{fol. B 109c} Kal Ian. for Domhnach. l. iiii. Anno Domini M.d. xx u.
O Domnaill, .i. Aod & O Néll, .i. Conn, do dul docum na Comairli móire co h-Ath Cliath a cenn an Ghiústís: & lucht comairli and rígh & maithi Gall & Gaídhel d'urmór andsin. Ocus, taréis saótraighti doib & móráin tagra do denamh d'á cairdib Gall & Gaidhel a n-aghaidh a chéile & doib féin, nír' cuired a crich síth do denamh etarra, acht techt d'á tighib. Ocus O Domnaill do dol, slúagh, fá dó a Tír Eogain, an bliadhain-si & móran do mhilliudh dó innti & can tegmail ris uime-sin. Ocus cengal sithe do denamh dóibh tús fogmair & gelladh anmhain mar adéradh Iarla Cilli Daru & Maghnus O Domnaill.
Gnímh h-úathmar arna dhenamh a n-Erinn an bliadhain-si: .i. Espuc Lethglinne do mharbadh a mebail lé mac an apad, mac Mic Murchadha & h-é fáris féin maille
O Cathain, .i. Seaan, mac Tomáis, fer cocthach, cosnumach ar a dhuthaidh fén, do mharbadh lé cuid d'á cinedh féin a n-greis oidci; .i. le mac Ruaidri an Rúta & le mac Gofraigh Uí Catháin do-rónadh sin adhaigh Lughnusa.
Easpac Cille Dá Luá, .i. Toirrdelbach, mac Mathghamna Uí Bríain, do dol d'éc. An t-én Gaidhel as mó fuair & do scaíl do 'n t-shaóghal 'na aimsir féin & is lugha do cruinnigh tar a chaithem é & fer einich coitcenn do gach aón an t-espuc-sin & cosanta a chóra a tír & a cocrich do dheóin & d'aindeóin & fer chuirthi sluaigh móir co minic á cend a chele do mhilliudh a escarad. Co nach raibhe a comhfhocus dó 'na dúthaidh féin, na a n-duthaidh aile, en duine maith, ná cenn-fedhna nar' ghabh a thúarastal. Ocus ní eile fós: dob' é an t-espuc-sin an t-écht ós gach écht & an esbaid os gach esbaidh d'á tarrlá ré h-ealadhain a n-aen aimsir ris.
An Deganach, mac Briain Ruaidh Mic Con Midhe, fer tighe n-aighed coitcend do cách & a mac, .i. Cerball, do dul d'éc in hoc anno.
Mac Gofraigh Ruaidh d'h-eg an bliadhain-si, .i. Ruaidhri.
Mag Raghnaill do mharbadh a fell, .i. Cathal Óg, mac Cathail aile, le Cloinn Uí Mhail Mhíadhuigh.
Inghen Még Uidhir, .i. Rois, ingen t-Sheaain, mic Pilib Meg Uidhir, d'h-eg an bliadhain-si.
Inghen Meg Mathgamna d'h-eg an bliadhain-si; .i. Siubhan, ingen Briain Még Mathgamna; .i. an ben do bhí ag Seaan, mac an Espuic Meg Uidhir.