Corpus of Electronic Texts Edition
Annals of Ulster otherwise Annala Senait, Annals of Senat (Author: [unknown])

Year U1524

U1524.0

{fol. B 110a} Kal. Ian. for Aíne & bisex fuirri, l. xxiii. Anno Domini M. d. xx. iiii.

U1524.1

Doinend mór & ár for spreid a tús na bliadhna-sa.

U1524.2

Dis mac Uí Domnaill, .i. Níall Garbh & Eoghan, do chengal re céile do choccadh ar O n-Domnaill & a m-beth tamall mar sin d'én comhairle


p.552

& do neamhcomhairli Uí Domnaill, no gur' cuired fúthaib fén dol a n-aghaidh a chéile & gur' ghab Eoghan baile Néill, .i. crannóc Locha Bethach & é taob ris féin. Ocus do-chuaidh Niall a Muigh Luirg andseín & tuc innsaigheth fhada ar an m-baili & cur amach 'g a dhenamh dó air & do bí a celg a comfhocus dó. Ocus fuair Eoghan a fhis-sin & táinic, lín bud lía do daínib, fá 'n coill a raibhi Níall & tarrla d'á cheile íat & do búailetar a cheile can choicill. Ocus do marbadh Eogan do láthair & do búailedh builli do cloidim ar Níall da fuair bás co lúath iar sin. Ocus ní h-urusa co tainic lucht a n-aósa do Cinel Conaill budh mó d'echtaib ina in días-sin.

U1524.3

Mac Ui Bríain, .i. Diarmuit, mac an Ghilla Duibh, coindeal ghaiscidh & einich Dáil Cais, mortuus est.

U1524.4

Sluaighedh les O n-Domhnaill a Tir Eoghain an Samradh-sa, d'ar' loisc & d'ár' imdigh echrédh an tíre & techt slán.

U1524.5

Sluaighed lesin n-Gíuistís, .i. Geróid, mac Geróit & les O Neill, .i. Conn, mac Cuind, do thecht a Tír Conaill & foslongport do ghabail dóibh ag Port na Tri Námhat. Ocus O Domnaill & maithi Conallaigh & fecht mór Alpanach do bí aca do beth, slúagh mór eile, cois Finde & Maghnus O Domnaill & drong do na h-Albanachaibh do dhul do chaithimh airm ré sluagh an Iarla, san oidchi. Ocus mac Bruin do marbadh leó, .i. an Calbach, mac Bruin, mic Taidg, écht mór 'na dúthaidh féin. Ocus síth dó denam etarra arna márach gan poind do mhilliudh 'sa tír & filledh tarais a Tír Eóghain. {fol. B 110b} Ocus fuaratur Aodh, mac Néll, mic Cuinn, tigerna na Trín Conghail, slúagh mór, ag milliudh an tire & nír' fhiú leis imthecht co h-oband & rug tiugh an


p.554

t-slúaigh air & do marbadh é. Ocus nír' ingnad d'á escairdib a commaidm; oír dob' eisein cenn liter a cinid & fírthobur na fele & cenn uidhe an uird fhiledh & relta t-soluis t-sithchánta t-shlechta Aodha Buide Uí Neill. Ocus ní forband ré rádhadh nar' fhácaib sé Gall na Gaidhel a n-Erinn as mó do dhíghbáil d'á fuil re h-ealadhain an' é fén 'na enar.

U1524.6

Mac Carrthaigh Ríabuch, .i. Domnall, mac Finghin, do ghabail le lucht Ghlenna Flesgi & cuid d'á muinntir do marbadh.

U1524.7

Mag Raghnaill, .i. Cathal Óc, mac Cathail, do marbadh a fell lé cloind Uí Mhail Míadhaigh.

U1524.8

Cumhaighe Ballach, mac Domnaill Uí Cathain, duine maith, uásal, do marbadh lesin Rúta.

U1524.9

Cumuighi, mac Briain Fhinn Uí Catháin & Fer Dorcha, mac Ruaidri an Rúta, do marbadh an bliadhain-si.

U1524.10

Aód Carrach, mac Uí Dochartaigh Iarter & drong da muinntir do marbadh les O Cathain, .i. Gofraid.

U1524.11

Mac Suibni Tíre Bóghuine, .i. Níall, mac Eogain, cónsapal bud cruaídh lámh & bud maith tech n-aighedh & bud mór muirer, d'fhagbail báis Ongtha in hoc anno.

U1524.12

Ingen Ui Domnaill, .i. Gormlaith, ingen Aódha Ruaidh, ben Aóda, mic Neill, mic Cuind, .i. ben einich coitcend & clú sháoghalta & do ba mó cumaín ar ordaib & ar aós ealadhna 'na h-aimsir, mortus est a Carraic Ferghusa.

U1524.13

Inghen Ui Briain, .i. Mór, ingen Toirrdelbaigh, mic Taidg, ben tánusti Tuadmumain, do dul d'éc in hoc anno.

U1524.14

Ben Uí Concobuir Ciarraidhi, .i. Aibhilín, ingen Ridere an Ghlenda, ben t-shona, t-saidhbir & einich


p.556

coitcenn, mortús est.

U1524.15

{Slip A } Ruaidhri, mac Bríain, mic Pilib Mhég Uidhir, d'h-eg an bliadhain-si, .i. sai chinn-fhedhna.

U1524.16

Seaan Buidhi, mac Aínnrias Mhég Raith, .i. mac termonnuigh do bo mó cáta a Cuigedh Uladh & do bo mó acmhaing, d'h-eg in bliadhain-si.

U1524.17

Mac Mhég Uidhir, .i. Concabur, mac Seaain, mic Pilib, do mharbadh le slicht Airt Uí Néill.

U1524.18

Brían, mac Gilla Padraig, mic Aodha Óig Mhég Mathgamna & Ardghal, mac Rughraidhi, mic Aodha Óig, do marbadh a feall {slip B } le Brian na Mochéirghi Mhag Mathgamna, ag fágbail baile Mhég Mathgamna doíbh.

U1524.19

Mac Rithbertaigh d'h-eg an bliadhain-si; .i. Cu Connacht, mac Con Connacht eile.