, mac Briain, tigerna Baile na Brághat, do marbadh and & morán d'á muinntir do lethadh & do marbadh maille ríu.

U1526.8

Maidm do tabairt le mac mic Píarais ar cloinn Emainn, mic Tomais Builter, dú inar' marbadh morán marcshluaigh & galloglach. Ocus do marbadh and Concabur Óc, mac Concabuir Caích Uí Domnaill, do bí 'n-a consapal gallóglach & 'na laim maith co minic & co h-airithe an lá-sin, oír nír' léc med a menman & feabus a laimhe do anacál do gabail an lá-sin arna thairccsin dó co minic.

U1526.9

O Dochartaigh, .i. Echmarcach, tigerna


p.564

Indsi h-Eogain, do dol d'éc á n-eirr a aisi & cogad mór iter a cined im cendus-fine. Ocus tigerna do ghairm do Geralt, mac Domnaill, mic Feilimthe Uí Dochartaigh.

U1526.10

Sloghadh les O n-Domnaill a Tír Amalghaidh do cungnum le slicht Ricaird a Búrc. Coérthandan & Cros Mailína do ghabail & do brisedh dó & braigde & édala imda do thabairt asta. Ocus filledh tarais & foslongport do dhenamh fá caislen Culmaile & braighde do buain do t-slicht Cormaic Mic Donnchaidh a n-gill re n-a breith féin.

U1526.11

An Prióir Mág Aongusa, .i. fer tigernais móir a cill & a tuaith & do bí trénsaidhbir, do mharbadh le cuid da cined féin.